European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/499

13.3.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/499 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Márta 2025

lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada, leis an Ríocht Aontaithe agus leis na Stáit Aontaithe ar na liostaí de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 230(1) agus Airteagal 232(1) agus (3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2016/429 nach mór do choinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch, a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin chun teacht isteach san Aontas.

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (2) leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe nach mór do choinsíneachtaí de speicis agus catagóirí áirithe d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a chomhlíonadh chun teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó chríocha nó ó chriosanna de thríú tír nó de chríoch, nó ó dheighleoga de thríú tír nó de chríoch i gcás ainmhithe uisceacha.

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (3) leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de chríocha nó criosanna de thríú tír nó de chríoch, óna gceadaítear na coinsíneachtaí speiceas agus na catagóirí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a theacht isteach san Aontas. Déantar na liostaí sin agus rialacha ginearálta áirithe maidir leis na liostaí sin a leagan amach in Iarscríbhinní I go XXII a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin.

(4)

Go háirithe, le hIarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leagtar amach na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas.

(5)

Tá fógra tugtha ag Ceanada don Choimisiún faoi ráig amháin den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis atá ann i gcúige Ontario, ráig a deimhníodh an 28 Feabhra 2025 le hanailís saotharlainne (ISP-CT).

(6)

Tá fógra tugtha ag an Ríocht Aontaithe don Choimisiún faoi cheithre ráig den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis atá ann i gcontaetha Cheshire, East Riding of Yorkshire, Herefordshire agus Yorkshire Thuaidh i Sasana, ráigeanna a deimhníodh idir an 26 Feabhra 2025 agus an 6 Márta 2025 le hanailís saotharlainne (ISP-CT).

(7)

Ina theannta sin, tá fógra tugtha ag na Stáit Aontaithe don Choimisiún faoi 35 ráig den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis atá ann i stáit California (2), Indiana (5), Iowa (3), Missouri (4), Pennsylvania (3) agus Ohio (18), ráigeanna a deimhníodh idir an 4 Feabhra 2025 agus an 24 Feabhra 2025 le hanailís saotharlainne (ISP-CT).

(8)

Tar éis na ráigeanna sin den fhliú éanúil ardphataigineach a bhí ann le déanaí, bhunaigh údaráis tréidliachta Cheanada, na Ríochta Aontaithe agus na Stát Aontaithe crios srianta de 10 km ar a laghad timpeall ar na bunaíochtaí a bhí buailte agus chuir siad beartas díothaithe chun feidhme chun láithreacht an fhliú éanúil ardphataiginigh a rialú agus chun teorainn a chur le leathadh an ghalair sin.

(9)

Tá faisnéis curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag Ceanada, ag an Ríocht Aontaithe agus ag na Stáit Aontaithe maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a gcríocha agus maidir leis na bearta atá déanta acu chun leathadh breise an fhliú éanúil ardphataiginigh a chosc tar éis na ráigeanna sin a tharla le déanaí.

(10)

Tá meastóireacht déanta ag an gCoimisiún ar an bhfaisnéis sin. I bhfianaise na staide sláinte ainmhithe sna limistéir atá faoi shrianta arna mbunú ag údaráis tréidliachta Cheanada, na Ríochta Aontaithe agus na Stát Aontaithe, measann an Coimisiún gur cheart teacht isteach coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim ó na limistéir sin lena mbaineann na ráigeanna a tharla le déanaí a chur ar fionraí san Aontas, chun stádas sláinte ainmhithe an Aontais a chosaint.

(11)

Ina theannta sin, tá faisnéis nuashonraithe curtha ar fáil don Choimisiún ag Ceanada agus ag an Ríocht Aontaithe maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a gcríocha a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach ba chúis le teacht isteach táirgí áirithe san Aontas a chur ar fionraí, mar a leagtar amach in Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404.

(12)

An 26 Feabhra 2025, an 3 Márta 2025 agus an 6 Márta 2025, chuir Ceanada faisnéis nuashonraithe isteach maidir leis an staid sláinte ainmhithe agus na bearta atá déanta aige i ndáil le sé ráig den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis i gcúigí Alberta agus Ontario, ráigeanna a deimhníodh idir an 12 Samhain 2024 agus an 10 Eanáir 2025, le hanailís saotharlainne (ISP-CT).

