European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1309

3.7.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1309 ÓN gCOIMISIÚN

an 2 Iúil 2025

lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí feisteas feadáin agus píobáin áirithe de thionscnamh Phoblacht na Cóiré, na Malaeisia agus Chónaidhm na Rúise tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-rialachán’), agus go háirithe Airteagal 11(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Imscrúduithe roimhe seo agus bearta atá i bhfeidhm

1.1.1.   Poblacht na Cóiré agus an Mhalaeisia

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 778/2003 (2) d’fhorchuir an Chomhairle dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí feisteas áirithe feadáin agus píobáin de thionscnamh Phoblacht na Cóiré (‘an Chóiré’) agus na Malaeisia (‘an t-imscrúdú bunaidh’). Tar éis an chéad athbhreithnithe éaga ar na bearta frithdhumpála de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 384/96 ón gComhairle an 22 Nollaig 1995 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (3), rinne an Chomhairle, le Rialachán Cur Chun Feidhme (CE) Uimh. 1001/2008 (4), na bearta frithdhumpála a ath-fhorchur. Tar éis an dara hathbhreithniú éaga ar na bearta frithdhumpála de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (5), rinne an Coimisiún, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1283/2014 (6) na bearta frithdhumpála a ath-fhorchur. Tar éis páirt-athbhreithniú eatramhach i gcomhréir le hAirteagal 11(3) den bhun-Rialachán, a bhí teoranta ó thaobh raon feidhme de sa chaoi nach ndéanfaí ach scrúdú ar dhumpáil a mhéid a bhain le TK Corporation, táirgeoir onnmhairiúcháin de chuid na Cóiré, leasaigh an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1283/2014 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/306 (7). Tar éis an tríú hathbhreithniú éaga ar na bearta frithdhumpála de bhun Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán, rinne an Coimisiún, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/566 (8) an 9 Aibreán 2019, na bearta frithdhumpála a ath-fhorchur.

(2)

Na bearta frithdhumpála atá i bhfeidhm faoi láthair maidir le hallmhairí feisteas áirithe feadáin agus píobáin de thionscnamh na Cóiré is i bhfoirm ráta dleachta ad valorem a bhí siad, ráta a socraíodh ar leibhéal an chorrlaigh dumpála, is é sin, 32,4 %, i gcás allmhairí ó onnmhaireoir arna ainmniú ina aonar, (TK Corporation), lena ngabhann ráta dleachta iarmharach 44,0 % a socraíodh ar leibhéal an chorrlaigh díobhála.

(3)

Na bearta frithdhumpála atá i bhfeidhm faoi láthair maidir le hallmhairí feisteas áirithe feadáin agus píobáin de thionscnamh na Malaeisia, is i bhfoirm ráta dleachta ad valorem a bhí siad, ráta a socraíodh ar leibhéal an chorrlaigh dumpála, is é sin, 49,9 %, agus 59,2 % i gcás allmhairí ó onnmhaireoirí arna n-ainmniú ina n-aonar, lena ngabhann ráta dleachta iarmharach 75,0 %.

1.1.2.   Cónaidhm na Rúise

(4)

D’fhorchuir an Chomhairle, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 78/2013 (9), dleacht frithdhumpála chinntitheach in aghaidh allmhairí feisteas áirithe feadáin agus píobáin de thionscnamh Phoblacht na Tuirce (‘an Tuirc’) agus Chónaidhm na Rúise (‘an Rúis’). Tar éis an chéad athbhreithnithe éaga, rinne an Coimisiún, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/566 an 9 Aibreán 2019, dleacht frithdhumpála ar allmhairí de thionscnamh na Rúise a ath-fhorchur agus d’fhoirceann sé an t-imscrúdú a bhain le hallmhairí an táirge chéanna de thionscnamh na Tuirce.

(5)

Is i bhfoirm ráta dleachta iarmharaí ad valorem a socraíodh ar leibhéal an chorrlaigh dumpála, is é sin, 23,8 %, a bhí na bearta frithdhumpála atá i bhfeidhm faoi láthair i ndáil leis an Rúis.

1.1.3.   Tríú tíortha eile nach bhfuil faoi réir an athbhreithnithe seo

(6)

Tá bearta frithdhumpála i bhfeidhm faoi láthair maidir le hallmhairí feisteas áirithe feadáin agus píobáin de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tSín’), ar bearta iad a leathnaíodh chun an Téaváin, an Indinéis, Srí Lanca agus na hOileáin Fhilipíneacha a chumhdach (10).

1.2.   Iarraidh ar athbhreithniú éaga

(7)

Tar éis foilsiú fógra maidir le dul in éag atá le tarlú (11), fuair an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) iarraidh ar athbhreithniú de bhun Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán.

(8)

Is é Coiste Cosanta thionscal na bhfeistithe buntáthaithe cruach san Aontas Eorpach (‘an t-iarratasóir’) a chuir an iarraidh ar athbhreithniú (‘an iarraidh’) isteach an 11 Eanáir 2024 thar ceann thionscal na bhfeisteas áirithe feadáin agus píobáin san Aontas Eorpach de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán. Bhí an iarraidh bunaithe ar an bhforas gur dócha go dtarlóidh an dumpáil agus an díobháil do thionscal an Aontais arís de thoradh dhul in éag na mbeart.

1.3.   Athbhreithniú éaga a thionscnamh

(9)

Arna chinneadh don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) den bhun-Rialachán, go raibh fianaise leordhóthanach ann chun athbhreithniú éaga a thionscnamh, thionscain sé athbhreithniú éaga an 9 Aibreán 2024 maidir le hallmhairí feisteas áirithe feadáin agus píobáin de thionscnamh na Cóiré, na Malaeisia agus na Rúise (‘na tíortha lena mbaineann’) isteach san Aontas ar bhonn Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán. D’fhoilsigh sé fógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (12) (‘an fógra tionscnaimh’).

1.4.   Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus an tréimhse faoi bhreathnú

(10)

An t-imscrúdú chun a fháil amach an leanfar den dumpáil nó an ndéanfar an athuair í, chumhdaigh sé an tréimhse ón 1 Aibreán 2023 go dtí an 31 Márta 2024 (‘tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe’). An t-imscrúdú ar na treochtaí atá ábhartha chun a mheas an dócha go leanfar den díobháil nó go ndéanfar an athuair í, chumhdaigh sé an tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go deireadh thréimhse an imscrúdúcháin (‘an tréimhse faoi bhreathnú’).

1.5.   Páirtithe leasmhara

(11)

San fhógra tionscnaimh, iarradh ar na páirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún chun bheith rannpháirteach san imscrúdú. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún in iúl go sonrach don iarratasóir, do tháirgeoirí aitheanta eile de chuid an Aontais, do na táirgeoirí atá ar eolas sna trí thír lena mbaineann, d’údaráis na Cóiré, na Malaeisia agus na Rúise, d’allmhaireoirí atá ar eolas, d’úsáideoirí agus do chomhlachais chomh maith arb eol go bhfuil tionscnamh an athbhreithnithe éaga ina údar imní dóibh agus d’iarr sé orthu a bheith rannpháirteach.

(12)

Bhí deis ag na páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt maidir le tionscnamh an athbhreithnithe éaga agus éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta i gcomhair imeachtaí trádála.

1.6.   Barúlacha maidir le tionscnamh

(13)

Tar éis an tionscnaimh, sholáthair rialtas na Rúise barúlacha maidir le gnéithe dumpála agus díobhála na hiarrata ar athbhreithniú, agus maidir le neamhchomhlíonadh Airteagal 11.3 de Chomhaontú Frithdhumpála EDT chomh maith.

(14)

D’áitigh rialtas na Rúise nach bhfuil bonn cirt leis an athbhreithniú éaga, toisc go gcuireann toirmeasc an Aontais ar allmhairiú feisteas feadáin agus píobáin ón Rúis cosc ar aon athiontráil sa mhargadh gan beann ar na bearta frithdhumpála. Meabhraíonn an Coimisiún, áfach, gurb é is cuspóir d’athbhreithniú éaga measúnú a dhéanamh ar an dóchúlacht go ndéanfar an dumpáil nó an díobháil an athuair nó go leanfar díobh dá rachadh na bearta i léig, gan beann ar bhearta geopholaitiúla sealadacha amhail smachtbhannaí. Go deimhin, ní fhágann smachtbhannaí a bheith ann go gcoisctear an oibleagáid dhlíthiúil athbhreithniú a dhéanamh faoin gcreat cosanta trádála is infheidhme.

(15)

Thairis sin, mhaígh rialtas na Rúise go bhfuil anailís na dóchúlachta go ndéanfar an dumpáil nó an díobháil an athuair bunaithe ar shonraí príobháideacha dofhíoraithe a thagann salach ar staitisticí trádála atá ar fáil go poiblí agus lena léirítear praghsanna onnmhairiúcháin níos airde. Ba cheart a thabhairt faoi deara, tráth a ullmhaíodh an iarraidh ar athbhreithniú, nár fhoilsigh an Rúis a staitisticí custaim oifigiúla ó dheireadh 2021. Dá dheasca sin, ní raibh sonraí onnmhairiúcháin na Rúise ar fáil a thuilleadh trí Comtrade na Náisiún Aontaithe ná trí Lárionad Trádála Idirnáisiúnta EDT, agus níor ceadaíodh rochtain ar na staitisticí sin ar shuíomh gréasáin Riarachán Custaim na Rúise. Dá thoradh sin, bhí ar an iarratasóir brath ar fhaisnéis margaidh phríobháideach chun faisnéis faoi dhíolacháin onnmhairiúcháin a fháil i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(16)

Thug rialtas na Rúise le fios freisin go raibh an gnáthluach ríofa ag brath ar chostais ionchuir amhrasacha agus ar mhodheolaíocht neamh-thrédhearcach, rud a bhain an bonn d’inchreidteacht na hanailíse dumpála. Is mian leis an gCoimisiún a thabhairt chun suntais, i gcomhréir le hAirteagal 2(3) den bhun-Rialachán, gur úsáid an Coimisiún costais neamhshaofa an táirgthe agus sonraí iontaofa tríú tír i bhfianaise saobhadh margaidh sa Rúis agus go bhfuil an mhodheolaíocht sin comhsheasmhach leis an gcleachtas seanbhunaithe.

(17)

Ina theannta sin, mhaígh rialtas na Rúise, i gcodarsnacht leis an maíomh a rinneadh san iarraidh ar athbhreithniú maidir le margadh intíre cobhsaí amach anseo sa Rúis le haghaidh feistis feadáin agus píobáin, go léiríonn sonraí oifigiúla go bhfuil deiseanna substaintiúla ann chun soláthar feisteas feadáin agus píobáin ón Rúis a mhéadúú ar an margadh intíre. Sholáthair rialtas na Rúise tagairtí do staidéir áirithe lenar cheart a chruthú go bhfuil deiseanna den sórt sin ann chun dul i méid. Mar sin féin, ní raibh an Coimisiún in ann na doiciméid sin a rianú leis na tagairtí chuig a bhfoinse ná chuig aon fhaisnéis phoiblí eile ar an topaic sin. A mhalairt ar fad, nochtadh trí chuardach simplí idirlín go bhfuil deacrachtaí móra roimh mhargadh píobáin na Rúise mar shampla mar gheall ar fhorbairtí le déanaí san earnáil fuinnimh agus treochtaí sa mhargadh (13).

(18)

Mhaígh rialtas na Rúise freisin go raibh tionscnamh an athbhreithnithe éaga in aghaidh rialacha EDT, agus go háirithe Airteagal 11.1 de Chomhaontú Frithdhumpála EDT, ós rud é go bhfuil stop curtha ag na smachtbhannaí atá i bhfeidhm faoi láthair in aghaidh na Rúise tar éis fhogha míleata na Rúise in aghaidh na hÚcráine leis na hallmhairí uile feisteas feadáin agus píobáin de chuid na Rúise isteach san Aontas go héifeachtach. Mar sin féin, mar a leagtar amach in aithris (14) agus (81), ní féidir a mheas gur staid mharthanach an staid atá ann faoi láthair. Dá bhrí sin, ní féidir tionchar a bheith ag na smachtbhannaí atá ann cheana ar thionscnamh an imscrúdaithe, ná ar a chonclúidí.

(19)

I bhfianaise a bhfuil thuas, dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh maidir le tionscnamh ó rialtas na Rúise.

1.7.   Sampláil

(20)

San fhógra tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go mb’fhéidir go ndéanfadh sé na páirtithe leasmhara a shampláil i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán.

Táirgeoirí an Aontais a shampláil

(21)

San fhógra tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go raibh sampla de tháirgeoirí ón Aontas roghnaithe go sealadach aige. Roghnaigh an Coimisiún an sampla ar bhonn mhéid táirgeachta agus dhíolacháin an táirge faoi athbhreithniú in 2023. Is é a bhí sa sampla sin trí tháirgeoir de chuid an Aontais. Ba iad táirgeoirí sampláilte an Aontais a ghin breis agus 50 % de tháirgeacht agus de mhéideanna táirgeachta agus díolachán measta iomlána an Aontais. I gcomhréir le hAirteagal 17(2) den bhun-Rialachán, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt faoin sampla sealadach. Ní bhfuarthas aon bharúil. Is sampla ionadaíoch ar thionscal an Aontais é.

Allmhaireoirí a shampláil

(22)

Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, má bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar allmhaireoirí neamhchomhlachaithe an fhaisnéis a sonraíodh san fógra tionscnaimh a sholáthar. Níor sholáthair aon allmhaireoir neamhchomhlachaithe an fhaisnéis a iarradh agus níor thoiligh siad a bheith san áireamh sa sampla.

Sampláil na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sna tíortha lena mbaineann

(23)

Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar na táirgeoirí aitheanta uile sna tíortha lena mbaineann an fhaisnéis a shonraítear san fhógra tionscnaimh a sholáthar. Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar mhisin na dtíortha lena mbaineann chuig an Aontas Eorpach táirgeoirí eile ar spéis leo a bheith páirteach san imscrúdú a shainaithint, agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh.

(24)

Níor sholáthair aon táirgeoir onnmhairiúcháin sna tíortha lena mbaineann an fhaisnéis a iarradh agus níor thoiligh siad a bheith san áireamh sa sampla.

