European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/89

21.1.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/89 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Eanáir 2025

lena n-údaraítear púdar larbhaí iomlána Tenebrio molitor (minphéist bhuí) atá cóireáilte le UV a chur ar an margadh mar bhia núíosach agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 12(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha atá údaraithe agus a áirítear i liosta an Aontais de bhianna núíosacha a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

(2)

De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, bunaíodh liosta Aontais de bhianna núíosacha le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2).

(3)

An 30 Iúil 2019 chuir an chuideachta Nutri’Earth (‘an t-iarratasóir’) iarratas faoi bhráid an Choimisiúin ar údarú i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 chun púdar larbhaí iomlána Tenebrio molitor (minphéist bhuí) atá cóireáilte le UV a chur ar mhargadh an Aontais mar bhia núíosach. D’iarr an t-iarratasóir go n-úsáidfí an púdar a fhaightear de larbhaí iomlána Tenebrio molitor agus atá cóireáilte le UV in arán agus rollaí, cácaí, táirgí pasta-bhunaithe, táirgí prátaí próiseáilte, cáis agus táirgí cáise, agus compóití torthaí agus glasraí atá beartaithe don phobal i gcoitinne.

(4)

An 30 Iúil 2019 chuir an t-iarratasóir iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin go gcosnófaí staidéir agus sonraí eolaíocha dílseánaigh arna gcur isteach chun tacú leis an iarratas, is iad sin, tuairisc mhionsonraithe ar an bpróiseas táirgthe (3) agus torthaí mionsonraithe na n-anailísí ar chomhdhéanamh (4).

(5)

An 17 Bealtaine 2020 d’iarr an Coimisiún ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) measúnú a dhéanamh ar phúdar larbhaí iomlána Tenebrio molitor atá cóireáilte le UV mar bhia núíosach.

(6)

An 28 Márta 2023 ghlac an tÚdarás tuairim eolaíoch uaidh maidir le ‘Safety of UV-treated powder of whole yellow mealworm (Tenebrio molitor larva) as a novel food pursuant to Regulation (EU) 2015/2283’ [an tSábháilteacht a bhaineann le púdar minphéisteanna buí iomlána (larbha Tenebrio molitor) mar bhia núíosach de bhun Rialachán (AE) 2015/2283’] (5) i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2015/2283.

(7)

Sa tuairim eolaíoch uaidh, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhfuil púdar larbhaí iomlána Tenebrio molitor atá cóireáilte le UV sábháilte faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe agus ag na leibhéil úsáide atá beartaithe. Dá bhrí sin, is leor an foras sa tuairim eolaíoch sin chun a shuí, maidir le púdar larbhaí iomlána Tenebrio molitor atá cóireáilte le UV, nuair a úsáidtear é in arán agus rollaí, cácaí, táirgí pasta-bhunaithe, táirgí prátaí próiseáilte, cáis agus táirgí cáise, agus compóití torthaí agus glasraí atá beartaithe don phobal i gcoitinne, go gcomhlíonann sé na coinníollacha maidir lena chur ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2015/2283.

(8)

Sa tuairim sin, thug an tÚdarás dá aire freisin nach gcuireann an púdar a fhaightear de larbhaí iomlána Tenebrio molitor go mór le méid an vitimín D3 in aiste bia an duine, cé go gcuireann an chóireáil UV a dhéantar air le méid an vitimín D3 atá sa bhia núíosach é féin. Mar sin féin, agus é á chur san áireamh go bhféadfadh sé go mbeadh ann, sna bianna ina bhfuil an bia núíosach, do mhéid vitimín D a áirítear suntasach de réir Phointe 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), measann an Coimisiún gurb iomchuí tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi sin. Sna cásanna sin, beidh an ráiteas ‘tá vitimín D a ghintear trí chóireáil UV ann’ ag gabháil le hainmniú an bhia núíosaigh agus beidh méid an vitimín D atá ann sa dearbhú maidir le cothú.

(9)

Ar bhonn na fianaise teoranta atá foilsithe maidir le hailléirgí bia a nasctar le larbhaí Tenebrio molitor a thomhailt agus na fianaise a léiríonn go bhfuil roinnt próitéiní a d’fhéadfadh a bheith ailléirgineach in orgánaigh den fhíleam Arthropoda lena mbaineann Tenebrio molitor, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid sa tuairim uaidh go bhféadfadh tomhaltas an bhia núíosaigh íogrú i leith próitéiní larbhaí Tenebrio molitor a spreagadh. Dá bhrí sin, mhol an tÚdarás tuilleadh taighde a dhéanamh ar an ailléirgineacht a bhaineann le larbhaí Tenebrio molitor.

