European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2769

28.10.2024

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/2769 ÓN gCOIMISIÚN

an 30 Bealtaine 2024

lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na córais is infheidhme a leagan síos chun seasmhacht feidhmíochta táirgí foirgníochta a mheasúnú agus a fhíorú i ndáil leis na saintréithe sár-riachtanacha maidir le hinbhuanaitheacht chomhshaoil agus lena leasaítear an Rialachán sin a mhéid a bhaineann le seasmhacht feidhmíochta táirgí foirgníochta a mheasúnú agus a fhíorú bunaithe ar chur chuige samhaltaithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú agus lena n-aisghairtear Treoir 89/106/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 28(2) i gcomhar le hAirteagal 60, pointe (e), agus Airteagal 28(2) i gcomhar le hAirteagal 60, pointe (h), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le forbairtí teicneolaíocha is féidir cur chuige samhaltaithe a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar sheasmhacht feidhmíochta táirgí foirgníochta. Leis an dul chun cinn teicneolaíoch sin is féidir córas measúnaithe agus fíoraithe a bhunú nuair a chuirtear i bhfeidhm bailiú sonraí le haghaidh luachanna ionchuir, toimhdí agus samhaltú le tacaíocht ó bhogearraí nó gan tacaíocht ó bhogearraí.

(2)

Sa rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 (2), cuireadh fáilte roimh chuspóir an Choimisiúin an earnáil foirgníochta a dhéanamh níos inbhuanaithe trí aghaidh a thabhairt ar fheidhmíocht inbhuanaitheachta táirgí foirgníochta, mar a fógraíodh sa Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach (3). Sna Conclúidí ón gComhairle maidir leis an nGeilleagar Ciorclach san Earnáil Foirgníochta an 28 Samhain 2019 (4), áitíodh ar an gCoimisiún ciorclaíocht táirgí foirgníochta a éascú. Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún in 2020 dar teideal ‘Straitéis nua Tionsclaíochta don Eoraip’ (5) cuireadh béim ar an ngá atá ann aghaidh a thabhairt ar inbhuanaitheacht táirgí foirgníochta agus leagadh béim ar thimpeallacht thógtha níos inbhuanaithe a bheith riachtanach d’aistriú na hEorpa i dtreo neodracht aeráide. An Teachtaireacht ón gCoimisiún in 2021 dar teideal ‘Straitéis Tionsclaíochta Nua 2020 a nuashonrú: Margadh Aonair níos láidre a thógáil do théarnamh na hEorpa’ (6) aithníodh an fhoirgníocht mar cheann de na héiceachórais tosaíochta a bhfuil na dúshláin is tábhachtaí rompu a chomhlíonann spriocanna aeráide agus inbhuanaitheachta agus glacadh leis an gclaochlú digiteach, agus a bhfuil iomaíochas na hearnála foirgníochta ag brath air. I ngeall ar fhorbairtí teicneolaíocha ó thaobh measúnú saolré de, tá saintréithe sár-riachtanacha áirithe a bhaineann le buncheanglas 3 i leith oibreacha foirgníochta (sláinteachas, sláinte agus an comhshaol) agus le buncheanglas 7 i leith oibreacha foirgníochta (úsáid inbhuanaithe acmhainní nádúrtha) ar fáil le cur chun feidhme sa chreat rialála le haghaidh táirgí foirgníochta. Is iomchuí, dá bhrí sin, rialacha a leagan síos chun feidhmíocht inbhuanaitheachta comhshaoil táirgí foirgníochta a dhearbhú.