1.8.   Freagraí ar an gceistneoir

(25)

Sheol an Coimisiún ceistneoirí chuig táirgeoirí sampláilte an Aontais agus chuig an iarratasóir. Cuireadh na ceistneoirí céanna ar fáil ar líne (14) freisin lá an tionscnaimh.

1.9.   Fíorú

(26)

Lorg agus d’fhíoraigh an Coimisiún an fhaisnéis uile a measadh ba ghá chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil agus den díobháil nó go ndéanfar an athuair iad agus maidir le leas an Aontais. Is in áitribh na gcuideachtaí a leanas a rinneadh cuairteanna fíorúcháin de bhun Airteagal 16 den bhun-Rialachán:

 

Táirgeoirí an Aontais

Virgilio CENA & Figli S.p.A., an Iodáil

ERNE Fittings GmbH, an Ostair

INTERFIT S.A., an Fhrainc

1.10.   An nós imeachta ina dhiaidh sin

(27)

An 6 Bealtaine 2025, nocht an Coimisiún na fíorais agus na breithnithe fíor-riachtanacha ar ar a mbonn sin a bhfuil sé beartaithe aige na dleachtanna frithdhumpála atá i bhfeidhm a choinneáil ar bun. Tugadh tréimhse do na páirtithe leasmhara uile ina raibh siad in ann a barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh.

(28)

Bhreithnigh an Coimisiún na barúlacha arna dtabhairt ag na páirtithe leasmhara agus cuireadh san áireamh iad, i gcás inarb iomchuí.

2.   AN TÁIRGE FAOI ATHBHREITHNIÚ, AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS AN TÁIRGE COMHCHOSÚIL

2.1.   An táirge faoi athbhreithniú

(29)

Tá an táirge faoi athbhreithniú mar an gcéanna leis an táirge san imscrúdú bunaidh agus in athbhreithnithe éaga roimhe seo, mar atá feistis feadáin nó píobáin (seachas feistis theilgthe, feirí agus feistis snáithithe), as iarann nó as cruach (gan cruach dhosmálta san áireamh), nach mó an trastomhas seachtrach is mó acu ná 609,6 mm, de chineál a úsáidtear le haghaidh buntáthú nó chun críoch eile, atá faoi láthair faoi chóid AC ex 7307 93 11 , ex 7307 93 19 agus ex 7307 99 80 (cóid TARIC 7307 93 11 91, 7307 93 11 93, 7307 93 11 94, 7307 93 11 95, 7307 93 11 99, 7307 93 19 91, 7307 93 19 93, 7307 93 19 94, 7307 93 19 95, 7307 93 19 99, 7307 99 80 92, 7307 99 80 93, 7307 99 80 94, 7307 99 80 95 agus 7307 99 80 98) (‘feistis feadáin nó píobáin’ nó ‘an táirge faoi athbhreithniú’).

2.2.   An táirge lena mbaineann

(30)

An táirge lena mbaineann an t-imscrúdú seo, sin é an táirge faoi athbhreithniú ar de thionscnamh Phoblacht na Cóiré, na Malaeisia agus Chónaidhm na Rúise é, agus atá faoi láthair faoi chóid AC ex 7307 93 11 , ex 7307 93 19 agus ex 7307 99 80 (cóid TARIC 7307 93 11 91, 7307 93 11 93, 7307 93 11 94, 7307 93 11 95, 7307 93 11 99, 7307 93 19 91, 7307 93 19 93, 7307 93 19 94, 7307 93 19 95, 7307 93 19 99, 7307 99 80 92, 7307 99 80 93, 7307 99 80 94, 7307 99 80 95 agus 7307 99 80 98).

2.3.   An táirge comhchosúil

(31)

Mar a suíodh san imscrúdú bunaidh agus sna hathbhreithnithe éaga roimhe seo, deimhníodh leis an athbhreithniú éaga sin go bhfuil na saintréithe bunúsacha fisiceacha agus teicniúla céanna, chomh maith leis na húsáidí bunúsacha céanna, ag na táirgí seo a leanas:

an táirge lena mbaineann nuair a onnmhairítear chuig an Aontas é;

an táirge faoi athbhreithniú a tháirgtear agus a dhíoltar ar mhargadh baile na dtíortha lena mbaineann;

an táirge faoi athbhreithniú arna tháirgeadh agus arna dhíol ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin leis an gcuid eile den domhan; agus

an táirge faoi athbhreithniú arna tháirgeadh agus arna dhíol san Aontas ag tionscal an Aontais.

(32)

Dá bhrí sin, meastar gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán.

3.   DUMPÁIL

3.1.   Réamhbharúlacha

(33)

Mar a luaitear in aithris (19), níor chomhoibrigh aon cheann de na táirgeoirí sa Chóiré, sa Mhalaeisia ná sa Rúis leis an imscrúdú.

(34)

Chuir an Coimisiún údaráis na dtíortha uile lena mbaineann ar an eolas go bhféadfadh an Coimisiún, de dheasca an easpa comhair, Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm maidir leis na torthaí a bhaineann leis an gCóiré, leis an Malaeisia agus leis an Rúis. Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil ná iarratais ar idirghabháil an Oifigigh Éisteachta ó údaráis na dtrí thír i dtaca leis sin.

(35)

Dá réir sin, i gcomhréir le hAirteagal 18(1) den bhun-Rialachán, bhí na torthaí i ndáil leis an dóchúlacht go ndéanfar an dumpáil an athuair bunaithe ar na fíorais a bhí ar fáil, go háirithe faisnéis a bhí ar fáil go poiblí amhail suíomhanna gréasáin oifigiúla cuideachtaí, faisnéis san iarraidh ar athbhreithniú, agus faisnéis a fuarthas ó pháirtithe comhoibríocha le linn imscrúdú an athbhreithnithe (mar atá, an t-iarratasóir agus táirgeoirí sampláilte an Aontais). D’úsáid an Coimisiún staitisticí allmhairiúcháin éagsúla freisin, lena n-áirítear staitisticí allmhairiúcháin a bailíodh i mbunachar sonraí an Global Trade Atlas (‘GTA’) (15), agus i mbunachar sonraí allmhairiúcháin Stáit Aontaithe Mheiriceá (‘SAM’).

3.2.   Poblacht na Cóiré

(36)

Níor chomhoibrigh aon táirgeoir de chuid na Cóiré le linn an imscrúdaithe. Dá bhrí sin, bhí an Coimisiún ag brath ar na fíorais a bhí ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. Áiríodh leis sin faisnéis a sholáthair an t-iarratasóir ina iarraidh ar athbhreithniú, arna forlíonadh le sonraí staidrimh a bhí ar fáil le haghaidh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, amhail staitisticí GTA agus staitisticí allmhairiúcháin SAM.

3.2.1.   Onnmhairí chuig an Aontas

(37)

Bhí onnmhairí ón gCóiré chuig an Aontas an-íseal (thart ar 60 tona) le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus dá bhrí sin níor measadh iad a bheith ina méideanna ionadaíocha. Díríodh san anailís ar an dóchúlacht go ndéanfar an dumpáil an athuair ón gCóiré ar bhonn na bhfíorais a bhí ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán.

3.2.2.   An dóchúlacht go ndéanfar an dumpáil an athuair

(38)

Rinne an Coimisiún anailís féachaint an raibh dóchúlacht ann go ndéanfar an dumpáil an athuair dá rachadh na bearta i léig. Agus é sin á dhéanamh, rinneadh anailís ar na heilimintí seo a leanas: Praghsanna onnmhairiúcháin na Cóiré chuig tríú tíortha, an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise sa Chóiré agus tarraingteacht mhargadh an Aontais.

3.2.2.1.   Praghsanna onnmhairiúcháin na Cóiré chuig tríú tíortha

(39)

Chun measúnú a dhéanamh ar iompraíocht onnmhairiúcháin dhóchúil tháirgeoirí feisteas feadáin nó píobáin de chuid na Cóiré i margadh an Aontais gan bearta a bheith ann, rinne an Coimisiún anailís ar onnmhairí chuig SAM. Roghnaíodh margadh SAM mar an margadh tagartha iomchuí ar an mbonn, murab ionann agus cinn scríbe onnmhairiúcháin eile de chuid na Cóiré, go bhfuil sé inchomparáide ó thaobh scála de le margadh an Aontais, arb é tionscal láidir intíre is saintréith dó, chomh maith le méid substaintiúil allmhairí, agus taraifí allmhairiúcháin réasúnta íseal, rud a chruthaíonn margadh an-iomaíoch. Thairis sin, is é SAM príomhcheann scríbe onnmhairiúcháin na Cóiré, agus thart ar 32 % dá honnmhairí iomlána feisteas feadáin nó píobáin á seoladh chuige le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (16). Tá an mhodheolaíocht sin ag teacht leis an gcur chuige a úsáideadh san athbhreithniú éaga roimhe seo le haghaidh na Cóiré, dá dtagraítear in aithris (1).

(40)

In éagmais aon fhaisnéis eile a bheith ar fáil agus i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, cinneadh an gnáthluach ar bhonn na sonraí a sholáthair an t-iarratasóir san iarraidh ar athbhreithniú. Chun an luach sin a shuí i gcás feistis feadáin nó píobáin sa Chóiré le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, bhí an t-iarratasóir ag brath ar shonraí praghsanna ó tháirgeoir mór feisteas feadáin nó píobáin de chuid na Cóiré. Sloinneadh an praghasliosta, a bhí bailí ó mhí na Nollag 2023, in KRW ar bhonn FCA Busan agus comhshódh go Euro é trí úsáid a bhaint as an spotráta malairte meánach arna fhoilsiú ag an gCoimisiún Eorpach (17).

(41)

Chun ionadaíochas a áirithiú, rinne an t-iarratasóir cineálacha táirgí a aicmiú i gcatagóirí méide agus chuir sé tosca ualúcháin i bhfeidhm ar bhonn a n-ábharthacht don mhargadh. Ar deireadh, maidir leis an inchomparáideacht le praghsanna onnmhairiúcháin, chinn an t-iarratasóir an gnáthluach sa Chóiré, arna shloinneadh i luach in aghaidh an ualúcháin.

(42)

Cinneadh praghsanna onnmhairiúcháin le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe trí úsáid a bhaint as sonraí a bhí ar fáil go poiblí, go sonrach staitisticí custaim SAM (18). Níor ghá aon choigeartú a dhéanamh ó thaobh leibhéal na trádála de, ós rud é gur measadh go raibh an praghas onnmhairiúcháin saor ar bord (SAB) inchomparáide leis an ngnáthluach arna chinneadh ar bhonn FCA.

(43)

Chun an difríocht sa phraghas a shloinneadh mar chéatadán den phraghas allmhairiúcháin ar an leibhéal costais, árachais agus last-táille (CAL) sa tríú tír, bhí ar an iarratasóir measúnú a dhéanamh ar chostais an árachais agus an lasta idirnáisiúnta ón gCóiré chuig a príomh-mhargaí onnmhairiúcháin. Rinneadh é sin ar bhonn bhunachar sonraí ECFE maidir le costais iompair agus árachais idirnáisiúnta na trádála i dtráchtearraí (ITIC) (19).

(44)

Cuireadh an gnáthluach i gcomparáid ansin leis an bpraghas onnmhairiúcháin mar a suíodh thuas, i gcomhréir le hAirteagal 2(11) den bhun-Rialachán.

(45)

Ba é 21 % an difríocht sa phraghas a fuarthas, arna sloinneadh mar chéatadán den phraghas CAL ag teorainn SAM.

3.2.2.2.   Acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise

(46)

De réir na bhfíoras a bhí ar fáil san iarraidh ar athbhreithniú, tá tionscal feisteas feadáin nó píobáin na Cóiré an-fhorbartha, agus seacht monaróir ar a laghad ann, lena n-áirítear dhá tháirgeoir mhóra – Tae Kwang Bend Co. (TK Bend) agus Sung Kwang Bend Co. (SK Bend) – a bhfuil acmhainneacht táirgeachta os cionn 260 000 tona acu le chéile. Is údar suntais gur mhéadaigh SK Bend a acmhainneacht faoi dhó ó rinneadh an t-athbhreithniú éaga deireanach in 2019, agus gur scoir dhá tháirgeoir eile d’oibríochtaí.

(47)

Ar an iomlán, d’fhás acmhainneacht táirgeachta mheasta iomlán na Cóiré i gcás feistis feadáin nó píobáin ó 160 000 tona in 2019 go dtí thart ar 283 000 tona le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Chun a chur san áireamh go bhféadfadh catagóirí táirgí a bheith ag forluí ar a chéile, úsáideadh meastachán coimeádach de 250 000 tona.

(48)

De réir na foinse céanna, tá acmhainneacht bhreise mhór ag an gCóiré, agus ráta úsáide íseal 23 % aici. Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, measadh gur 16 500 tona a bhí sa tomhaltas intíre, agus ba é 58 200 tona an táirgeacht iomlán, lena honnmhairiú go príomha. D’fhág sé sin go bhfuil ró-acmhainneacht shubstaintiúil 191 800 tona ann. An ró-acmhainneacht sin, is beagnach ceithre oiread thomhaltas iomlán an Aontais í, a measadh a bheith thart ar 48 000 tona i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(49)

Thairis sin, ní thugann aon cheann de na fíorais atá ar fáil le fios go bhfuil fás ná meath substaintiúil ag teacht ar na hearnálacha a úsáideann feistis feadáin nó píobáin sa Chóiré agus, dá bhrí sin, meastar go mbeidh tomhaltas mhargadh intíre na Cóiré i gcás feistis feadáin nó píobáin sách cobhsaí sna blianta amach romhainn fós agus dá bhrí sin nach dtabharfaidh an tomhaltas sin aon deis shubstaintiúil do tháirgeoirí feisteas feadáin nó píobáin sa Chóiré chun dul i méid. Seachas SAM, is iad an Meánoirthear agus an Áise Thoir Theas na príomh-mhargaí onnmhairiúcháin eile do tháirgeoirí feisteas feadáin nó píobáin na Cóiré. Ní thugann aon fhaisnéis a bhí ar fáil le linn an imscrúdaithe le tuiscint go dtiocfadh méadú mór ar an éileamh ar aon cheann de na margaí sin sna blianta amach romhainn. Thairis sin, d’fhéadfadh an méadú atá ag teacht ar an iomaíocht ón tSín srian a chur le hacmhainneacht fáis onnmhairí feisteas feadáin nó píobáin ón gCóiré sna réigiúin is tábhachtaí, rud a d’fhéadfadh brú a chur orthu deiseanna nua onnmhairiúcháin a lorg i margaí amhail an tAontas Eorpach dá gcuirfí deireadh leis na bearta trádála atá ann cheana.

