European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1318

1.7.2025

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1318 ÓN gCOIMISIÚN

an 27 Meitheamh 2025

maidir le bearta éigeandála eatramhacha áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh san Iodáil

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 4422)

(Is é an téacs Iodáilise amháin atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is galar tógálach veicteoir-iompartha é ionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh a bhíonn ar bhó-ainmhithe. D’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach freisin ar ghluaiseacht choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus tháirgí na n-ainmhithe sin laistigh den Aontas agus ar onnmhairí go tríú tíortha.

(2)

I gcás ráig d’ionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh i mbó-ainmhithe, tá riosca tromchúiseach ann go leathfadh an galar sin go bunaíochtaí eile bó-ainmhithe go háirithe mar gheall ar a mhodh tarchurtha trí veicteoirí.

(3)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (2) forlíontar na rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2016/429, agus a shainmhínítear mar ghalair de chatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (3). Go háirithe, déantar foráil le hAirteagail 21 agus 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 maidir le crios srianta a bhunú i gcás ráig de ghalar de chatagóir A, lena n-áirítear ionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh agus maidir le bearta áirithe a bheidh le cur i bhfeidhm ann. Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 21(1) den Rialachán Tarmligthe sin go gcuimseoidh an crios srianta ar a laghad crios cosanta, crios faireachais, agus, más gá, criosanna srianta breise timpeall ar na criosanna cosanta agus faireachais nó cóngarach dóibh.

(4)

Chuir an Iodáil an Coimisiún ar an eolas faoin staid reatha ina críoch a mhéid a bhaineann le hionfhabhtú bó-ainmhithe le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh, tar éis ráig den ghalar sin i mbó-ainmhithe ar coimeád i gcúige Nuoro i réigiún na Sairdíne, ráig a tuairiscíodh an 23 Meitheamh 2025. Tar éis an tuairiscithe sin, tuairiscíodh gur bhunaigh an Iodáil crios srianta de réir bhrí Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687; lena gcuimsítear crios cosanta agus crios faireachais, ina gcuirtear i bhfeidhm freisin na bearta rialaithe galar dá bhforáiltear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.

(5)

Chun leathadh ionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh a rialú, agus aon suaitheadh nach bhfuil gá leis ar thrádáil laistigh den Aontas a chosc agus bacainní gan údar ar thrádáil ag tríú tíortha a sheachaint, is gá an crios srianta i dtaca le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh, ar crios é lena gcuimsítear crios cosanta, crios faireachais, mar aon leis an gcrios srianta breise san Iodáil, a shainaithint go tapa ar leibhéal an Aontais.

(6)

Tá méid na gcriosanna cosanta, na gcriosanna faireachais agus na gcriosanna srianta breise agus fad tréimhse na mbeart atá le cur i bhfeidhm laistigh de na criosanna sin bunaithe ar na critéir a leagtar síos in Airteagal 64(1) de Rialachán (AE) 2016/429 agus ar na rialacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 freisin. Ar na critéir a chuirtear i bhfeidhm maidir le rogha mhéid na gcriosanna cosanta, na gcriosanna faireachais agus na gcriosanna srianta breise, chomh maith le fad tréimhse na mbeart atá le cur i bhfeidhm laistigh de na criosanna sin, áirítear breithniú ar an staid eipidéimeolaíoch a mhéid a bhaineann le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh sna limistéir atá buailte ag an ngalar sin, agus ní hamháin sin ach ar thosca eipidéimeolaíocha eile lena n-áirítear paraiméadair gheografacha agus an riosca atá ann maidir le leathadh breise an ghalair. Cuireadh san áireamh freisin caighdeáin idirnáisiúnta an Chód um Shláinte na nAinmhithe Talún ón Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe agus fad tréimhse na mbeart dá bhforáiltear sa Chinneadh seo á chinneadh (4).

(7)

Dá réir sin, ba cheart na limistéir a shainaithnítear mar chriosanna cosanta, criosanna faireachais agus criosanna srianta breise san Iodáil a leagan amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, agus ba cheart fad tréimhse an réigiúnaithe sin a shuí i ndlí an Aontais. Ina theannta sin, ós rud é gur féidir le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh leathadh trí bhó-ainmhithe atá ionfhabhtaithe go fochliniciúil, is gá toirmeasc a chur ar ghluaiseachtaí bó-ainmhithe ó aon láthair sa chrios cosanta, sa chrios faireachais nó sa chrios srianta breise chuig ceann scríbe atá suite lasmuigh de theorainn sheachtrach an chreasa shrianta breise.

