![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2025/846 |
7.5.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/846 ÓN gCOIMISIÚN
an 6 Bealtaine 2025
lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le meaitseáil trasteorann céannachta daoine nádúrtha
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (1), agus go háirithe Airteagal 11a(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Ceanglaítear le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 go mbeidh Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití (‘tiachóga’) agus modhanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra fúthu ar fáil mar rogha fíordheimhnithe chun rochtain a fháil ar sheirbhísí poiblí trasteorann ar líne arna soláthar ag na Ballstáit. I gcásanna fíordheimhnithe trasteorann den sórt sin, uaireanta bíonn taifid ina bhfuil faisnéis a bhaineann le húsáideoir na tiachóige nó le húsáideoir modhanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra fúthu ar fáil cheana féin don pháirtí is úsáideoir trí chlár an pháirtí is úsáideoir féin nó trí chlár seachtrach, agus is minic a bhíonn siad ar fáil i bhfoirm cuntas úsáideora. Sna cásanna sin, féadfaidh an páirtí is úsáideoir sin faisnéis áirithe a bhaineann leis an úsáideoir, a fhaightear ó na tiachóga nó ó na modhanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra fúthu, a mheaitseáil nó féadfar an fhaisnéis sin a mheaitseáil thar ceann an pháirtí is úsáideoir sin. Mar shampla, d’fhéadfaí é sin a dhéanamh trí úsáid a bhaint as réiteach láraithe arna oibriú ag comhlacht earnála poiblí, de réir na faisnéise atá i seilbh an pháirtí is úsáideoir sin cheana féin nó atá i gclár ar a mbraitheann an páirtí is úsáideoir, go táscach clár daonra nó bunachar sonraí ina bhfuil faisnéis faoi chuntas úsáideora. |
(2) |
Déanann an Coimisiún measúnú tráthrialta ar theicneolaíochtaí, cleachtais, caighdeáin agus sonraíochtaí teicniúla nua. Chun an leibhéal comhchuibhithe is airde a áirithiú i measc na mBallstát maidir le forbairt agus deimhniú na dtiachóg, beidh na sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach sa Rialachán seo ag brath ar an obair a rinneadh faoi Mholadh (AE) 2021/946 ón gCoimisiún maidir le Bosca Coiteann Uirlisí de chuid an Aontais le haghaidh cur chuige comhordaithe i dtreo Creat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach (2) agus go háirithe an Creat Ailtireachta agus Tagartha atá ina chuid de. I gcomhréir le haithris 75 de Rialachán (AE) 2024/1183 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), ba cheart don Choimisiún an Rialachán seo a athbhreithniú agus, más gá, é a thabhairt cothrom le dáta, chun é a choimeád i gcomhréir le forbairtí domhanda, leis an gCreat Ailtireachta agus Tagartha agus chun na dea-chleachtais ar an margadh inmheánach a leanúint. |
(3) |
Chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an próiseas meaitseála céannachta ar bhealach iontaofa ar fud na mBallstát uile, ba cheart do na Ballstáit atá ag gníomhú mar pháirtithe is úsáideoirí an mheaitseáil céannachta tosaigh a dhéanamh nuair a iarrann duine nádúrtha rochtain a fháil den chéad uair ar sheirbhís atá á hoibriú ag an bpáirtí is úsáideoir, bunaithe ar an tacar sonraí íosta mar a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1501 ón gCoimisiún (4) nó ar an tacar sonraí sainaitheantais duine a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2977 ón gCoimisiún (5). Cé go ndírítear leis an Rialachán seo ar na Ballstáit atá ag gníomhú mar pháirtithe is úsáideoirí, fágann Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 gur faoi na Ballstáit atá sé a chinneadh an gcuirtear an córas meaitseála céannachta ar fáil do pháirtithe príobháideacha is úsáideoirí freisin. I gcás ina ndéanfaidh na Ballstáit foráil maidir le meaitseáil céannachta do pháirtithe is úsáideoirí nach comhlachtaí earnála poiblí iad, ba cheart dóibh na sásraí agus na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm a mhéid is féidir. |
(4) |