(10)

Chun aghaidh a thabhairt ar mholadh an Údaráis, tá an Coimisiún ag féachaint faoi láthair ar bhealaí inar féidir an taighde is gá a dhéanamh maidir le hailléirgineacht larbhaí Tenebrio molitor. Go dtí go ndéanfaidh an tÚdarás measúnú ar na sonraí ón taighde sin, agus ós rud é go bhfuil an fhianaise a nascann tomhaltas larbhaí Tenebrio molitor go díreach le cásanna d’íogrú príomha agus d’ailléirgí teoranta go dtí seo, measann an Coimisiún nár cheart a áireamh i gcoinníollacha úsáide an bhia núíosaigh aon cheanglas sonrach maidir le lipéadú a bhaineann le hacmhainneacht púdair a fhaightear de larbhaí iomlána Tenebrio molitor agus atá cóireáilte le UV a bheith ina chúis le híogrú príomha.

(11)

Mheas an Coimisiún sa tuairim uaidh freisin go bhféadfadh tomhaltas an phúdair a fhaightear de larbhaí iomlána Tenebrio molitor agus atá cóireáilte le UV a bheith ina chúis le frithghníomhuithe ailléirgeacha i ndaoine a bhfuil ailléirge orthu le crústach agus fíneoga deannaigh. Thairis sin, thug an tÚdarás dá aire go bhféadfadh ailléirginí breise a bheith ann sa bhia núíosach, sa chás go mbeadh na hailléirginí céanna sa tsubstráit lena mbeathaítear na feithidí. Dá bhrí sin, maidir leis na bianna ina bhfuil an púdar a fhaightear de larbhaí iomlána Tenebrio molitor agus atá cóireáilte le UV, is iomchuí go ndéantar iad a lipéadú go cuí i gcomhréir le Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2015/2283.

(12)

Sa tuairim eolaíoch uaidh, thug an tÚdarás dá aire freisin go raibh a chonclúid maidir le sábháilteacht an phúdair a fhaightear de larbhaí iomlána Tenebrio molitor agus atá cóireáilte le UV bunaithe ar na staidéir agus sonraí eolaíocha maidir leis an tuairisc mhionsonraithe ar an bpróiseas táirgthe agus ar torthaí mionsonraithe na n-anailísí ar chomhdhéanamh, staidéir agus sonraí nach bhféadfadh sé measúnú a dhéanamh ar an mbia núíosach ná teacht ar a chonclúid dá n-uireasa.

(13)

D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir soiléiriú breise a thabhairt maidir leis an réasúnú a cuireadh ar fáil i dtaca lena éileamh dílseánaigh ar na staidéir agus na sonraí eolaíocha sin, agus soiléiriú a thabhairt maidir lena éileamh ar cheart eisiach tagartha a bheith aige ina leith i gcomhréir le hAirteagal 26(2), pointe (b) de Rialachán (AE) 2015/2283.

(14)

Dhearbhaigh an t-iarratasóir go raibh cearta tagartha dílseánaigh agus eisiacha aige ar na staidéir agus sonraí sin maidir leis an tuairisc mhionsonraithe ar an bpróiseas táirgthe agus maidir le torthaí mionsonraithe na n-anailísí ar chomhdhéanamh, faoin dlí náisiúnta tráth a chuir sé an t-iarratas isteach, agus nach féidir le tríú páirtithe rochtain dhlíthiúil a fháil ar na sonraí sin, iad a úsáid ná tagairt a dhéanamh dóibh.

(15)

Rinne an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis uile a sholáthair an t-iarratasóir agus mheas sé go raibh bunús leordhóthanach tugtha aige gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283. Dá bhrí sin, na staidéir agus na sonraí eolaíocha maidir leis an tuairisc mhionsonraithe ar an bpróiseas táirgthe agus maidir le torthaí mionsonraithe na n-anailísí ar chomhdhéanamh, ba cheart iad sin a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 27(1) de Rialachán (AE) 2015/2283. Dá réir sin, is é an t-iarratasóir amháin ba cheart a údarú chun púdar a fhaightear de larbhaí iomlána Tenebrio molitor agus atá cóireáilte le UV a chur ar an margadh laistigh den Aontas ar feadh tréimhse 5 bliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(16)

Mar sin féin, maidir leis an údarú ar phúdar a fhaightear de larbhaí iomlána Tenebrio molitor agus atá cóireáilte le UV agus an tagairt do na staidéir agus na sonraí eolaíocha atá i gcomhad an iarratasóra a shrianadh d’úsáid an iarratasóra amháin, ní chuirfidh an srianadh sin cosc ar iarratasóirí eile cur isteach ar údarú ina dhiaidh sin chun an bia núíosach céanna a chur ar an margadh ar choinníoll gur ar fhaisnéis a fuarthas go dlíthiúil agus a thacaíonn leis an údarú sin atá a n-iarratas bunaithe.