(13)

An 28 Feabhra 2025 agus an 4 Márta 2025, chuir an Ríocht Aontaithe faisnéis nuashonraithe isteach maidir leis an staid sláinte ainmhithe agus na bearta atá déanta aici i ndáil le sé ráig den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis i gcontaetha Lincolnshire agus Yorkshire, ráigeanna a deimhníodh idir an 17 Eanáir 2025 agus an 28 Eanáir 2025, le hanailís saotharlainne (ISP-CT).

(14)

Tar éis na ráigeanna sin den fhliú éanúil ardphataigineach, chuir Ceanada agus an Ríocht Aontaithe an Coimisiún ar an eolas go bhfuil beartas díothaithe curtha chun feidhme acu chun leathadh an ghalair sin a rialú agus chun teorainn a chur leis, agus go bhfuil na bearta glantacháin agus díghalraithe is gá curtha i gcrích acu freisin tar éis an beartas díothaithe maidir leis na bunaíochtaí éanlaithe clóis ionfhabhtaithe a chur chun feidhme ar a gcríoch.

(15)

Tá meastóireacht déanta ag an gCoimisiún ar an bhfaisnéis a chuir Ceanada agus an Ríocht Aontaithe isteach agus measann sé go bhfuil ráthaíochtaí iomchuí tugtha acu nach bagairt do shláinte ainmhithe ná don tsláinte phoiblí laistigh den Aontas a thuilleadh í an staid sláinte ainmhithe ba chúis le teacht isteach coinsíneachtaí de tháirgí áirithe san Aontas ó na criosanna lena mbaineann a chur ar fionraí mar a leagtar amach in Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, agus, dá bhrí sin, maidir le teacht isteach na gcoinsíneachtaí sin san Aontas ó na criosanna lena mbaineann sa Ríocht Aontaithe óna raibh a dteacht isteach san Aontas curtha ar fionraí, ba cheart é a athúdarú.

(16)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú chun na ráigeanna nua den fhliú éanúil ardphataigineach i gCeanada, sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe agus na ráigeanna réitithe den fhliú éanúil ardphataigineach i gCeanada agus sa Ríocht Aontaithe a chur san áireamh.

(17)

Agus na ráigeanna nua den fhliú éanúil ardphataigineach atá ann i gCeanada, sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe á gcur san áireamh agus chun cur isteach neamhriachtanach ar thrádáil le Ceanada agus leis an Ríocht Aontaithe a sheachaint, ba cheart éifeacht a bheith leis na leasuithe atá le déanamh ar Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leis an Rialachán seo mar ábhar práinne.

(18)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404

Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Márta 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha i dtaobh teacht isteach san Aontas, agus gluaiseacht agus láimhseáil coinsíneachtaí d’ainmhithe áirithe, de tháirgí geirmeacha áirithe agus de tháirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch tar éis iad a thabhairt isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/692/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/404/oj).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:

(1)

leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:

(a)

i gCuid 1, leasaítear Roinn B mar a leanas:

(i)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró seo a leanas le haghaidh chrios CA-2.243:

‘CA

Ceanada

CA-2.243

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

12.11.2024

6.3.2025’

(ii)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna seo a leanas le haghaidh chriosanna CA-2.249 go CA-2.252:

‘CA

Ceanada

CA-2.249

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

19.12.2024

3.3.2025

CA-2.250

N, P1

 

20.12.2024

6.3.2025

CA-2.251

N, P1

 

20.12.2024

26.2.2025

CA-2.252

N, P1

 

27.12.2024

6.3.2025’

(iii)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró seo a leanas le haghaidh chrios CA-2.255:

‘CA

Ceanada

CA-2.255

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

10.1.2025

7.3.2025’

(iv)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear isteach an ró seo a leanas le haghaidh chrios CA-2.258 tar éis an ró le haghaidh chrios CA-2.257:

‘CA

Ceanada

CA-2.258

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

28.2.2025’

 

(v)

san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios GB-2.343:

‘GB

An Ríocht Aontaithe

GB-2.343

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

17.1.2025

27.2.2025’

