European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1111

28.5.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1111 ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Bealtaine 2025

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2020/1998 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/1998 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine (1), agus go háirithe Airteagal 14(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 7 Nollaig 2020, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2020/1998.

(2)

An 8 Nollaig 2020, trí bhíthin Dearbhú ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála thar ceann an Aontais Eorpaigh, maidir le córas domhanda smachtbhannaí an Aontais Eorpaigh i ndáil le cearta an duine, d’athdhearbhaigh an tAontas agus a Bhallstáit gurb é a dtiomantas láidir cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint ar fud an domhain. Le córas domhanda smachtbhannaí an Aontais i ndáil le cearta an duine, leagtar béim ar a mheáite atá an tAontas feabhas a chur ar a ról maidir le haghaidh a thabhairt ar sháruithe agus mí-úsáidí chearta an duine ar fud an domhain. Is sprioc straitéiseach ag an Aontas é teachtadh éifeachtach chearta an duine ag an uile dhuine a bhaint amach. Is bunluach de chuid an Aontais agus de chomhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais é meas ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus ar chearta an duine.

(3)

I mí an Mhárta 2025, bhí rabharta foréigin i réigiún cósta na Siria ba chúis le líon mór íospartach, go leor sibhialtach san áireamh. An 11 Márta 2025, d’eisigh an tArdionadaí ráiteas thar ceann an Aontais inar cháin an tAontas na coireanna uafásacha a rinneadh i gcoinne sibhialtach, lena n-áirítear maruithe treallacha.

(4)

Sa chomhthéacs sin, ba cheart beirt agus trí eintiteas a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1998.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2020/1998 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1998 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Bealtaine 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. SZŁAPKA


(1)   IO L 410 I, 7.12.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2020/1998/oj.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1998 mar a leanas:

(1)

cuirtear na hiontrálacha seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí faoin gceannteideal ‘A. Daoine nádúrtha’:

 

Ainmneacha (Traslitriú isteach in aibítir na Laidine)

Ainmneacha

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna lena liostú

Dáta an liostaithe

‘119.

Muhammad Hussein AL-JASIM

ar a dtugtar freisin Abu AMSHA, Muhammad Husayn AL-JASIM, Muhammad AL-JASSIM BIN HUSSEIN, Mohamed ALJASEM

محمد حسين الجاسم

أبو عمشة

محمد حسين الجاسم

محمد الجاسم بن حسين

محمد الجاسم

(litriú Araibise)

Post/poist:

Dáta breithe: 1985

Áit bhreithe: Al-Jawsa, Gobharnóireacht Hama, an tSiria

Náisiúntacht:

Siriach

Inscne: fireann

Eintitis chomhlachaithe: Briogáid Sultan Sulaiman Shah

Is é Muhammad Hussein al-Jasim bunaitheoir agus ceannaire Bhriogáid Sultan Sulaiman Shah, mílíste armtha Siriach atá gníomhach i gcogadh cathartha na Siria.

I mí an Mhárta 2025, ghlac Briogáid Sultan Sulaiman Shah, faoi cheannas Muhammad Hussein al-Jasim, páirt san fhoréigean i réigiún cósta na Siria, ag díriú ar shibhialtaigh agus go háirithe ar phobal Alawite, lena n-áirítear trí shibhialtaigh a mharú go treallach.

Dá bhrí sin, tá Muhammad Hussein al-Jasim freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa tSiria, lena n-áirítear maruithe treallacha.

28.5.2025

120.

Sayf Boulad ABU BAKR

ar a dtugtar freisin Sayf BALUD, Saif ABU BAKR, Seyf Ebu BEKIR, Seyf EBUBEKIR

سيف بولاد أبو بكر

سيف بولاد

سيف أبو بكر

(litriú Araibise)

Post/poist:

Dáta breithe: 1987-1988

Áit bhreithe: Bza’ah, Ceantar al-Bab, an tSiria

Náisiúntacht: Siriach

Inscne: fireann

Eintitis chomhlachaithe: Rannán Hamza

Is é Sayf Boulad Abu Bakr ceannaire Rannán Hamza, mílíste armtha a cruthaíodh in 2016 agus atá ag feidhmiú sa tSiria.

Le linn chogadh cathartha na Siria, bhí Rannán Hamza, faoi cheannas Sayf Boulad Abu Bakr, freagrach as go leor gníomhartha céastóireachta in ionaid choinneála an ghrúpa agus as sracadh agus easáitiú éigeantach sibhialtach, go háirithe i réigiúin Afrin agus Aleppo.

