European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/3190

31.12.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/3190 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Nollaig 2024

maidir le húsáid bisfeanóil A (BPA) agus bisfeanól agus díorthach bisfeanóil eile ag a bhfuil aicmiú comhchuibhithe i leith airíonna guaiseacha sonracha in ábhair agus earraí áirithe atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil le bia, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/213

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hábhair agus earraí atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil le bia agus lena n-aisghairtear Treoracha 80/590/CEE agus 89/109/CEE (1), agus go háirithe Airteagal 5(1), pointí (a), (d), (e), (h), (i), (j) agus (n) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An tsubstaint 4,4’-iseapróipilidéindéfheanól (Uimhir CAS 80-05-7) (FCM 151), ar a dtugtar bisfeanól A (‘BPA’) de ghnáth, úsáidtear í chun ábhair agus earraí bia-thadhaill áirithe a mhonarú. Úsáidtear é go príomha mar mhonaiméir nó mar shubstaint tosaigh i monarú roisíní eapocsacha lena ndéantar bonn vearnaisí agus brat, lena n-áirítear na vearnaisí agus brait sin a chuirtear ar dromchlaí inmheánacha agus seachtracha de phacáistiú miotail bia, amhail cannaí, cannaí stáin agus claibíní próca, mar aon le humair mhóra agus soithí a úsáidtear sa táirgeadh bia. Úsáidtear é chun cineálacha áirithe d’ábhair agus earraí bia-thadhaill plaisteacha a mhonarú freisin, lena n-áirítear na hábhair agus na hearraí sin a dhéantar as polacarbónáit agus polasulfón. Mar gheall ar a airíonna ceimiceacha ilghnéitheacha, féadfar BPA a úsáid freisin i ndúigh priontála, i ngreamacháin agus in ábhair eile a dhéanann cuid d’earraí críochnaithe bia-thadhaill. Is féidir le BPA ascnamh isteach i mbia ón ábhar nó ón earra lena bhfuil an bia sin i dtadhall, rud a fhágann go nochtar tomhaltóirí na mbianna sin do BPA.

(2)

Déantar úsáid BPA mar mhonaiméir i monarú ábhar agus bia-thadhaill plaisteach agus earraí bia-thadhaill plaisteacha a údarú le Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 ón gCoimisiún (2). Tá an úsáid sin, mar aon le láithreacht BPA i vearnaisí agus brait bhia-thadhaill, faoi réir teorainn ascnaimh shonrach (SML) 0,05 mg de BPA in aghaidh an kg de bhia (mg/kg), rud a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/213 ón gCoimisiún (3) ar bhonn tuairime ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) a foilsíodh in 2015 (4). Leis an Rialachán sin, tugadh toirmeasc isteach freisin ar úsáid BPA i gcupáin agus i mbuidéil óil pholacarbónáite do naíonáin agus do leanaí óga agus ar ascnamh BPA ó vearnaisí nó ó bhrait a chuirtear ar ábhair agus earraí bia-thadhaill a bheartaítear go sonrach a bheith i dtadhall le bainne foirmle do naíonáin, bainne foirmle leantach, bia gránachbhunaithe próiseáilte, bia naíonán, bia chun críoch míochaine ar leith a forbraíodh chun riachtanais chothaitheacha naíonán agus leanaí óga a chomhlíonadh nó deochanna bainnebhunaithe agus táirgí comhchosúla a bheartaítear go sonrach do naíonáin agus leanaí óga. Tugadh an toirmeasc sin isteach sa bhreis ar an toirmeasc ar úsáid BPA i monarú buidéal agus cupán polacarbónáite beathaithe naíonán le haghaidh leanaí óga a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 321/2011 ón gCoimisiún (5).

(3)

Tar éis don Údarás sainordú a fháil ón gCoimisiún in 2016 le hathmheastóireacht a dhéanamh ar BPA, chun torthaí na staidéar agus na sonraí eolaíocha nua a chur san áireamh chun aghaidh a thabhairt ar neamhchinnteachtaí a bhí ann fós, lena n-áirítear an t-aschur ó staidéar ainsealach 2 bhliain ó Chlár Náisiúnta Tocsaineolaíochta na Stát Aontaithe, d’fhoilsigh an tÚdarás tuairim nuashonraithe maidir le BPA in 2023 (6). Sa tuairim sin, ba é conclúid an Údaráis go bhfuil roinnt éifeachtaí díobhálacha ag BPA, lena n-áirítear ar an gcóras imdhíonachta, arbh é is íogaire d’éifeachtaí BPA dar leis. Ar an mbonn sin, leag an tÚdarás iontógáil laethúil infhulaingthe (TDI) síos, arb é sin 0,2 nanagram an cileagram (ng/kg) de mheáchan coirp, iontógáil atá 20 000 uair níos ísle ná an TDI sealadach, arb é sin, 4 mhicreagram an cileagram (μg/kg) (nó 4 000 ng/kg) de mheáchan coirp, rud a leag an tÚdarás síos sa tuairim uaidh in 2015. Thug an tÚdarás dá aire maidir le raon dáileoige, a bhí comhchosúil leis an raon a d’fhág éifeachtaí ar an gcóras imdhíonachta, go raibh éifeachtaí díobhálacha meitibileacha ann de dheasca raon na dáileoige sin freisin, mar aon le héifeachtaí díobhálacha ar na córais atáirgthe agus forbraíochta. Le comparáid idir TDI de 0,2 ng/kg de mheáchan coirp agus na meastacháin i leith nochtadh cothúcháin ó thuairim an Údaráis in 2015, léirítear gur mó ná dhá nó trí ord méadaíochta an TDI sin é an nochtadh i gcás gach aoisghrúpa. Dá bhrí sin, ba é conclúid an Údaráis go bhfuil ábhar imní ann ó thaobh na sláinte de maidir leis an nochtadh do BPA ar bhonn cothúcháin i gcás gach grúpa daonra.

(4)

Bunaithe ar an tuairim eolaíoch ón Údarás ó bhí 2023 ann, maidir le húdarú BPA lena úsáid i monarú ábhar bia-thadhaill plaisteach agus earraí bia-thadhaill plaisteacha, mar aon lena úsáid in ábhair agus earraí bia-thadhaill eile, ba cheart an t-údarú sin a thabhairt cothrom le dáta. I bhfianaise an TDI arna leagan síos ag an Údarás sa tuairim uaidh in 2023, fiú méideanna an-bheag de BPA a ascnaíonn ó ábhair agus earraí bia-thadhaill, ar méideanna iad atá roinnt ord méadaíochta faoi bhun an SML atá ann faoi láthair, d’fhéadfadh nochtadh a bheadh os cionn an TDI nua a leagadh síos eascairt as na méideanna sin. Ina theannta sin, cé go bhféadfadh sé go mbeadh gá le modhanna anailíseacha bailíochtaithe chun comhlíontacht a fhíorú nó chun tacú le rialuithe oifigiúla, níl aon mhodh den sórt sin ann lena mbeifí in ann ascnamh BPA a chainníochtú go hiontaofa agus go comhsheasmhach ar leibhéal SML a bheadh díorthaithe ón TDI nua. Dá bhrí sin, chun an oiread is féidir d’íoslaghdú a dhéanamh ar láithreacht BPA i mbia agus ar a ascnamh isteach ann, agus ar nochtadh cothúcháin na dtomhaltóirí dá éis sin dó, ba cheart úsáid BPA a thoirmeasc, lena n-áirítear úsáid a shalann, i monarú na n-ábhar agus na n-earraí bia-thadhaill sin a bhféadfadh sé a bheith ina chomhpháirt díobh, lena n-áirítear greamacháin, rubair, roisíní ianmhalartaithe, plaistigh, dúigh priontála, sileacóin agus vearnaisí agus brait.