Chun críoch na meaitseála trasteorann céannachta agus na tiachóga á n-úsáid, ba cheart gurb é a bheidh san fhaisnéis a úsáidfear le haghaidh meaitseáil céannachta dhobhréagnaithe aitheantóirí sonraí sainordaitheacha an tacair sonraí sainaitheantais duine a leagtar amach i Roinn 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2977 ón gCoimisiún, in éineacht le haon sonraí roghnacha is gá chun a áirithiú go bhfuil an tacar sonraí sainaitheantais duine uathúil. |
(5) |
Chun críoch na meaitseála trasteorann céannachta agus úsáid á baint as modhanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra fúthu, ba cheart gurb é a bheidh san fhaisnéis a úsáidfear le haghaidh meaitseáil céannachta dhobhréagnaithe tréithe sainordaitheacha an tacair sonraí íosta le haghaidh duine nádúrtha mar a leagtar amach i Roinn 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1501 ón gCoimisiún. Ba cheart an tagairt do thréithe sainordaitheacha an tacair sonraí íosta le haghaidh duine nádúrtha a thuiscint i gcomhthéacs Rialachán (AE) 2015/1501, ina dtugtar tuairisc ar thréith mar chomhpháirt den tacar sonraí íosta sainaitheantais duine, seachas an sainmhíniú ar thréithe a leagtar síos in Airteagal 3, pointe (43), de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 arna leasú le Rialachán (AE) 2024/1183. |
(6) |
Mar gheall ar an spleáchas ar fhaisnéis atá ann cheana a úsáideann an páirtí is úsáideoir chun meaitseáil céannachta dhobhréagnaithe a áirithiú, d’fhéadfadh sé nach n-éireodh leis an bpróiseas meaitseála céannachta i ngach cás. Chun méid iomchuí solúbthachta a sholáthar do na páirtithe is úsáideoirí, féadfaidh na Ballstáit próisis chomhlántacha a chur ar bun lena mbaintear amach leibhéal coibhéiseach muiníne i dtoradh an phróisis meaitseála céannachta. |
(7) |
I gcás ina meastar gur éirigh leis an bpróiseas meaitseála céannachta de réir fhorálacha an Rialacháin seo, ba cheart don pháirtí is úsáideoir nó don pháirtí atá ag gníomhú thar a cheann, nó clár ar a mbraitheann páirtithe is úsáideoirí nó an córas láraithe, a áirithiú go gcuirtear an t-úsáideoir ar an eolas faoin gclárú rathúil, lena n-áirítear trí ainm nó ainm bréige an úsáideora a thaispeáint agus, i gcás inarb iomchuí, i measc nithe eile, faoi na roghanna atá ar fáil chun toradh an phróisis meaitseála céannachta a stóráil. D’fhéadfaí a áireamh i measc na roghanna sin ceangal a stóráil i gclár arna oibriú ag an bpáirtí is úsáideoir agus/nó i gclár ar a mbraitheann an páirtí is úsáideoir agus/nó ríomhdhearbhú tiomnaithe tréithe a eisiúint ina bhfuil ceangal is féidir a athúsáid amach anseo agus/nó roghanna malartacha a úsáid arna soláthar ag an bpáirtí is úsáideoir nó ag an bpáirtí atá ag gníomhú thar ceann an pháirtí is úsáideoir. I gcás inarb infheidhme, ba cheart an rogha a bheith ag an úsáideoir idir na roghanna agus ba cheart an tréimhse choinneála a bheith faoi rialú an úsáideora chun a áirithiú gur féidir le húsáideoirí próisis meaitseála céannachta atá curtha i gcrích a athúsáid amach anseo. |
(8) |
Chun trédhearcacht agus rialú úsáideoirí a fheabhsú, nuair nach bhféadfaí an t-úsáideoir a mheaitseáil go rathúil, ba cheart cúiseanna soiléire a thabhairt don úsáideoir maidir leis an bhfáth nár éirigh leis an meaitseáil. Ina theannta sin, ba cheart an t-úsáideoir a chur ar an eolas faoi na chéad chéimeanna eile a d’fhéadfadh a bheith ann. Ba cheart a áireamh leis sin an fhaisnéis a úsáideadh sa phróiseas meaitseála céannachta agus aon neamhréireacht a aimsíodh, agus mínithe agus treoracha soiléire a sholáthar do na húsáideoirí maidir le leigheasanna agus próisis chomhlántacha a d’fhéadfadh a bheith ann. |
(9) |
Chun sásraí iomchuí maidir le ceart cúitimh a chur ar fáil aon uair a dhéantar meaitseáil céannachta, ba cheart do na páirtithe is úsáideoirí nó do na páirtithe atá ag gníomhú thar a gceann nó do chláir ar a mbraitheann na páirtithe is úsáideoirí logaí iomchuí a choimeád maidir leis an bpróiseas meaitseála céannachta, leis an bhfaisnéis a úsáidtear le haghaidh na meaitseála agus le haon doiciméadacht tacaíochta eile a sholáthraíonn an duine nádúrtha mar aon le toradh an phróisis meaitseála céannachta. Ba cheart na logaí sin a choinneáil ar feadh 6 mhí ar a laghad agus 12 mhí ar a mhéad chun gur féidir gearáin ó úsáideoirí a chlárú agus a phróiseáil. D’fhéadfaí síneadh a chur leis an tréimhse choinneála dá gceanglófaí sin le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta. |
