|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1088 |
3.6.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1088 ÓN gCOIMISIÚN
an 2 Meitheamh 2025
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a mhéid a bhaineann le plandaí áirithe Alnus cordata, Alnus glutinosa agus Alnus incana le haghaidh plandú ar de thionscnamh na Ríochta Aontaithe iad agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 a mhéid a bhaineann leis na bearta fíteashláintíochta chun na plandaí sin le haghaidh plandú a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 42(4), an chéad fhomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (2) bunaítear, ar bhonn réamh-mheasúnú riosca, liosta plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo. |
|
(2) |
Tar éis réamh-mheasúnú a dhéanamh, cuireadh 34 ghéineas agus speiceas amháin de phlandaí le haghaidh plandú de thionscnamh tríú tíortha ar an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 go sealadach mar phlandaí a mbaineann ardriosca leo. Tá an géineas Alnus Mill. ar an liosta sin. |
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 ón gCoimisiún (3) leagtar amach na bearta fíteashláintíochta i dtaca le plandaí áirithe, táirgí plandaí áirithe agus réada áirithe eile a baineadh den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a thabhairt isteach san Aontas, ach nach ndearnadh measúnú iomlán go fóill ar na rioscaí fíteashláintíochta a bhaineann leo. Déantar an méid sin toisc nach bhfuil ceann de na lotnaidí nó níos mó ná sin a bhfuil na plandaí sin mar óstaigh acu ar liosta lotnaidí coraintín de chuid an Aontais i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (4) go fóill, agus d’fhéadfadh na lotnaidí sin na coinníollacha a chomhlíonadh chun go gcuirfí ar an liosta sin iad tar éis measúnú riosca iomlán. |
|
(4) |
An 19 Meitheamh 2023 chuir an Ríocht Aontaithe (5) trí iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis na nithe seo a leanas a onnmhairiú chuig an Aontas: beangán nódaithe Alnus cordata, Alnus glutinosa agus Alnus incana, atá suas le 2 bhliain d’aois agus nach mó ná 12 mm an trastomhas aige; plandaí Alnus cordata, Alnus glutinosa agus Alnus incana le haghaidh plandú, iad fréamhlom agus nach mó ná 40 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais; plandaí síolchillín Alnus cordata, Alnus glutinosa agus Alnus incana, iad fréamhlom agus nach mó ná 10 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais; agus plandaí Alnus cordata, Alnus glutinosa agus Alnus incana le haghaidh plandú i bpotaí, nach mó ná 40 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais (‘na plandaí sonraithe’); Cuireadh na sainchomhaid theicniúla ábhartha isteach leis na hiarrataí sin. |
|
(5) |
An 11 Nollaig 2024, ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) tuairim eolaíoch uaidh maidir leis an measúnú riosca ar na plandaí sonraithe (6). Shainaithin an tÚdarás Entoleuca mammata, Phytophthora ramorum agus Phytophthora siskiyouensis mar lotnaidí atá ábhartha do na plandaí sin, rinne sé meastóireacht ar na bearta maolaithe ar a dtugtar tuairisc sa sainchomhad agus rinne sé meastachán ar an dóchúlacht atá ann go mbeadh na plandaí sonraithe saor ó na lotnaidí sin. |
|
(6) |
Ar bhonn na tuairime ón Údarás, meastar go laghdaítear an riosca fíteashláintíochta a bhaineann leis na plandaí sonraithe a bheith á dtabhairt isteach i gcríoch an Aontais go dtí leibhéal inghlactha, ar choinníoll go gcuirtear bearta iomchuí i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar riosca na lotnaidí a bhaineann leis na plandaí sin. |
|
(7) |
Na bearta a thuairiscíonn an Ríocht Aontaithe sna sainchomhaid, meastar go bhfuil siad leordhóthanach chun an riosca a eascraíonn as na plandaí sonraithe a bheith á dtabhairt isteach i gcríoch an Aontais a laghdú go dtí leibhéal inghlactha. Dá bhrí sin, ba cheart na bearta sin a ghlacadh mar cheanglais allmhairiúcháin fíteashláintíochta chun cosaint fíteashláintíochta chríoch an Aontais a áirithiú. |
|
(8) |
Dá réir sin, níor cheart a mheas a thuilleadh gur plandaí a mbaineann ard riosca leo iad na plandaí sonraithe de thionscnamh na Ríochta Aontaithe. Ba cheart, dá bhrí sin, iad a bhaint den liosta plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019. |
|
(9) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a leasú dá réir. |
|
(10) |