(5)

Ar bhonn eisceachtúil, is gá criticiúlacht BPA a mheas i monarú ábhar agus earraí bia-thadhaill áirithe le haghaidh úsáidí sonracha sa táirgeadh bia agus a mhéid atá roghanna malartacha oiriúnacha ann faoi láthair, agus aon nochtadh a d’fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar na úsáidí sin a chur san áireamh mar aon le cé acu an bhfuil aon riosca don tsláinte ann dá dheasca sin.

(6)

Ar an gcéad dul síos, úsáidtear BPA mar shubstaint tosaigh i monarú roisíní polasulfóin plaisteacha. Úsáidtear na roisíní polasulfóin sin i monarú seicní deighilte le haghaidh micreascagadh agus ultrascagadh, nó mar thacaíocht micreapóiriúil le seicní polaimíde tanascannáin le haghaidh nanascagadh nó cúlosmóise. Tá na próisis sin ríthábhachtach i dtáirgeadh réimse leathan bianna, lena n-áirítear bianna déiríochta, chun a áirithiú go bhfuil siad sábháilte lena dtomhailt trí scagadh a dhéanamh ar phataiginí, lena n-áirítear víris agus baictéir mar aon le héilleáin áirithe amhail miotail throma agus lotnaidicídí. Mar sin féin, níl aon rogha mhalartach ann faoi láthair atá indéanta go teicniúil ar scála tráchtála, agus lenar féidir an neart meicniúil agus an chobhsaíocht cheimiceach is gá a sholáthar le haghaidh úsáidí den sórt sin. Ina theannta sin, chun rioscaí sláinte a sheachaint, ar rioscaí iad a d’fhéadfadh a bheith ann de dheasca láithreacht iarmhar BPA sa tseicin atá bunaithe ar pholasulfóin má úsáidtear BPA chun polasulfón a mhonarú, is féidir le monaróirí a áirithiú go ndéanfar láithreacht den sórt sin a sheachaint nó a laghdú chun nach mbeidh ann ach méideanna diomaibhseacha, de réir dea-chleachtas monaraíochta (GMP). Is féidir é sin a bhaint amach i monarú na bpolaiméirí agus sna céimeanna monaraithe críochnaitheacha chomh maith, tríd an tseicin a shruthlú agus a ghlanadh sula n-úsáidfear den chéad uair í chun aon iarmhar BPA atá fágtha a bhaint amach. Féadfaidh úsáideoir na seicne é sin a dhéanamh, lena n-áirítear oibreoir gnólachta bia. Ina theannta sin, má fhágtar rianmhéid BPA san ábhar polasulfóin, bheadh an méid iarbhír di a d’ascnódh isteach sa bhia an-íseal mar gheall ar ghiorracht na tréimhse a bhíonn an bia i dtadhall leis an tseicin. I bhfianaise an mhéid sin agus athúsáid na seicní i gcaitheamh tréimhse fhada, meastar nach bhfágann úsáid sin na seicní gur baolach go nochtfar tomhaltóirí do BPA. Agus na tosca sin á gcur san áireamh agus i bhfianaise chriticiúlacht na n-úsáidí polasulfóin sonracha sin ar mhaithe le sábháilteacht tomhaltóirí a áirithiú i leith réimse leathan earraí bia, is iomchuí maolú ón toirmeasc ar úsáid BPA a cheadú agus a úsáid a údarú go sonrach i monarú cóimeálacha seicní scagacháin polasulfóin, maille le srian nach n-ascnóidh BPA isteach i mbia.

(7)

Ar an dara dul síos, úsáidtear BPA i monarú vearnaisí agus brat atá bunaithe ar eapocsach leachtach freisin, ar vearnaisí agus brait iad a chruaitear ar dhromchla umar agus soithí móra mar aon le píobánra ina bhfuil toilleadh mór agus atá ina nasc idir na coimeádáin sin. Úsáidtear na hearraí sin go hiondúil chun bia a phróiseáil, a stóráil agus a iompar, lena n-áirítear fíonta, beoracha, olaí, táirgí déiríochta agus gráin ghránaigh. Faoi láthair, tá dúshláin fós ann maidir le hionadú tráthúil vearnaisí agus brat atá bunaithe ar BPA agus ar eapocsach le haghaidh úsáidí den sórt sin, rud ar dócha go mbeadh baint agus scrios umar agus soitheach mór fosaithe mar thoradh air, agus costais dhíréireacha dá réir sin. Mar sin féin, is féidir láithreacht BPA iarmharach a sheachaint nó a laghdú chun nach mbeidh ann ach méideanna diomaibhseacha trí dhea-chleachtas monaraíochta a leanúint agus an sruthlú agus an glanadh a úsáid roimh an gcéad úsáid chun aon BPA iarmharach atá fágtha a bhaint. Ina theannta sin, de thoradh vearnaisí agus brait den sórt sin a chur ar umair mhóra agus ar shoithí móra, fágtar go mbíonn cóimheasa ísle idir dromchla agus toirt ann a mhéid a bhaineann leis an méid bia a bhíonn i dtadhall leis an ábhar, go háirithe má bhíonn toilleadh níos mó ná 1 000 lítear sna coimeádáin i gcás nach bhfuil coinne leis go mbeadh leibhéil nochta ar BPA ann a bheadh ina riosca do thomhaltóirí de dheasca ascnamh iarbhír. Agus an méid sin á chur san áireamh mar aon le hathúsáid na gcoimeádán sin thar thréimhse fhada ama, is iomchuí maolú ar an toirmeasc ar úsáid BPA a cheadú agus a úsáid a údarú go sonrach i monarú vearnaisí agus brat leachtach atá bunaithe ar eapocsach agus a chuirtear ar dhromchla na n-earraí bia-thadhaill deiridh sin de thoilleadh mór, maille le srian nach n-ascnóidh BPA isteach i mbia.

(8)

Ag céimeanna roimh mhonarú na n-ábhar agus na n-earraí bia-thadhaill, féadfar BPA a úsáid freisin mar réamhtheachtaí i sintéis cheimiceach monaiméirí eile nó substaintí tosaigh eile, amhail éitear déghlicidile bisfeanóil-A (‘BADGE’) (Uimh. CAS 1675-54-3) agus dá réir sin, féadfaidh sé a bheith ina chuid de struchtúr ceimiceach substaintí den sórt sin, as a n-eascraíonn bisfeanól nó díorthach bisfeanóil eile. Cé go bhfuil difríocht cheimiceach áirithe idir bisfeanóil nó díorthaigh bisfeanóil eile agus BPA féin, d’fhéadfadh sé go mbeadh méideanna beaga BPA in ábhair agus earraí bia-thadhaill de thoradh a n-úsáide mar mhonaiméirí nó mar shubstaintí tosaigh eile i monarú ábhar agus earraí bia-thadhaill. Is amhlaidh atá go háirithe i gcás roisíní eapocsacha leachtacha a mhonarú, a chuirtear, mar vearnaisí nó brait, ar fhoshraith agus earra bia-thadhaill deiridh á mhonarú. Dá bhrí sin, cé nach amhlaidh, le rialacha an Aontais maidir le hábhair agus earraí bia-thadhaill, a dhéantar na céimeanna, sula bhfoirmítear monaiméirí nó substaintí tosaigh eile, a rialáil i bprionsabal, ba cheart a áirithiú, maidir le húsáid na mbisfeanól nó na ndíorthach bisfeanóil eile mar mhonaiméirí nó mar shubstaintí tosaigh eile, nach mbeidh BPA saor san ábhar nó sna hearraí bia-thadhaill a bheidh ann dá thoradh sin, lena n-áirítear ábhair bia-thadhaill idirmheánacha a bheidh le húsáid chun earraí bia-thadhaill deiridh a mhonarú.

