![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/3096 |
6.12.2024 |
CINNEADH (CBES) 2024/3096 ÓN gCOMHAIRLE
an 5 Nollaig 2024
lena leasaítear Cinneadh 2012/389/CBES maidir le Misean Fothaithe Achmhainneachta an Aontais Eorpaigh sa tSomáil (EUCAP Somalia)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 42(4) agus Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 16 Iúil 2012, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2012/389/CBES (1), lenar bunaíodh Misean an Aontais Eorpaigh um Fhorbairt Acmhainní Muirí Réigiúnacha i gCorn na hAfraice (EUCAP NESTOR). |
(2) |
An 12 Nollaig 2016, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2016/2240 (2), lenar leasaíodh sainordú an Mhisin le go ndíreofaí leis ar fhothú acmhainneachta sa tSomáil agus athraíodh ainm an Mhisin go EUCAP Somalia. |
(3) |
An 12 Nollaig 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/2445 (3), lenar leasaíodh Cinneadh 2012/389/CBES agus lenar cuirteadh síneadh le EUCAP Somalia go dtí an 31 Nollaig 2024. |
(4) |
I gcomhthéacs an Athbhreithnithe Straitéisigh Iomlánaíoch agus Chomhordaithe ar rannpháirtíocht CBSC sa tSomáil agus i gCorn na hAfraice, chomhaontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála gur cheart síneadh a chur le EUCAP Somalia go dtí an 28 Feabhra 2027. Ina theannta sin, chomhaontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála gur cheart do EUCAP Somalia rannchuidiú le comhairle, oiliúint agus trealamh a chur ar fáil d’Fhórsa Póilíneachta Cónaidhme na Somáile ar mhaithe leis an smacht reachta a bhunú de réir a chéile sa tSomáil, agus, anuas air sin, cúnamh a thabhairt don tSomáil maidir lena hacmhainneacht slándála muirí a neartú chun go mbeidh sí in ann an dlí muirí a fhorfheidhmiú ar bhealach níos éifeachtaí. |
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2012/389/CBES a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh 2012/389/CBES mar a leanas:
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 2 agus 3: ‘Airteagal 2 Ráiteas Misin 1. Rannchuideoidh EUCAP Somalia le comhairle, oiliúint agus trealamh a chur ar fáil d’Fhórsa Póilíneachta Cónaidhme na Somáile ar mhaithe leis an smacht reachta a bhunú de réir a chéile sa tSomáil. 2. Anuas air sin, déanfaidh EUCAP Somalia cúnamh a thabhairt don tSomáil maidir lena hacmhainneacht slándála muirí a neartú chun go mbeidh sí in ann an dlí muirí a fhorfheidhmiú ar bhealach níos éifeachtaí. Airteagal 3 Cúraimí 1. Chun an Ráiteas Misin a leagtar amach in Airteagal 2 a bhaint amach, déanfaidh EUCAP Somalia an méid seo a leanas:
2. Ina theannta sin, arna iarraidh sin do Phoblacht Djibouti, cuirfidh EUCAP Somalia, de réir a acmhainne agus a chumais, oiliúint ar fáil in Ionad Oiliúna Réigiúnach Djibouti, go háirithe chun tacú le hiarrachtaí fothaithe acmhainneachta Gharda Cósta Djibouti.’ |
(2) |
in Airteagal 13(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis: ‘Is é EUR 110 240 125,06 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá ceaptha an caiteachas a bhaineann le EUCAP Somalia a chumhdach don tréimhse ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 28 Feabhra 2027.’ ; |
(3) |
in Airteagal 16, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír: ‘Beidh feidhm aige go dtí an 28 Feabhra 2027.’. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Nollaig 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
CSEPREGHY N.
(1) Cinneadh 2012/389/CBES ón gComhairle an 16 Iúil 2012 maidir le Misean Fothaithe Achmhainneachta an Aontais Eorpaigh sa tSomáil (EUCAP Somalia) (IO L 187, 17.7.2012, lch. 40).
(2) Cinneadh 2016/2240/CBES ón gComhairle an 12 Nollaig 2016 lena leasaítear Cinneadh 2012/389/CBES maidir le Misean an Aontais Eorpaigh um Fhorbairt Acmhainní Muirí Réigiúnacha i gCorn na hAfraice (EUCAP NESTOR) (IO L 337, 13.12.2016, lch. 18).
(3) Cinneadh 2022/2445 ón gComhairle an 12 Nollaig 2022 lena leasaítear Cinneadh 2012/389/CBES maidir le Misean Fothaithe Acmhainneachta an Aontais Eorpaigh sa tSomáil (EUCAP Somalia) (IO L 319, 13.12.2022, lch. 91).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/3096/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)