Liostaítear Phytophthora ramorum (aonraígh nach aonraígh de chuid an Aontais iad) mar lotnaidí coraintín de chuid an Aontais in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún, agus liostaítear Entoleuca mammata mar lotnaid choraintín de chuid criosanna cosanta in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin. Níl Phytophthora siskiyouensis ar an liosta de lotnaidí coraintín de chuid an Aontais go fóill. Ní mór measúnú riosca lotnaide iomlán ar Phytophthora siskiyouensis a chur ar fáil chun a chinneadh an bhfuil an lotnaid sin le liostú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 agus an bhfuil na plandaí sonraithe de thionscnamh na Ríochta Aontaithe, chomh maith leis na ceanglais shonracha ábhartha, le liostú in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán sin mar thoradh air sin. Dá bhrí sin, ba cheart an lotnaid sin a bheith faoi réir bhearta Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213, maidir leis na plandaí dá dtagraítear san iarraidh ón Ríocht Aontaithe, go dtí go ndéanfar an measúnú riosca iomlán sin. |
|
(11) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 a leasú dá réir. |
|
(12) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Meitheamh 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 317, 23.11.2016, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/20.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 lena mbunaítear liosta sealadach plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo, de réir bhrí Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2016/2031 agus liosta plandaí nach bhfuil deimhnithe fíteashláintíochta ag teastáil ina leith lena dtabhairt isteach san Aontas, de réir bhrí Airteagal 73 den Rialachán sin (IO L 323, 19.12.2018, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/2019/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 ón gCoimisiún an 21 Lúnasa 2020 maidir leis na bearta fíteashláintíochta i dtaca le plandaí áirithe, táirgí plandaí áirithe agus réada áirithe eile a baineadh den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a thabhairt isteach san Aontas (IO L 275, 24.8.2020, lch. 5, ELI:http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/1213/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosanta in aghaidh lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/2072/oj).
(5) I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Chreat Windsor (féach Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023 ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach; (IO L 102, 17.4.2023, lch. 87) i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gCreat sin, chun críocha an Rialacháin seo, ní bhaineann tagairtí don Ríocht Aontaithe le Tuaisceart Éireann.
(6) Painéal EFSA PLH (Painéal EFSA maidir le Sláinte Plandaí), 2024. Measúnú riosca tráchtearraí ar phlandaí Alnus cordata, Alnus glutinosa agus Alnus incana ón Ríocht Aontaithe. EFSA Journal [Iris EFSA] 23(1), e9189. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2025.9189.
IARSCRÍBHINN I
San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019, sa tábla i bpointe 1, sa dara colún ‘Tuairisc’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála ‘ Alnus Mill.’:
‘ Alnus Mill., seachas:
|
— |
beangán nódaithe Alnus cordata, Alnus glutinosa agus Alnus incana le haghaidh plandú, atá suas le 2 bhliain d’aois, nach mó ná 12 mm an trastomhas aige, de thionscnamh na Ríochta Aontaithe; |
|
— |
plandaí Alnus cordata, Alnus glutinosa agus Alnus incana le haghaidh plandú, atá suas le 7 mbliain d’aois, nach mó ná 40 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais, agus atá de thionscnamh na Ríochta Aontaithe.’ |
IARSCRÍBHINN II
I dtábla na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas idir an iontráil ‘Albizia julibrissin Durazzini, plandaí fréamhloma suanacha beagnaithe le haghaidh plandú, nach mó ná 2,5 cm an trastomhas acu’agus an iontráil ‘ Fagus sylvatica, plandaí atá suas le 20 bliain d’aois le haghaidh plandú, nach mó ná 80 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais’:
|
Plandaí, táirgí plandaí nó réada eile |
Cód AC |
Tríú tíortha tionscnaimh |
Bearta |
||||||||||||||||||||
|
‘Alnus Mill., seachas:
|
ex 0602 10 90 ex 0602 90 41 ex 0602 90 45 ex 0602 90 46 |
an Ríocht Aontaithe |
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1088/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)