(vi)

san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios GB-2.345:

‘GB

An Ríocht Aontaithe

GB-2.345

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

17.1.2025

3.3.2025’

(vii)

san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios GB-2.347:

‘GB

An Ríocht Aontaithe

GB-2.347

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

21.1.2025

27.2.2025’

(viii)

san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna GB-2.349 agus GB-2.350:

‘GB

An Ríocht Aontaithe

GB-2.349

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

25.1.2025

27.2.2025

GB-2.350

N, P1

 

27.1.2025

3.3.2025’

(ix)

san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios GB-2.352:

‘GB

An Ríocht Aontaithe

GB-2.352

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

28.1.2025

3.3.2025’

(x)

san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh chriosanna GB-2.362 go GB-2.365 tar éis an ró le haghaidh chrios GB-2.361:

‘GB

An Ríocht Aontaithe

GB-2.362

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

26.2.2025

 

GB-2.363

N, P1

 

26.2.2025

 

GB-2.364

N, P1

 

4.3.2025

 

GB-2.365

N, P1

 

6.3.2025’

 

(xi)

san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh chriosanna US-2.944 go US-2.978 tar éis an ró le haghaidh chrios US-2.943:

‘US

Na Stáit Aontaithe

US-2.944

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

4.2.2025

 

US-2.945

N, P1

 

4.2.2025

 

US-2.946

N, P1

 

5.2.2025

 

US-2.947

N, P1

 

4.2.2025

 

US-2.948

N, P1

 

4.2.2025

 

US-2.949

N, P1

 

5.2.2025

 

US-2.950

N, P1

 

5.2.2025

 

US-2.951

N, P1

 

5.2.2025

 

US-2.952

N, P1

 

12.2.2025

 

US-2.953

N, P1

 

13.2.2025

 

US-2.954

N, P1

 

13.2.2025

 

US-2.955

N, P1

 

14.2.2025

 

US-2.956

N, P1

 

14.2.2025

 

US-2.957

N, P1

 

18.2.2025

 

US-2.958

N, P1

 

18.2.2025

 

US-2.959

N, P1

 

21.2.2025

 

US-2.960

N, P1

 

21.2.2025

 

US-2.961

N, P1

 

21.2.2025

 

US-2.962

N, P1

 

2.2.2025

 

US-2.963

N, P1

 

14.2.2025

 

US-2.964

N, P1

 

20.2.2025

 

US-2.965

N, P1

 

6.2.2025

 

US-2.966

N, P1

 

6.2.2025

 

US-2.967

N, P1

 

10.2.2025

 

US-2.968

N, P1

 

12.2.2025

 

US-2.969

N, P1

 

11.2.2025

 

US-2.970

N, P1

 

12.2.2025

 

US-2.971

N, P1

 

24.2.2025

 

US-2.972

N, P1

 

12.2.2025

 

US-2.973

N, P1

 

13.2.2025

 

US-2.974

N, P1

 

14.2.2025

 

US-2.975

N, P1

 

14.2.2025

 

US-2.976

N, P1

 

14.2.2025

 

US-2.977

N, P1

 

21.2.2025

 

US-2.978

N, P1

 

21.2.2025’

 

(b)

leasaítear Cuid 2 mar a leanas:

(i)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear isteach an tuairisc seo a leanas ar chrios CA-2.258 tar éis an ró le haghaidh chrios CA-2.257:

‘Ceanada

CA-2.258

Ontario – Latitude 42.97, Longitude -81.4

The municipalities involved are:

3km PZ: Komoka

10km SZ: Arva, Delaware, Ilderton, Komoka, London, and Mount Brydges’

(ii)

san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear isteach na tuairiscí seo a leanas ar chriosanna GB-2.362 go GB-2.365 tar éis na tuairisce ar chrios GB-2.361:

‘An Ríocht Aontaithe

GB-2.362

Near Malpas, Cheshire West & Chester, Cheshire, England, GB

the area contained with a circle of a radius of 10 km, centred on WGS84 dec, coordinates Lat: N53.00 and Long: W2.73