3.2.2.3.   Tarraingteacht mhargadh an Aontais

(50)

Tá margadh an Aontais fós ina mhargadh an-tarraingteach do tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Cóiré, ó thaobh méide de, mar cheann de na margaí is mó ar domhan, agus ó thaobh praghsanna de freisin. Go deimhin, bhí an meánphraghas ar mhargadh an Aontais arna mheasúnú in aithris (122) 19 % níos airde ná an meánphraghas a bhí ar fheistis feadáin nó píobáin a d’onnmhairigh an Chóiré chuig Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM) le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, mar a tuairiscíodh i mbunachar sonraí allmhairiúcháin SAM. Dá bhrí sin, tá margadh an Aontais fós ina mhargadh onnmhairiúcháin tarraingteach le haghaidh feisteas feadáin nó píobáin ón gCóiré.

3.2.3.   Conclúid maidir leis an dóchúlacht go ndéanfar an dumpáil an athuair

(51)

I bhfianaise acmhainneacht bhreise shubstaintiúil na Cóiré, leibhéil ísle phraghsanna feisteas feadáin nó píobáin ón gCóiré a onnmhairíodh chuig tríú tíortha le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, agus tharraingteacht mhargadh an Aontais mar phríomhcheann scríbe onnmhairiúcháin féideartha, is rídhócha go dtiocfadh cainníochtaí móra feisteas feadáin nó píobáin ón gCóiré isteach i margadh an Aontais ar phraghsanna dumpáilte dá rachadh na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair in éag. Dá bhrí sin, ba é conclúid an Choimisiúin gur dócha go ndéanfar an dumpáil an athuair dá rachadh na bearta i léig.

3.3.   An Mhalaeisia

(52)

Níor chomhoibrigh aon táirgeoir Malaeisiach ar bith le linn an imscrúdaithe. D’úsáid an Coimisiún fíorais a bhí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, is é sin, an fhaisnéis a sholáthair an iarratasóir san iarraidh ar athbhreithniú, a tugadh cothrom le dáta leis na sonraí staidrimh a bhí ar fáil le haghaidh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe lena n-áirítear sonraí onnmhairiúcháin an Global Trade Atlas (GTA).

3.3.1.   Onnmhairí chuig an Aontas

(53)

De réir bhunachar sonraí Comext, bhí allmhairí ón Malaeisia chuig an Aontas diomaibhseach (níos lú ná 1 tona amháin) le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus dá bhrí sin níor measadh iad a bheith ionadaíoch. Díríodh san anailís ar an dumpáil ón Malaeisia a bheith á déanamh an athuair, ar bhonn na bhfíoras a bhí ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán.

3.3.2.   An dóchúlacht go ndéanfar an dumpáil an athuair

(54)

Rinne an Coimisiún anailís féachaint an raibh dóchúlacht ann go ndéanfar an dumpáil an athuair dá rachadh na bearta i léig. Agus é sin á dhéanamh, rinneadh anailís ar na heilimintí seo a leanas: Praghsanna onnmhairiúcháin na Malaeisia chuig tríú tíortha, an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise sa Mhalaeisia, agus tarraingteacht mhargadh an Aontais.

3.3.2.1.   Praghsanna onnmhairiúcháin na Malaeisia chuig tríú tíortha

(55)

Chun scrúdú a dhéanamh ar iompraíocht dhóchúil tháirgeoirí feisteas feadáin nó píobáin sa Mhalaeisia, scrúdaigh an Coimisiún onnmhairí na Malaeisia chuig SAM. Is ionann an cur chuige sin agus an cur chuige a cuireadh i bhfeidhm san athbhreithniú éaga roimhe seo i gcás na Malaeisia a luaitear in aithris (1). Roghnaigh an Coimisiún SAM, ós rud go bhfuil méid a mhargaidh cosúil le méid mhargadh an Aontais, agus go bhfuil roinnt mhaith táirgeoirí intíre ann, ach toisc go bhfuil cion mór allmhairí ann freisin, rud a fhágann gur margadh an-iomaíoch é. Thairis sin, is é margadh SAM an margadh onnmhairiúcháin is tábhachtaí le haghaidh na Malaeisia, go mór agus go fada. De réir staitisticí onnmhairiúcháin GTA, ba é thart ar 19 000 tona méid na n-onnmhairí chuig SAM i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, arb é sin 72 % d’onnmhairí iomlána feisteas feadáin nó píobáin na Malaeisia le linn na tréimhse sin.

(56)

In éagmais aon fhaisnéis eile a bheith ar fáil agus i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, bhí an gnáthluach bunaithe ar shonraí a sholáthair an t-iarratasóir san iarraidh ar athbhreithniú. Níorbh fhéidir leis an iarratasóir sonraí praghsanna a aimsiú le haghaidh feistis feadáin nó píobáin sa Mhalaeisia, toisc nach bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí. Ina ionad sin, ríomhadh gnáthluach ar bhonn thosca táirgeachta thionscal an Aontais, agus úsáid á baint as sonraí costais de chuid na Malaeisia a bhí ar fáil go poiblí maidir le hamhábhair, fuinneamh, fóntais, saothar, agus costais monaraíochta eile.

(57)

Foinsíodh príomh-chomhchodanna de chostais ó staitisticí rialtais na Malaeisia (20) agus ó staitisticí domhanda eile (21) (22) agus rinneadh meastachán ar chostais indíreacha trí úsáid a bhaint as tagarmharcanna thionscal an Aontais. Bhí costais díola, ghinearálta agus riaracháin, chomh maith le corrlaigh bhrabúis, bunaithe ar ráitis airgeadais ó tháirgeoir mór feisteas feadáin nó píobáin de chuid na Malaeisia, Pantech Steel Industries.

(58)

Suíodh praghsanna onnmhairiúcháin le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ar bhonn sonraí a bhí ar fáil go poiblí, i.e. GTA. Ar bhonn na modheolaíochta a d’fhorbair an t-iarratasóir san iarraidh ar athbhreithniú, i bhfianaise inchomparáideacht níos fearr, rinne an Coimisiún coigeartú ar na staitisticí ar bhonn na sonraí is déanaí a bhí ar fáil i mbunachar sonraí ECFE maidir le corrlaigh CAL/SAB.

(59)

Ar an mbonn thuas, cuireadh an gnáthluach i gcomparáid le praghas onnmhairiúcháin feisteas feadáin nó píobáin chuig SAM, i gcomhréir le hAirteagal 2(11) den bhun-Rialachán. Ar an iomlán, tá difríocht mhór sa phraghas de bhreis agus 73 % le feiceáil ar onnmhairí na Malaeisia chuig margadh SAM.

3.3.2.2.   Acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise

(60)

De réir na hiarrata, tá cúig mhonaróir feisteas feadáin nó píobáin de chuid na Malaeisia sainaitheanta ag an iarratasóir. I dteannta a chéile, tá acmhainneacht táirgeachta mheasta 57 000 tona in aghaidh na bliana ag na táirgeoirí sin le chéile. Tá an acmhainneacht is airde ag Anggerik Laksana, is é sin, 24 000 tona in aghaidh na bliana, agus tá Pantech Steel Industries ina dhiaidh sin agus 21 000 tona aige. Meastar gur 4 000 tona in aghaidh na bliana í an acmhainneacht táirgeachta atá na trí tháirgeoir eile — Arah Dagang, JAKs Steel Industries, agus ML Pipe Fittings.

(61)

Meastar gurb é 12 000 tona tomhaltas intíre na Malaeisia in aghaidh na bliana, agus bhí thart ar 21 800 tona d’onnmhairí ann le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (Mí Aibreáin–Mí Mheán Fómhair 2023), agus 10 400 tona d’allmhairí ann. Tugann sé sin le tuiscint gurbh é thart ar 23 400 tona an táirgeacht intíre, rud a fhágann 33 600 tona d’acmhainneacht bhreise ann – os cionn 70 % de thomhaltas measta an Aontais a bhí thart ar 48 000 tona i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(62)

Mar fhocal scoir, tá acmhainneacht táirgeachta na Malaeisia i bhfad níos mó ná a héileamh intíre, agus dírítear sciar substaintiúil di sin i dtreo onnmhairí. Tugann an mhíchothromaíocht sin le tuiscint go bhféadfadh méadú teacht ar mhéideanna onnmhairí chuig an Aontas dá gcuirfí deireadh le bearta frithdhumpála.

3.3.2.3.   Tarraingteacht mhargadh an Aontais

(63)

Ó mhí Aibreáin go mí Mheán Fómhair 2023, fuarthas go raibh praghsanna onnmhairiúcháin na Malaeisia chuig SAM agus chuig na cinn scríbe uile 62 % agus 56 % níos saoire faoi seach ná praghsanna feisteas feadáin nó píobáin san Aontas. Fiú agus last-táillí curtha san áireamh, bheadh praghsanna na Malaeisia fós faoi bhun leibhéil praghsanna an Aontais go mór, sa chaoi go mbeadh margadh an Aontais tarraingteach freisin ó thaobh praghsanna de. I bhfianaise acmhainneacht bhreise mhór na Malaeisia agus an rósholáthair dhomhanda, is dócha go dtiocfaidh méadú substaintiúil ar onnmhairí na Malaeisia chuig an Aontas ar phraghsanna dumpáilte de thoradh aisghairm na mbeart frithdhumpála.

(64)

Thairis sin, an 25 Iúil 2018, leathnaigh údaráis na SAM an dleacht frithdhumpála 182,9 % a forchuireadh ar allmhairí feisteas píobáin buntáite de chruach carbóin ón tSín go sealadach chun allmhairí an táirge sin ón Malaeisia a chumhdach tar éis imscrúdú frith-imchéimniúcháin (23). I mí an Mhárta 2023, chinn Coimisiún Trádála Idirnáisiúnta SAM (USITC) gur dócha go leanfaí den díobháil ábhartha do thionscal SAM nó go ndéanfaí an athuair dó í dá gcúlghairfí na horduithe dleachta frithdhumpála atá ann cheana ar fheistis píobáin buntáite de chruach dhosmálta ón Malaeisia. Dá thoradh sin, bheadh ar tháirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Malaeisia margaí malartacha a lorg chun feistis feadáin nó píobáin a onnmhairiú.

(65)

Fágann an méid thuas gur spriocmhargadh é margadh an Aontais i gcás ró-acmhainneachtaí agus tháirgí na Malaeisia a díoladh le SAM roimhe sin, dá ligfí do na bearta dul i léig.

3.3.3.   Conclúid maidir leis an dóchúlacht go ndéanfar an dumpáil an athuair

(66)

I bhfianaise na hacmhainneachta breise, na gcleachtas praghsála i SAM agus na ndleachtanna frithdhumpála a leathnaíodh chun an Mhalaeisia a chumhdach sa mhargadh sin, le cois tharraingteacht mhargadh an Aontais do tháirgeoirí feisteas feadáin nó píobáin de chuid na Malaeisia, is rídhócha go n-onnmhaireodh táirgeoirí feisteas feadáin nó píobáin de chuid na Malaeisia cainníochtaí móra feisteas feadáin nó píobáin ar phraghsanna dumpáilte chuig an Aontas, dá ligfí do na bearta dul i léig. Dá bhrí sin, ba é conclúid an Choimisiúin gur dócha go ndéanfar an dumpáil an athuair dá rachadh na bearta i léig.

3.4.   Cónaidhm na Rúise

(67)

Mar gheall ar an easpa comhair ó tháirgeoirí na Rúise, bhí an Coimisiún ag brath ar na fíorais a bhí ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, is é sin, an fhaisnéis a sholáthair an iarratasóir san iarraidh ar athbhreithniú.

3.4.1.   Onnmhairí chuig an Aontas

(68)

De réir bhunachar sonraí Comext, ní raibh allmhairí ar bith ón Rúis ann le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Dá bhrí sin, díríodh anailís an Choimisiúin ar an dumpáil a bheith á déanamh an athuair.

(69)

Ó bhí deireadh 2021 ann, ní raibh staitisticí custaim oifigiúla arna bhfoilsiú ag údaráis na Rúise ar fáil, go díreach ná trí bhunachair sonraí amhail Comtrade na Náisiún Aontaithe ná trí Lárionad Trádála Idirnáisiúnta na hEagraíochta Domhanda Trádála. Dá bhrí sin, chun measúnú a dhéanamh ar dhíolacháin onnmhairí chuig tríú tíortha le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, bhí an Coimisiún ag brath ar shonraí a sholáthair an t-iarratasóir san iarraidh ar athbhreithniú, sonraí a foinsíodh ó fhaisnéis margaidh phríobháideach a bhí ar fáil trí Tradedata.pro (24).

3.4.2.   Anailís ar dhóchúlacht go ndéanfar an dumpáil an athuair

(70)

Rinne an Coimisiún anailís féachaint an raibh dóchúlacht ann go ndéanfar an dumpáil an athuair dá rachadh na bearta i léig. Agus é sin á dhéanamh, rinneadh anailís ar na heilimintí seo a leanas: Praghsanna onnmhairiúcháin na Rúise chuig tríú tíortha, an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise sa Rúis, agus tarraingteacht mhargadh an Aontais.

3.4.2.1.   Praghsanna onnmhairiúcháin na Rúise chuig tríú tíortha

(71)

In éagmais aon fhaisnéis eile a bheith ar fáil, bhí an gnáthluach bunaithe ar shonraí a sholáthair an t-iarratasóir san iarraidh ar athbhreithniú, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán.