(17)

Ba cheart púdar a fhaightear de larbhaí iomlána Tenebrio molitor agus atá cóireáilte le UV a áireamh i liosta an Aontais de bhianna núíosacha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470. Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir.

(18)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

(1)   Údaraítear púdar a fhaightear de larbhaí iomlána Tenebrio molitor agus atá cóireáilte le UV a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

Cuirfear púdar a fhaightear de larbhaí iomlána Tenebrio molitor agus atá cóireáilte le UV ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470.

(2)   Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Ní údaraítear ach an chuideachta Nutri’Earth (7) an bia núíosach dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur ar an margadh laistigh den Aontas, ar feadh tréimhse 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo an 10 Feabhra 2025, ach amháin má fhaigheann iarratasóir iardain údarú i dtaobh an bhia núíosaigh sin gan tagairt do na sonraí eolaíocha atá faoi chosaint de bhun Airteagal 3 nó le comhaontú ó Nutri’Earth.

Airteagal 3

Na sonraí eolaíocha atá sa chomhad iarratais agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283, ní úsáidfear iad chun tairbhe iarratasóra eile ina dhiaidh sin ar feadh tréimhse 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo gan comhaontú Nutri’Earth.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Eanair 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 327, 11.12.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/2283/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2017/2470/oj).

(3)  Nutri’Earth 2019, 2020, 2021 agus 2022 (neamhfhoilsithe).

(4)  Nutri’Earth 2019, 2020, 2021, 2022 agus 2023 (neamhfhoilsithe).

(5)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2023;21(5):8009.

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1924/2006 agus (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2002/67/CE agus 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/1169/oj).

(7)  Nutri’Earth 68, rue Louis Joseph Gay Lussac, 62220 Carvin, France.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 mar a leanas:

(1)

cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i dTábla 1 (Bianna núíosacha údaraithe):

‘Bia núíosach údaraithe

Coinníollacha faoina bhféadfar an bia núíosach a úsáid

Ceanglais lipéadaithe shonracha bhreise

Ceanglais eile

Cosaint sonraí

“Púdar larbhaí iomlána Tenebrio molitor atá cóireáilte le UV (minphéist bhuí)

Catagóir shonraithe bhia

Uasleibhéil (g/100 g)

(Uasleibhéil vitimín D3 (μg/100 g bia))

1.

Maidir leis an mbia núíosach a ainmniú ar lipéadú na n-earraí bia ina bhfuil sé, is é ‘Púdar larbhaí iomlána Tenebrio molitor atá cóireáilte le UV (minphéist bhuí)’ an t-ainmniú a bheidh air.

2.

Ar lipéadú na mbia-ábhar ina bhfuil púdar larbhaí iomlána Tenebrio molitor atá cóireáilte le UV (minphéist bhuí), beidh ráiteas go bhféadfadh an comhábhar seo a bheith ina chúis le frithghníomhuithe ailléirgeacha i gcás tomhaltóirí a bhfuil ailléirgí aitheanta orthu le crústaigh agus le táirgí díobh, agus le fíneoga deannaigh.

Beidh an ráiteas sin díreach taobh le liosta na gcomhábhar nó, in éagmais liosta comhábhar, díreach taobh le hainm an bhia.

3.

I gcás ina gcuirfear an bia núíosach le táirge deiridh ina bhfuil méid vitimín D a mheastar a bheith suntasach i gcomhréir le Pointe 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011, luafar ‘ina bhfuil vitimín D a tháirgtear trí chóireáil UV’ le hainmniú an bhia núíosaigh, agus beidh an méid vitimín D sa dearbhú maidir le cothú.

 

Údaraithe an 10 Feabhra 2025. Tá an t-áireamh sin bunaithe ar fhianaise eolaíoch dhílseánaigh agus ar shonraí eolaíocha atá faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283.

Iarratasóir: ‘Nutri’Earth 68 rue Louis Joseph Gay Lussac, 62220 Carvin, An Fhrainc.

Is é ‘Nutri’Earth’ amháin atá údaraithe chun an bia núíosach púdar larbhaí iomlána Tenebrio molitor atá cóireáilte le UV (minphéist bhuí) a chur ar an margadh laistigh den Aontas le linn na tréimhse cosanta sonraí, ach amháin má fhaigheann iarratasóir ina dhiaidh sin údarú i dtaobh an bhia núíosaigh gan tagairt don fhianaise eolaíoch dhílseánaigh ná do na sonraí eolaíochta arna gcosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283 nó le comhaontú ó ‘Nutri’Earth’.

Dáta deiridh na cosanta sonraí: an 10 Feabhra 2030.”

