|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/419 |
24.3.2025 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/419 ÓN gCOIMISIÚN
an 16 Nollaig 2024
lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an nós imeachta agus an tréimhse ama d’eisitheoir comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid chun méid a chistí dílse a choigeartú
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus Treoir (AE) 2019/1937 (1), agus go háirithe Airteagal 45(7), an ceathrú fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá feidhm le bheith ag an gceanglas a leagtar amach in Airteagal 45(5) de Rialachán (AE) 2023/1114 freisin maidir le hinstitiúidí ríomh-airgid a eisíonn comharthaí ríomh-airgid suntasacha, i gcomhréir le hAirteagal 58(1), pointe (b), den Rialachán sin, i gcás ina gceanglaíonn an t-údarás inniúil é sin faoi Airteagal 35(4) den Rialachán sin, maidir le heisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nach comharthaí suntasacha iad, agus, i gcás ina gceanglaíonn an t-údarás inniúil é sin faoi Airteagal 58(2) den Rialachán sin, maidir le hinstitiúidí ríomh-airgid a eisíonn comharthaí ríomh-airgid nach comharthaí suntasacha iad. |
|
(2) |
Ba cheart d’eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha nó comharthaí ríomh-airgid suntasacha, chomh maith le heisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid nach bhfuil suntasach, ach atá faoi réir Airteagal 45(5) de Rialachán (AE) 2023/1114 i gcomhréir le hAirteagal 35(4) nó le hAirteagal 58(2), faoi seach, den Rialachán sin, plean a fhorbairt chun leibhéal na gcistí dílse a choigeartú chuig an leibhéal is gá laistigh den tréimhse ama is gá. Ba cheart do na heisitheoirí sin a indéanta atá plean den sórt sin a phlé agus a chomhaontú leis na húdaráis inniúla ábhartha. Ba cheart do na húdaráis inniúla dlúthfhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an phlean sin agus, chun na críche sin, ba cheart do na heisitheoirí ábhartha fógra a thabhairt don údarás inniúil faoi na bearta a rinneadh, lena n-áirítear fógra deiridh faoi chur i gcrích an choigeartaithe. |
|
(3) |
Ba cheart d’údaráis inniúla an Bhallstáit baile an tréimhse ama a chinneadh do na heisitheoirí chun a gcistí dílse a choigeartú. Ba cheart spriocdháta uasta a bheith ag aon tréimhse ama den sórt sin agus ba cheart é a bheith chomh gearr agus is féidir agus bunaithe ar mheasúnú cás ar chás agus ba cheart é a chinneadh tar éis idirphlé leis an eisitheoir sin, ag féachaint don tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar an eisitheoir sin, dá shainiúlachtaí agus dá rioscaí do chobhsaíocht airgeadais an chórais airgeadais i gcoitinne. |
|
(4) |
Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach faoi bhráid an Choimisiúin. |
|
(5) |
Rinne an tÚdarás Baincéireachta Eorpach comhairliúcháin phoiblí oscailte a reáchtáil maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Raon feidhme an chur i bhfeidhm
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na heisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid seo a leanas:
|
(a) |
eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha; |
|
(b) |
institiúidí ríomh-airgid a eisíonn comharthaí ríomh-airgid suntasacha; |
|
(c) |
eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha nach comharthaí suntasacha iad, i gcás ina gceanglaíonn an t-údarás inniúil é sin faoi Airteagal 35(4) de Rialachán (AE) 2023/1114; |
|
(d) |
institúidí ríomh-airgid a eisíonn comharthaí ríomh-airgid nach comharthaí suntasacha iad, i gcás ina gceanglaíonn an t-údarás inniúil é sin faoi Airteagal 58(2) de Rialachán (AE) 2023/1114. |
Airteagal 2
Tráthchlár
1. Tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile fógra faoin tréimhse ama ina ndéanfaidh eisitheoir comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid dá dtagraítear in Airteagal 1, a chistí dílse a choigeartú, laistigh de 25 lá oibre ón bhfógra maidir le cinneadh comhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid a aicmiú ina chomhartha suntasach, nó ón bhfógra chuig an eisitheoir gur gá ceanglas Airteagal 45(5) de Rialachán (AE) 2023/1114 a chomhlíonadh. Socrófar an tréimhse ama sin tar éis idirphlé leis an eisitheoir ábhartha.
2. Deonóidh an t-údarás inniúil don eisitheoir ábhartha tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis an fhógra dá dtagraítear i mír 1 chun a chistí dílse a choigeartú, ag féachaint don tionchar féideartha ar an eisitheoir ábhartha, dá shainiúlachtaí agus dá rioscaí do chobhsaíocht airgeadais an chórais airgeadais i gcoitinne.
3. Laistigh de 25 lá oibre ón bhfógra a fháil maidir leis an gcreat ama dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an t-eisitheoir ábhartha plean mionsonraithe faoi bhráid an údaráis inniúil maidir leis an gcaoi a ndéanfar a chistí dílse a choigeartú chun ceanglas Airteagal 45(5) de Rialachán (AE) 2023/1114 a chomhlíonadh.
Áireofar sa phlean céimeanna faoi cheangal ama agus nósanna imeachta chun coigeartú na gcistí dílse a dhéanamh laistigh den tréimhse ama a leagtar síos.
Áiritheofar leis an bplean go gcomhlíonfaidh na hítimí cistí dílse agus na hionstraimí a úsáidfear chun an ceanglas méadaithe agus coigeartaithe a chomhlíonadh na coinníollacha uile a leagtar amach in Airteagal 35(2) de Rialachán (AE) 2023/1114.
4. Cuirfidh an t-eisitheoir ábhartha an t-údarás inniúil ar an eolas láithreach agus i scríbhinn i gcás nach féidir aon chéim nó nós imeachta den phlean a bhaint amach go tráthúil. I gcás den sórt sin, cuirfidh an t-eisitheoir ábhartha nuashonrú ar an bplean faoi bhráid an údaráis inniúil, lena n-áirítear céimeanna nó nósanna imeachta malartacha lenar féidir leis an eisitheoir a chistí dílse a choigeartú le linn na tréimhse ama socraithe.
5. Déanfaidh an t-údarás inniúil dlúthfhaireachán ar chur chun feidhme an phlean.
6. Cuirfidh an t-eisitheoir ábhartha an t-údarás inniúil ar an eolas faoi chur i gcrích na gcéimeanna dá bhforáiltear sa phlean, lena n-áirítear fógra deiridh don údarás inniúil nuair a bheidh an coigeartú cistí dílse is gá curtha i gcrích, laistigh de 20 lá oibre ón bplean a chur i gcrích.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Nollaig 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 150, 9.6.2023, lch. 40, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1114/oj.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1093/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/419/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)