|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/699 |
11.4.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/699 ÓN gCOIMISIÚN
an 9 Aibreán 2025
lena n-údaraítear táirgí ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP910521, nó atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as, a chur ar an margadh, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 2114)
(Is iad na téacsanna Ollainnise agus Fraincise amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe (1), agus go háirithe Airteagal 7(3) agus Airteagal 19(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 27 Meitheamh 2022, chuir Corteva Agriscience Belgium B.V., atá lonnaithe sa Bheilg, thar ceann Corteva Agriscience LLC, atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe, iarratas faoi bhráid údaráis inniúil náisiúnta na hÍsiltíre maidir le bianna, comhábhair bhia agus beatha ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP910521, nó atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as, a chur ar an margadh, i gcomhréir le hAirteagail 5 agus 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 (‘an t-iarratas’). San iarratas cumhdaíodh freisin táirgí ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP910521, nó atá comhdhéanta de, a chur ar an margadh le haghaidh úsáidí seachas bia agus beatha, cé is moite de shaothrú. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 5(5) agus Airteagal 17(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, áiríodh san iarratas faisnéis agus conclúidí maidir leis an measúnú riosca arna dhéanamh i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). Áiríodh ann freisin an fhaisnéis a cheanglaítear de bhun Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann leis an Treoir sin mar aon le plean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann leis an Treoir sin. |
|
(3) |
An 1 Lúnasa 2024 d’eisigh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) tuairim eolaíoch fhabhrach maidir le harbhar Indiach géinmhodhnaithe DP910521 i gcomhréir le hAirteagail 6 agus 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 (3). Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid maidir le harbhar Indiach géinmhodhnaithe DP910521, mar a thuairiscítear san iarratas, go bhfuil sé chomh sábháilte céanna lena mhacasamhail thraidisiúnta agus leis na cineálacha tagartha arbhar Indiach neamh-ghéinmhodhnaithe a ndearnadh tástáil orthu, i ndáil leis na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ar shláinte an duine, ar shláinte ainmhithe agus ar an gcomhshaol. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin nach cúis imní chothaithe atá in arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP910521 a chaitheamh. |
|
(4) |
Sa tuairim eolaíoch uaidh, rinne an tÚdarás breithniú ar gach ceist agus cúis imní a tharraing na Ballstáit anuas i gcomhthéacs an chomhairliúcháin leis na húdaráis inniúla náisiúnta dá bhforáiltear le hAirteagal 6(4) agus Airteagal 18(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003. |
|
(5) |
An plean faireacháin a chuir an t-iarratasóir isteach maidir leis na héifeachtaí comhshaoil, arb é atá ann plean faireachais ginearálta, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin go bhfuil an plean sin i gcomhréir le húsáidí beartaithe na dtáirgí. |
|
(6) |
Agus na conclúidí sin á gcur san áireamh, maidir le táirgí ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP910521, nó atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as, ba cheart údarú a thabhairt na táirgí sin a chur ar an margadh le haghaidh na n-úsáidí a liostaítear san iarratas. |
|
(7) |
Ba cheart aitheantóir uathúil a shannadh d’arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP910521 i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 65/2004 ón gCoimisiún (4). |
|
(8) |
I gcás na dtáirgí a chumhdaítear leis an gCinneadh seo, is cosúil nach gá aon cheanglas sonrach lipéadaithe, seachas na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 13(1) agus in Airteagal 25(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus in Airteagal 4(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Chun a áirithiú, áfach, go bhfanfaidh úsáid na dtáirgí sin laistigh de theorainneacha an údaraithe a dheonaítear leis an gCinneadh seo, ba cheart léiriú soiléir a bheith ar lipéadú na dtáirgí ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP910521, nó atá comhdhéanta de, cé is moite de bhianna agus comhábhair bhia, ar léiriú é a shoiléiríonn nach bhfuil siad ceaptha lena saothrú. |
|
(9) |
Ba cheart do shealbhóir an údaraithe tuarascálacha bliantúla a chur isteach i ndáil le cur chun feidhme agus torthaí na ngníomhaíochtaí a leagtar amach sa phlean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil. Ba cheart na torthaí sin a chur i láthair i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i gCinneadh 2009/770/CE ón gCoimisiún (6). |
|
(10) |
Ní thugann an tuairim ón Údaráis údar le coinníollacha nó srianta sonracha eile a fhorchur maidir le cur ar an margadh, maidir le húsáid agus láimhseáil bia agus beatha ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP910521, nó atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as, ná maidir le héiceachórais/comhshaol agus/nó limistéir gheografacha áirithe a chosaint, dá bhforáiltear in Airteagal 6(5), pointe (e) agus Airteagal 18(5), pointe (e) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003. |
|
(11) |
Gach faisnéis ábhartha maidir le húdarú na dtáirgí a chumhdaítear leis an gCinneadh seo, ba cheart í a iontráil sa chlár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus de bheatha ghéinmhodhnaithe dá dtagraítear in Airteagal 28(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003. |
|
(12) |
Tá fógra le tabhairt faoin gCinneadh seo trí Theach Imréitigh na Bithshábháilteachta do Pháirtithe Phrótacal Cartagena ar an mBithshábháilteacht a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht, de bhun Airteagal 9(1) agus Airteagal 15(2), pointe (c) de Rialachán (CE) Uimh. 1946/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). |
|
(13) |
Níor thug an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha tuairim uaidh laistigh den teorainn ama a leag Cathaoirleach an Choiste síos. Measadh an gníomh cur chun feidhme seo a bheith riachtanach agus chuir an Cathaoirleach faoi bhráid an choiste achomhairc é le go ndéanfar tuilleadh plé ina leith. Níor thug an coiste achomhairc tuairim uaidh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Orgánach géinmhodhnaithe agus aitheantóir uathúil
Sanntar an t-aitheantóir uathúil DP-91Ø521-2 d’arbhar Indiach géinmhodhnaithe (Zea mays L.) DP910521, mar a shonraítear i bpointe (b) den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 65/2004.
