European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/648

3.4.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/648 ÓN gCOIMISIÚN

an 2 Aibreán 2025

maidir le leasú a dhéanamh ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2378 a mhéid a bhaineann leis na foirmeacha caighdeánacha agus na formáidí ríomhairithe atá le húsáid le haghaidh malartú faisnéise uathoibríoch sainordaitheach i ndáil le Treoir 2011/16/AE ón gComhairle, arna leasú le Treoir (AE) 2021/514 ón gComhairle, agus leis an liosta sonraí staidrimh atá na Ballstáit le cur ar fáil chun meastóireacht a dhéanamh ar Threoir 2011/16/AE ón gComhairle, arna leasú le Treoir (AE) 2021/514 ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/779/CEE (1), agus go háirithe Airteagal 20(4) agus Airteagal 23(4) di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir (AE) 2021/514 ón gComhairle (2) leasaíodh Treoir 2011/16/AE chun feabhas a chur ar fhorálacha na Treorach sin a bhaineann le gach cineál malartaithe faisnéise agus comhair riaracháin agus chun foráil a dhéanamh maidir le malartú faisnéise uathoibríoch sainordaitheach a thuairiscíonn oibreoirí ardán.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1467 ón gCoimisiún (3), leasaíodh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2378 (4) ina dhiaidh sin chun cuid de na leasuithe sin a léiriú.

(3)

Cé gur bunaíodh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2378, arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1467, liosta sonraí staidrimh atá le soláthar ag na Ballstáit don Choimisiún maidir le malartú faisnéise uathoibríoch sainordaitheach a thuairiscíonn oibreoirí ardán, níor sonraíodh ann cén spriocdháta a bhain le soláthar na faisnéise sin. Is gá, dá bhrí sin, an dáta a shonrú faoinar cheart na sonraí staidrimh sin a sholáthar don Choimisiún.

(4)

Chun faireachán a dhéanamh ar iniúchtaí comhpháirteacha a dhéantar sna Ballstáit de bhun Airteagal 12a de Threoir 2011/16/AE, arna leasú le Treoir (AE) 2021/514 ón gComhairle, is gá freisin na sonraí staidrimh a éilítear le haghaidh gach cineáil comhair riaracháin, seachas an malartú faisnéise uathoibríoch sainordaitheach, a thabhairt cothrom le dáta.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2378 a leasú dá réir.

(6)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí maidir leis na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(7)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um chomhar riaracháin maidir le cánachas,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2378 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2d, cuirtear mír 4 seo a leanas isteach:

‘4.   Roimh an 1 Aibreán gach bliain, cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún go leictreonach na sonraí staidrimh maidir le malartú faisnéise uathoibríoch sainordaitheach i gcomhréir leis an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn XV.’

;

(2)

Leasaítear Iarscríbhinn IX i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Aibreán 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 64, 11.3.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/16/oj.

(2)  Treoir (AE) 2021/514 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais (IO L 104, 25.3.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2021/514/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1467 ón gCoimisiún an 5 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2378 a mhéid a bhaineann leis na foirmeacha caighdeánacha agus na formáidí ríomhairithe atá le húsáid i ndáil le Treoir 2011/16/AE ón gComhairle agus leis an liosta sonraí staidrimh atá na Ballstáit le cur ar fáil chun meastóireacht a dhéanamh ar an Treoir sin (IO L 231, 6.9.2022, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1467/oj).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2378 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe i dtaca le cur chun feidhme forálacha áirithe de Threoir 2011/16/AE ón gComhairle maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1156/2012 (IO L 332, 18.12.2015, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2015/2378/oj).

(5)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2378, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid B:

‘—

Cuid B: Staidreamh in aghaidh Ballstáit maidir le cineálacha eile comhair riaracháin

maidir le láithreacht in oifigí riaracháin agus rannpháirtíocht i bhfiosrúcháin riaracháin (Airteagal 11 de Threoir 2011/16/AE)

An líon láithreachtaí isteach in oifigí riaracháin agus rannpháirtíocht i bhfiosrúcháin riaracháin

An líon láithreachtaí amach as oifigí riaracháin agus rannpháirtíocht i bhfiosrúcháin riaracháin

maidir le rialuithe comhuaineacha (Airteagal 12 de Threoir 2011/16/AE)

An líon rialuithe comhuaineacha a thionscain an Ballstát

An líon rialuithe comhuaineacha ina raibh an Ballstát rannpháirteach

maidir le hiniúchtaí comhpháirteacha (Airteagal 12a de Threoir 2011/16/AE)

An líon iniúchtaí comhpháirteacha a thionscain an Ballstát

An líon iniúchtaí comhpháirteacha ina raibh an Ballstát rannpháirteach

maidir le hiarrataí ar fhógra (Airteagal 13 de Threoir 2011/16/AE)

An líon iarrataí ar fhógra a seoladh

An líon iarrataí ar fhógra a fuarthas

maidir le haiseolas (Airteagal 14 de Threoir 2011/16/AE)

An líon iarrataí ar aiseolas a seoladh

An méid aiseolais a fuarthas

An líon iarrataí ar aiseolas a fuarthas

An méid aiseolais a seoladh’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/648/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)