|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1320 |
30.6.2025 |
CINNEADH (CBES) 2025/1320 ÓN gCOMHAIRLE
an 30 Meitheamh 2025
lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 31 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/512/CBES (1). |
|
(2) |
I Rún ES-11/7 uaidh, a glacadh an 24 Feabhra 2025, mheabhraigh Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe gur gá na rúin ábhartha uaidh a glacadh mar fhreagairt ar an bhfogha faoin Úcráin a chur chun feidhme ina n-iomláine, go háirithe a éileamh go ndéanfadh Cónaidhm na Rúise a fórsaí míleata uile a tharraingt siar láithreach, go hiomlán agus gan choinníoll ó chríoch na hÚcráine laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta, agus a éileamh go gcuirfeadh Cónaidhm na Rúise deireadh láithreach leis an gcogaíocht i gcoinne na hÚcráine, go háirithe aon ionsaí ar shibhialtaigh agus ar réada sibhialtacha. |
|
(3) |
Fad a leanfaidh gníomhaíochtaí neamhdhleathacha Chónaidhm na Rúise de rialacha bunúsacha an dlí idirnáisiúnta a shárú, lena n-áirítear, go háirithe, an toirmeasc ar úsáid fornirt a chumhdaítear in Airteagal 2(4) de Chairt na Náisiún Aontaithe, nó rialacha an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta a shárú, is iomchuí na bearta uile arna bhforchur ag an Aontas a choinneáil i bhfeidhm agus bearta breise a dhéanamh, más gá. Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2014/512/CBES a athnuachan go ceann 6 mhí eile. |
|
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/512/CBES a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
I gCinneadh 2014/512/CBES, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9(1):
‘1. Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Eanáir 2026.’.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Meitheamh 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. SZŁAPKA
(1) Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2014/512/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1320/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)