(10) |
Chun nach mbeidh ar úsáideoirí tiachóige an próiseas meaitseála céannachta a dhéanamh arís agus arís eile, féadfaidh na Ballstáit a cheangal go mbeidh córais meaitseála céannachta in ann ríomhdhearbhú tréithe a eisiúint le nasc idir úsáideoir na tiachóige agus clár ina bhfuil an t-úsáideoir sin cláraithe mar úsáideoir aitheanta. De rogha air sin, féadfaidh na Ballstáit ceangal a stóráil mar thagairt do chlár a bhfuil rochtain ag an bpáirtí is úsáideoir air nó do bhearta cúnaimh eile. |
(11) |
Na tiachóga atá le soláthar i gcomhréir le ceanglais Airteagal 5a(1) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, agus na scéimeanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra fúthu, chun a áirithiú go dtairbheoidh siad de na buntáistí a bhaineann le córais meaitseála céannachta oibríochtúla a bheith ann, ní mór sprioc-am níos faide a leagan síos maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha faoi seach an Rialacháin seo. A mhéid a bhaineann le tiachóga, ba cheart do gach Ballstát tiachóg amháin ar a laghad a sholáthar laistigh de 24 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagail 5a(23) agus 5c(6) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014. Dá bhrí sin, cur i bhfeidhm fhorálacha ábhartha an Rialacháin seo maidir le meaitseáil céannachta bunaithe ar thiachóga, ba cheart é a bheith ag teacht leis an tráthchlár thuas. A mhéid a bhaineann le scéimeanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra fúthu, ba cheart dóthain ama a thabhairt chun feidhmiúlachtaí meaitseála céannachta a ionadú. |
(12) |
Ós rud é go mbeidh úsáid na tiachóige deonach, ba cheart do na Ballstáit modhanna malartacha a sholáthar d’úsáideoirí chun rochtain a fháil ar na seirbhísí a sholáthraíonn siad agus iad ag gníomhú mar pháirtithe is úsáideoirí. |
(13) |
Agus iarracht á déanamh fíordheimhniú a dhéanamh i dtreo seirbhís leictreonach, d’fhéadfaí úsáideoir nua a chlárú gan stró agus, dá bhrí sin, is cosúil don úsáideoir, ó amharc agus go teicniúil, gurb ionann é agus cuairt fillte ar sheirbhís leictreonach. Ar an gcúis sin, ba cheart a mheas, chun críoch an Rialacháin seo, go bhfuil clárú úsáideora nua ar sheirbhís leictreonach coibhéiseach le próiseas rathúil meaitseála céannachta. |
(14) |
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfeidhmeoidh an próiseas meaitseála céannachta gan stró agus nach mbeidh go leor athruithe seisiúin agus céimeanna atriallacha le déanamh ag an úsáideoir fiú mura n-éiríonn leis an bpróiseas meaitseála céannachta ar dtús agus má dhéantar próisis chomhlántacha. |
(15) |
Tá saoirse ag na Ballstáit a gcomhéadain úsáideora agus a bhfógraí a dhearadh ar bhealach a oireann dá gcomhthéacs náisiúnta, agus spiorad na gceanglas atá sa Rialachán seo á chur san áireamh. |
(16) |
Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus, i gcás inarb ábhartha, ag Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) maidir leis na gníomhaíochtaí próiseála sonraí pearsanta faoin Rialachán seo. |
(17) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus thug sé a thuairim uaidh an 31 Eanáir 2025. |
(18) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an choiste a bunaíodh le hAirteagal 48 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir le meaitseáil trasteorann céannachta daoine nádúrtha a dhéanann comhlachtaí earnála poiblí nó comhlachtaí atá ag gníomhú thar ceann comhlacht earnála poiblí, ar rialacha iad atá le tabhairt cothrom le dáta go tráthrialta chun iad a choimeád i gcomhréir le forbairtí teicneolaíochta agus caighdeán agus leis an obair a dhéantar ar bhonn Mholadh (AE) 2021/946 ón gCoimisiún, agus go háirithe an Creat Ailtireachta agus Tagartha.