(3)

Chun freagairt don dul chun cinn teicneolaíoch, ba cheart Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 a oiriúnú trí mheasúnú agus fíorú nua ar sheasmhacht feidhmíochta AVCP 3+ a chur leis lena sainítear na cúraimí atá le déanamh sa phróiseas lena measúnaítear agus lena bhfíoraítear seasmhacht feidhmíochta táirgí foirgníochta nuair a chuirtear i bhfeidhm bailiú sonraí le haghaidh luachanna ionchuir, toimhdí agus samhaltú le tacaíocht ó bhogearraí nó gan tacaíocht ó bhogearraí. Tá gá le leasú den sórt sin chun a áirithiú go mbeidh monaróirí in ann measúnú a dhéanamh ar na saintréithe sár-riachtanacha a bhaineann le hinbhuanaitheacht chomhshaoil a dtáirgí.

(4)

Chun é a chur ar a gcumas do mhonaróirí rochtain a fháil ar an margadh inmheánach ar bhealach níos éifeachtúla agus, ar an gcaoi sin, rannchuidiú le hiomaíochas níos fearr sa tionscal foirgníochta ina iomláine, ba cheart córas nua AVCP 3+ a bheith infheidhme maidir le saintréithe sár-riachtanacha lena dtugtar aghaidh ar inbhuanaitheacht chomhshaoil. Má chuirtear córas nua AVCP i bhfeidhm, níor cheart ualach riaracháin breise a bheith ar mhonaróirí a bhfuil an toimhde acu cheana go mbaineann a dtáirgí leibhéal nó aicme áirithe feidhmíochta amach gan tástáil ná ríomh. Dá bhrí sin, ba cheart a shoiléiriú nach bhfuil feidhm ag an gcóras nua AVCP 3+ maidir leis na táirgí sin nach dteastaíonn tástáil ná ríomh ina leith faoi láthair.

(5)

Tá dlúthnasc idir forálacha an Rialacháin seo, ós rud é go mbaineann siad le soiléiriú an chórais AVCP is infheidhme maidir le saintréithe sár-riachtanacha lena dtugtar aghaidh ar inbhuanaitheacht chomhshaoil, mar aon leis an ngá atá ann athruithe teicneolaíochta a chur san áireamh lena bhforáiltear do mheasúnú samhaltaithe ar na saintréithe sin agus córas nua a thabhairt isteach chun seasmhacht feidhmíochta a mheasúnú agus a fhíorú (AVCP 3+). Chun comhleanúnachas idir na forálacha sin a áirithiú, is gá a áireamh in aon Rialachán amháin an soiléiriú ar an gcóras is infheidhme chun measúnú a dhéanamh ar na saintréithe sár-riachtanacha i ndáil le hinbhuanaitheacht chomhshaoil táirgí foirgníochta agus an leasú iarmhartach ar Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 305/2011.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déanfar táirgí foirgníochta a mheasúnú agus a fhíorú maidir le seasmhacht feidhmíochta i ndáil lena saintréithe sár-riachtanacha maidir le hinbhuanaitheacht chomhshaoil i gcomhréir leis na córais a shonraítear in Iarscríbhinn I.

Airteagal 2

Leasaítear Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Bealtaine 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 88, 4.4.2011, lch. 5, ELI:http://data.europa.eu/eli/reg/2011/305/oj.

(2)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Márta 2021 maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú (an Rialachán maidir le Táirgí Foirgníochta) (2020/2028(INI))

(3)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Plean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach le go mbeadh an Eoraip níos glaine agus níos iomaíche (COM(2020) 98 final an 11 Marta 2020).

(4)  An Geilleagar Ciorclach in Earnáil na Foirgníochta – Conclúidí ón gComhairle, a glacadh an 8 Samhain 2019, 13814/19.

(5)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún Straitéis Tionsclaíochta Nua don Eoraip (COM(2020)102 final an 10 Márta 2020).

(6)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Updating the 2020 New Industrial Strategy: Building a stronger Single Market for Europe’s recovery [An straitéis nua tionsclaíochta don Eoraip a nuashonrú: Margadh aonair níos láidre a thógáil le haghaidh théarnamh na hEorpa] (COM(2021) 350 final an 5 Bealtaine 2021).