(9)

De thoradh BPA a thoirmeasc, beidh ar oibreoirí gnólachta substaintí a shainaithint — lena n-áirítear bisfeanóil agus díorthaigh bisfeanóil eile — atá ina rogha mhalartach shábháilte chun BPA a athsholáthar i monarú ábhar agus earraí bia-thadhaill, chun leanúint de bheith ag freastal go leordhóthanach ar riachtanais an bhiashlabhra agus chun an tsábháilteacht bia a áirithiú. Mar iarmhairt ar chosúlachtaí ina struchtúr agus ina ngníomhaíocht cheimiceach, d’fhéadfadh rioscaí a bheith ag baint le bisfeanóil nó le díorthaigh bisfeanóil áirithe eile atá comhchosúil le rioscaí BPA nuair a úsáidtear iad in ábhair agus earraí bia-thadhaill agus nuair a ascnaíonn siad isteach i mbia. Deimhníodh cheana féin go bhfuil airíonna ag bisfeanóil áirithe atá guaiseach do shláinte an duine mar gheall ar a dtocsaineacht maidir le síolrú agus a bhí, dá bhrí sin, faoi réir aicmiú comhchuibhithe agus a liostaítear amhlaidh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Áirítear leis sin 4,4’-sulfóinildéfheanól (Uimhir CAS 80-09-1) (FCM 154), ar a dtugtar bisfeanól S (‘BPS’) de ghnáth, atá údaraithe faoi láthair lena úsáid in ábhair agus earraí bia-thadhaill plaisteacha. D’eisigh an tÚdarás Tuarascáil Theicniúil maidir le BPS in 2020 (8), nár cuireadh san áireamh inti an tacar sonraí tocsaineolaíochta iomlán a bhí ar fáil i gcás BPS, ach mhol an tÚdarás go mbaileofaí sonraí maidir le húsáid BPS in ábhair agus earraí bia-thadhaill plaisteacha agus maidir le teagmhas agus ascnamh BPS isteach i mbia i gcomhthéacs na húsáide a d’fhéadfaí a bhaint as mar rogha mhalartach ar BPA. Is leor é sin ann féin mar thacaíocht leis an ngá leis an measúnú ar úsáid BPS in ábhair agus earraí bia-thadhaill a thabhairt cothrom le dáta, go háirithe i bhfianaise a aicmithe chomhchuibhithe mar shubstaint atá tocsaineach don atáirgeadh, de chatagóir 1B. Is dócha go ndéanfar aicmiú comhchuibhithe breise ar bhisfeanóil agus ar dhíorthaigh bhisfeanóil amach anseo, tar éis cuid díobh a bheith sainaitheanta mar shubstaintí arb údar mór imní iad faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus aicmí guaise nua a bheith tugtha isteach le haghaidh suaiteoirí inchríneacha le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/707 ón gCoimisiún (10). Is iomchuí, dá bhrí sin, a áirithiú nach gceadófar úsáid a bhaint as bisfeanóil nó as díorthaigh bhisfeanóil ag a bhfuil aicmiú comhchuibhithe sonrach, lena n-áirítear salainn na substaintí sin, i monarú ábhar agus earraí bia-thadhaill, gan measúnú cothrom le dáta ón Údarás, lena léirítear nach gcuireann a n-úsáid sláinte an duine i mbaol.

(10)

Ós rud é go bhféadfadh sé go mbeadh gá le bisfeanóil ghuaiseacha nó díorthaigh bisfeanóil ghuaiseacha den sórt sin nó go mbeidís criticiúil i monarú ábhar agus earraí bia-thadhaill le haghaidh úsáid shonrach i gcás nach bhfuil roghanna malartacha oiriúnacha ann, ba cheart an fhéidearthacht a thabhairt d’oibreoirí gnólachta iarratas a dhéanamh ar údarú chun an bisfeanól guaiseach nó an díorthach bisfeanóil guaiseach faoi seach a úsáid i monarú ábhar agus earraí bia-thadhaill le haghaidh úsáid shonrach. Ba cheart iarratais ar údarú na mbisfeanól guaiseach nó na ndíorthach bisfeanóil guaiseach den sórt sin a chur isteach i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 maidir le húdarú substaintí. Ar choinníoll go ndéanfar an t-iarratas sin laistigh de thráthchlár réasúnta, maidir le hábhair agus earraí bia-thadhaill, arna monarú trí úsáid a bhaint as bisfeanól nó díorthach bisfeanóil guaiseach atá ar an margadh cheana féin, ba cheart cead a thabhairt chun leanúint díobh a chur ar an margadh go dtí go mbeidh cinneadh déanta ag an gCoimisiún maidir leis an iarratas.

(11)

Cé go bhfuil treoirlínte ann maidir le hiarratas ar údarú substainte a ullmhú agus a chur isteach, arb údarú substainte i monarú ábhar agus earraí bia-thadhaill atá ann, go háirithe maidir le hábhair agus earraí bia-thadhaill plaisteacha, d’fhéadfadh sé gur ghá na treoirlínte sin a thabhairt cothrom le dáta nó a fhorlíonadh, i gcomhréir leis na forbairtí eolaíocha is déanaí agus le ceanglais an Údaráis, go sonrach maidir le measúnú a dhéanamh ar bhisfeanóil ghuaiseacha nó ar dhíorthaigh bisfeanóil ghuaiseacha, lena n-áirítear a n-úsáid in ábhair seachas ábhair phlaisteacha. I gcomhréir leis an tionscnamh ‘substaint amháin, measúnú amháin’ ón gCoimisiún, ba cheart don Údarás agus don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán oibriú i gcomhar le chéile, ós rud é go bhfuil an Ghníomhaireacht sin i mbun an phróisis cheana féin chun measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht na mbisfeanól agus a ndíorthach. Chun tacú leis an obair sin, oibreoirí gnólachta a bhíonn ag brath ar bhisfeanól guaiseach nó ar dhíorthach bisfeanóil guaiseach a úsáid chun a n-ábhair agus a n-earraí bia-thadhaill a mhonarú, ba cheart dóibh faisnéis a chur faoi bhráid an Údaráis más gá, maidir leis an úsáid atá á baint as na bisfeanóil agus as na díorthaigh bhisfeanóil sin faoi láthair.

(12)

Cé go bhfuil bonn cirt le húsáid leanúnach BPA faoi láthair chun líon an-teoranta ábhar agus earraí bia-thadhaill a mhonarú le haghaidh úsáidí sonracha agus nach mbaineann riosca do-ghlactha leis an úsáid sin, ba cheart an aidhm a bheith ann san fhadtéarma BPA a athsholáthar ina iomláine, mar aon le bisfeanóil eile agus a ndíorthaigh ag a bhfuil airíonna sonracha atá an-ghuaiseach do shláinte an duine, agus roghanna malartacha a chur ina n-ionad nach bhfuil na hairíonna sin acu. Chun an méid sin a chur chun cinn agus chun é a chur ar chumas an Choimisiúin meastóireacht a dhéanamh ar an ngá leanúnach atá le maoluithe a leagtar síos leis an Rialachán seo, is iomchuí é a chur de cheangal ar tháirgeoirí na n-ábhar agus na n-earraí ábhartha bia-thadhaill, a úsáideann BPA nó bisfeanól guaiseach nó díorthaigh bisfeanóil ghuaiseacha eile, tuairisciú ar stádas na bhforbairtí maidir le réitigh mhalartacha. Mar sin féin, agus an gá á chur san áireamh leis an ualach rialála ar ghnólachtaí beaga agus meánmhéide (‘FBManna’) a íoslaghdú, is iomchuí feidhm a bheith ag an gceanglas sin maidir le gnólachtaí móra, rud lena ndéanfar acmhainneacht agus acmhainní níos mó a spreagadh chun roghanna malartacha a fhorbairt agus a thabhairt isteach.