(8)

I bhfianaise phráinn na staide eipidéimeolaíche san Aontas a mhéid a bhaineann le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh agus an ghá cosc a chur ar leathadh an ghalair sin ó na bunaíochtaí atá buailte san Iodáil go codanna eile den Bhallstát sin nó go Ballstáit eile, ba cheart feidhm a bheith ag na bearta a leagtar síos sa Chinneadh Cur Chun Feidhme seo a luaithe is féidir.

(9)

Dá réir sin, go dtí go bhfaighfear tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, ba cheart an crios cosanta, an crios faireachais agus an crios srianta breise san Iodáil a bhunú láithreach agus a liostú san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, agus ba cheart fad tréimhse an chriosúcháin sin a shocrú.

(10)

Agus aird á tabhairt ar an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair san Aontas a mhéid a bhaineann le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo go dtí an 10 Lúnasa 2025.

(11)

Tá an Cinneadh seo le hathbhreithniú ag an gcéad chruinniú eile den Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déanfaidh an Iodáil an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

go mbunóidh údaráis inniúla an Bhallstáit sin láithreach crios srianta, lena gcuimsítear crios cosanta, crios faireachais, agus crios srianta breise, i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 agus faoi na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal sin;

(b)

go gcuimseofar leis na criosanna cosanta, criosanna faireachais agus criosanna srianta breise dá dtagraítear i bpointe (a) ar a laghad na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo;

(c)

maidir leis na bearta is gá a chur i bhfeidhm sna criosanna cosanta, faireachais agus srianta breise, go cuirfear i bhfeidhm iad ar a laghad go dtí na dátaí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Áiritheoidh an Iodáil go mbeidh toirmeasc ar ghluaiseachtaí bó-ainmhithe ó na criosanna cosanta, na criosanna faireachais nó na criosanna srianta breise a leagtar amach san Iarscríbhinn chuig ceann scríbe atá suite lasmuigh de theorainn sheachtrach an chreasa shrianta bhreise go dtí na dátaí a liostaítear san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 3

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 10 Lúnasa 2025.

Airteagal 4

Is chuig Poblacht na hIodáile a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Meitheamh 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

Olivér VÁRHELYI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/687/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coiscthe agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm i leith catagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil riosca suntasach ag gabháil leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/1882/oj).

(4)   https://www.woah.org/en/what-we-do/standards/codes-and-manuals/terrestrial-code-online-access/.


IARSCRÍBHINN

Cuid A:   Criosanna cosanta agus faireachais a bhunaítear timpeall ar an ráig dheimhnithe

Limistéar riaracháin agus uimhir thagartha ADIS na ráige

Limistéir a bhunaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais, cuid den chrios srianta san Iodáil dá dtagraítear in Airteagal 1

An dáta a bheidh siad infheidhme go dtí

Réigiún Sardinia

IT-LSD-2025-00001

Protection zone:

Those parts of the region of Sardinia, contained within a circle of a radius of 20 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 40.30429, Long. 9.22154 (IT-LSD-2025-00001).

24.7.2025

Surveillance zone:

Those parts of the region of Sardinia, contained within a circle of a radius of 50 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 40.30429, Long. 9.22154 (IT-LSD-2025-00001) excluding the areas included in the protection zone.

10.8.2025

Surveillance zone:

Those parts of the region of Sardinia, contained within a circle of a radius of 20 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 40.30429, Long. 9.22154 (IT-LSD-2025-00001).

25.7.2025 – 10.8.2025

Cuid B:   Crios srianta breise

Limistéar riaracháin

Limistéir a bhunaítear mar chrios srianta breise, cuid den chrios srianta san Iodáil, dá dtagraítear in Airteagal 1

An dáta a bheidh siad infheidhme go dtí

Réigiún Sardinia

The entire territory of the region of Sardinia excluding the areas included in any protection or surveillance zone.

10.8.2025


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1318/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)