I mí an Mhárta 2025, ghlac Rannán Hamza, faoi cheannas Sayf Boulad Abu Bakr, páirt san fhoréigean i réigiún cósta na Siria, ag díriú ar shibhialtaigh agus go háirithe ar phobal Alawite, lena n-áirítear trí chéasadh agus marú treallach sibhialtach.

Dá bhrí sin, tá Sayf Boulad Abu Bakr freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa tSiria, lena n-áirítear céasadh agus marú treallach sibhialtach.

28.5.2025’;

(2)

cuirtear na hiontrálacha seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí faoin gceannteideal ‘B Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí’:

 

Ainmneacha (Traslitriú isteach in aibítir na Laidine)

Ainmneacha

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna lena liostú

Dáta an liostaithe

‘34.

Sultan Sulaiman Shah Brigade (Briogáid Sultan Sulaiman Shah)

ar a dtugtar freisin Sulaiman Shah Brigade

فرقة السلطان سليمان شاه

(litriú Araibise)

Duine(daoine) aonair comhlachaithe: Muhammad Hussein al-Jasim

Is mílíste armtha é Sultan Sulaiman Shah Brigade (Briogáid Sultan Sulaiman Shah) a cruthaíodh in 2016, atá gníomhach i gcogadh cathartha na Siria. Is é Muhammad Hussein al-Jasim, ar a dtugtar Abu Amsha freisin, a bhunaigh é in 2016 in Jarabulus agus maíonn sé go raibh níos mó ná 2 000 trodaí ann, Tuircméanastánaigh den chuid is mó.

I mí an Mhárta 2025, ghlac Briogáid Sultan Sulaiman Shah páirt san fhoréigean i réigiún cósta na Siria, ag díriú ar shibhialtaigh agus go háirithe ar phobal Alawite, lena n-áirítear trí mharú treallach sibhialtach.

Dá bhrí sin, tá briogáid Sultan Sulaiman Shah freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa tSiria, lena n-áirítear marú treallach sibhialtach.

28.5.2025

35.

The Hamza Division (Rannán Hamza)

فرقة الحمزة

(litriú Araibise)

Duine(daoine) aonair comhlachaithe: Sayf Boulad Abu Bakr

Is mílíste armtha é Hamza Division (Rannán Hamza) a cruthaíodh in 2016 agus atá ag feidhmiú sa tSiria. Le linn chogadh cathartha na Siria, bhí Rannán Hamza freagrach as go leor gníomhartha céastóireachta ina lárionaid choinneála agus as sracadh agus easáitiú éigeantach sibhialtach, go háirithe i réigiún Afrin agus Aleppo.

I mí an Mhárta 2025, ghlac Rannán Hamza, faoi cheannas Sayf Boulad Abu Bakr, páirt san fhoréigean i réigiún cósta na Siria, ag díriú ar shibhialtaigh agus go háirithe ar phobal Alawite, lena n-áirítear trí mharú treallach sibhialtach.

Dá bhrí sin, tá Rannán Hamza freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa tSiria, lena n-áirítear maruithe treallacha.

28.5.2025

36.

The Sultan Murad Division (Rannán Sultan Murad)

فرقة السلطان مراد

(litriú Araibise)

 

Is mílíste armtha é Sultan Murad Division (Rannán Sultan Murad) a bunaíodh in 2013 agus a bhí ag feidhmiú le linn Chogadh Cathartha na Siria. Tá Rannán Sultan Murad cleamhnaithe le hArm Náisiúnta na Siria (SNA) agus maíonn sé go bhfuil idir 5 000 agus 10 000 trodaí aige.

Sular thit réimeas an Uachtaráin al-Assad, ghlac Rannán Sultan Murad páirt in oibríochtaí a bhí dírithe ar phobal Coirdíneach na Siria agus ar Fhórsaí Daonlathacha na Siria, ag baint úsáid as céasadh, coinneáil threallach, fuadach forfheidhmithe agus drochíde a thabhairt do phríosúnaigh. Ghlac Rannán Sultan Murad páirt freisin in oibríochtaí míleata lasmuigh den tSiria, lena n-áirítear sa Libia, sa Nagarna-Carabaic agus sa Nígir.

I mí an Mhárta 2025, ghlac Rannán Sultan Murad páirt san fhoréigean i réigiún cósta na Siria, ag díriú ar shibhialtaigh agus go háirithe ar phobal Alawite, lena n-áirítear trí íde mhídhaonna agus marú treallach sibhialtach.

Dá bhrí sin, tá Rannán Sultan Murad freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa tSiria, lena n-áirítear céasadh, íde mhídhaonna agus marú treallach sibhialtach.

28.5.2025’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1111/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)