(13)

Ar chúiseanna comhsheasmhachta, maidir leis na rialacha i dtaca le comhlíontacht a sheiceáil, lena n-áirítear rialacha maidir le húsáid ionsamhlach bia agus dálaí tástála, mar aon le rialacha maidir le sloinneadh torthaí tástála, ba cheart na rialacha sin a bheith i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 maidir le hábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia. Maidir le roghnú na modhanna anailíseacha chun a dheimhniú nár ascain BPA nó bisfeanóil ghuaiseacha nó díorthaigh bisfeanóil ghuaiseacha eile, ba cheart an rogha a bheith i gcomhréir le ceanglais an Aontais maidir le rialuithe oifigiúla. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé nach mbeidh modhanna ann chun a chinneadh nach bhfuil na substaintí sin in ábhair agus earraí bia-thadhaill, ar modhanna iad is féidir a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach ar fud an Aontais cheana féin. Dá bhrí sin, tar éis dul i gcomhairle leis na Saotharlanna Náisiúnta Tagartha agus leis na páirtithe leasmhara ábhartha, d’fhéadfadh sé gur ghá iarraidh ar Shaotharlann Tagartha an Aontais Eorpaigh modhanna den sórt sin a fhorbairt laistigh de thréimhse arna comhaontú leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit.

(14)

I gcomhréir le hAirteagal 16(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004, beidh sé de cheanglas le bearta sonracha arna nglacadh ag an gCoimisiún go mbeidh dearbhú i scríbhinn ag gabháil leis na hábhair agus na hearraí bia-thadhaill, ar dearbhú é lena bhfianófar go gcomhlíonann siad na rialacha is infheidhme (‘dearbhú comhlíontachta’). Ba cheart an dearbhú sin a bheith ag gabháil leis na hábhair agus na hearraí bia-thadhaill ag gach céim den phróiseas lena gcur ar an margadh, ach amháin le linn na céime miondíola, amhail bia pacáistithe a aistriú nó ábhair agus earraí bia-thadhaill a dhíol le tomhaltóirí. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh an dearbhú comhlíontachta ina sheilbh ag gach oibreoir gnólachta atá freagrach as ábhair bia-thadhaill idirmheánacha mar aon le hearraí bia-thadhaill deiridh a chur ar an margadh. Ar mhaithe le soiléireacht agus simplíocht i leith na comhlíontachta, agus na forálacha idirthréimhseacha á gcur san áireamh go háirithe, ba cheart léiriú a chuimsiú sa dearbhú ar cé acu ar úsáideadh BPA nó bisfeanóil nó díorthaigh bisfeanóil ábhartha eile i monarú an ábhair nó an earra bia-thadhaill.

(15)

Chun comhleanúnachas a áirithiú agus comhlíontacht a éascú, ba cheart feidhm a bheith ag ceanglais an Rialacháin seo maidir leis na hábhair agus na hearraí bia-thadhaill ábhartha uile, lena n-áirítear plaistigh. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 maidir le hábhair agus earraí bia-thadhaill plaisteacha a leasú dá réir.

(16)

Is athrú mór é an toirmeasc ar úsáid BPA ó úsáid na n-ábhar agus na n-earraí bia-thadhaill a foirmlíodh go sonrach, arb ábhair agus earraí iad ar ar bhraith oibreoirí gnólachta le blianta fada anuas chun ábhair agus earraí bia-thadhaill a mhonarú le haghaidh mórán úsáidí difriúla, agus a úsáidtear go forleathan san Aontas faoi láthair. Tá sé sin fíor go háirithe i gcás vearnaisí agus brait a chuirtear ar pacáistiú miotail, ar cás é a bhfuil na céadta foirmlithe féideartha de roisíní eapocsacha ann atá bunaithe ar BPA, de réir riachtanais an earra bia-thadhaill deiridh. Dá bhrí sin, maidir leis an aistriú chuig ábhair agus earraí bia-thadhaill a mhonaraítear gan an gá le BPA, ba cheart an t-aistriú sin a eagrú ionas nach gcuirfear sábháilteacht an bhia i mbaol agus nach gcuirfear isteach ar bhiashlabhraí laistigh den Aontas. Cuid mhór oibreoirí gnólachta, go háirithe iad siúd i slabhra soláthair an phacáistithe miotail vearnaiseáilte agus brataithe, bhí siad réamhghníomhach agus iad ag ullmhú don aistriú ó BPA agus tá athruithe tionscanta cheana féin mar fhreagairt ar éileamh ón slabhra soláthair. Chun go mbeidh tréimhse ag oibreoirí gnólachta an próiseas sin a chur i gcrích agus na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh, earraí bia-thadhaill deiridh a chomhlíonann na rialacha atá ann cheana mar is infheidhme roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, seachas na rialacha is infheidhme sa Rialachán seo, ba cheart cead a thabhairt iad a chur ar mhargadh an Aontais den chéad uair ar feadh idirthréimhse 18 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(17)

I gcás ábhair agus earraí bia-thadhaill sonracha áirithe, áfach, ní leor idirthréimhse 18 mí, ós rud é go dteastaíonn tréimhse bhreise ó oibreoirí gnólachta chun roghanna malartacha a shainaithint, agus a n-indéantacht theicniúil, ar an mórchóir do mhargadh iomlán an Aontais, a áirithiú. Áirítear leis sin an tréimhse a chaitear chun foirmlithe athsholáthair a fhorbairt go hiomlán agus measúnú a dhéanamh ar a bhfeidhmiúlacht agus ar a bhfeidhmíocht in aghaidh paraiméadair chriticiúla, lena n-áirítear an tsábháilteacht ceimiceán, cosaint an bhia chun trochlú micribhitheolaíoch a sheachaint agus seilfré leordhóthanach a áirithiú, i gcás nach bhfuil aon mhodh luathaithe ann chun seilfré a thástáil, sula ndéanfar méadú faoi dheireadh ar na foirmlithe sin lena gcur ar fáil ar leibhéal tráchtála. Dá bhrí sin, tá gá le tréimhse bhreise le haghaidh an aistrithe chun ábhair agus earraí bia-thadhaill sonracha a athfhoirmliú agus chun deireadh iomlán a chur le BPA de réir a chéile, agus cur isteach ar an mbiashlabhra á sheachaint an tráth céanna.

(18)

Go sonrach, torthaí agus glasraí áirithe a leasaítear laistigh de channaí stáin vearnaiseáilte nó brataithe nó de phrócaí gloine ar a gcuirtear claibíní vearnaiseáilte, cruthaíonn siad timpeallacht aigéadach laistigh den phacáistiú. Leis sin, cuirtear ualach breise faoi seach leis na céimeanna bailíochtúcháin is gá chun a áirithiú go bhfuil na roghanna malartacha sábháilte agus go bhfeidhmíonn siad de réir mar is gá. Ina theannta sin, mar gheall ar chineál séasúrach tháirgeadh na dtorthaí agus na nglasraí mar aon le cineál séasúrach na dtáirgí iascaigh, cruthaítear buaicphointí sa táirgeadh bia agus, dá bhrí sin, buaicphointí san éileamh ar phacáistiú le linn tréimhsí áirithe, éileamh nach féidir a chomhlíonadh le pacáistiú arna mhonarú gan BPA agus leis an cineál pacáistithe sin amháin, le linn idirthréimhse chaighdeánach na 18 mí. Dá bhrí sin, ionas go mbeidh dóthain ama ann chun úsáidí na gcineálacha pacáistithe sin a mhéadú de réir scála tráchtála agus chun cur amú bia a sheachaint, is iomchuí cead a thabhairt earraí bia-thadhaill deiridh a chur ar an margadh le linn tréimhse 36 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, arb earraí iad ina n-úsáidtear vearnaisí agus brait arna monarú le BPA, go sonrach i gcás an phacáistithe a úsáidtear chun torthaí, glasraí agus táirgí éisc phróiseáilte a leasú.