Airteagal 2
Ceanglais ghinearálta
1. I gcás ina ngníomhaíonn comhlacht earnála poiblí mar pháirtí is úsáideoir i gcomhthéacs seirbhís trasteorann ar líne a thairgeann an comhlacht earnála poiblí sin nó a thairgtear thar a cheann, áiritheoidh na Ballstáit go n-úsáidfear an próiseas a leagtar amach i mír 2 chun meaitseáil céannachta dhobhréagnaithe daoine nádúrtha a áirithiú.
2. Is é an páirtí is úsáideoir, nó clár ar a mbraitheann na páirtithe is úsáideoirí, nó clár láraithe, a dhéanfaidh meaitseáil céannachta dhobhréagnaithe nó déanfar thar a gceann í, trí bharántúlacht na faisnéise a liostaítear i míreanna 3 nó 4 a iarraidh, de réir mar is infheidhme, a fháil nó a bhailíochtú,.
3. I gcás ina mbraitear ar thiachóg, is éard a bheidh san fhaisnéis a úsáidfear le haghaidh meaitseáil céannachta dhobhréagnaithe na sonraí sainaitheantais duine sainordaitheacha a leagtar amach i Roinn 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2977, mar aon le haon sonraí roghnacha is gá chun a áirithiú go bhfuil an tacar sonraí a chuirtear i láthair uathúil.
4. I gcás ina mbraitear ar scéim ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra fúithi, is éard a bheidh san fhaisnéis a úsáidfear le haghaidh meaitseáil céannachta dhobhréagnaithe tréithe sainordaitheacha an tacair sonraí íosta le haghaidh duine nádúrtha mar a leagtar amach i Roinn 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1501 ón gCoimisiún, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, aon fhaisnéis bhreise nó nósanna imeachta comhlántacha.
5. Agus cinneadh á dhéanamh an bhfuil meaitseáil céannachta dhobhréagnaithe ann, déanfaidh an páirtí is úsáideoir, nó an páirtí atá ag gníomhú thar a cheann, an fhaisnéis a sholáthraíonn an t-úsáideoir a mheaitseáil leis an bhfaisnéis a sholáthraíonn an páirtí is úsáideoir nó páirtí atá ag gníomhú thar a cheann nó clár ar a mbraitheann páirtithe is úsáideoirí atá cláraithe cheana féin.
6. Ní dhéanfar difear do thoradh an phróisis a dtugtar tuairisc air i mír 5, a mhéid is féidir, mar gheall ar dhifríochtaí traslitrithe, spásanna bána, fleiscíniú, comhchaitéiniú, agus éagsúlachtaí ortagrafacha comhchosúla a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit.
7. I gcás ina mbeidh an mheaitseáil beacht i gcás na faisnéise dá dtagraítear i mír 2 agus i gcás nach mbainfidh sí ach le duine nádúrtha amháin, nó i gcás ina dtagann clárú nua an úsáideora as toradh an phróisis, ar clárú é atá coibhéiseach ina fheidhm le próiseas rathúil meaitseála céannachta, measfar gur éirigh leis an bpróiseas meaitseála céannachta a mbeidh meaitseáil céannachta dhobhréagnaithe mar thoradh air. I gcás nach mbeidh an mheaitseáil beacht nó i gcás ina mbainfidh sí le níos mó ná duine nádúrtha amháin, nó i gcás nach féidir leis an bpáirtí a dhéanann an mheaitseáil a ráthú go bhfuil an mheaitseáil dobhréagnaithe, measfar nár éirigh leis an bpróiseas meaitseála céannachta.
8. Féadfaidh na Ballstáit brath ar chórais láraithe meaitseála céannachta, arna n-oibriú ag comhlacht earnála poiblí atá bunaithe sa Bhallstát sin, chun a áirithiú gur féidir modhanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra fúthu nó tiachóga ó Bhallstát eile a mheaitseáil le clárúcháin agus taifid atá ann cheana trí nósanna imeachta ar líne a úsáid.