Airteagal 2
Údarú
Údaraítear na táirgí seo a leanas chun críocha Airteagal 4(2) agus Airteagal 16(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa Chinneadh seo:
|
(a) |
bianna agus comhábhair bia ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP-91Ø521-2, nó atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as; |
|
(b) |
beatha ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP-91Ø521-2, nó atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as; |
|
(c) |
táirgí ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP-91Ø521-2, nó atá comhdhéanta de, le haghaidh úsáidí seachas na húsáidí dá bhforáiltear i bpointí (a) agus (b), cé is moite de shaothrú. |
Airteagal 3
Lipéadú
1. Chun críocha na gceanglas lipéadaithe a leagtar síos in Airteagal 13(1) agus in Airteagal 25(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus in Airteagal 4(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003, is é ‘arbhar Indiach’ a bheidh mar ‘ainm an orgánaigh’.
2. Beidh na focail ‘níltear le saothrú’ ar an lipéad agus sna doiciméid a ghabhann leis na táirgí ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP-91Ø521-2 dá dtagraítear in Airteagal 1 nó atá comhdhéanta de, cé is moite de tháirgí dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (a).
Airteagal 4
Modh braite
Beidh feidhm ag an modh a leagtar amach i bpointe (d) den Iarscríbhinn maidir le harbhar Indiach géinmhodhnaithe DP-91Ø521-2 a bhrath.
Airteagal 5
Plean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil
1. Áiritheoidh sealbhóir an údaraithe go ndéanfar an plean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil, mar a leagtar amach i bpointe (h) den Iarscríbhinn, a chur ar bun agus a chur chun feidhme.
2. Cuirfidh sealbhóir an údaraithe tuarascálacha bliantúla faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a leagtar amach sa phlean faireacháin agus maidir le torthaí na ngníomhaíochtaí sin i gcomhréir leis an bhformáid a leagtar amach i gCinneadh 2009/770/CE.
Airteagal 6
An clár Comhphobail
An fhaisnéis a leagtar amach san Iarscríbhinn, iontrálfar í sa chlár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe, dá dtagraítear in Airteagal 28(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.
Airteagal 7
Sealbhóir an údaraithe
Is é Corteva Agriscience LLC, atá á ionadú san Aontas ag Corteva Agriscience Belgium B.V., a bheidh ina shealbhóir údaraithe.
Airteagal 8
Bailíocht
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ar feadh tréimhse 10 mbliana ón dáta a dtabharfar fógra faoi.
Airteagal 9
Seolaí
Is chuig Corteva Agriscience LLC, 9330 Zionsville Road Indianapolis, Indiana, 46268-1054, na Stáit Aontaithe, atá á ionadú san Aontas ag Corteva Agriscience Belgium B.V., rue Montoyer 25, 1000 Bruxelles, an Bheilg, a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Aibreán 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
Olivér VÁRHELYI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1829/oj.
(2) Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le scaoileadh orgánach géinmhodhnaithe amach d’aon ghnó sa chomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/220/CEE ón gComhairle (IO L 106, 17.4.2001, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2001/18/oj).
(3) Painéal OGM EFSA (Painéal EFSA um Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe), 2024. Tuairim Eolaíoch maidir leis an measúnú ar arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP910521 (iarratas GMFF-2021-2473). EFSA Journal [Iris EFSA] 2024; 22(8):8887; https://doi.org/10.2903/j.efsa.2024.8887.
(4) Rialachán (CE) Uimh. 65/2004 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2004 lena mbunaítear córas chun aitheantóirí uathúla d’orgánaigh ghéinmhodhnaithe a fhorbairt agus a shannadh (IO L 10, 16.1.2004, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/65/oj).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le hinrianaitheacht agus lipéadú orgánach géinmhodhnaithe agus inrianaitheacht táirgí bia agus beatha a tháirgtear as orgánaigh ghéinmhodhnaithe agus lena leasaítear Treoir 2001/18/CE (IO L 268, 18.10.2003, lch. 24, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1830/oj).
