![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2025/687 |
7.4.2025 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/687 ÓN gCOIMISIÚN
an 30 Eanáir 2025
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/624 a mhéid a bhaineann le cigireachtaí réamhbháis i seamlais, cigireachtaí réamhbháis ar láthair an ghabháltais bunáitíochta agus cigireachtaí iarbháis
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1), agus go háirithe Airteagal 18(7), pointí (a), (d) agus (e), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/624 ón gCoimisiún (2), leagtar síos rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar tháirgeadh táirgí de bhunadh ainmhíoch a bhfuil sé beartaithe iad a chaitheamh ag an duine i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625, lena n-áirítear maidir le cigireachtaí réamhbháis i seamlais, cigireachtaí réamhbháis ar láthair an ghabháltais bunáitíochta agus cigireachtaí iarbháis. |
(2) |
Le hAirteagal 3(3), pointí (c) agus (d) agus Airteagal 8, pointí (c) agus (d), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/624, déantar tagairt don eitinn agus don bhruisealóis. Athraíodh ainmneacha eolaíocha na ngalar sin go hionfhabhtú le coimpléasc Mycobacterium tuberculosis (M. bovis, M. caprae agus M. tuberculosis) agus ionfhabhtú le Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis faoi seach le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Dá bhrí sin, is gá a n-ainmneacha a athrú in Airteagail 3 agus 8 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/624. |
(3) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún (4) leagtar amach na critéir maidir le stádas saor ó ghalar a dheonú a mhéid a bhaineann le hionfhabhtú le coimpléasc Mycobacterium tuberculosis agus ionfhabhtú le Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis. Tá an stádas sin le deonú ar leibhéal na bunaíochta ina gcoimeádtar na hainmhithe seachas ar leibhéal an tréada, de bhun an Rialacháin Tharmligthe sin. In Airteagail 3 agus 8 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/624 déantar tagairt d’ainmhithe nár dearbhaíodh go hoifigiúil go bhfuil siad saor ón eitinn agus ón mbruisealóis. Ar mhaithe le comhsheasmhacht, is gá na hAirteagail sin a leasú chun tagairt a dhéanamh d’fhorálacha sonracha Rialachán (AE) 2020/689 maidir le stádas saor ó ghalar. |
(4) |
In Airteagal 4, pointe (41) de Rialachán (AE) 2016/429 sainítear crios srianta mar chrios ina gcuirtear i bhfeidhm srianta ar ghluaiseachtaí ainmhithe áirithe. Mar sin féin, féadfaidh feidhm a bheith ag maoluithe ó shrianta gluaiseachta i gcriosanna srianta maidir le hainmhithe talún ar coimeád de bhun Airteagal 126(1), pointe (b)(iii), de Rialachán (AE) 2016/429. Dá bhrí sin, is gá na tagairtí do shrianta sláinte ainmhithe in Airteagail 3 agus 8 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/624 a ailíniú leis na forálacha sin de Rialachán (AE) 2016/429. |
(5) |
Leagtar síos in Airteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/624 na critéir agus na coinníollacha sonracha lena suitear cathain a fhéadfar cigireachtaí réamhbháis a dhéanamh ar láthair an ghabháltais bunáitíochta. Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1141 ón gCoimisiún (5) leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. (6) Le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 arna leasú, ceadaítear ainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair a mharú ar láthair an ghabháltais bunáitíochta faoi choinníollacha áirithe. Ceadaítear leis freisin géim feirme a mharaítear ar láthair an ghabháltas bunáitíochta a iompar chuig bunaíocht láimhseála géim. Maidir leis na critéir agus na coinníollacha sonracha lena suitear cathain a fhéadfar cigireachtaí réamhbháis a dhéanamh ar láthair an ghabháltais bunáitíochta, a leagtar síos in Airteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/624, ba cheart iad a ailíniú leis na coinníollacha a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 853/2004. |
(6) |
Tagraíonn Airteagal 6(2) agus Airteagal 6(4), pointe (a) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/624 do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/628 ón gCoimisiún (7). Cuireadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 (8) ón gCoimisiún in ionad Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/628. Ar chúiseanna comhsheasmhachta agus chun débhríocht a sheachaint, ba cheart na tagairtí agus an téarmaíocht in Airteagal 6(2) agus Airteagal 6(4), pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/624 a oiriúnú dá réir. |
(7) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/624 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/624 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 3 cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: ‘3. Ní bheidh feidhm ag na maoluithe i míreanna 1 agus 2:
(*1) Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj)." (*2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le faireachas, cláir dhíothaithe agus stádas saor ó ghalar i ndáil le galair liostaithe áirithe agus galair áirithe atá ag teacht chun cinn (IO L 174, 3.6.2020, lch. 211, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/689/oj).’;" |