9. I gcás ina gcuirfidh na Ballstáit ar a gcumas do pháirtithe is úsáideoirí tiachóige nach comhlachtaí earnála poiblí iad meaitseáil céannachta a dhéanamh beidh feidhm ag na sásraí agus na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo, i gcás inarb infheidhme.
Airteagal 3
Oibleagáidí na bpáirtithe is úsáideoirí i gcás ina n-éiríonn leis an bpróiseas meaitseála céannachta
1. Nuair a dhéanfaidh úsáideoir an próiseas meaitseála céannachta den chéad uair agus má mheastar gur éirigh leis de bhun Airteagal 2(7), áiritheoidh an páirtí is úsáideoir nó an páirtí atá ag gníomhú thar a cheann, nó clár ar a mbraitheann na páirtithe is úsáideoirí nó an córas láraithe, go gcuirfear an t-úsáideoir ar an eolas gur tugadh rochtain don úsáideoir ar an tseirbhís ar iarr sé rochtain uirthi.
2. I gcás inarb infheidhme, cuirfear an t-úsáideoir ar an eolas freisin más rud é:
(a) |
gur cláraíodh é mar úsáideoir nua; |
(b) |
go ndearnadh é a mheaitseáil le húsáideoir amháin de chuid an pháirtí is úsáideoir atá ann cheana nó; |
(c) |
go ndearnadh é a mheaitseáil le húsáideoir amháin atá ann cheana i gclár ar a mbraitheann an páirtí is úsáideoir nó an páirtí atá ag gníomhú thar a cheann; |
(d) |
gur féidir leis próisis meaitseála céannachta atá curtha i gcrích a athúsáid amach anseo trí cheann de na roghanna seo a leanas a roghnú, lena n-áirítear an tréimhse choinneála:
|
Airteagal 4
Oibleagáidí na bpáirtithe is úsáideoirí i gcás nach n-éiríonn leis an bpróiseas meaitseála céannachta
1. I gcás ina measfar nár éirigh le próiseas meaitseála céannachta de bhun Airteagal 2(7), áiritheoidh an páirtí is úsáideoir nó an páirtí atá ag gníomhú thar a cheann nó an córas láraithe go gcuirfear úsáideoir modha ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra faoi nó úsáideoir tiachóige ar an eolas más rud é:
(a) |
nach ndearnadh na sonraí a cuireadh ar fáil a mheaitseáil ar bhealach rathúil dobhréagnaithe le haon úsáideoir de chuid an pháirtí is úsáideoir atá ann cheana nó atá i gclár ar a mbraitheann an páirtí is úsáideoir nó an páirtí atá ag gníomhú thar a cheann; |
(b) |
go bhfuil roghanna eile maidir le meaitseáil céannachta ar fáil don úsáideoir nó go bhfuil modhanna eile ar fáil chun rochtain a fháil ar an tseirbhís. |
2. Féadfar na nithe seo a leanas a bheith i measc na roghanna nó na modhanna eile dá dtagraítear i mír 1, pointe (b):
(a) |
modh ríomh-shainaitheantais difriúil ar tugadh fógra faoi nó tiachóg eile; |
(b) |
faisnéis atá cláraithe cheana leis an bpáirtí is úsáideoir, an páirtí atá ag gníomhú thar a cheann nó clár ar a mbraitheann an páirtí is úsáideoir nó an córas láraithe meaitseála céannachta; |
(c) |
faisnéis bhreise arna soláthar ag an bpáirtí is úsáideoir, nó ag páirtí atá ag gníomhú thar a cheann le haghaidh na meaitseála céannachta nó ag an gcóras láraithe. |
3. I gcás ina mbeidh meaitseáil nó clárúchán rathúil dobhréagnaithe ann mar thoradh ar na modhanna comhlántacha, leanfaidh an toradh na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3.
4. I gcás ina gcinneann an páirtí is úsáideoir nó an córas láraithe nár cláraíodh an t-úsáideoir roimhe sin, ar dtús nó nuair nach n-éiríonn leis na próisis chomhlántacha meaitseála céannachta a dhéanamh, féadfaidh an páirtí is úsáideoir nó an córas láraithe an t-úsáideoir sin a mheas mar úsáideoir nua agus, i gcás inarb infheidhme, an t-úsáideoir a chlárú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó le cleachtais riaracháin.