(72)

Ós rud é nach raibh sonraí praghsanna intíre sa Rúis ar fáil go poiblí, chuaigh an t-iarratasóir i muinín gnáthluach a ríomh ar bhonn na gcostas táirgthe sa Rúis. Is éard a bhí i gceist leis an modheolaíocht na tosca táirgeachta ó tháirgeoirí ionadaíocha de chuid an Aontais a chur i bhfeidhm agus iad a chomhcheangal le sonraí costais na Rúise. Rinneadh na hamhábhair, lena n-áirítear an ‘máthairphíobán’ (píobáin cruach gan uaim), a phraghsáil trí úsáid a bhaint as staitisticí allmhairiúcháin ó fhaisnéis margaidh phríobháideach, in éineacht le sonraí lenar cumhdaíodh an tréimhse ó mhí an Mhárta go mí Dheireadh Fómhair 2023. Bhí costais eile, amhail fuinneamh agus fóntais, bunaithe ar fhaisnéis faoi phraghsanna a bhí ar fáil go poiblí le haghaidh leictreachais, gás nádúrtha agus uisce sa Rúis. Maidir le costais saothair, d’úsáid an t-iarratasóir sonraí ó Trading Economics agus ó ECFE. Rinneadh costais díola, riaracháin agus ghinearálta (costais SGA), mar aon le corrlaigh bhrabúis, a ionchorprú sa ghnáthluach ríofa trí úsáid a bhaint as sonraí airgeadais ó tháirgeoir feisteas feadáin nó píobáin de chuid na Rúise, BAZ ‘Blagovesschensky Fittings Plant’ JSC.

(73)

Suíodh praghsanna onnmhairiúcháin le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ar bhonn faisnéis mhargaidh phríobháideach (25). Níl ach dhá mhargadh onnmhairiúcháin ann atá ina n-ábhar suntais i gcás tháirgeoirí feisteas feadáin nó píobáin de chuid na Rúise: An Úisbéiceastáin (1 282 t) agus an Airméin (216 t). Faigheann na tíortha sin 85 % agus 14 % d’onnmhairí iomlána na Rúise faoi seach.

(74)

Cuireadh an gnáthluach i gcomparáid ansin leis an bpraghas onnmhairiúcháin le haghaidh an dá thír sin, i gcomhréir le hAirteagal 2(11) den bhun-Rialachán.

(75)

Ríomhadh an difríocht sa phraghas ansin mar chéatadán de phraghas onnmhairiúcháin na Rúise chuig gach ceann den dá thír sin faoi seach. Ar an mbonn sin, ba é 29,6 % i gcás na hÚisbéiceastáine agus 65,9 % i gcás na hAirméine céatadán na difríochta sa phraghas. Trí na cinn scríbe uile a mheas, ba é 25,1 % céatadán meáite na difríochta sa phraghas le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

3.4.2.2.   Acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise

(76)

De réir na bhfíoras atá ar fáil, sainaithníodh 14 onnmhaireoir de chuid na Rúise i gcás an táirge faoi athbhreithniú, lena n-áirítear 13 tháirgeoir onnmhairiúcháin. Rinneadh meastachán ar acmhainneacht na dtáirgeoirí sin mar a leanas: JSC Lisky ag 26 000 tona, OMK Group Trubodetal ag 30 000 tona, BAZ ag 10 000 tona, agus 10 dtáirgeoir eile ag 2 400 tona an ceann, rud a fhágann 90 000 tona san iomlán. Is é an meastachán coimeádach, maidir le hacmhainneacht na dtáirgeoirí nach bhfuil chomh haitheanta céanna, go bhfuil sí níos ísle ná meánmhéid tháirgeoirí beaga de chuid an Aontais.

(77)

Chun meastachán a dhéanamh ar acmhainneacht bhreise, ghlac an t-iarratasóir leis go bhfuil ráta úsáide acmhainneachta 40 % ann sa Rúis, rud a fhágann go bhfuil acmhainneacht bhreise 54 000 tona ann, acmhainneacht ar mó í ná tomhaltas feisteas feadáin nó píobáin san Aontas, arb é sin 48 000 tona de réir meastacháin.

3.4.2.3.   Tarraingteacht mhargadh an Aontais

(78)

Chinn an Coimisiún gur onnmhairigh táirgeoirí na Rúise an táirge faoi athbhreithniú, le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, chuig tríú margaí ar phraghsanna a bhí thart ar 44 % níos ísle ná meánphraghsanna díola tháirgeoirí de chuid an Aontais ar mhargadh an Aontais, rud a thugann le tuiscint go bhféadfadh an t-onnmhairiú chuig an Aontas a bheith níos tarraingtí d’onnmhaireoirí na Rúise ná an t-onnmhairiú chuig tíortha eile.

(79)

Thairis sin, tá margadh an Aontais ar cheann de na margaí is mó ar domhan agus ina cheann scríbe onnmhairiúcháin tarraingteach mar gheall ar a ghaireacht gheografach, ar a mhéid agus ar a thomhaltas substaintiúil le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(80)

Seachas an Rúis, is iad an Chasacstáin agus an Bhealarúis na príomh-mhargaí onnmhairiúcháin i gcás na dtionscal sin. Níl aon fhaisnéis ar fáil a thabharfadh le tuiscint go bhfuil crapadh nó méadú mór ar an éileamh i ndán d’aon cheann de na margaí sin sna blianta amach romhainn. De réir na faisnéise a chuir an t-iarratasóir ar fáil, tá ró-acmhainneacht feisteas feadáin nó píobáin ann ar fud an domhain, agus tá margadh an Aontais ar cheann de na margaí is mó ar domhan agus, dá bhrí sin, is ceann scríbe tarraingteach le haghaidh onnmhairiúcháin é.

(81)

Aithníonn an Coimisiún go bhféadfadh sé nach dtarlódh an t-atreorú sin mar gheall ar na smachtbhannaí atá ann cheana. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil baint ag na smachtbhannaí sin le fogha míleata a thug an Rúis faoin Úcráin agus leis an staid gheopholaitiúil fholuiteach, níl a raon feidhme, a modhnú ná a bhfad intuartha. Thairis sin, bíonn saolré 5 bliana ag bearta frithdhumpála. I bhfianaise na héiginnteachta sin agus go bhféadfadh an Chomhairle raon feidhme agus fad beacht na smachtbhannaí a leasú tráth ar bith, chinn an Coimisiún nach féidir, de bhrí go bhfuil smachtbhannaí ann mar is amhlaidh faoi láthair, leis an méid sin a bheith ina údar tionchair ar chleachtadh féideartha amhail athbhreithniú ar bhearta frithdhumpála, ná nach féidir leis sin conclúidí an Choimisiúin a athrú sna himeachtaí seo ansin.

3.4.3.   Conclúid maidir leis an dóchúlacht go ndéanfar an dumpáil an athuair

(82)

Shuigh an Coimisiún gur dócha go ndéanfar an dumpáil an athuair ar bhonn na n-eilimintí seo a leanas. Ar an gcéad dul síos, shuigh an Coimisiún gur onnmhairigh táirgeoirí de chuid na Rúise feistis feadáin nó píobáin chuig tríú tíortha ar phraghsanna a bhí níos ísle ná an gnáthluach. Chomh maith leis sin, bhí an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise sa Rúis suntasach i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus bhí an acmhainneacht bhreise níos mó ná tomhaltas iomlán an Aontais. Thairis sin, mar gheall ar tharraingteacht mhargadh an Aontais i dtéarmaí méide, na gaireachta geografaí agus praghsanna, is dócha go ndéanfaí onnmhairí agus acmhainneacht bhreise na Rúise a atreorú chuig margadh an Aontais dá rachadh na bearta in éag.

(83)

Mheas an Coimisiún gur staid shealadach é tionchar na smachtbhannaí a d’fhéadfadh athrú tráth ar bith agus, go bhféadfadh sé athrú tráth ar bith. Dá bhrí sin ní féidir tionchar a bheith ag smachtbhannaí ar na conclúidí san imeacht seo.

(84)

I bhfianaise a bhfuil thuas, ar bhonn fíorais atá ar fáil, ba é conclúid an Choimisiúin gur dócha go ndéanfaí an dumpáil an athuair dá rachadh na bearta frithdhumpála maidir le feistis feadáin nó píobáin ón Rúis in éag.

(85)

Tar éis an nochta, d’áitigh Rialtas na Rúise go raibh na smachtbhannaí ag cur bac ar atosú na n-allmhairí ón Rúis ar feadh tréimhse dothuartha, agus nach gcuirfí tús arís le hallmhairí na Rúise dá gcuirfí deireadh leis na bearta. D’áitigh sé freisin gur bhréagnaigh an Coimisiún é féin trína mhaíomh nach bhféadfar feistis feadáin nó píobáin a atreorú ón Rúis.

(86)

D’áitigh Rialtas na Rúise freisin go raibh an fhoinse faisnéise a d’úsáid an Coimisiún chun an praghas onnmhairiúcháin a chinneadh neamh-infhíoraithe agus neamh-thrédhearcach toisc go raibh sé ag brath ar fhaisnéis mhargaidh phríobháideach trí Tradedata.pro. Chuir Rialtas na Rúise in iúl freisin go bhfuil staitisticí Comtrade na Náisiún Aontaithe ar fáil go poiblí i leith allmhairí ón Rúis chuig an Airméin agus chuig an Úisbéiceastáin araon.

(87)

Thug Rialtas na Rúise dá aire freisin go bhfuil margaí domhanda réasúnta oscailte le haghaidh trádála i bhfeistis feadáin nó píobáin.

(88)

Mar a mhínítear in aithris (83), mheas an Coimisiún nach féidir, ós rud é nach féidir raon feidhme agus fad smachtbhannaí a thuar, nach féidir le smachtbhannaí a bheith ann tionchar a imirt ar chleachtadh ionchasach amhail athbhreithniú ar bhearta frithdhumpála, agus nach féidir leis sin conclúidí an Choimisiúin a athrú san imeacht seo dá bhrí sin. Thug an Coimisiún dá aire freisin nár sholáthair Rialtas na Rúise staitisticí bunaithe ar Comtrade na Náisiún Aontaithe nó níor léirigh sé go dtiocfadh conclúid eile as na sonraí sin seachas an chonclúid atá bunaithe ar Tradedata.pro, ar foinse sonraí é atá ar fáil ar íocaíocht. An maíomh maidir le hoscailteacht an mhargaidh dhomhanda, measadh go raibh sé fánach agus neamhchonclúideach, i bhfianaise tharraingteacht mhargadh an Aontais freisin. Ar an mbonn sin, dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh sin.

3.5.   Conclúid

(89)

Ba é conclúid an Choimisiúin gur dócha, i bhfianaise chleachtais praghsála onnmhairiúcháin na dtíortha lena mbaineann, na ró-acmhainneachtaí tábhachtacha sna tíortha lena mbaineann, agus tharraingteacht mhargadh an Aontais do tháirgeoirí feisteas feadáin nó píobáin sna tíortha sin, go dtiocfadh méadú mór ar allmhairí feisteas feadáin nó píobáin ó na tíortha sin chuig an Aontas dá ligfí do na bearta frithdhumpála dul i léig. Chinn an Coimisiún ina theannta sin gur dócha go ndéanfaí na hallmhairí sin ar phraghsanna dumpáilte. Dá bhrí sin, ba é conclúid an Choimisiúin gur dócha go ndéanfar dumpáil an athuair i ndáil leis an gCóiré, leis an Malaeisia agus leis an Rúis de thoradh dhul in éag na mbeart maidir le feistis feadáin nó píobáin.

4.   DÍOBHÁIL

4.1.   Sainiú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais

(90)

Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, bhí an táirge comhchosúil á mhonarú ag 22 tháirgeoir san Aontas. Is iad atá i gceist le ‘tionscal an Aontais’ de réir bhrí Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán.

(91)

Suíodh gurbh é 24 368 tona táirgeacht iomlán an Aontais i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Suíodh an uimhir sin ar bhonn na faisnéise a bhí ar fáil maidir le tionscal an Aontais, amhail an iarraidh, an fhaisnéis a sholáthair an t-iarratasóir agus freagraí fíoraithe na dtáirgeoirí sampláilte an Aontais ar an gceistneoir. Mar a léirítear in aithris (21), roghnaíodh trí tháirgeoir de chuid an Aontais sa sampla, ar táirgeoirí iad a ghineann níos mó ná 50 % de tháirgeacht agus de dhíolacháin iomlána an táirge chomhchosúil san Aontas.

4.2.   Tomhaltas an Aontais

(92)

Shuigh an Coimisiún tomhaltas an Aontais ar bhonn staitisticí allmhairiúcháin Eurostat agus mhéideanna díolachán thionscal an Aontais san Aontas, arna gcur isteach ag an iarratasóir agus arna gcros-seiceáil leis na sonraí fíoraithe ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais.

(93)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar thomhaltas an Aontais:

Tábla 1

Tomhaltas an Aontais (tonaí)

 

2020

2021

2022

2023

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Iomlán an Aontais

Tomhaltas (tonaí)

47 270

46 150

49 474

48 856

47 892

Innéacs

(2020 = 100)

100

98

105

103

101

Foinse:

Eurostat, iarratasóir, agus táirgeoirí sampláilte an Aontais.

(94)

D’fhan tomhaltas an Aontais cobhsaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Ós rud é go n-úsáidtear feistis feadáin nó píobáin go príomha sa tionscal peitriceimiceach, sa tógáil, i nginiúint fuinnimh agus i suiteálacha tionsclaíocha chun feadáin nó píobáin a nascadh, tá an t-éileamh ar fheistis feadáin nó píobáin cúpláilte go ginearálta leis an ngníomhaíocht in earnáil an bhonneagair fuinnimh. Mar sin féin, de dheasca phaindéim COVID-19, ionradh na Rúise ar an Úcráin agus na géarchéime fuinnimh ina dhiaidh sin, tá marbhántacht sa chinnteoireacht maidir le rogha na bhfoinsí fuinnimh inbhuanaithe. D’fhág sé sin go bhfuil tionscadail fhadtéarmacha atá beartaithe agus atá ar siúl maidir leis an aistriú fuinnimh curtha ar feitheamh den chuid is mó i láthair na huaire. Dá thoradh sin, bhí tomhaltas an Aontais cobhsaí i gcónaí le blianta beaga anuas. Tá coinne leis go dtiocfaidh méadú ar thomhaltas, a luaithe a bheidh cinneadh déanta ag rialtais agus ag cuideachtaí fuinnimh maidir leis an gcineál fuinnimh inbhuanaithe a n-aistreofar chuige ó bhreoslaí iontaise (e.g. fuinneamh gaoithe, gréine, núicléach nó fuinnimh eile).