GB-2.363

Near Driffield, East Riding of Yorkshire, Yorkshire, England, GB

the area contained with a circle of a radius of 10 km, centred on WGS84 dec, coordinates Lat: N54.08 and Long: W0.45

GB-2.364

Near Kington, North Herefordshire, Herefordshire, England, GB

the area contained with a circle of a radius of 10 km, centred on WGS84 dec, coordinates Lat: N52.19 and Long: W3.06

GB-2.365

Near Thirsk, Thirsk and Malton, North Yorkshire, England, GB

the area contained with a circle of a radius of 10 km, centred on WGS84 dec, coordinates Lat: N54.22 and Long: W1.42’

(iii)

in the entry for the United States, the following descriptions of the zones US-2.944 to US-2.978 are added after the description of the zone US-2.943:

‘United States

US-2.944

Stát Ohio

Mercer 24

Mercer County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates:84.7083466°W 40.4933466°N)

US-2.945

Stát Ohio

Mercer 25

Mercer County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 84.5458624°W 40.5157963°N)

US-2.946

Stát Ohio

Mercer 26

Mercer County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates:84.5448141°W 40.5015764°N)

US-2.947

Stát Ohio

Mercer 27

Mercer County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 84.5525364°W 40.4904476°N)

US-2.948

Stát Ohio

Mercer 28

Mercer County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 84.7504140°W 40.4778520°N)

US-2.949

Stát Ohio

Mercer 29

Mercer County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 84.7128755°W 40.4785074°N)

US-2.950

Stát Ohio

Auglaize 01

Auglaize County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 84.3517553°W 40.5480217°N)

US-2.951

Stát Ohio

Mercer 30

Mercer County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 84.4413554°W 40.5267332°N)

US-2.952

Stát Ohio

Mercer 39

Mercer County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 84.4527668°W 40.4958651°N)

US-2.953

Stát Ohio

Mercer 40

Mercer County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates:84.7316587°W 40.5309789°N)

US-2.954

Stát Ohio

Auglaize 02

Auglaize County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 84.4025009°W 40.5931573°N)

US-2.955

Stát Ohio

Darke 23

Darke County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 84.5353595°W 40.2318294°N)

US-2.956

Stát Ohio

Mercer 41

Mercer County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 84.5825244°W 40.6809083°N)

US-2.957

Stát Ohio

Darke 24

Darke County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 84.7666733°W 40.4380046°N)

US-2.958

Stát Ohio

Mercer 42

Mercer County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 84.4959259°W 40.4795407°N)

US-2.959

Stát Ohio

Darke 25

Darke County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 84.6317894°W 40.3922288°N)

US-2.960

Stát Ohio

Mercer 43

Mercer County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 84.4491422°W 40.4955847°N)

US-2.961

Stát Ohio

Mercer 44

Mercer County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 84.4408127°W 40.4896337°N)

US-2.962

Stát Iowa

O’Brien 02

O’Brien County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 95.8596603°W 43.2173321°N)

US-2.963

Stát Iowa

Buena Vista 10

Buena Vista County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 94.9546484°W 42.6874446°N)

US-2.964

Stát Iowa

Sac 06

Sac County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 94.9721029°W 42.6373956°N)

US-2.965

Stát Missouri

Newton 09

Newton County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 94.1794525°W 36.9113923°N)

US-2.966

Stát Missouri

Lawrence 05

Laurence County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 93.9750864°W 37.3107820°N)

US-2.967

Stát Missouri

Lawrence 06

Lawrence County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 93.8910972°W 37.1728422°N)

US-2.968

Stát Missouri

Lawrence 07

Lawrence County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates:93.9085386°W 37.1786025°N)

US-2.969

Stát Pennsylvania

Cumberland 02

Cumberland County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 77.1381320°W 40.2411724°N)

US-2.970

Stát Pennsylvania

Lancaster 37

Lancaster County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 76.2067770°W 40.2876685°N)

US-2.971

Stát Pennsylvania

Philadelphia 01

Lancaster County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 75.1303593°W 40.0493075°N)

US-2.972

Stát California

Merced 24

Merced County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 120.8534041°W 37.4287218°N)

US-2.973

Stát California

Riverside 05

Riverside County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 117.0781874°W 33.7945827°N)