5. I gcás nach mbeidh meaitseáil rathúil dhobhréagnaithe ann mar thoradh ar na modhanna comhlántacha, féadfaidh an páirtí a dhéanann an mheaitseáil céannachta a mheas an bhfuil aon idirghníomhaíocht nó idirghníomhaíochtaí roimh ré ag an úsáideoir leis an bpáirtí is úsáideoir nó le clár ar a mbraitheann an páirtí is úsáideoir agus, dá bhrí sin, measfar gur úsáideoir nua é.
6. I gcás inarb ann d’úsáideoir nua, cuirfidh na páirtithe is úsáideoirí an próiseas a leagtar amach in Airteagal 3 i bhfeidhm. Na páirtithe is úsáideoirí, féadfaidh siad úsáideoirí nua a chlárú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó le cleachtais riaracháin.
Airteagal 5
Oibleagáidí na bpáirtithe is úsáideoirí tar éis an próiseas meaitseála céannachta a chur i gcrích
1. I gcás ina gcuirfear próiseas meaitseála céannachta mar a leagtar amach in Airteagal 2 i gcrích, gan beann ar cé acu a d’éirigh leis nó nár éirigh leis, coinneoidh an páirtí is úsáideoir nó an páirtí atá ag gníomhú thar a cheann nó an clár ar a mbraitheann an páirtí is úsáideoir na logaí a bhaineann leis an bpróiseas meaitseála agus le toradh an phróisis sin, lena n-áirítear an méid seo a leanas, i gcás ina mbeidh siad ar fáil:
(a) |
na luachanna arna soláthar ag an úsáideoir agus ag an bpáirtí is úsáideoir a úsáidtear chun an próiseas meaitseála céannachta a dhéanamh; |
(b) |
dáta agus am an phróisis meaitseála céannachta; |
(c) |
aon doiciméadacht ábhartha a sholáthraítear mar chuid de na modhanna comhlántacha dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus (2) a bhfuil gá léi chun díospóidí a láimhseáil; |
(d) |
i gcás inarb infheidhme, aon aitheantóir nó uimhir chuntais a úsáideann an páirtí is úsáideoir, nó clár ar a mbraitheann na páirtithe is úsáideoirí, nó an páirtí atá ag gníomhú thar ceann an pháirtí is úsáideoir, nó an córas láraithe meaitseála céannachta a bhaineann leis an duine nádúrtha. |
2. Breithneoidh na páirtithe is úsáideoirí nó na páirtithe atá ag gníomhú thar a gceann prionsabail na slándála agus an phríobháideachais trí dhearadh a bhaineann le logáil na faisnéise a áirítear i mír 1.
3. Coinneoidh na páirtithe is úsáideoirí nó na páirtithe atá ag gníomhú thar a gceann na logaí ar feadh 6 mhí ar a laghad agus 12 mhí ar a mhéad chun críoch slándála. Chun críoch eile, lena n-áirítear clárú agus próiseáil gearán ó úsáideoirí a chumasú, féadfar síneadh a chur leis an tréimhse choinneála má cheanglaítear sin le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta.
Airteagal 6
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 24 Nollaig 2026.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Bealtaine 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 257, 28.8.2014, lch. 73, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/910/oj.
(2) Moladh (AE) 2021/946 ón gCoimisiún an 3 Meitheamh 2021 maidir le Bosca Coiteann Uirlisí de chuid an Aontais le haghaidh cur chuige comhordaithe i dtreo Creat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach (IO L 210, 14.6.2021, lch. 51, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2021/946/oj).
(3) Rialachán (AE) 2024/1183 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a mhéid a bhaineann leis an gCreat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach a bhunú (IO L, 2024/1183, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1183/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1501 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2015 maidir leis an gcreat idir-inoibritheachta de bhun Airteagal 12(8) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach (IO L 235, 9.9.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2015/1501/oj).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2977 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2024 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le sonraí sainaitheantais duine agus ríomhdhearbhuithe tréithe arna n-eisiúint do Thiachóga Céannachta Digití Eorpaí (IO L, 2024/2977, 4.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2977/oj).
(6) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).
(7) Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/58/oj).
(8) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/846/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)