4.3.   Allmhairí ó na tíortha lena mbaineann

4.3.1.   Méid agus sciar de mhargadh na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann

(95)

Shuigh an Coimisiún méid na n-allmhairí ar bhonn shonraí Eurostat agus na faisnéise a chuir an t-iarratasóir isteach. Suíodh an sciar den mhargadh a bhain leis na hallmhairí ansin ar bhonn thomhaltas an Aontais mar a léirítear i dTábla 1.

(96)

Allmhairí isteach san Aontas ó na tíortha lena mbaineann:

Tábla 2

An méid allmhairí (tonaí) agus an sciar den mhargadh

 

2020

2021

2022

2023

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Méid na n-allmhairí ón gCóiré

80

10

38

62

78

An sciar den mhargadh atá ag an gCóiré

0,2  %

0,0  %

0,1  %

0,1  %

0,2  %

Méid na n-allmhairí ón Malaeisia

2

2

1

9

1

An sciar den mhargadh atá ag an Malaeisia

0,0  %

0,0  %

0,0  %

0,0  %

0,0  %

Méid na n-allmhairí ón Rúis

122

3

23

Sciar den mhargadh atá ag an Rúis

0,3  %

0,0  %

0,0  %

0,0  %

0,0  %

An méid allmhairí ó na tíortha lena mbaineann

204

15

62

71

79

Sciar den mhargadh na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann

0,4  %

0,0  %

0,1  %

0,1  %

0,2  %

Innéacs (2020 = 100)

100

7

29

35

38

Foinse:

Eurostat agus an t-iarratasóir.

(97)

Bhí allmhairí ó na trí thír lena mbaineann diomaibhseach nó ní raibh aon allmhairiú uathu ann le linn na tréimhse lena mbaineann. I gcás na Cóiré agus na Malaeisia, tá na leibhéil sin cosúil leis na leibhéil a chonacthas ó forchuireadh na bearta cinntitheacha bunaidh in 2002. Maidir leis an Rúis, tá laghdú tagtha ar allmhairí – a bhí ar leibhéil an-íseal cheana féin roimh an tréimhse lena mbaineann – go nialas ó cuireadh na smachtbhannaí ar an Rúis i bhfeidhm tar éis an fogha míleata a thug an Rúis faoin Úcráin.

4.3.2.   Praghsanna na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann agus sladghearradh praghais

(98)

I bhfianaise go bhfuil méideanna na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann an-íseal más ann dóibh in aon chor fiú, agus i bhfianaise raon leathan na gcineálacha táirgí (ina bhfuil paraiméadair éagsúla i gceist amhail caighdeáin sonraíochta, grád an ábhair, amhábhar bunúsach, cineál (uillinn, i bhfoirm T, nó laghdaitheoir), trastomhas seachtrach agus tiús an bhalla) a bhaineann leis an táirge faoi athbhreithniú, ní fhéadfaí anailís fhóinteach a dhéanamh ar phraghsanna na n-allmhairí sin.

(99)

Ós rud é nach raibh aon chomhar ann ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin in aon cheann de na tíortha lena mbaineann, agus i bhfianaise go bhfuil na cainníochtaí a allmhairíodh san Aontas ó na tíortha sin an-íseal, chinn an Coimisiún comparáid praghsanna de réir na bpraghsanna ar mhargadh an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe tríd an méid seo a leanas a chur i gcomparáid le chéile:

(1)

meánphraghsanna díola ualaithe an táirge faoi athbhreithniú de chuid tháirgeoirí sampláilte an Aontais arna ngearradh ar chustaiméirí neamhchomhlachaithe ar mhargadh an Aontais, arna gcoigeartú de réir an phraghais díreach ón monarcha; agus

(2)

meánphraghsanna ualaithe comhfhreagracha an táirge faoi athbhreithniú ó na tíortha lena mbaineann a díoladh leis na tíortha seo a leanas:

(a)

i gcás na Cóiré agus na Malaeisia: chuig Stáit Aontaithe Mheiriceá (‘SAM’), mar a mhínítear in aithrisí (39) agus (55) agus i gcomhréir leis an modheolaíocht a úsáideadh sna himscrúduithe roimhe seo, gan dleachtanna frithdhumpála ar allmhairí den sórt sin isteach i SAM a áireamh. Suíodh praghsanna ar bhonn costais, árachais agus last-táille (CAL) (26), agus coigeartuithe iomchuí i gceist le haghaidh costais iar-allmhairiúcháin agus dleachtanna frithdhumpála an Aontais. In éagmais aon fhaisnéis eile, rinneadh meastachán gur 1 % de luach CAL iad na costais iar-allmhairiúcháin. (27)

(b)

I gcás na Rúise: chuig an Úisbéiceastáin agus chuig an Airméin, i gcomhréir leis an méid a míníodh in aithris (73) agus a suíodh ar bhonn costais, árachais agus last-táille (CAL), agus coigeartuithe iomchuí á ndéanamh le haghaidh costais iar-allmhairiúcháin agus dleachtanna frithdhumpála an Aontais. In éagmais aon fhaisnéis eile, rinneadh meastachán gur 1 % de luach CAL iad na costais iar-allmhairiúcháin (28).

(100)

Sloinneadh toradh na comparáide mar chéatadán de láimhdeachas tháirgeoirí sampláilte an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Léirigh sé difríocht idir 30,4 % agus 40,1 % i gcás na Malaeisia sa mheánphraghas ualaithe agus 31,7 % de dhifríocht sa phraghas i gcás na Rúise. Ar an taobh eile, bhí praghsanna na Cóiré 18,8 % go 29,9 % níos airde ná praghsanna ar mhargadh an Aontais tar éis chur i bhfeidhm na ndleachtanna frithdhumpála.

(101)

Tar éis an nochta, d’áitigh rialtas na Rúise nach bhfuil aon chiall eacnamaíoch le rogha na hAirméine agus na hÚisbéiceastáine mar a mhínítear in aithris (99)(2)(b) toisc go bhfuil na margaí sin éagsúil le margadh an Aontais i dtéarmaí meascán táirgí agus paraiméadair eile. Níor chuir rialtas na Rúise aon fhianaise thacaíochta ar fáil dá mhaíomh, áfach, ná níor mhol sé foinse ná modheolaíocht níos iomchuí le haghaidh na comparáide praghsanna in aithris (99). Ina theannta sin, is ionann an Airméin agus an Úisbéiceastáin le chéile agus beagnach 100 % d’onnmhairí feisteas feadáin nó píobáin na Rúise, mar a mhínítear in aithris (73), agus is iad an t-aon mhargadh ábhartha amháin is féidir a chur san áireamh. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don maíomh sin.

4.3.3.   Allmhairí ó thríú tíortha seachas na tíortha lena mbaineann

(102)

Is ón tSín agus ón gCambóid den chuid is mó a tháinig allmhairí feisteas feadáin nó píobáin ó thríú tíortha seachas ó na tíortha lena mbaineann.

(103)

Is mar a leanas a tháinig forbairt ar mhéid (comhiomlánaithe) na n-allmhairí isteach san Aontas chomh maith leis an sciar den mhargadh agus treochtaí praghsanna maidir le hallmhairí feisteas feadáin nó píobáin ó thríú tíortha eile:

Tábla 3

Allmhairí ó thríú tíortha

Tír

 

2020

2021

2022

2023

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

an tSín

Méid (tonaí)

5 809

4 623

6 302

8 903

9 774

 

Innéacs (2020 = 100)

100

80

108

153

168

 

Sciar den mhargadh

12,3  %

10,0  %

12,7  %

18,2  %

20,4  %

 

Meánphraghas (EUR/tona)

1 768

2 244

2 590

2 026

1 889

 

Innéacs (2020 = 100)

100

127

147

115

107

an Chambóid

Méid (tonaí)

2 687

2 294

3 792

4 984

5 156

 

Innéacs (2020 = 100)

100

85

141

185

192

 

Sciar den mhargadh

5,7  %

5,0  %

7,7  %

10,2  %

10,8  %

 

Meánphraghas (EUR/tona)

1 569

1 900

2 383

1 923

1 905

 

Innéacs (2020 = 100)

100

121

152

123

121

Tríú tíortha eile seachas an tSín agus an Chambóid

Méid (tonaí)

9 795

10 655

13 269

15 029

13 968

 

Innéacs (2020 = 100)

100

109

135

153

143

 

Sciar den mhargadh

20,7  %

23,1  %

26,8  %

30,8  %

29,2  %

 

Meánphraghas (EUR/tona)

2 718

3 198

4 070

4 207

4 325

 

Innéacs (2020 = 100)

100

118

150

155

159

Iomlán na dtríú tíortha uile seachas na tíortha lena mbaineann

Méid (tonaí)

18 291

17 572

23 363

28 916

28 897

 

Innéacs (2020 = 100)

100

96

128

158

158

 

Sciar den mhargadh

38,7  %

38,1  %

47,2  %

59,2  %

60,3  %

 

Meánphraghas (EUR/tona)

2 247

2 778

3 397

3 142

3 069

 

Innéacs (2020 = 100)

100

124

151

140

137

Foinse:

Eurostat.

(104)

Cé go raibh tomhaltas an Aontais cobhsaí i gcónaí le linn na tréimhse lena mbaineann, tháinig méadú ar allmhairí ó thríú tíortha eile, go háirithe an tSín agus an Chambóid, ó 18 291 tona in 2020 go 28 897 tona i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. D’fhág sé sin gur tháinig méadú de níos mó ná 20 pointe céatadáin ar an sciar den mhargadh go 60,3 % i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. An tráth céanna, mar atá le feiceáil i dTábla 5 thíos, tháinig laghdú comhchosúil ar an sciar den mhargadh atá ag tionscal an Aontais ó 60,9 % go 39,5 %.

(105)

Tháinig méadú 7 % agus 21 % faoi seach ar phraghsanna allmhairiúcháin ón tSín agus ón gCambóid le linn na tréimhse faoi bhreathnú, méid atá i bhfad faoi bhun leibhéil praghsanna thionscal an Aontais a léirítear i dTábla 7 thíos, i dtéarmaí an mhéadaithe (tháinig méadú 95 % ar phraghsanna an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú) agus i dtéarmaí dhearbhleibhéal na bpraghsanna (ba iad 1 889 agus EUR 1 905 in aghaidh an tona, faoi seach, na meánphraghsanna allmhairiúcháin ón tSín agus ón gCambóid i gcomparáid le meánphraghas díola an Aontais, arbh é sin EUR 5 033 in aghaidh an tona).

(106)

Tháinig méadú freisin ar phraghsanna allmhairiúcháin na dtríú tíortha eile le linn na tréimhse faoi bhreathnú, ach is é méadú níos mó a bhí i gceist (59 %) ná an méadú a bhain le praghsanna allmhairiúcháin na Síne agus na Cambóide. Ós rud é go raibh an meánphraghas allmhairiúcháin ó na tríú tíortha eile sin fós faoi bhun mheánphraghas díola an Aontais i gcaitheamh na tréimhse faoi bhreathnú, d’fhág sé sin gur tháinig méadú ar an sciar den mhargadh, cé gur lú an méadú sin (níos lú ná naoi bpointe céatadáin ar an sciar den mhargadh) ná an sciar den mhargadh atá ag an tSín agus ag an gCambóid le chéile.

4.4.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

4.4.1.   Barúlacha ginearálta

(107)

Cuimsíodh sa mheasúnú ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais meastóireacht ar gach táscaire eacnamaíoch a raibh tionchar aige ar staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(108)

Mar a luaitear in aithris (21), úsáideadh sampláil chun staid eacnamaíoch thionscal an Aontais a mheasúnú.

(109)

Maidir le cinneadh na díobhála, rinne an Coimisiún idirdhealú idir táscairí díobhála maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí maicreacnamaíocha ar bhonn na faisnéise a sholáthair an t-iarratasóir, arbh fhaisnéis í a bhain le táirgeoirí uile an Aontais. Ríomh an Coimisiún na táscairí micreacnamaíocha ar bhonn sonraí sna freagraí ar an gceistneoir ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais agus ar na cuairteanna fíorúcháin ar áitribh na gcuideachtaí.

(110)

Seo a leanas na táscairí maicreacnamaíocha: táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta, úsáid acmhainneachta, an méid díolachán, sciar den mhargadh, fostaíocht, táirgiúlacht, méid an chorrlaigh dumpála, agus téarnamh ó dhumpáil a tharla roimhe seo.

(111)

Seo a leanas na táscairí micreacnamaíocha: meánphraghsanna aonaid, costas aonaid, costais saothair, fardail, brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, an toradh ar infheistíochtaí, agus an cumas caipiteal a chruinniú.

4.4.2.   Táscairí maicreacnamaíocha

4.4.2.1.   Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

(112)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar tháirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 4

Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

 

2020

2021

2022

2023

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Méid táirgeachta (tonaí)

34 033

32 821

34 707

25 675

24 368

Innéacs (2020 = 100)

100

96

102

75

72

Acmhainneacht táirgeachta (tonaí)

142 526

142 526

142 526

142 526

142 526

Innéacs (2020 = 100)

100

100

100

100

100

Úsáid acmhainneachta

23  %

22  %

23  %

17  %

16  %

Innéacs (2020 = 100)

100

97

102

76

72

Foinse:

Iarratasóir, táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais.