IARSCRÍBHINN I

CÓRAIS MEASÚNAITHE AGUS FÍORAITHE SEASMHACHTA FEIDHMÍOCHTA

I gcás na dtáirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, agus a saintréithe sár-riachtanacha á gcur san áireamh, beidh feidhm mar seo a leanas ag na córais chun Seasmhacht Feidhmíochta a Mheasúnú agus a Fhíorú (córas AVCP) mar a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 305/2011:

Tábla 1

Le haghaidh saintréithe sár-riachtanacha maidir le hinbhuanaitheacht chomhshaoil

Fo-aicmí táirgí

Córas AVCP

1

Táirgí arb ann do bhunús dlí Eorpach is infheidhme ina leith chun a chinneadh go meastar go mbaineann siad leibhéal nó aicme áirithe feidhmíochta amach gan tástáil ná ríomh, nó gan tuilleadh tástála ná ríomha

4

2

Táirgí nach mbaineann leis na fo-aicmí a leagtar amach i ró 1

3+


IARSCRÍBHINN II

Leasaítear Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 mar a leanas:

(1)

leasaítear pointe 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear pointe 1.4a. Córas 3+ seo a leanas isteach:

‘1.4a.   Córas 3+

(a)

Déanfaidh an monaróir an méid seo a leanas:

(i)

measúnú ar fheidhmíocht an táirge ar bhonn sonraí a bhailiú maidir le luachanna ionchuir, toimhdí agus samhaltú;

(ii)

rialú ar tháirgeacht mhonarchan.

(b)

Is é an comhlacht bailíochtaithe measúnaithe dá dtugtar fógra a dhéanfaidh cinneadh maidir le heisiúint, srianadh, fionraí nó tarraingt siar na tuarascála bailíochtaithe maidir le seasmhacht feidhmíochta an táirge foirgníochta ar bhonn thoradh na measúnuithe agus na bhfíoruithe seo a leanas arna ndéanamh ag an gcomhlacht sin:

(i)

bailíochtú na luachanna ionchuir, na dtoimhdí a rinneadh agus comhlíonadh na rialacha cineálacha is infheidhme nó na rialacha is infheidhme a bhaineann go sonrach le catagóir táirgí;

(ii)

bailíochtú mheasúnú an mhonaróra;

(iii)

bailíochtú an phróisis atá á chur i bhfeidhm chun an measúnú sin a ghiniúint;

(iv)

bailíochtú ar úsáid cheart na mbogearraí atá iomchuí don mheasúnú;

(v)

cigireacht tosaigh ar an monarcha mhonaraíochta chun aon sonraí a bhaineann go sonrach le cuideachta a bhailíochtú.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1.6:

‘1.6.   Táirgí foirgníochta ar eisíodh Measúnú Teicniúil Eorpach ina leith

Maidir le comhlachtaí dá dtugtar fógra atá ag tabhairt faoi chúraimí faoi Chórais 1+, 1, 3 agus 3+ chomh maith le monaróirí atá ag tabhairt faoi chúraimí faoi Chóras 2+ agus faoi Chóras 4, breithneoidh siad an Measúnú Teicniúil Eorpach a eisíodh don táirge foirgníochta atá i gceist mar mheasúnú ar fheidhmíocht an táirge sin. Dá bhrí sin, ní dhéanfaidh na comhlachtaí dá dtugtar fógra ná na monaróirí na cúraimí dá dtagraítear i bpointí 1.1.(b)(i), 1.2.(b)(i), 1.3.(a)(i), 1.4.(b), 1.4a.(a)(i) agus 1.5.(a)(i) faoi seach.’;

(2)

i bpointe 2, cuirtear an pointe (4) seo a leanas leis:

‘(4)

comhlacht um bailíochtú measúnaithe: comhlacht dá dtugtar fógra, i gcomhréir le Caibidil VII, chun an measúnú ar fheidhmíocht táirgí foirgníochta a bhailíochtú.’;

(3)

i bpointe 3, cuirtear an pointe 6 seo a leanas leis:

‘6.

Inbhuanaitheacht chomhshaoil.’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/2769/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)