(19)

Tá foirmlithe chun vearnaisí agus brait a mhonarú lena n-úsáidtear roghanna malartacha ar BPA agus a chuirtear ar dhromchlaí seachtracha ar phacáistiú miotail á bhforbairt freisin cé nach bhfuil forbairtí den sórt sin tagtha chomh fada chun cinn agus atá na forbairtí sin i gcás na ndromchlaí inmheánacha. Dá bhrí sin, tá gá le hidirthréimhse is faide ná 18 mí le haghaidh na dtáirgí sin freisin, agus meastar, ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag an tionscal, gur 36 mhí a bheidh san idirthréimhse sin. Maidir le BPA atá i vearnaisí agus i mbrait a chuirtear ar dhromchla seachtrach an phacáistithe miotail, cuireann an fhoshraith mhiotail, a fheidhmíonn mar shraith bhacainne, cosc ar BPA ascnamh isteach i mbia go hiondúil. Mar sin féin, d’fhéadfadh BPA aistriú i ndromchla inmheánach an phacáistithe ar uairibh, arb é an dromchla sin a bhíonn i dtadhall le bia ar deireadh le linn mhonarú na n-ábhar agus na n-earraí vearnaiseáilte agus brataithe bia-thadhaill, bíodh sin trí thadhall díreach de thoradh ‘aistriú neamhbheartaithe’ nó aistriú le linn phas na gaile. Ós rud é go bhféadfar é sin a íoslaghdú nó deireadh a chur leis trí dhea-chleachtais monaraíochta, lena laghdaítear an riosca go dtarlóidh an t-aistriú sin, agus ós rud é go bhfuil feidhm na vearnaisí agus na mbrat tábhachtach chun sláine phacáistiú agus shábháilteacht an bhia a áirithiú, is iomchuí idirthréimhse 36 mhí a dheonú. Le tréimhse den sórt sin, chumasófaí aistriú chuig earraí deiridh lena n-úsáidtear vearnaisí agus brait arna monarú gan BPA, lena gcur ar dhromchlaí seachtracha an phacáistithe miotail.

(20)

I gcás earraí deiridh aon úsáide bia-thadhaill, lena n-áirítear pacáistiú miotail, is minic a úsáidtear iad chun bia a phacáistiú ag a bhfuil seilfré fhada agus a fhéadfar, dá bhrí sin, a stóráil agus a chaitheamh ar feadh roinnt blianta tar éis phacáistiú an bhia, ar tréimhse í sin a leanfar den ascnamh agus den nochtadh do BPA lena linn. Chun teorainn a chur le tréimhse tomhaltais an bhia arna phacáistiú in earraí deiridh aon úsáide bia-thadhaill ina bhfuil BPA, maidir leis na hearraí deiridh aon úsáide bia-thadhaill sin a úsáidtear le haghaidh pacáistiú bia, ba cheart iad a líonadh le bia agus a shéalú laistigh de 12 mhí ó dheireadh na n-idirthréimhsí faoi seach. Ina dhiaidh sin, is iomchuí dá ainneoin sin cead a thabhairt bia pacáistithe a chur ar an margadh go dtí go n-ídeofar stoic, chun cur amú bia agus cur isteach ar bhiashlabhraí a sheachaint.

(21)

Earraí bia-thadhaill deiridh áirithe arna monarú le BPA, úsáidtear iad mar chomhpháirteanna athúsáide i dtrealamh tháirgeadh gairmiúil an bhia, amhail múnlaí milseogra, séalaí, caidéil, feirí, tomhsairí agus gloine amhairc. Maidir le hearraí deiridh athúsáide bia-thadhaill a úsáidtear mar threalamh tháirgeadh gairmiúil an bhia, ní éasca iad uile a mhonarú le hábhair nach gá BPA lena monarú. Is minic is gá earraí athsholáthair a dhearadh agus a tháirgeadh, lena gcuirfear a bhfeidhm agus a n-idirghníomhaíocht le comhpháirteanna eile san áireamh mar chuid de chóras foriomlán táirgthe nó próiseála bia, chun seachaint nach gá an córas iomlán a athsholáthar. Agus na tosca sin á gcur san áireamh, is iomchuí idirthréimhse 36 mhí a cheadú i gcás n-earraí bia-thadhaill deiridh sin, chun leanúnachas an tsoláthair bia a áirithiú, agus an gá á aithint an tráth céanna le hoibreoirí gnólachta a threorú chun dul chun cinn a dhéanamh maidir le deireadh a chur de réir a chéile le teicneolaíochtaí atá bunaithe ar BPA agus iad a athsholáthar ina n-iomláine ar deireadh.

(22)

Maidir le hearraí deiridh athúsáide bia-thadhaill, chun seachaint nach gcruthóidh dáileoirí stoic mhóra d’earraí a chumhdaítear leis na bearta idirthréimhseacha a leagtar síos sa Rialachán seo, is iomchuí, i gcás na n-earraí sin a bheidh curtha ag monaróirí ar an margadh den chéad uair, go bhféadfar leanúint dá gcur ar an margadh lena ndíol agus lena gcur ar aghaidh chuig custaiméirí, lena n-áirítear oibreoirí gnólachta bia nó tomhaltóirí, ar feadh uastréimhse bliana amháin. Maidir le hearraí deiridh athúsáide bia-thadhaill agus a úsáidtear mar threalamh tháirgeadh gairmiúil an bhia, ní bheadh sé praiticiúil ná éifeachtúil scor díobh agus deireadh a chur lena n-úsáid toisc gur minic is cuid de chóras níos mó iad agus d’fhéadfadh sé gur ghá an córas sin a athsholáthar ina iomláine láithreach, agus costais agus ualach díréireach ar ghnólachtaí bia i gceist, lena n-áirítear FBManna. Dá bhrí sin, féadfaidh gnólachtaí bia leanúint d’úsáid an earra deiridh athúsáide bia-thadhaill sin go dtí go scoirfidh an t-earra dá fheidhmiúlacht agus gur gá é a athsholáthar.

(23)

Leis na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, dímholtar na bearta a leagadh síos i Rialachán (AE) 2018/213. Dá bhrí sin is iomchuí, an Rialachán sin a aisghairm.

(24)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Is beart sonrach é an Rialachán seo de réir bhrí Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004.

2.   Leis an Rialachán seo bunaítear ceanglais shonracha maidir le 4,4’-iseapróipilidéindéfheanól (‘bisfeanól A’ nó ‘BPA’) (Uimh. CAS 80-05-7) agus a shalainn mar aon le bisfeanóil ghuaiseacha agus díorthaigh bisfeanóil ghuaiseacha eile, a mhéid a bhaineann lena n-úsáid i monarú na ngrúpaí ábhar agus earraí bia-thadhaill seo a leanas atá faoi raon feidhme Airteagal 1(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004, arb ábhair agus earraí iad a chuirtear ar mhargadh an Aontais:

(a)

greamacháin;

(b)

rubair;

(c)

roisíní ianmhalartaithe;

(d)

plaistigh;

(e)

dúigh priontála;

(f)

sileacóin; agus

(g)

vearnaisí agus brait.

3.   Leis an Rialachán seo bunaítear ceanglais shonracha freisin maidir le cion BPA in ábhair agus in earraí bia-thadhaill, arb ábhair agus earraí iad a monaraíodh agus bisfeanól nó díorthach bisfeanóil eile á n-úsáid.