(113)

Tháinig laghdú 28 % ar an méid táirgeachta le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Go sonrach, bhí sé réasúnta cobhsaí ó 2020 go 2022 i gcónaí agus tháinig laghdú mór air in 2023 agus laghdú eile fós ina dhiaidh sin le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Leanann sé sin an treocht atá ag dul sa treo eile i gcás allmhairí ó thríú tíortha, agus go sonrach ón tSín agus ón gCambóid, ar tháinig méadú mór ar a n-allmhairí in 2023 agus méadú eile fós le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Tharla sé sin freisin i gcomhthráth leis an treocht maidir le costas táirgthe an Aontais, a thosaigh ag méadú in 2022, ar tháinig méadú mór air in 2023 agus méadú eile fós i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. D’fhág sé sin gurbh éigean do thionscal an Aontais a phraghsanna díola a mhéadú chun leibhéal áirithe brabúsachta a bhaint amach, agus dá thoradh sin, ní raibh praghsanna chomh hiomaíoch céanna i gcomparáid le hallmhairí ó thríú tíortha, bhí leibhéil díolacháin níos ísle, cailleadh sciar den mhargadh agus, dá bhrí sin, bhí na leibhéil táirgeachta níos ísle.

(114)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, bhí an acmhainneacht táirgeachta mar an gcéanna i gcónaí, agus dá thoradh sin tháinig laghdú 28 % ar an úsáid acmhainneachta le linn na tréimhse céanna. Bhí an úsáid acmhainneachta an-íseal le linn na tréimhse faoi bhreathnú (23 % - 16 %). I gcomhréir le himscrúduithe éaga roimhe seo (29), is cuid den chúis leis an leibhéal íseal sin an modh chun acmhainneacht iomlán a ríomh i gcás an tionscail áirithe sin, i gcás inar uasacmhainneacht theoiriciúil í an acmhainneacht thuairiscítear (ar bhonn 3 sheal in aghaidh an lae, i measc nithe eile), ach ní gá go bhfuil sé sin ag teacht leis an acmhainneacht iarbhír go cruinn. Mar sin féin, fiú dá léireodh an acmhainneacht 1 seal amháin in aghaidh an lae, agus dá bhrí sin go mbeadh an acmhainneacht iomlán roinnte ar thrí, ní bheadh an ráta úsáide acmhainneachta ach ar leibhéal 50 %, agus ní leibhéal fadtéarmach inbhuanaithe é sin.

4.4.2.2.   An méid díolachán agus an sciar den mhargadh

(115)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar an méid díolachán a bhí ag tionscal an Aontais agus a sciar den mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 5

An méid díolachán agus an sciar den mhargadh (tonaí)

 

2020

2021

2022

2023

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

An méid díolachán ar mhargadh an Aontais

28 776

28 563

26 049

19 869

18 916

Innéacs (2020 = 100)

100

99

91

69

66

Sciar den mhargadh

60,9  %

61,9  %

52,7  %

40,7  %

39,5  %

Innéacs (2020 = 100)

100

102

86

67

65

Foinse:

Iarratasóir, táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais agus Eurostat.

(116)

Tháinig laghdú 34 % ar dhíolacháin iomlána thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, ach bhí tomhaltas an Aontais cobhsaí i gcónaí. Tháinig laghdú níos mó ná 20 pointe céatadáin ar sciar an Aontais den mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tháinig laghdú ar an méid díolachán arna dhéanamh ag tionscal an Aontais ar bhonn bliantúil, ach go háirithe idir 2022 agus 2023. Mar a mhínítear in aithris (113), tharla sé sin i gcomhthráth leis an méadú mór ar an gcostas táirgthe agus ar na praghsanna díola gaolmhara méadaithe.

4.4.2.3.   Fostaíocht agus táirgiúlacht

(117)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar fhostaíocht agus táirgiúlacht le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 6

Fostaíocht agus táirgiúlacht

 

2020

2021

2022

2023

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

An líon fostaithe

953

864

860

823

818

Innéacs (2020 = 100)

100

91

90

86

86

An táirgiúlacht (tona/fostaí)

36

38

40

31

30

Innéacs (2020 = 100)

100

106

113

87

83

Foinse:

Iarratasóir, táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais.

(118)

Tháinig laghdú 14 % ar an bhfhostaíocht i dtionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Mar sin féin, ós rud é gur tháinig laghdú níos mó fós ar na leibhéil táirgeachta, tháinig laghdú 17 % ar an leibhéal táirgiúlachta in aghaidh an fhostaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

4.4.2.4.   Fás

(119)

Bhí an tomhaltas cobhsaí i gcónaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tháinig laghdú 34 % ar na méideanna díolachán arna ndéanamh ag tionscal an Aontais, rud a d’fhág go raibh caillteanas 35 % ann ó thaobh an sciar den mhargadh de.

4.4.2.5.   Méid an chorrlaigh dumpála agus téarnamh ó dhumpáil a tharla roimhe seo

(120)

Mar a mhínítear in aithrisí (53), (37) agus (68), níorbh fhéidir cinneadh dearfach maidir le dumpáil a shuí i gcás aon cheann de na tíortha lena mbaineann le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Dá bhrí sin, díríodh san imscrúdú ar an dóchúlacht go ndéanfar an dumpáil an athuair má aisghairtear na bearta frithdhumpála.

(121)

San athbhreithniú éaga roimhe seo, bhí meath breise tagtha ar staid airgeadais agus eacnamaíoch thionscal an Aontais le linn thréimhse faoi bhreathnú an imscrúdaithe sin. Le linn na tréimhse faoi bhreathnú san imscrúdú atá ann faoi láthair ar an athbhreithniú éaga, bhí sé le feiceáil ar staid thionscal an Aontais go raibh sí ag teacht chuici ó éifeachtaí na dumpála roimhe sin mar a léiríodh le treocht fhabhrach i gcás thionscal an Aontais maidir le cuid de na príomhtháscairí díobhála. Mar sin féin, i gcás táscairí eile, leanadh den mheath ar an staid mar a leagfar amach thíos.

4.4.3.   Táscairí micreacnamaíocha

4.4.3.1.   Praghsanna agus tosca lena ndéantar difear do phraghsanna

(122)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánphraghsanna díola aonaid ualaithe na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 7

Praghsanna díola agus costas táirgthe san Aontas (EUR/tona)

 

2020

2021

2022

2023

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Meánphraghas díola aonaid san Aontas

2 579

2 984

4 265

5 050

5 033

Innéacs (2020 = 100)

100

116

165

196

195

Costas táirgthe in aghaidh an aonaid

3 265

3 154

3 718

4 409

4 504

Innéacs (2020 = 100)

100

97

114

135

138

Foinse:

Táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais.

(123)

Tháinig méadú 95 % ar an meánphraghas díola aonaid ag tionscal an Aontais le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus shroich sé EUR 5 033 in aghaidh an tona i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Roghnaigh tionscal an Aontais a phraghsanna a choigeartú aníos i bhfianaise an mhéadaithe mhóir ar an gcostas táirgthe, arb é an méadú ar chostais amhábhar, fuinnimh agus saothair le linn na tréimhse faoi bhreathnú ba mhó ba chúis leis. Ina theannta sin agus de réir a chéile, is minice atáthar ag táirgeadh saintáirgí den scoth i dtionscal an Aontais seachas ítimí tráchtearraí, chun leanúint de bheith iomaíoch i bhfianaise na n-allmhairí leanúnacha ar phraghas íseal ó thríú tíortha. Bíonn na praghsanna díola agus an costas táirgthe le haghaidh táirgí den sórt sin, nach tráchtearraí iad, níos airde ar an meán de ghnáth.

(124)

Tháinig méadú freisin ar mheánchostas an táirgthe le linn na tréimhse faoi bhreathnú, cé gur méadú níos lú a bhí i gceist i.e. 38 %, ag sroicheadh EUR 4 504 in aghaidh an tona i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

4.4.3.2.   Costais saothair

(125)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánchostais saothair na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 8

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí

 

2020

2021

2022

2023

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí (EUR)

59 463

65 016

71 578

80 413

83 001

Innéacs (2020 = 100)

100

109

120

135

140

Foinse:

Táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais.

(126)

Tháinig méadú 40 % ar an meánchostas saothair in aghaidh an fhostaí, rud a lean an méadú ar fud an Aontais ar chostais saothair le blianta beaga anuas. (30)

4.4.3.3.   Fardail

(127)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar leibhéil stoic na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 9

Fardail

 

2020

2021

2022

2023

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Stoic dheiridh (tonaí)

5 817

5 576

7 357

7 493

7 754

Innéacs (2020 = 100)

100

96

126

129

133

Stoic dheiridh mar chéatadán den táirgeacht

32  %

34  %

39  %

56  %

61  %

Innéacs (2020 = 100)

100

105

120

173

191

Foinse:

Táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais.

(128)

Tháinig méadú 33 % ar leibhéal an stoic deiridh a bhí ag táirgeoirí sampláilte an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, rud a léiríonn an laghdú ar mhéideanna díolachán feisteas feadáin nó píobáin de chineál tráchtearra go háirithe le linn na tréimhse sin. I dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, is é 61 % de tháirgeacht tháirgeoirí sampláilte an Aontais a bhí i gceist leis an leibhéal stoic.

4.4.3.4.   Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, an toradh ar infheistíochtaí agus an cumas caipiteal a chruinniú

(129)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar bhrabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus an toradh ar an infheistíochtaí ag na táirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 10

Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíochtaí

 

2020

2021

2022

2023

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Brabúsacht díolachán san Aontas le custaiméirí neamhchomhlachaithe (% de láimhdeachas na ndíolachán)

-9,8  %

-3,9  %

8,1  %

4,2  %

2,4  %

Innéacs (2020 = 100)

– 100

–39

82

43

25

Sreabhadh airgid (EUR)

2 395 410

6 978 406

13 624 003

9 814 191

5 909 442

Innéacs (2020 = 100)

100

291

569

410

247

Infheistíochtaí (EUR)

2 112 756

2 130 532

822 751

1 627 877

1 712 697

Innéacs (2020 = 100)

100

101

39

77

81

Toradh ar infheistíochtaí

–13  %

–7  %

12  %

1  %

–3  %

Innéacs (2020 = 100)

– 100

–59

97

11

–26

Foinse:

Táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais.

(130)

Shuigh an Coimisiún brabúsacht na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas trí ghlanbhrabús roimh cháin ó dhíolacháin an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas a shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin. Mar gheall ar thionchar phaindéim COVID-19 ar an sreabhadh idirnáisiúnta earraí in 2020 agus 2021, d’éirigh le tionscal an Aontais a phraghsanna díola a mhéadú chun leibhéal brabúsach a bhaint amach den chéad uair le blianta fada in 2022. In 2023 agus 2024, áfach, de dheasca éifeachtaí ionradh na Rúise ar an Úcráin, a d’fhág gur tháinig méadú ar an gcostas táirgthe, in éineacht leis an mbrú ó allmhairí ar phraghas íseal ó thríú tíortha, íslíodh na leibhéil bhrabúis go 2,4 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(131)

Is ionann an glansreabhadh airgid agus cumas tháirgeoirí an Aontais a ngníomhaíochtaí a fhéinmhaoiniú. Tháinig forbairt dhearfach ar an treocht maidir leis an nglansreabhadh airgid le linn na tréimhse faoi bhreathnú, rud a chuir ar chumas thionscal an Aontais infheistíocht a dhéanamh i gcothabháil riachtanach agus in athsholáthar innealra.

(132)

Is éard atá sa toradh ar infheistíochtaí an brabús mar chéatadán de ghlanluach na n-infheistíochtaí de réir na leabhar. Bhí an toradh luaineach le linn na tréimhse lena mbaineann agus shroich sé -3 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

4.5.   Conclúid maidir le díobháil

(133)

D’ainneoin roinnt feabhsuithe, go háirithe sna blianta tar éis na paindéime, rud a léirítear i staid atá beagán brabúsach i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, tá staid thionscal an Aontais forbhásach i gcónaí. Bhí an tomhaltas cobhsaí i gcónaí agus tháinig méadú leanúnach ar allmhairí ó thríú tíortha le linn na tréimhse lena mbaineann, rud a d’fhág gur tháinig laghdú ar mhéideanna táirgeachta, ar an úsáid acmhainneachta agus ar leibhéil díolachán, rud a d’fhág gur tháinig laghdú ar an sciar den mhargadh ó 60,9 % go 39,5 % ar deireadh.

(134)

Ina theannta sin, tháinig méadú ar leibhéil stoic, tháinig laghdú ar an líon fostaithe agus ar leibhéil táirgiúlachta agus, cé go raibh leibhéil na sreafaí airgid dearfach, ní raibh siad sách maith go bhféadfaí infheistíochtaí a dhéanamh seachas na hinfheistíochtaí sin lena raibh gá chun táirgeadh san Aontas a choinneáil ar bun. Mar gheall ar an éiginnteacht leanúnach a bhaineann leis an aistriú atá beartaithe chuig foinsí fuinnimh inbhuanaithe, tá formhór na dtionscadal fadtéarmach fuinnimh curtha ar feitheamh le cinntí sna réimsí sin. Bhí tionchar diúltach ag an méid sin ar thionscal an Aontais in éineacht le costais mhéadaithe agus allmhairí méadaithe ó thríú tíortha. An tráth céanna, d’éirigh le tionscal an Aontais a fheidhmíocht onnmhairiúcháin a choimeád ar leibhéal ard i gcónaí, rud a mhaolaíonn éifeachtaí diúltacha mhargadh intíre an Aontais ar thionscal an Aontais.

(135)

Bhí allmhairí ó na tíortha lena mbaineann ar leibhéil dhiomaibhseacha i gcónaí nó ní raibh aon allmhaire ann le linn na tréimhse lena mbaineann, cé gur tháinig méadú mór ar allmhairí ó thríú tíortha eile (an Chambóid agus an tSín go príomha), ag leibhéil praghsanna a bhí íseal go comhsheasmhach.

(136)

Ar bhonn a bhfuil thuas, ba é conclúid an Choimisiúin gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán le linn thréimhse imscrúdcháin an athbhreithnithe. Ós rud é gur ar éigean a bhí allmhairí ann ó na trí thír lena mbaineann, ba é conclúid an Choimisiúin freisin nach bhféadfadh allmhairí ón gCóiré, ón Malaeisia ná ón Rúis a bheith ina gcúis leis an díobháil do thionscal an Aontais a chonacthas le linn thréimhse imscrúdcháin an athbhreithnithe.

