![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2025/808 |
6.5.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/808 ÓN gCOIMISIÚN
an 5 Bealtaine 2025
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/408 a mhéid a bhaineann le gáma-ciahalaitrin, iopconasól agus ocsaimil a scriosadh ó liosta na substaintí gníomhacha atá le meas mar shubstaintí lena n-ionadú
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 78(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/408 ón gCoimisiún (2) tá liosta de shubstaintí gníomhacha a chomhlíonann na critéir a leagtar amach i bpointe 4 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 maidir le substaintí atá inbhreithnithe lena n-ionadú. |
(2) |
Chuaigh formheas na substainte gníomhaí gáma-ciahalaitrin in éag an 31 Márta 2025 agus tarraingíodh siar formheas na substainte gníomhaí iopconasól le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/939 ón gCoimisiún (3) agus ní dhearnadh formheas na substainte gníomhaí ocsaimil a athnuachan le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/741 ón gCoimisiún (4). Dá bhrí sin, níl a liostú san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/408 ábhartha a thuilleadh. Ar mhaithe le soiléireacht agus trédhearcacht, ba cheart iad a scriosadh ón Iarscríbhinn sin. |
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/408 a leasú dá réir. |
(4) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/408 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Bealtaine 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 309, 24.11.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1107/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/408 ón gCoimisiún an 11 Márta 2015 maidir le cur chun feidhme Airteagal 80(7) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena mbunaítear liosta de shubstaintí a bhféadfaí ionadú a dhéanamh orthu (IO L 67, 12.3.2015, lch. 18, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2015/408/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/939 ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 2023 lena dtarraingítear siar an formheas ar an tsubstaint ghníomhach iopconasól i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 571/2014 ón gCoimisiún (IO L 125, 11.5.2023, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/939/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/741 ón gCoimisiún an 5 Aibreán 2023 maidir le neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí ocsaimil, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 98, 11.4.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/741/oj).
IARSCRÍBHINN
San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/408 scriostar na hiontrálacha a bhaineann le gáma-ciahalaitrin, iopconasól agus ocsaimil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/808/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)