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6: ‘Airteagal 6 Critéir agus coinníollacha speicis-oiriúnaithe lena leagtar síos cathain is féidir cigireachtaí réamhbháis a dhéanamh ar láthair an ghabháltais bunáitíochta (1) Cuirfidh na húdaráis inniúla na critéir shonracha agus na coinníollacha sonracha a leagtar síos san Airteagal seo i bhfeidhm i gcásanna ábhartha na héanlaithe clóis, an ghéim feirme, na mbó-ainmhithe clóis, na n-ainmhithe clóis den chineál caorach, na n-ainmhithe clóis den chineál gabhair, na muc-ainmhithe clóis agus na n-each-ainmhithe clóis. (2) I gcás éanlaith chlóis a thógtar chun ‘foie gras’ a tháirgeadh agus i gcás éanlaith chlóis dhí-innithe mhoillithe a tháirgeadh, a mharaítear ar láthair an ghabháltais bunáitíochta, beidh an deimhniú sláinte arna chomhlánú i gcomhréir leis an deimhniú sláinte caighdeánach a leagtar amach i gCaibidil 2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 (*3) ón gCoimisiún ag gabháil leis na conablaigh neamh-dhí-innithe chuig an seamlas nó chuig an monarcha gearrtha nó seolfar é roimh ré in aon fhormáid, in ionad an deimhnithe sláinte dá dtagraítear in Airteagal 5(2), pointe (f), den Rialachán seo. (3) I gcás bó-ainmhithe clóis, ainmhithe clóis den chineál caorach, ainmhithe clóis den chineál gabhair agus muc-ainmhithe clóis, dlúthchrúbaigh chlóis agus géim feirme a mharaítear ar láthair an ghabháltais bunáitíochta i gcomhréir le Roinn I, Caibidil VIa nó Roinn III, pointe 3, d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, beidh an deimhniú sláinte arna chomhlánú i gcomhréir leis an deimhniú sláinte caighdeánach a leagtar amach i gCaibidil 3 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ag gabháil leis na hainmhithe chuig an seamlas nó, i gcás géim feirme, chuig an seamlas nó chuig an mbunaíocht láimhseála géim, nó seolfar é roimh ré in aon fhormáid, in ionad an deimhnithe sláinte dá dtagraítear in Airteagal 5(2), pointe (f), den Rialachán seo. (4) I gcás géim feirme a mharaítear ar láthair an ghabháltais bunáitíochta i gcomhréir le Roinn III, pointe 3(a), d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004:
(5) De mhaolú ar Airteagal 5(4), féadfaidh na Ballstáit marú géim feirme a cheadú go dtí 28 lá ó dháta eisiúna an deimhnithe sláinte dá dtagraítear in Airteagal 5(2), pointe (f), sna cásanna seo a leanas:
(*3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2020 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) 2016/429 agus (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha, deimhnithe oifigiúla caighdeánacha agus deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha/oifigiúla caighdeánacha, maidir le coinsíneachtaí de chatagóirí áirithe ainmhithe agus earraí a theacht isteach san Aontas agus lena ngluaiseachtaí laistigh den Aontas, deimhniúchán oifigiúil maidir leis na deimhnithe sin agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 599/2004, Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 636/2014 agus (AE) 2019/628, Treoir 98/68/CE agus Cinntí 2000/572/CE, 2003/779/CE agus 2007/240/CE (IO L 442, 30.12.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/2235/oj).’;" |
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8: ‘Airteagal 8 Na cigireachtaí iarbháis a bheith á ndéanamh ag an tréidlia oifigiúil Is é an tréidlia oifigiúil a dhéanfaidh an chigireacht iarbháis sna cásanna seo a leanas:
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Eanáir 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 95, 7.4.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/625/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/624 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2019 maidir le rialacha sonracha i dtaca le rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar tháirgeadh na feola agus i dtaca le limistéir táirgthe agus athsheachadta na moileasc débhlaoscach beo i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 131, 17.5.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2019/624/oj).
(3) Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj).
(4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le faireachas, cláir dhíothaithe agus stádas saor ó ghalair i ndáil le galar liostaithe áirithe agus galair áirithe atá ag teacht chun cinn (IO L 174, 3.6.2020, lch. 211, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/689/oj).
(5) Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1141 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2023 lena leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais shonracha sláinteachais maidir le feoil, táirgí iascaigh, táirgí déiríochta agus uibheacha áirithe (IO L, 2024/1141, 19.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1141/oj).
(6) Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais le haghaidh bia de bhunadh ainmhíoch (IO L 139, 30.4.2004, lch. 55, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/853/oj).
(7) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/628 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2019 maidir le deimhnithe oifigiúla caighdeánacha le haghaidh ainmhithe agus earraí áirithe agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2074/2005 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/759 a mhéid a bhaineann leis na deimhnithe caighdeánacha sin (IO L 131, 17.5.2019, lch. 101, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/628/oj).
(8) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2020 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) 2016/429 agus (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha, deimhnithe oifigiúla caighdeánacha agus deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha/oifigiúla caighdeánacha, maidir le coinsíneachtaí de chatagóirí áirithe ainmhithe agus earraí a theacht isteach san Aontas agus lena ngluaiseachtaí laistigh den Aontas, deimhniúchán oifigiúil maidir leis na deimhnithe sin agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 599/2004, Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 636/2014 agus (AE) 2019/628, Treoir 98/68/CE agus Cinntí 2000/572/CE, 2003/779/CE agus 2007/240/CE (IO L 442, 30.12.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/2235/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/687/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)