Airteagal 2

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe in Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 10/2011.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas freisin:

(a)

ciallaíonn ‘earraí bia-thadhaill deiridh’ táirgí ina bhfuil ábhar agus earra bia-thadhaill amháin nó níos mó agus atá faoi raon feidhme Airteagal 1(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004, atá ina staid chríochnaithe le haghaidh úsáid deiridh, gan aon phróiseáil ná modhnú ceimiceach, bitheolaíoch nó fisiceach breise a bheith déanta orthu, seachas tuilleadh próiseála nó modhnaithe lena líonadh le bia, ar mhaithe lena n-úsáid le haghaidh pacáistiú aon úsáide, lena n-áirítear próiseas an tséalaithe;

(b)

ciallaíonn ‘ábhair bia-thadhaill idirmheánacha’ ábhair a bheartaítear próiseáil nó modhnú ceimiceach, bitheolaíoch nó fisiceach breise a dhéanamh orthu chun bheith ina n-earra deiridh bia-thadhaill ina n-iomláine, nó ina gcuid d’earra den sórt sin, seachas tuilleadh próiseála nó modhnaithe lena líonadh le bia, lena n-úsáid le haghaidh pacáistiú aon úsáide, lena n-áirítear próiseas an tséalaithe;

(c)

ciallaíonn ‘bisfeanól’ substaint arb é atá inti dhá fheidhmghrúpa hiodrocsaifeinile atá nasctha le hadamh ceangail amháin, i gcomhréir le struchtúr A a leagtar síos in Iarscríbhinn I agus lena n-áirítear foirm shalainn an bhisfeanóil. Féadfar grúpaí breise a chur i gceangal leis an adamh ceangail;

(d)

ciallaíonn ‘díorthach bisfeanóil’ substaint a léirítear le struchtúr ginearálta B a leagtar síos in Iarscríbhinn I, gan foirm salainn bhisfeanóil a áireamh;

(e)

ciallaíonn ‘bisfeanól guaiseach nó díorthach bisfeanóil guaiseach’ bisfeanól nó díorthach bisfeanóil a liostaítear i gCuid 3 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 i ngeall ar a aicmiú comhchuibhithe mar chatagóir 1A nó 1B ‘só-ghineach’, ‘carcanaigineach’, ‘tocsaineach don atáirgeadh’ nó ‘suaiteoir inchríneach’ do shláinte an duine’ de catagóir 1.

Airteagal 3

Toirmeasc ar BPA a úsáid

1.   Tá toirmeasc ar BPA agus ar a shalainn a úsáid i monarú ábhar agus earraí bia-thadhaill dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus ar ábhair agus earraí bia-thadhaill arna monarú trí úsáid BPA a chur ar mhargadh an Aontais.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfar BPA agus a shalainn a úsáid i monarú ábhar agus earraí bia-thadhaill le haghaidh úsáid shonrach a leagtar amach in Iarscríbhinn II, faoi réir na srianta a leagtar síos inti sin.

Airteagal 4

Toirmeasc ar BPA a bheith in ábhair agus in earraí bia-thadhaill a ndéantar bisfeanóil nó díorthaigh bisfeanóil eile a úsáid ina monarú

Ní bheidh aon iamhar BPA in ábhair ná in earraí bia-thadhaill a monaraíodh trí úsáid a bhaint as bisfeanól nó díorthach bisfeanóil eile.

Airteagal 5

Toirmeasc ar úsáid na mbisfeanól guaiseach seachas BPA nó díorthaigh bisfeanóil guaiseacha

1.   Tá toirmeasc ar úsáid na mbisfeanól guaiseach seachas BPA nó díorthaigh bisfeanóil guaiseacha i monarú ábhar agus earraí bia-thadhaill dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus ar ábhair agus ar earraí bia-thadhaill, arna monarú trí úsáid a bhaint as bisfeanóil ghuaiseacha seachas BPA nó díorthaigh bisfeanóil ghuaiseacha, a chur ar an margadh.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfar bisfeanól guaiseach seachas BPA nó díorthaigh bisfeanóil ghuaiseacha a úsáid i monarú ábhar agus earraí bia-thadhaill le haghaidh úsáid shonrach agus féadfar na hábhair agus na hearraí bia-thadhaill sin a chur ar an margadh má údaraíodh an úsáid sin i gcomhréir le hAirteagal 6 agus má leagtar amach in Iarscríbhinn II í.

3.   De mhaolú ar mhír 1, maidir le bisfeanól guaiseach seachas BPA nó díorthach bisfeanóil guaiseach, nach bhfuil a úsáid údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 6 agus a leagtar amach in Iarscríbhinn II, féadfar é a úsáid i monarú ábhar agus earraí bia-thadhaill le haghaidh úsáid shonrach agus ceadaítear na hábhair agus na hearraí bia-thadhaill sin a chur ar an margadh má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

úsáideadh é cheana féin i monarú na n-ábhar agus na n-earraí bia-thadhaill céanna le haghaidh na húsáide sonraí sin ar cheann de na dátaí seo a leanas:

(i)

cibé acu an dáta a fhoilsíonn an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(4) maidir le bisfeanóil ghuaiseacha agus díorthaigh bisfeanóil ghuaiseacha a bhfuil feidhm ag an aicmiú comhchuibhithe maidir leo an dáta sin; nó

(ii)

nuair a bheidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(4) foilsithe ag an Údarás, an dáta a mbeidh feidhm ag an aicmiú comhchuibhithe maidir leis an mbisfeanól ghuaiseach nó leis an díorthach bisfeanóil guaiseach a liostaítear i gCuid 3 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008; agus

(b)

cuirtear isteach an t-iarratas dá dtagraítear in Airteagal 6(1) laistigh de 9 mí ó cheann de na dátaí seo a leanas:

(i)

cibé acu an dáta a fhoilsíonn an tÚdarás an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(4) maidir le bisfeanóil ghuaiseacha agus díorthaigh bisfeanóil ghuaiseacha a bhfuil feidhm ag an aicmiú comhchuibhithe maidir leo an dáta sin; nó

(ii)

nuair a bheidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(4) foilsithe ag an Údarás, an dáta a mbeidh feidhm ag an aicmiú comhchuibhithe maidir leis an mbisfeanól ghuaiseach nó leis an díorthach bisfeanóil guaiseach a liostaítear i gCuid 3 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008; agus

(c)

comhlíonann na hábhair agus na hearraí bia-thadhaill na rialacha de réir mar is infheidhme roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo; agus

(d)

nach mbeidh cinneadh déanta ag an gCoimisiún maidir leis an úsáid de bhun Airteagal 6(3).

Airteagal 6

Údarú maidir le bisfeanóil ghuaiseacha seachas BPA nó díorthaigh bisfeanóil ghuaiseacha a úsáid i monarú ábhar agus earraí bia-thadhaill le haghaidh úsáid shonrach

1.   Chun údarú a fháil maidir le bisfeanól guaiseach seachas BPA nó díorthach bisfeanóil guaiseach a úsáid i monarú ábhair nó earra bia-thadhaill le haghaidh úsáid shonrach, cuirfear iarratas isteach i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004.

2.   I gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004, eiseoidh an tÚdarás tuairim maidir le bisfeanól guaiseach nó díorthach bisfeanóil guaiseach a úsáid i monarú ábhair nó earra bia-thadhaill le haghaidh úsáid shonrach ar cuireadh iarratas bailí isteach ina leith i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004. I gcás ina bhfaighidh an tÚdarás roinnt iarratas maidir leis an mbisfeanól guaiseach céanna nó leis an díorthach bisfeanóil guaiseach céanna, féadfaidh an tÚdarás aon tuairim amháin a fhoilsiú maidir leis an mbisfeanól guaiseach sin nó leis an díorthach bisfeanóil guaiseach sin.

3.   Dá éis sin, glacfaidh an Coimisiún beart sonrach i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004, lena ndéanfar nó nach ndéanfar, faoi réir srianta i gcás inarb iomchuí, údarú a thabhairt chun an bisfeanól guaiseach nó an díorthach bisfeanóil guaiseach a úsáid chun an t-ábhar nó an t-earra bia-thadhaill a mhonarú le haghaidh úsáid shonrach. I gcás a údaraithe, déanfar an bisfeanól guaiseach nó an díorthach bisfeanóil guaiseach a áireamh in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo dá réir sin.

4.   Chun críoch mhír 1, agus roimh an 20 Eanair 2027, foilseoidh an tÚdarás aschur eolaíoch lena dtabharfar tuairisc mhionsonraithe ar an bhfaisnéis is gá chun measúnú a dhéanamh ar úsáid na mbisfeanól guaiseach nó na ndíorthach bisfeanóil guaiseach, i monarú ábhar agus earraí bia-thadhaill le haghaidh úsáid shonrach, agus lena ndéanfar na treoirlínte mionsonraithe dá dtagraítear in Airteagal 9(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 a fhorlíonadh nó a thabhairt cothrom le dáta i gcás inar gá. Rachaidh an tÚdarás agus an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán i gcomhar le chéile chun na críche sin.