(137)

I bhfianaise an mhéid thuas, rinne an Coimisiún scrúdú breise ar an dóchúlacht go ndéanfar díobháil an athuair, arbh iad allmhairí dumpáilte ón gCóiré, ón Malaeisia nó ón Rúis ba chúis léi i dtosach báire, dá ndéanfaí na bearta a aisghairm.

5.   AN DÓCHÚLACHT GO nDÉANFAR DÍOBHÁIL AN ATHUAIR

(138)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid in aithris (136) gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Ba é conclúid an Choimisiúin freisin san aithris chéanna nárbh fhéidir gurbh iad allmhairí dumpáilte ón gCóiré, ón Malaeisia ná ón Rúis ba chúis leis an díobháil do thionscal an Aontais a chonacthas le linn thréimhse imscrúdcháin an athbhreithnithe mar gheall ar mhéid an-teoranta na n-allmhairí sin. Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún measúnú, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, ar dhócha go leanfaí leis an díobháil arbh iad na hallmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann ba chúis leis an díobháil i dtosach báire dá ligfí do na bearta dul in éag.

(139)

Maidir leis sin, rinne an Coimisiún scrúdú ar an acmhainneacht táirgeachta agus ar an acmhainneacht bhreise sna tíortha lena mbaineann, ar an ngaolmhaireacht idir praghsanna onnmhairiúcháin chuig tríú tíortha agus ar an leibhéal praghsanna san Aontas, ar na leibhéil praghsanna is dócha a bheadh i gceist le hallmhairí ó na tíortha lena mbaineann in éagmais bearta frithdhumpála agus ar a dtionchar ar staid thionscal an Aontais agus ar tharraingteacht mhargadh an Aontais, agus ar bhearta sriantacha trádála ag tíortha eile chomh maith.

5.1.   Acmhainneacht táirgeachta agus bhreise

(140)

Mar a shuitear in aithrisí (60), (48), agus (77), rinneadh meastachán go raibh thart ar 279 000 tona i gceist leis an acmhainneacht bhreise sna trí thír lena mbaineann le linn thréimhse imscrúdcháin an athbhreithnithe, arbh é níos mó ná cúig oiread thomhaltas an Aontais le linn na tréimhse céanna.

(141)

Ina theannta sin, níor aimsíodh aon eilimint a d’fhéadfadh a léiriú go dtiocfadh méadú mór ar an éileamh intíre ar fheistis feadáin nó píobáin sa Chóiré, sa Mhalaeisia, sa Rúis nó in aon tríú tír eile go luath amach anseo. Dá bhrí sin, ba é conclúid an Choimisiúin nach mbeadh an t-éileamh intíre sna trí thír lena mbaineann nó i margaí tríú tíortha eile in ann an acmhainneacht bhreise atá ar fáil a ionsú. I bhfianaise go raibh leibhéil thomhaltas an Aontais cobhsaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú, agus na réamh-mheastachán go mbeadh éileamh méadaithe ann go luath amach anseo tar éis cinntí maidir le tionscadail fuinnimh inbhuanaithe, d’fhéadfaí an acmhainneacht bhreise sin a úsáid chun an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh lena onnmhairiú chuig an Aontas dá ligfí do na bearta dul i léig (31).

5.2.   Leibhéil fhéideartha na bpraghsanna allmhairí ón gCóiré, ón Malaeisia agus ón Rúis

(142)

Ní raibh aon chomhar ann ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin in aon cheann de na tíortha lena mbaineann. Thairis sin, ní fhéadfaí aon phraghas allmhairiúcháin iontaofa isteach san Aontas a shuí i bhfianaise na gcainníochtaí diomaibhseacha nó cainníochtaí nach raibh ann ar chor ar bith.

(143)

Rinne an Coimisiún anailís ar phraghsanna gan bearta frithdhumpála ar bhonn praghsanna onnmhairiúcháin chuig tríú tíortha chun a shuí conas a dhéanfadh na hallmhairí ó na trí thír lena mbaineann difear do thionscal an Aontais dá bhfoirceannfaí na bearta. Léirigh sé sin gur dócha go ndéanfadh praghsanna allmhairiúcháin ón gCóiré, ón Malaeisia agus ón Rúis a shladghearradh 10,0 %, 56,7 % agus 44,3 % faoi seach ar phraghsanna thionscal an Aontais.

5.3.   Srianta trádála ag tíortha eile

(144)

Mar a léirítear in aithris (64), bhí bearta frithdhumpála maidir le hallmhairí feisteas feadáin nó píobáin sna Stáit Aontaithe leathnaithe chun an Mhalaeisia a chumhdach ó bhí mí Iúil 2018 ann. Tugann sé sin le tuiscint go bhfuil srian curtha leis an rochtain ar cheann de na margaí onnmhairiúcháin is mó le haghaidh feistis feadáin nó píobáin (na Stáit Aontaithe). I bhfianaise tharraingteacht mhargadh an Aontais agus i gcás onnmhaireoirí na Rúise, a ghaire atá margadh an Aontais faoi ghnáth-imthosca, mar a shonraítear i ranna 3.2.2.3, 3.3.2.3, agus 3.4.2.3, tá dóchúlacht láidir ann go n-atreoróidh na táirgeoirí onnmhairiúcháin sin a n-allmhairí feisteas feadáin nó píobáin chuig margadh an Aontais dá rachadh bearta i léig.

(145)

Ina theannta sin, de dheasca na n-éiginnteachtaí geopholaitiúla atá ann faoi láthair agus na srianta trádála cómhalartacha fadréimseacha atá ar an margadh domhanda, go háirithe srianta a bhaineann le cruach amhail na srianta a d’fhorchuir na Stáit Aontaithe i mí an Mhárta 2025 (32), is é is dóichí go n-atreorófar sreafaí trádála ó thíortha atá faoi réir na mbeart chucu siúd a bhfuil bearta trádála níos ísle acu nó nach bhfuil aon bheart sriantach trádála i bhfeidhm acu. Ag an tráth seo, ní féidir tionchar na ngníomhaíochtaí sin a thuar, ach is dócha go ndéanfar cuid de na honnmhairí domhanda sin ar a laghad a atreorú chuig an Aontas.

5.4.   Tionchar ar thionscal an Aontais

(146)

I bhfianaise na ró-acmhainneachtaí móra sna trí thír uile lena mbaineann, na meánphraghsanna allmhairiúcháin ísle ó na tíortha sin agus tharraingteacht mhargadh an Aontais, bheadh tionscal an Aontais faoi bhrú mór praghsanna ón gCóiré, ón Malaeisia agus ón Rúis dá ndéanfaí na bearta a aisghairm. Dá dtiocfadh rabharta mór allmhairí dumpáilte isteach, ghéarófaí ar staid eacnamaíoch an Aontais, atá leochaileach cheana féin. D’fhéadfadh sé go mbeadh caillteanais airgeadais ann agus go rachadh tionscal an Aontais i léig ar fad dá dheasca sin, ar tionscal é ina n-oibrítear ar leibhéil táirgeachta agus díolachán an-íseal cheana féin, agus nár éirigh leis leibhéal brabúis a bhaint amach ach ar éigean i gcás nárbh ann do na hallmhairí dumpáilte sin ann.

(147)

Ar an mbonn sin, ba é conclúid an Choimisiúin gur dóichí ná a mhalairt, in éagmais na mbeart, go dtiocfadh méadú mór ar allmhairí dumpáilte ón gCóiré, ón Malaeisia agus ón Rúis ar phraghsanna díobhálacha agus gur dócha go ndéanfaí díobháil ábhartha an athuair.

6.   LEAS AN AONTAIS

(148)

I gcomhréir le hAirteagal 21 den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún an cheist an mbeadh sé in aghaidh leas an Aontais ina iomláine dá gcoinneofaí na bearta frithdhumpála atá ann cheana ar bun. Cinneadh leas an Aontais agus aird á tabhairt ar leasanna na bpáirtithe éagsúla uile lena mbaineann, lena n-áirítear leasanna thionscal an Aontais, na n-allmhaireoirí agus na n-úsáideoirí.

6.1.   Leas thionscal an Aontais

(149)

De réir na conclúide ar thángthas uirthi in aithris (136), bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais le linn thréimhse imscrúdcháin an athbhreithnithe, mar a deimhníodh leis na treochtaí diúltacha maidir le formhór na dtáscairí díobhála. Ba é an chonclúid in aithris (147) freisin go ndéanfaí díobháil an athuair dá ligfí do na bearta frithdhumpála dul i léig.

(150)

Ar an iomlán, d’ainneoin staid dhíobhálach thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais, mheas an Coimisiún go bhfuil an tionscal fós inmharthana. Bhí sé sin bunaithe ar an bhfíoras nach amháin gur éirigh leis an tionscal filleadh ar staid bhrabúsach tar éis na mblianta caillteanas, ach go bhfuil feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais láidir i gcónaí, agus gur díolacháin onnmhairiúcháin atá i gceist le sciar mór den mhéid iomlán díolachán. Mar sin féin, tá leibhéil úsáide acmhainneachta an-íseal fós le feiceáil i dtionscal an Aontais, mar aon le laghdú ar leibhéil táirgeachta agus laghdú ar an táirgiúlacht, cé go bhfuil na leibhéil bhrabúis fós an-íseal agus nach bhfuil na leibhéil bhrabúis, a d’fhéadfaí a shroicheadh faoi ghnáth-imthosca, bainte amach sa tionscal fós.

(151)

Dá ligfí do na bearta dul i léig, is dócha go mbeidh tionchar tubaisteach ag rabharta na n-allmhairí dumpáilte ó na trí thír lena mbaineann ar thionscal an Aontais, rud a laghdóidh a leibhéil bhrabúis arís agus an baol ann go dtiocfaidh laghdú eile ar an táirgeadh nó fiú go ndúnfaí láithreáin táirgthe san Aontas. Dá bhrí sin, is é an tátal is féidir a bhaint as go mbeadh sé chun leas thionscal an Aontais leanúint de na bearta in aghaidh na Cóiré, na Malaeisia agus na Rúise.

6.2.   Leas allmhaireoirí neamhghaolmhara, trádálaithe neamhghaolmhara agus úsáideoirí neamhghaolmhara

(152)

Chuathas i dteagmháil le cúig allmhaireoir agus úsáideoir is tríocha tráth a tionscnaíodh an t-imscrúdú agus iarradh orthu comhoibriú. Mar sin féin, níor chomhoibrigh aon allmhaireoir nó úsáideoir ar bith san imscrúdú atá ann faoi láthair ná níor chuir siad aon fhaisnéis isteach, cé is moite d’aon allmhaireoir amháin a chuir in iúl go dtacaíonn sé leis na bearta frithdhumpála atá ann cheana. Meabhraítear freisin gur cinneadh sna himscrúduithe roimhe seo maidir le feistis feadáin nó píobáin nár dhócha go mbeadh tionchar diúltach tromchúiseach ar staid allmhaireoirí agus úsáideoirí san Aontas dá bhforchuirfí na bearta.

(153)

Níor chuir úsáideoirí aon fhaisnéis isteach a léirigh go raibh deacrachtaí ann maidir le feistis feadáin nó píobáin a fhoinsiú, ná níor cinneadh a mhalairt leis an imscrúdú. Go deimhin, léiríodh in aithrisí (102) go (106) gur mó an sciar den mhargadh atá ag allmhairí ó thríú tíortha, seachas na tíortha lena mbaineann, ná sciar thionscal an Aontais, rud a chiallaíonn go bhfuil úsáideoirí agus allmhaireoirí ag foinsiú a gcuid feisteas feadáin nó píobáin ó na tríú tíortha sin den chuid is mó.

(154)

Léiríodh sna himscrúduithe roimhe seo, go raibh na hallmhaireoirí agus na húsáideoirí in ann an t-ardú praghsanna de dheasca na mbeart frithdhumpála a aistriú. Níor aimsíodh aon eilimint le linn an imscrúdaithe seo chun dul in aghaidh na conclúide sin. Is amhlaidh sin freisin ós rud é go bhfeidhmíonn feistis feadáin nó píobáin mar nascóirí píobán agus feadán a úsáidtear in earnáil na bpeitriceimiceán agus na tógála. Dá réir sin, ní bhaineann ach cuid bheag den chostas foriomlán sna hearnálacha sin le feistis feadáin nó píobáin, i gcomparáid leis an tionchar i bhfad níos mó a bhaineann le costas na bpíobán agus na bhfeadán féin.

(155)

Ar an mbonn sin, agus i gcomhréir leis na conclúidí ar ar thángthas le linn imscrúduithe roimhe seo, tá coinne leis nach mbeidh tionchar diúltach mór ar úsáideoirí ná ar allmhaireoirí má leantar de na bearta.

6.3.   An chonclúid maidir le leas an Aontais

(156)

Ar bhonn a bhfuil thuas, ba é conclúid an Choimisiúin nach raibh aon chúis láidir ann ó thaobh leas an Aontais de in aghaidh na mbeart atá ann cheana maidir le hallmhairí feisteas feadáin nó píobáin de thionscnamh na Cóiré, na Malaeisia agus na Rúise a choinneáil ar bun.

7.   BEARTA FRITHDHUMPÁLA

(157)

Ar bhonn na gconclúidí ar tháinig an Coimisiún orthu maidir le leanúint den dumpáil, an díobháil á déanamh an athuair agus leas an Aontais, ba cheart na bearta frithdhumpála maidir le hallmhairí feisteas feadáin nó píobáin de thionscnamh na Cóiré, na Malaeisia agus na Rúise a choinneáil ar bun.

(158)

Chun na rioscaí maidir le himchéimniú a íoslaghdú de bharr na difríochta i ndleachtrátaí, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm na ndleachtanna frithdhumpála aonair a áirithiú. Níl cur i bhfeidhm dleachtanna frithdhumpála aonair infheidhme ach amháin nuair a thaispeántar sonrasc tráchtála bailí d’údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór an sonrasc a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo. Go dtí go gcuirfear an sonrasc sin i láthair, ba cheart allmhairí a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir le ‘gach cuideachta eile’.

