European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/176

28.1.2025

CINNEADH (CBES) 2025/176 ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Eanáir 2025

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2024/2084 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Chosaiv (*1)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 33, i gcomhar le hAirteagal 31(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 4 Feabhra 2008, chomhaontaigh an Chomhairle Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) don Chosaiv a cheapadh.

(2)

An 26 Iúil 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/2084 (1) lena gceaptar Aivo ORAV ina ISAE don Chosaiv agus lena gcuirtear síneadh le sainordú ISAE don Chosaiv.

(3)

Ba cheart méid tagartha airgeadais nua a bhunú don tréimhse ón 1 Meán Fómhair 2024 go dtí an 31 Lúnasa 2026.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2024/2084 a leasú dá réir.

(5)

Cuirfidh ISAE an sainordú chun feidhme i gcomhthéacs staid a d’fhéadfadh dul in olcas agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh iad,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh (CBES) 2024/2084 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír (1):

‘1.   Is é EUR 5 469 515,44 an méid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann le sainordú ISAE don tréimhse ón 1 Meán Fómhair 2024 go dtí an 31 Lúnasa 2026 a chumhdach.’

;

(2)

cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

‘Airteagal 13a

Rochtain ar dhoiciméid agus cosaint sonraí

1.   Cuirfidh ISAE i bhfeidhm na rialacha a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2). Glacfaidh an tArdionadaí rialacha ábhartha cur chun feidhme a bhaineann le ISAE.

2.   Déanfaidh ISAE daoine aonair a chosaint maidir le próiseáil a sonraí pearsanta i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3). Glacfaidh an tArdionadaí rialacha ábhartha cur chun feidhme a bhaineann le ISAE.

(*2)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2001/1049/oj)."

(*3)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).’."

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Eanáir 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. KALLAS


(*1)  Ní dochar an t-ainmniú seo do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

(1)  Cinneadh (CBES) 2024/2084 ón gComhairle an 26 Iúil 2024 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Chosaiv (IO L, 2024/2084, 29.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2084/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/176/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)