(6) Cinneadh 2009/770/CE ón gCoimisiún an 13 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear formáidí caighdeánacha tuairiscithe chun na torthaí faireacháin ar scaoileadh orgánach géinmhodhnaithe amach d’aon ghnó sa chomhshaol, i bhfoirm táirgí nó i dtáirgí, chun iad a chur ar an margadh, a chur i láthair, de bhun Threoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 275, 21.10.2009, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2009/770/oj).
(7) Rialachán (CE) Uimh. 1946/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le gluaiseachtaí trasteorann orgánach géinmhodhnaithe IO L 287, 5.11.2003, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1946/oj).
IARSCRÍBHINN
(a) An tIarratasóir agus an Sealbhóir Údaraithe:
|
Ainm |
: |
Corteva Agriscience LLC |
|
Seoladh |
: |
9330 Zionsville Road, Indianapolis, IN 46268-1054, na Stáit Aontaithe; |
arna ionadú san Aontas ag Corteva Agriscience Belgium B.V., rue Montoyer 25, 1000 Bruxelles, an Bheilg.
(b) Ainmniú agus sonraíocht na dtáirgí:
|
(1) |
bianna agus comhábhair bia ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe (Zea mays L.) DP-91Ø521-2, nó atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as; |
|
(2) |
beatha ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe (Zea mays L.) DP-91Ø521-2, nó atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as; |
|
(3) |
táirgí ina bhfuil arbhar Indiach (Zea mays L.) géinmhodhnaithe DP-91Ø521-2, nó atá comhdhéanta de, le haghaidh úsáidí seachas na húsáidí dá bhforáiltear i bpointí (1) agus (2), cé is moite de shaothrú. |
Léiríonn arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP-91Ø521-2 an ghéin mo-pat, lena dtugtar frithsheasmhacht in aghaidh luibhicídí ina bhfuil amóiniam glúfosanáite, an ghéin cry1B.34, lena dtugtar cosaint in aghaidh lotnaidí léipidipteireacha áirithe, agus an ghéin pmi, a úsáideadh mar mharcóir roghnaithe sa phróiseas modhnaithe ghéinitigh.
(c) Lipéadú:
|
(1) |
Chun críocha na gceanglas lipéadaithe a leagtar síos in Airteagal 13(1) agus in Airteagal 25(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus in Airteagal 4(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003, is é ‘arbhar Indiach’ a bheidh mar ‘ainm an orgánaigh’. |
|
(2) |
Beidh na focail ‘níltear le saothrú’ ar an lipéad agus i ndoiciméid a ghabhann leis na táirgí ina bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP-91Ø521-2 nó atá comhdhéanta de, cé is moite de tháirgí dá dtagraítear i bpointe (b)(1). |
(d) Modh braite:
|
(1) |
modh teagmhas-shonrach atá bunaithe ar ISP (imoibriú slabhrúil polaiméaráise) fíor-ama chun arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP-91Ø521-2 a chainníochtú; |
|
(2) |
arna bhailíochtú ag saotharlann tagartha an Aontais arna bunú faoi Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, arna fhoilsiú ag http://gmo-crl.jrc.ec.europa.eu/StatusOfDossiers.aspx.; |
|
(3) |
ábhar tagartha: AOCS 0822-B (le haghaidh DP-91Ø521-2) agus AOCS 0822-A (le haghaidh a mhacasamhail nach bhfuil géinmhodhnaithe), tá rochtain orthu tríd an American Oil Chemists Society (AOCS) ag https://www.aocs.org/crm?SSO=True. |
(e) Aitheantóir uathúil:
DP-91Ø521-2
(f) Faisnéis a cheanglaítear faoi Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal Cartagena ar an mBithshábháilteacht a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht:
[Teach Imréitigh na Bithshábháilteachta, Uimhir aitheantais an chomhaid: arna fhoilsiú sa chlár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe nuair a tugtar fógra faoi].
(g) Coinníollacha nó srianta maidir leis na táirgí a chur ar an margadh, a úsáid nó a láimhseáil:
Ní gá.
(h) Plean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil:
Plean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir 2001/18/CE.
[Nasc: plean arna fhoilsiú sa chlár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe]
(i) Ceanglais faireacháin iarmhargaidh maidir le húsáid an bhia lena chaitheamh ag an duine:
Ní gá.
|
Tabhair faoi deara: |
d’fhéadfadh sé gur ghá na naisc chuig na doiciméid ábhartha a athrú le himeacht ama. Cuirfear na modhnuithe sin ar fáil don phobal tríd an gclár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe a thabhairt cothrom le dáta. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/699/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)