5.   Arna iarraidh sin don Údarás, déanfaidh oibreoirí gnólachta a úsáideann bisfeanóil nó díorthaigh bhisfeanóil i monarú ábhar agus earraí bia-thadhaill sonraí a sholáthar maidir le húsáid na mbisfeanól agus na ndíorthach bisfeanóil i monarú ábhar agus earraí bia-thadhaill chun eolas a chur ar fáil ar mhaithe leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 4 a ullmhú.

Airteagal 7

Oibleagáidí tuairiscithe maidir le substaintí malartacha ar BPA, bisfeanóil ghuaiseacha agus díorthaigh bisfeanóil ghuaiseacha a leagtar síos in Iarscríbhinn II

1.   Déanfaidh oibreoirí gnólachta a úsáideann BPA, bisfeanóil ghuaiseacha nó díorthaigh bisfeanóil ghuaiseacha eile a liostaítear in Iarscríbhinn II faisnéis a sholáthar don Choimisiún maidir le stádas substaintí malartacha.

De mhaolú air sin, is ar bhonn deonach a dhéanfar an tuairisciú sin do mhicrifhiontair, d’fhiontair bheaga agus d’fhiontair mheánmhéide mar a shainmhínítear sa Mholadh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 (11).

2.   Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar fáil don Choimisiún tar éis 4 bliana agus 5 bliana ar a dhéanaí tar éis an dáta óna n-údaraítear úsáid an bhisfeanóil ghuaisigh nó an díorthaigh bisfeanóil ghuaisigh lena úsáid i monarú an ábhair nó an earra bia-thadhaill le haghaidh úsáid shonrach. Déanfar an fhaisnéis sin a thabhairt cothrom le dáta agus a chur ar fáil don Choimisiún tar éis 4 bliana agus 5 bliana ar a dhéanaí ón dáta roimhe a cuireadh an fhaisnéis isteach, má bhíonn an t-údarú fós i bhfeidhm chun an bisfeanól guaiseach nó an díorthach bisfeanól guaiseach a úsáid ar mhaithe leis an earra deiridh bia-thadhaill le haghaidh bia úsáid shonrach.

Airteagal 8

Dearbhú comhlíontachta agus doiciméadacht tacaíochta

1.   Maidir le hábhair agus earraí bia-thadhaill a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus nach bhfuil i dtadhall le bia go fóill, mar aon le bisfeanóil agus díorthaigh bhisfeanóil a bheartaítear a úsáid mar mhonaiméirí nó mar shubstaintí tosaigh eile i monarú na n-ábhar agus na n-earraí bia-thadhaill sin, áiritheoidh oibreoirí gnólachta go mbeidh dearbhú i scríbhinn dá dtagraítear in Airteagal 16(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ag gabháil leo ag gach céim mhargaíochta seachas an chéim mhiondíola, ar dearbhú é ina luafar go gcomhlíonann siad na rialacha is infheidhme maidir leo (‘dearbhú comhlíontachta’).

2.   Beidh an fhaisnéis a leagtar síos in Iarscríbhinn III sa dearbhú comhlíontachta.

3.   Beidh doiciméadacht tacaíochta iomchuí ar fáil chun an chomhlíontacht sin a léiriú. Cuirfear an doiciméadacht sin ar fáil gan mhoill do na húdaráis inniúla arna iarraidh sin dóibh.

Airteagal 9

Comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo a fhíorú

1.   Chun comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo a fhíorú, roghnófar modhanna tástála iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).

2.   Maidir le roghnú na modhanna a úsáidtear chun a fhíorú nach bhfuil BPA, bisfeanól guaiseach nó díorthach bisfeanóil guaiseach eile in ábhar nó earra bia-thadhaill, nó nach scaoileann sé na substaintí sin isteach i mbia os cionn na teorann sonraithe braite nó na teorann ascnaimh shonraigh, tá feidhm ag na rialacha breise seo a leanas:

(a)

i gcás ina mbeidh modh forbartha nó molta ag Saotharlann Tagartha an Aontais Eorpaigh (‘EURL’) le haghaidh ábhair bia-thadhaill, úsáidfear an modh sin;

(b)

beidh teorainn braite 1 μg/kg i gceist le modh ach amháin i gcás ina leagfar teorainn braite dhifriúil amach in Iarscríbhinn II, nó mar chuid den mhodh a mholtar i gcomhréir le pointe (a)

(c)

chun a fhíorú nach bhfuil BPA, bisfeanól guaiseach nó díorthach bisfeanóil guaiseach eile in ábhar nó earra bia-thadhaill, úsáidfear modh eastósctha.

3.   Rachaidh Saotharlann Tagartha an Aontais Eorpaigh um Bia agus ábhair bia-thadhaill i gcomhairle leis na saotharlanna náisiúnta tagartha agus leis na páirtithe leasmhara ábhartha chun modhanna féideartha a shainaithint chun críoch mhír 2. I gcás ina gcinnfidh an tSaotharlann nach bhfuil modh oiriúnach ann ar leibhéal an Aontais chun críche fíorúcháin ar leith a thiocfaidh ó mhír 2, cuirfidh sí forbairt an mhodha sin i gcrích laistigh de dháta a chomhaontófar leis an gCoimisiún.

4.   Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas chun críocha fíorúcháin maille le teorainneacha braite nó ascnaimh sonracha:

(a)

sloinnfear torthaí tástála i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos in Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 10/2011;

(b)

déanfar comhlíontacht le teorann ascnaimh a shuí i gcomhréir le hAirteagal 18, Iarscríbhinn III agus Caibidil 1 agus Caibidil 2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 10/2011;

(c)

i gcás ina dtarlóidh an tadhall intuartha faoi thosca sreafa leanúnaigh, amhail i bpíobáin nó i gcóimeálacha scagacháin, beidh an t-aga tástála cothrom le haga cónaithe meánach an bhia sa phíobán sin nó sa chóimeáil scagacháin sin.

Airteagal 10

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 10/2011

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 mar a leanas:

(1)

In Airteagal 6, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘6.   De mhaolú ar Airteagal 5, 2,2-bis(4-hiodrocsaifeinil)própán (‘bisfeanól A’ nó ‘BPA’) (Uimh. CAS 80-05-7) agus bisfeanóil ghuaiseacha nó díorthaigh bisfeanóil ghuaiseacha mar a shainmhínítear agus atá faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2024/3190, ní fhéadfar iad a úsáid ach amháin i monarú ábhar agus earraí plaisteacha i gcomhréir leis an Rialachán sin.’

;

(2)

i dTábla 1 d’Iarscríbhinn I, scriostar na hiontrálacha a bhaineann le substaint Uimh. 151 (2,2-bis(4-hiodrocsaifeinil)própán) agus leis an tsubstaint Uimh. 154 (sulfón 4,4′-déhiodrocsaidhéfheinile).

Airteagal 11

Forálacha idirthréimhseacha a bhaineann le hearraí deiridh aon úsáide bia-thadhaill

1.   Maidir le hearraí deiridh aon úsáide bia-thadhaill arna monarú trí úsáid BPA agus a chomhlíonann na rialacha mar is infheidhme roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, arb earraí iad nach gcomhlíonann na rialacha atá sa Rialachán seo, féadfar iad a chur ar an margadh go dtí an 20 Iúil 2026.