(159)

Cé gur gá an sonrasc sin a thaispeáint ionas go gcuirfidh údaráis chustaim na mBallstát na dleachtrátaí frithdhumpála aonair agus díolúintí i bhfeidhm maidir le hallmhairí, ní hé sin an t-aon eilimint a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc d’údaráis chustaim na mBallstát a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo, ní mór dóibh a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an ráta níos ísle dleachta ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim.

(160)

Má thagann méadú suntasach ar an méid onnmhairí a dhéanann ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na dleachtrátaí aonair is ísle tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gurb éard atá i méadú den sórt sin ann féin athrú ar an bpatrún trádála de bharr fhorchur na mbeart de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin agus ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha, féadfar imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh. Féadfar scrúdú a dhéanamh san imscrúdú sin, inter alia, ar an ngá atá le deireadh a chur le dleachtráta nó dleachtrátaí aonair agus ar an ngá le dleacht ar an leibhéal náisiúnta a fhorchur dá bharr sin.

(161)

Na rátaí dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo, is infheidhme go heisiach iad maidir le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú ar de thionscnamh na dtíortha lena mbaineann é arna tháirgeadh ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú arna dtáirgeadh ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis atá comhlachaithe leo siúd a luaitear go sonrach, ba cheart iad a bheith faoi réir an dleachtráta is infheidhme maidir le ‘gach cuideachta eile’. Níor cheart iad a bheith faoi réir aon cheann de na dleachtrátaí frithdhumpála aonair.

(162)

Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfear na rátaí aonair sin maidir le dleacht frithdhumpála i bhfeidhm má athraíonn sí ainm a heintitis ina dhiaidh sin. Ní mór an t-iarratas a chur chuig an gCoimisiún (33). Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh ionas gur féidir a léiriú nach ndéantar difear leis an athrú do cheart na cuideachta tairbhiú den dleachtráta is infheidhme maidir léi. Más amhlaidh nach ndéantar difear leis an athrú ar ainm na cuideachta do cheart na cuideachta tairbhiú den dleachtráta is infheidhme maidir léi, foilseofar rialachán maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(163)

Tugadh fógra do gach páirtí leasmhar faoi na bunfhíorais agus na bunbhreithnithe a raibh sé beartaithe ar an mbonn sin a mholadh go gcoinneofaí na bearta atá ann cheana i bhfeidhm. Tugadh tréimhse dóibh freisin chun uiríll a dhéanamh tar éis an nochta sin.

(164)

Onnmhaireoir nó táirgeoir nach ndearna an táirge lena mbaineann a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse a úsáideadh chun leibhéal na dleachta is infheidhme faoi láthair maidir lena onnmhairí a shocrú, féadfaidh an t-onnmhaireoir nó an táirgeoir sin a iarraidh ar an gCoimisiún go gcuirfí faoi réir an dleachtráta frithdhumpála é le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nach bhfuil san áireamh sa sampla. Ba cheart don Choimisiún iarraidh den sórt sin a cheadú, ar choinníoll go gcomhlíontar trí choinníoll. Bheadh ar an táirgeoir onnmhairiúcháin nua an méid seo a leanas a léiriú: (i) ní dhearna sé an táirge lena mbaineann a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse a úsáideadh chun leibhéal na dleachta is infheidhme maidir lena onnmhairí a shocrú; (ii) níl sé comhlachaithe le cuideachta a rinne amhlaidh agus atá faoi réir na mbeart dá bhrí sin; agus (iii) d’onnmhairigh sé an táirge lena mbaineann ina dhiaidh sin nó go bhfuil oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air é sin a dhéanamh i gcainníochtaí substaintiúla.

(165)

I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34), nuair a bheidh méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is é an t-ús is ceart a íoc an ráta a chuireann an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, arna bhfoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí.

(166)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí feisteas feadáin nó píobáin (seachas feistis theilgthe, feirí agus feistis snáithithe), as iarann nó as cruach (gan cruach dhosmálta a áireamh), nach mó an trastomhas seachtrach is mó acu ná 609,6 mm, de chineál a úsáidtear le haghaidh buntáthú nó chun críoch eile, a thagann faoi láthair faoi chóid AC ex 7307 93 11 , ex 7307 93 19 agus ex 7307 99 80 (cóid TARIC 7307 93 11 91, 7307 93 11 93, 7307 93 11 94, 7307 93 11 95, 7307 93 11 99, 7307 93 19 91, 7307 93 19 93, 7307 93 19 94, 7307 93 19 95, 7307 93 19 99, 7307 99 80 92, 7307 99 80 93, 7307 99 80 94, 7307 99 80 95 agus 7307 99 80 98) agus atá de thionscnamh Phoblacht na Cóiré, na Malaeisia agus Chónaidhm na Rúise.

2.   Is mar a leanas a bheidh an dleachtráta frithdhumpála cinntitheach is infheidhme maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, atá ar an táirge a bhfuil tuairisc air i mír 1 agus arna tháirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:

Tír

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála

Cód breise TARIC

Poblacht na Cóiré

TK Corporation, 1499-1, Songjeong-Dong, Gangseo-Gu, Busan

32,4  %

C066

 

Gach cuideachta eile

44,0  %

C999

An Mhalaeisia

Anggerik Laksana Sdn Bhd, Selangor Darul Ehsan

59,2  %

A324

 

Pantech Steel Industries Sdn Bhd

49,9  %

A961

 

Gach cuideachta eile

75,0  %

A999

Cónaidhm na Rúise

Gach cuideachta

23,8  %

3.   Beidh cur i bhfeidhm na ndleachtrátaí aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: ‘Déanaimse, mise a bhfuil mo shíniú leis seo, a dheimhniú maidir le (méid) (an táirge faoi athbhreithniú) a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach agus a chumhdaítear leis an sonrasc seo, gurbh é (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) a mhonaraigh é sa [tír lena mbaineann]. Dearbhaím gur iomlán agus gur ceart an fhaisnéis sa sonrasc seo.’ Go dtí dtíolacfar an sonrasc sin, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach cuideachta eile.

4.   Féadfar Airteagal 1(2) a leasú chun táirgeoirí onnmhairiúcháin nua ó Phoblacht na Cóiré, ón Malaeisia agus ó Chónaidhm na Rúise a chur leis agus iad a chur faoi réir mheánráta ualaithe iomchuí na dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh sa sampla. Tabharfaidh táirgeoir onnmhairiúcháin nua fianaise maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

nach ndearna sé na hearraí a shonraítear in Airteagal 1(1) de thionscnamh Phoblacht na Cóiré, na Malaeisia agus Chónaidhm na Rúise a onnmhairiú le linn na tréimhse idir an 1 Aibreán 2000 agus an 31 Márta 2001 (‘an tréimhse imscrúdúcháin bhunaidh’);

(b)

nach bhfuil sé comhlachaithe le honnmhaireoir ná le táirgeoir atá faoi réir na mbeart arna bhforchur leis an Rialachán seo, agus a chomhoibrigh nó a d’fhéadfadh comhoibriú san imscrúdú arb é is cúis leis an dleacht; agus

(c)

go bhfuil an táirge faoi athbhreithniú de thionscnamh Phoblacht na Cóiré, na Malaeisia agus Chónaidhm na Rúise onnmhairithe chuig an Aontas aige iarbhír, sin nó go bhfuil oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air méid suntasach a onnmhairiú chuig an Aontas tar éis dheireadh na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh.

5.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm leis na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Iúil 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 778/2003 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2003 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 283/2000/CEGC ón gCoimisiún agus Rialacháin (CE) Uimh. 584/96, (CE) Uimh. 763/2000 agus (CE) Uimh. 1514/2002 ón gComhairle maidir leis na bearta frithdhumpála is infheidhme maidir le cornaí teorollta áirithe agus maidir le feisteas áirithe feadáin agus píobáin, as iarann nó as cruach (IO L 114, 8.5.2003, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/778/oj).

(3)   IO L 56, 6.3.1996, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1996/384/oj.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1001/2008 ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2008 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí feisteas áirithe feadáin agus píobáin, as iarann nó as cruach, de thionscnamh Phoblacht na Cóiré agus na Malaeisia tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 384/96 (IO L 275, 16.10.2008, lch. 18).

(5)   IO L 343, 22.12.2009, lch. 51, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1225/oj.

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1283/2014 ón gCoimisiún an 2 Nollaig 2014 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí feisteas feadáin agus píobáin áirithe, iarainn nó cruach, de thionscnamh Phoblacht na Cóiré agus na Malaeisia tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle (IO L 347, 3.12.2014, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2014/1283/oj).

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/306 ón gCoimisiún an 3 Márta 2016 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1283/2014 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí feisteas feadáin agus píobáin áirithe, iarainn nó cruach, de thionscnamh Phoblacht na Cóiré agus na Malaeisia tar éis athbhreithniú eatramhach a dhéanamh de bhun Airteagal 11(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle (IO L 58, 4.3.2016, lch. 38, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2016/306/oj).

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/566 ón gCoimisiún an 9 Aibreán 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí feisteas áirithe feadáin agus píobáin de thionscnamh Chónaidhm na Rúise, Phoblacht na Cóiré agus na Malaeisia tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena bhfoirceanntar an t-imscrúdú maidir le hallmhairí an táirge chéanna de thionscnamh Phoblacht na Tuirce (IO L 99, 10.4.2019, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/566/oj).

(9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 78/2013 ón gComhairle an 17 Eanáir 2013 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí feisteas áirithe feadáin agus píobáin as iarann nó as cruach de thionscnamh na Rúise agus na Tuirce (IO L 27, 29.1.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/78/oj).

(10)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1934 ón gCoimisiún an 27 Deireadh Fómhair 2015 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairiú píopaí agus feadán iarainn nó cruach gan uaim áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle (IO L 282, 28.10.2015, lch. 14, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2015/1934/oj).

(11)   IO C 246, 13.7.2023, lch. 9.

(12)  Fógra tionscnamh maidir le hathbhreithniú éaga ar na bearta frithdhumpála is infheidhme maidir le hallmhairí feisteas áirithe feadáin agus píobáin de thionscnamh Chónaidhm na Rúise, Phoblacht na Cóiré agus na Malaeisia (IO C 2024/2500, 9.4.2024).

(13)  Féach e.g. https://www.steelradar.com/en/russian-pipe-market-faces-uncertainty-amid-challenges/ (arna rochtain go deireanach an 27 Márta 2025).

(14)   https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2722.

(15)   https://connect.ihsmarkit.com/gta/home/.

(16)  Ba iad Catar, an Araib Shádach, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, an Indinéis agus an Tuirc na príomhchinn scríbe eile le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, agus 23 %, 12 %, 7 %, 3 % agus 2 % faoi seach d’onnmhairí feisteas feadáin nó píobáin na Cóiré á seoladh chucu.

(17)   InforEuro, ráta malairte airgeadra an Euro.

(18)  Is é Biúró Daonáirimh SAM, An Rannán Táscairí Eacnamaíocha, http://www.census.gov/foreign-trade/guide/index.html, a thiomsaíonn agus a fhoilsíonn na sonraí.

(19)  ECFE (2024), ‘Costais iompair agus árachais idirnáisiúnta na trádála i dtráchtearraí - ECFE’, Trádáil Idirnáisiúnta de réir Staitisticí Tráchtearraí (bunachar sonraí), https://doi.org/10.1787/9c638cb6-en (arna rochtain an 19 Iúil 2024).

(20)   https://www.dosm.gov.my/.

(21)   Praghsanna fuinnimh sa Mhalaeisia | GlobalPetrolPrices.com.

(22)  

An Coimisiún Fuinnimh - Praghsanna Gáis agus Taraifí Gáis.

SPAN Water and Sewerage Handbook 2023 arna fhoilsiú ag National Water Services Commission (SPAN) na Malaeisia-- https://www.scribd.com/document/824193558/SPAN-Water-and-Sewerage-Hand-Book.

(23)   83 FR 35205 - Carbon Steel Butt-Weld Pipe Fittings From the People's Republic of China: Preliminary Affirmative Determination of Circumvention of the Antidumping Duty Order - Content Details - 2018-15882 .

(24)   www.tradedata.pro.

(25)  Tradedata.pro.

(26)  Bunaithe ar fhaisnéis a sholáthair an t-iarratasóir, a fuarthas ó https://stats.oecd.org/Index.aspx?DataSetCode=CIF_FOB_ITIC.

(27)  Féach freisin aithris 128 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/566 ón gCoimisiún an 9 Aibreán 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí feisteas áirithe feadáin agus píobáin de thionscnamh Chónaidhm na Rúise, Phoblacht na Cóiré agus na Malaeisia tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena bhfoirceanntar an t-imscrúdú maidir le hallmhairí an táirge chéanna de thionscnamh Phoblacht na Tuirce (IO L 99, 10.4.2019, lch. 9).

(28)  Féach freisin aithris 128 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/566 ón gCoimisiún an 9 Aibreán 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí feisteas áirithe feadáin agus píobáin de thionscnamh Chónaidhm na Rúise, Phoblacht na Cóiré agus na Malaeisia tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena bhfoirceanntar an t-imscrúdú maidir le hallmhairí an táirge chéanna de thionscnamh Phoblacht na Tuirce (IO L 99, 10.4.2019, lch. 9).

(29)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1934 ón gCoimisiún, aithrisí 81 agus 82; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/95 ón gCoimisiún, aithris 120.

(30)  Maidir le treochtaí costais saothair san Aontas, féach:

https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php?title=Labour_cost_index_-_recent_trends#Overview.

(31)  Is amhlaidh atá go háirithe i gcás na Cóiré agus na Rúise, ar mó a n-acmhainneacht bhreise úd araon ná tomhaltas iomlán an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, agus is mó ná 50 % de thomhaltas an Aontais í acmhainneacht bhreise na Malaeisia.

(32)  Féach:

https://www.whitehouse.gov/presidential-actions/2025/04/regulating-imports-with-a-reciprocal-tariff-to-rectify-trade-practices-that-contribute-to-large-and-persistent-annual-united-states-goods-trade-deficits/.

(33)  Seoladh ríomhphoist: TRADE-TDI-NAME-CHANGE-REQUESTS@ec.europa.eu; European Commission, Directorate-General for Trade, Directorate G, Wetstraat 170 Rue de la Loi, 1040 Brussels, an Bheilg.

(34)  Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1309/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)