Arán agus rollaí

4,0 (≤ 3,2 μg vitimín D3 /100 g bia)

Cácaí

4,0 (≤ 3,2 μg vitimín D3 /100 g bia)

Táirgí pasta-bhunaithe

3,5 (≤ 2,8 μg vitimín D3 /100 g bia)

Táirgí prátaí próiseáilte

3,0 (≤ 2,4 μg vitimín D3 /100 g bia)

Cáis agus táirgí cáise

1,0 (≤ 0,8 μg vitimín D3 /100 g bia)

Compóití torthaí agus glasraí

3,5 (≤ 2,8 μg vitimín D3 /100 g bia)’;

 

(2)

i dTábla 2 (Sonraíochtaí), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach: [[Oifig na bhFoilseachán: cuir seo isteach sa leagan GA in ord aibítre]]

‘Bia núíosach údaraithe

Sonraíocht

Púdar larbhaí iomlána Tenebrio molitor atá cóireáilte le UV (minphéist bhuí)

Tuairisc/Sainmhíniú:

Is éard atá sa bhia núíosach an púdar atá cóireáilte le solas ultraivialait (UVB), púdar a fhaightear ó larbhaí Tenebrio molitor (minphéist bhuí) atá iomlán, cóireáilte go teirmeach agus meilte.

Tagraíonn an téarma ‘minphéist’ d’fhoirm larbhach Tenebrio molitor, is é sin speiceas feithidí a bhaineann le fine Tenebrionidae (ciaróga darkling). Comhchiallach eolaíochta eile atá aitheanta is é Tenebrio molitor Linnaeus.

Tá gá le tréimhse troscaidh 24 uair an chloig ar a laghad roimh chéim an triomaithe theirmigh chun ligean do na larbhaí an méid atá ina bputóg a fholmhú.

Saintréithe/Comhdhéanamh:

Garbhphróitéin (N x 6,25) (% w/w): 50,0 - 55,0

Saill (% w/w): 30,0 – 37,0

Iomlán na gcarbaihiodráití (% w/w) 6,0 – 7,5

Garbhshnáithín (% w/w): 3,0 – 4,5

Citin* (% w/w): 5,5-8,5

Luaith (% w/w): 3,0 – 4,0

Taise (% w/w): 1,4 – 3,5

Luach sárocsaíde (meq O2/kg saill): ≤ 5,0

Gníomhaíocht an uisce (aw): < 0,6

Vitimín D3 (μg/100 g): 35,0 – 79,0

Mangainéis (mg/kg): ≤ 11,5

Copar (mg/kg): ≤ 16,0

Miotail throma:

Luaidhe (mg/kg): ≤ 0,02

Caidmiam (mg/kg): ≤ 0,1

Mearcair (mg/kg): ≤ 0,005

Arsanaic (mg/kg): ≤ 0,05

Míceatocsainí:

Aflatocsain B1 (μg/kg): ≤ 2

Aflatocsainí (Suim de B1 + B2 + G1 + G2) (μg/kg): ≤ 4

Dí-ocsainiviléanól (μg/kg): ≤ 200

Ócratocsain A (μg/kg): ≤ 1

Dé-ocsainí agus PCBanna:

PCDDanna/F + PCB TEQ (pg/g saill): ≤ 0,75

Critéir mhicribhitheolaíocha:

Bacillus cereus: ≤ 100 CFU**/g

Clostridium perfringens: ≤ 10 CFU/g

Béite-Glúcúróiníodáis-deimhneach Escherichia coli: ≤ 10 CFU/g

Baictéar aeróbach méisifileach: ≤ 105 CFU/g

Listeria monocytogenes: Níor aimsíodh in 25 g

Giostaí agus múscáin: ≤ 100 CFU/g

Enterobacteriaceae: < 10 CFU/g

Stafalacocais téachtáis-deimhneacha: ≤ 100 CFU/g

Anaeróib a laghdaíonn an tsuilfít: < 10 CFU/g

Salmonella spp.: Níor aimsíodh in 25 g

*

Ríomhtar citin tríd an difríocht idir an codán Snáithín Glantaigh Aigéadaigh agus an codán Lignin Glantaigh Aigéadaí (ADF-ADL) a oibriú amach, de réir mar a thuairiscíonn Hahn et al. (2018). PCDDanna/F + PCB TEQ: Suim cuimse uachtair de dhébheinsi-dé-ocsain pholaclóirínithe (PCDDanna)-débheinseafúrán polaclóirínithe (PCDFanna) agus défheinilí polaclóirínithe de chineál dé-ocsaine (PCBanna) arna sloinneadh mar Fhachtóirí Tocsaineachta Coibhéisí de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte (TEQ) (agus úsáid á baint as WHO-TEFanna ó 2005))

**

CFU: Aonaid Déanta Coilíneachta’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/89/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)