2.   De mhaolú ar mhír 1, maidir leis na hearraí seo a leanas, arb earraí deiridh aon úsáide bia-thadhaill iad a chomhlíonann na rialacha de réir mar is infheidhme roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, nach gcomhlíonann na rialacha atá sa Rialacháin seo, féadfar iad a chur ar an margadh go dtí an 20 Eanair 2028:

(a)

earraí deiridh aon úsáide bia-thadhaill a bheartaítear chun na hearraí bia seo a leanas a leasú:

(i)

torthaí nó glasraí, gan táirgí a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2001/112/CE ón gComhairle a áireamh (13); nó

(ii)

táirgí iascaigh mar a shainmhínítear le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14);

(b)

earraí deiridh aon úsáide bia-thadhaill nár cuireadh vearnais nó bratú, arna monarú trí úsáid BPA, orthu ach ar an dromchla miotail lasmuigh.

3.   Earraí deiridh aon úsáide bia-thadhaill a chuirtear ar an margadh i gcomhréir le míreanna 1 agus 2, féadfar iad a líonadh le bia agus a shéalú le linn an 12 mhí tar éis dhul in éag na hidirthréimhse is infheidhme. Féadfar an bia pacáistithe a bheidh ann dá thoradh sin a chur ar an margadh go dtí go n-ídeofar na stoic.

Airteagal 12

Forálacha idirthréimhseacha a bhaineann le hearraí deiridh athúsáide bia-thadhaill

1.   Maidir le hearraí deiridh athúsáide bia-thadhaill a mhonaraítear trí úsáid BPA agus a chomhlíonann na rialacha mar is infheidhme roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, arb earraí iad nach gcomhlíonann na rialacha atá sa Rialachán seo, féadfar iad a chur ar an margadh den chéad uair go dtí an 20 Iúil 2026.

2.   De mhaolú ar mhír 1, earraí deiridh athúsáide bia-thadhaill a úsáidtear mar threalamh tháirgeadh gairmiúil an bhia, agus a chomhlíonann na rialacha de réir mar is infheidhme roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, arb earraí iad nach gcomhlíonann na rialacha atá sa Rialachán seo, féadfar iad a chur ar an margadh den chéad uair go dtí an 20 Eanair 2028.

3.   Maidir le hearraí bia-thadhaill deiridh athúsáide a cuireadh ar an margadh den chéad uair i gcomhréir le mír 1 agus mír 2, féadfaidh siad a bheith ar an margadh fós go dtí an 20 Eanair 2029 ar a dhéanaí.

Airteagal 13

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (AE) 2018/213.

Airteagal 14

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Nollaig 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 338, 13.11.2004, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/1935/oj.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2011 maidir le hábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil le bia (IO L 12, 15.1.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/10/oj).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 2018/213 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2018 maidir le bisfeanól A a úsáid i vearnaisí agus brait atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil le bia agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 a mhéid a bhaineann le húsáid na substainte sin in ábhair bia-thadhaill phlaisteacha agus earraí bia-thadhaill plaisteacha (IO L 41, 14.2.2018, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/213/oj).

(4)   The EFSA Journal [Iris EFSA], 2015;13(1):3978.

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 321/2011 ón gCoimisiún an 1 Aibreán 2011 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 a mhéid a bhaineann le srian ar úsáid Bisfeanól A i mbuidéil phlaisteacha beathaithe naíonáin (IO L 87, 2.4.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2011/321/oj).

(6)   The EFSA Journal [Iris EFSA], 2023;21(4):6857.

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1; ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1272/oj).

(8)  Foilseacháin Tacaíochta de chuid EFSA 2020;17(4):1844.

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1907/oj).

(10)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/707 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 a mhéid a bhaineann le haicmí guaise agus critéir maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán (IO L 93, 31.3.2023, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/707/oj).

(11)  Moladh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2003/361/oj).

(12)  Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/625/oj).

(13)  Treoir 2001/112/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le súnna torthaí agus táirgí cosúla áirithe a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine, (IO L 10, 12.1.2002, lch. 58, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2001/112/oj).

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais do bhia de thionscnamh ainmhíoch (IO L 139, 30.4.2004, lch. 55, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/853/oj).


IARSCRÍBHINN I

Is é seo a leanas struchtúr ceimiceach na substaintí a bhfuil feidhm ag an sainmhíniú ‘bisfeanól’ agus ‘díorthach bisfeanóil’ maidir leo:

(A)

Struchtúr bisfeanóil

(B)

Struchtúr díorthaigh bhisfeanóil

Image 1

Image 2

Nótaí. Tagraíonn X d’aon ghrúpa ceangail lena ndeighiltear an dá fháinne feinile le haon adamh amháin, ach is féidir aon mhalartaí a bheith ag an adamh.

Tagraíonn R1 go R10 d’aon mhalartaí ar bith. Ní adamh hidrigine (H) ceann amháin ar a laghad de na malartaithe.


IARSCRÍBHINN II

Liosta an Aontais de BPA agus de bhisfeanóil ghuaiseacha agus de dhíorthaigh bisfeanóil ghuaiseacha eile atá údaraithe lena n-úsáid i monarú ábhar agus earraí bia-thadhaill agus earraí le haghaidh úsáidí sonracha

Colún 1 (Uimh. ÁBT na substainte): uimhir Ábhair Bia-Thadhaill na substainte

Colún 2 (Uimh. CAS): uimhir Chláraithe na Seirbhíse Achoimreachtaí Ceimiceán (CAS)

Colún 3 (Ainm na substainte): ainm IUPAC an cheimiceáin

Colún 4 (Cineál ábhair): an grúpa ábhar agus earraí a fhéadfar a chumhdach le bearta sonracha

Colún 5 (Úsáid shonrach): an úsáid shonrach a bhfuil srian ar úsáid na substainte ina leith agus a bhfuil feidhm ag an maolú maidir léi

Colún 6 (Srianta eile): srianta eile a bhfuil feidhm acu

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

(6)

Uimh. ÁBT na substainte

Uimh. CAS

Ainm na substainte

Cineál ábhair

Úsáid shonrach

Srianta eile

151

80-05-7

4,4’-iseapróipilidenedéfeanól (bisfeanól A)

Vearnaisí agus brait

A bhfuiltear lena n-úsáid mar mhonaiméir nó mar shubstaint tosaigh i monarú roisíní eapocsaigh leachtaigh atá le cur ar ábhair nó ar earraí féintacaithe teagmhála bia ar mó ná 1 000 lítear a dtoilleadh

Ní bheidh ascnamh isteach i mbia inbhraite.

Déanfar na hearraí deiridh teagmhála bia a ghlanadh agus a shruthlú sula dtabharfar i dtadhall le bia iad den chéad uair iad

Plaistigh

A bhfuiltear lena úsáid mar mhonaiméir nó mar shubstaint tosaigh i monarú cóimeálacha seicne scagacháin polasulfóin

Ní bheidh ascnamh isteach i mbia inbhraite.

Déanfar na hearraí deiridh teagmhála bia a ghlanadh agus a shruthlú sula dtabharfar i dtadhall le bia iad den chéad uair iad


IARSCRÍBHINN III

Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa dearbhú comhlíontachta dá dtagraítear in Airteagal 8:

(1)

céannacht agus seoladh mar aon le sonraí teagmhála lena n-áirítear uimhir theileafóin reatha nó seoladh ríomhphoist an oibreora gnó a eisíonn an dearbhú comhlíontachta;

(2)

céannacht agus seoladh mar aon le sonraí teagmhála lena n-áirítear uimhir theileafóin reatha nó seoladh ríomhphoist an oibreora gnó a mhonaraíonn nó a allmhairíonn an t-ábhar nó an t-earra teagmhála bia;

(3)

céannacht an ábhair nó an earra teagmhála bia, lena n-áirítear ábhair idirmheánacha teagmhála bia agus earraí deiridh teagmhála bia;

(4)

dáta an dearbhaithe;

(5)

liosta d’aon bhisfeanól nó de dhíorthaigh bhisfeanóil a úsáidtear chun an t-ábhar nó an t-earra teagmhála bia a mhonarú;

(6)

ráiteas go gcomhlíonann an t-ábhar nó an t-earra teagmhála bia idirmheánach nó an t-earra deiridh teagmhála bia an Rialachán seo agus na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 3, 15 agus 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/3190/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)