US-2.974

Stát Indiana

Jay 05

Jay County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 84.8017908°W 40.5704268°N)

US-2.975

Stát Indiana

Jay 06

Jay County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 84.7984765°W 40.5704963°N)

US-2.976

Stát Indiana

Washington 01

Jay County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates:85.9109393°W 38.7973315°N)

US-2.977

Stát Indiana

Washington 02

Washington County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 85.9701344°W 38.7381988°N)

US-2.978

Stát Indiana

Elkhart 05

Elkhart County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 85.7495371°W 41.7845675°N)’

(2)

in Iarscríbhinn XIV, i gCuid 1, leasaítear Roinn B mar a leanas:

(a)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios CA-2.243:

‘CA

Ceanada

CA-2.243

POU, RAT

N, P1

 

12.11.2024

6.3.2025

GBM

P1

 

12.11.2024

6.3.2025’

(b)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna CA-2.249 go CA-2.252:

‘CA

Ceanada

CA-2.249

POU, RAT

N, P1

 

19.12.2024

3.3.2025

GBM

P1

 

19.12.2024

3.3.2025

CA-2.250

POU, RAT

N, P1

 

20.12.2024

6.3.2025

GBM

P1

 

20.12.2024

6.3.2025

CA-2.251

POU, RAT

N, P1

 

20.12.2024

26.2.2025

GBM

P1

 

20.12.2024

26.2.2025

CA-2.252

POU, RAT

N, P1

 

27.12.2024

6.3.2025

GBM

P1

 

27.12.2024

6.3.2025’

(c)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios CA-2.255:

‘CA

Ceanada

CA-2.255

POU, RAT

N, P1

 

10.1.2025

7.3.2025

GBM

P1

 

10.1.2025

7.3.2025’

(d)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh chrios CA-2.258 tar éis na rónna le haghaidh chrios CA-2.257:

‘CA

Ceanada

CA-2.258

POU, RAT

N, P1

 

28.2.2025

 

GBM

P1

 

28.2.2025’

 

(e)

san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios GB-2.343:

‘GB

An Ríocht Aontaithe

GB-2.343

POU, RAT

N, P1

 

17.1.2025

27.2.2025

GBM

P1

 

17.1.2025

27.2.2025’

(f)

san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios GB-2.345:

‘GB

An Ríocht Aontaithe

GB-2.345

POU, RAT

N, P1

 

17.1.2025

3.3.2025

GBM

P1

 

17.1.2025

3.3.2025’

(g)

san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios GB-2.347:

‘GB

An Ríocht Aontaithe

GB-2.347

POU, RAT

N, P1

 

21.1.2025

27.2.2025

GBM

P1

 

21.1.2025

27.2.2025’

(h)

san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna GB-2.349 agus GB-2.350:

‘GB

An Ríocht Aontaithe

GB-2.349

POU, RAT

N, P1

 

25.1.2025

27.2.2025

GBM

P1

 

25.1.2025

27.2.2025

GB-2.350

POU, RAT

N, P1

 

27.1.2025

3.3.2025

GBM

P1

 

27.1.2025

3.3.2025’

(i)

san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios GB-2.352:

GB

An Ríocht Aontaithe

GB-2.352

POU, RAT

N, P1

 

28.1.2025

3.3.2025

GBM

P1

 

28.1.2025

3.3.2025’

(j)

san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh chriosanna GB-2.362 go GB-2.365 tar éis na rónna le haghaidh chrios GB-2.361:

‘GB

An Ríocht Aontaithe

GB-2.362

POU, RAT

N, P1

 

26.2.2025

 

GBM

P1

 

26.2.2025

 

GB-2.363

POU, RAT

N, P1

 

26.2.2025

 

GBM

P1

 

26.2.2025

 

GB-2.364

POU, RAT

N, P1

 

4.3.2025

 

GBM

P1

 

4.3.2025

 

GB-2.365

POU, RAT

N, P1

 

6.3.2025

 

GBM

P1

 

6.3.2025’

 

(k)

san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh chriosanna US-2.944 go US-2.978 tar éis na rónna le haghaidh chrios US-2.943:

‘US

Na Stáit Aontaithe

US-2.944

POU, RAT

N, P1

 

4.2.2025

 

GBM

P1

 

4.2.2025

 

US-2.945

POU, RAT

N, P1

 

4.2.2025

 

GBM

P1

 

4.2.2025

 

US-2.946

POU, RAT

N, P1

 

5.2.2025

 

GBM

P1

 

5.2.2025

 

US-2.947

POU, RAT

N, P1

 

4.2.2025

 

GBM

P1

 

4.2.2025

 

US-2.948

POU, RAT

N, P1

 

4.2.2025

 

GBM

P1

 

4.2.2025

 

US-2.949

POU, RAT

N, P1

 

5.2.2025

 

GBM

P1

 

5.2.2025

 

US-2.950

POU, RAT

N, P1

 

5.2.2025

 

GBM

P1

 

5.2.2025

 

US-2.951

POU, RAT

N, P1

 

5.2.2025

 

GBM

P1

 

5.2.2025

 

US-2.952

POU, RAT

N, P1

 

12.2.2025

 

GBM

P1

 

12.2.2025

 

US-2.953

POU, RAT

N, P1

 

13.2.2025

 

GBM

P1

 

13.2.2025

 

US-2.954

POU, RAT

N, P1

 

13.2.2025

 

GBM

P1

 

13.2.2025

 

US-2.955

POU, RAT

N, P1

 

14.2.2025

 

GBM

P1

 

14.2.2025

 

US-2.956

POU, RAT

N, P1

 

14.2.2025

 

GBM

P1

 

14.2.2025

 

US-2.957

POU, RAT

N, P1

 

18.2.2025

 

GBM

P1

 

18.2.2025

 

US-2.958

POU, RAT

N, P1

 

18.2.2025

 

GBM

P1

 

18.2.2025

 

US-2.959

POU, RAT

N, P1

 

21.2.2025

 

GBM

P1

 

21.2.2025

 

US-2.960

POU, RAT

N, P1

 

21.2.2025

 

GBM

P1

 

21.2.2025

 

US-2.961

POU, RAT

N, P1

 

21.2.2025

 

GBM

P1

 

21.2.2025

 

US-2.962

POU, RAT

N, P1

 

2.2.2025

 

GBM

P1

 

2.2.2025

 

US-2.963

POU, RAT

N, P1

 

14.2.2025

 

GBM

P1

 

14.2.2025

 

US-2.964

POU, RAT

N, P1

 

20.2.2025

 

GBM

P1

 

20.2.2025

 

US-2.965

POU, RAT

N, P1

 

6.2.2025

 

GBM

P1

 

6.2.2025

 

US-2.966

POU, RAT

N, P1

 

6.2.2025

 

GBM

P1

 

6.2.2025

 

US-2.967

POU, RAT

N, P1

 

10.2.2025

 

GBM

P1

 

10.2.2025

 

US-2.968

POU, RAT

N, P1

 

12.2.2025

 

GBM

P1

 

12.2.2025

 

US-2.969

POU, RAT

N, P1

 

11.2.2025

 

GBM

P1

 

11.2.2025

 

US-2.970

POU, RAT

N, P1

 

12.2.2025

 

GBM

P1

 

12.2.2025

 

US-2.971

POU, RAT

N, P1

 

24.2.2025

 

GBM

P1

 

24.2.2025

 

US-2.972

POU, RAT

N, P1

 

12.2.2025

 

GBM

P1

 

12.2.2025

 

US-2.973

POU, RAT

N, P1

 

13.2.2025

 

GBM

P1

 

13.2.2025

 

US-2.974

POU, RAT

N, P1

 

14.2.2025

 

GBM

P1

 

14.2.2025

 

US-2.975

POU, RAT

N, P1

 

14.2.2025

 

GBM

P1

 

14.2.2025

 

US-2.976

POU, RAT

N, P1

 

14.2.2025

 

GBM

P1

 

14.2.2025

 

US-2.977

POU, RAT

N, P1

 

21.2.2025

 

GBM

P1

 

21.2.2025

 

US-2.978

POU, RAT

N, P1

 

21.2.2025

 

GBM

P1

 

21.2.2025’

 


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/499/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)