European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/352

24.2.2025

RIALACHÁN (AE) 2025/352 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Feabhra 2025

lena leasaítear Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le monaihiodráit chailcidióil a úsáidtear i monarú forbhianna

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forbhianna (1), agus go háirithe Airteagal 4(5) di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

In Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir 2002/46/CE bunaítear liostaí na vitimíní agus mianraí, agus na foirmeacha díobh, i gcás gach ceann acu, a fhéadfar a úsáid i monarú forbhianna.

(2)

De bhun Airteagal 14 de Threoir 2002/46/CE, tá forálacha maidir le vitimíní agus mianraí i bhforbhianna a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar shláinte an phobail le glacadh tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’).

(3)

Tar éis iarraidh a fháil ón gCoimisiún tuairim a thabhairt uaidh maidir le monaihiodráit chailcidióil mar bhia núíosach de bhun Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus mar fhoinse vitimín D i gcomhthéacs Threoir 2002/46/CE, ghlac an tÚdarás tuairim eolaíoch ar an ábhar an 25 Bealtaine 2021 (3).

(4)

Fágann an tuairim sin nach ábhar imní maidir le sábháilteacht é monaihiodráit chailcidióil a úsáid i bhforbhianna, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha maidir lena húdarú a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1052 ón gCoimisiún (4). Ar bhonn na tuairime fabhraí ón Údarás agus ar bhonn a húdaraithe mar chomhábhar bia núíosaigh i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1052, ba cheart monaihiodráit chailcidióil a áireamh ar liosta na substaintí vitimín agus mianracha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2002/46/CE, chun go bhféadfar í a úsáid mar fhoinse vitimín D i bhforbhianna.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Treoir 2002/46/CE a leasú dá réir.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2002/46/CE i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Feabhra 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 183, 12.7.2002, lch. 51, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/46/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (IO L 327, 11.12.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/2283/oj).

(3)  Painéal NDA EFSA (Painéal EFSA ar Tháirgí Diaitéiteacha, Cothú agus Ailléirgí). Sábháilteacht monaihiodráite cailcidióil arna táirgeadh trí shintéis cheimiceach mar bhia núíosach de bhun Rialachán (AE) 2015/2283, EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(6):6660.

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1052 ón gCoimisiún an 10 Aibreán 2024 lena n-údaraítear monaihiodráit chailcidióil a chur ar an margadh mar bhia núíosach agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 (IO L, 2024/1052, 11.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1052/oj).


IARSCRÍBHINN

I bpointe A.2. (VITIMÍN D) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2002/46/CE, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála a bhaineann le ‘(b) eargacailciféaról’:

‘(c)

monaihiodráit chailcidióil(4*)

(4*)

Mar a liostaítear i liosta an Aontais de bhianna núíosacha i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2017/2470/oj).’.

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/352/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)