![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2025/365 |
19.2.2025 |
CINNEADH (CBES) 2025/365 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA
an 18 Feabhra 2025
maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh le haghaidh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú leis an tslándáil mhuirí san Aigéan Indiach Thiar agus sa Mhuir Rua (EUNAVFOR ATALANTA) agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2024/2983 (EUNAVFOR ATALANTA/1/2025)
TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38 de,
Ag féachaint do Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES ón gComhairle an 10 Samhain 2008 maidir le hoibríocht mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú leis an tslándáil mhuirí san Aigéan Indiach Thiar agus sa Mhuir Rua (EUNAVFOR ATALANTA) (1), agus go háirithe Airteagal 6(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 10 Samhain 2008, ghlac an Chomhairle Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES, lena ndéantar foráil maidir le hoibríocht mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú leis an tslándáil mhuirí san Aigéan Indiach Thiar agus sa Mhuir Rua (EUNAVFOR ATALANTA). |
(2) |
De bhun Airteagal 6(1) de Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES, thug an Chomhairle údarú don Choiste Polaitiúil agus Slándála cinntí a dhéanamh maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh le haghaidh EUNAVFOR ATALANTA (‘Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh’). |
(3) |
An 28 Samhain 2024, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2024/2983 (2) lena gceaptar an Ceannasóir Alexandre Joaquim GAMURÇA SERRANO mar Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh |
(4) |
An 28 Eanáir 2025, mhol údaráis mhíleata na hIodáile go gceapfaí an Captaen Davide DA POZZO i gcomharbas ar an gCeannasóir Alexandre Joaquim GAMURÇA SERRANO mar Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh (‘an ceapachán molta’). Chuir údaráis mhíleata na hIodáile in iúl go bhfuiltear ag súil go dtabharfaí ardú céime don Chaptaen Davide DA POZZO go Seachaimiréal nuair a cheapfar é mar Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh. |
(5) |
An 28 Eanáir 2025, thacaigh Ceannasaí Oibríochta an Aontais le haghaidh EUNAVFOR ATALANTA leis an gceapachán molta. |
(6) |
An 6 Feabhra 2025, thacaigh Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh leis an gceapachán molta agus chomhaontaigh sé go gceapfaí an Seachaimiréal Davide DA POZZO mar Cheannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh ón 20 Feabhra 2025. |
(7) |
Ba cheart cinneadh a dhéanamh maidir leis an Seachaimiréal Davide DA POZZO a cheapadh mar Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh. |
(8) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2024/2983 a aisghairm, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ceaptar an Seachaimiréal Davide DA POZZO mar Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh le haghaidh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú leis an tslándáil mhuirí san Aigéan Indiach Thiar agus sa Mhuir Rua (EUNAVFOR ATALANTA) ón 20 Feabhra 2025.
Airteagal 2
Leis seo, déantar Cinneadh (CBES) 2024/2983 a aisghairm.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 20 Feabhra 2025.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Feabhra 2025.
Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála
An Cathaoirleach
D. PRONK
(1) IO L 301, 12.11.2008, lch. 33, ELI: http://data.europa.eu/eli/joint_action/2008/851/oj.
(2) Cinneadh (CBES) 2024/2983 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 28 Samhain 2024 maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh le haghaidh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú leis an tslándáil mhuirí san Aigéan Indiach Thiar agus sa Mhuir Rua EUNAVFOR ATALANTA) agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2024/2676 (ATALANTA/4/2024) (IO L 2024/2983, 29.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2983/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/365/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)