|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2760 |
28.10.2024 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2024/2760 ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Deireadh Fómhair 2024
lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach agus go háirithe Airteagal 31(2) de,
Ag féachaint do Chinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (1), agus go háirithe Airteagal 1a(11), an dara fomhír, de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 31 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/512/CBES. |
|
(2) |
An 21 Bealtaine 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/1470 (2). Le Cinneadh (CBES) 2024/1470, leasaíodh Cinneadh 2014/512/CBES agus bunaíodh ranníocaíocht airgeadais atá dlite don Aontas trí thaisclanna lárnacha urrús a bhfuil cúlchistí agus sócmhainní Bhanc Ceannais na Rúise ina seilbh acu ar mó a luach iomlán ná EUR 1 mhilliún, atá coibhéiseach le 99,7 % de ghlanbhrabúis agus a eascraíonn as na hioncaim urghnácha gan choinne a fhabhraíonn chuig na taisclanna sin ó bhí 15 Feabhra 2024 ann de thoradh chur chun feidhme na mbeart sriantach, go háirithe an toirmeasc a leagtar síos in Airteagal 1a(4) de Chinneadh 2014/512/CBES agus in Airteagal 5a(4) de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle (3). |
|
(3) |
Díreofar an ranníocaíocht airgeadais a tugadh isteach le Cinneadh (CBES) 2024/1470 ar an Úcráin, ó tá damáiste ollmhór déanta ag cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine san Úcráin féin, agus is é EUR 452,8 billiún na costais téarnaimh agus atógála a mheastar ón 31 Nollaig 2023. Thairis sin, tá rochtain ar mhargaí airgeadais idirnáisiúnta caillte ag an Úcráin agus tá laghdú suntasach tagtha ar a hioncam poiblí, agus tá méadú suntasach tagtha ar a caiteachas poiblí. I bhfianaise an mhéid sin, is féidir riachtanais chistiúcháin shubstainteacha a thuar do na blianta atá le teacht. |
|
(4) |
An 30 Márta 2023 chomhaontaigh an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) clár 4 bliana USD 15,6 billiún leis an Úcráin faoin tSaoráid Fhadaithe Chistiúcháin chun cobhsaíocht eacnamaíoch agus airgeadais a chothú tráth a bhfuil éiginnteacht thar a bheith mór ann, chun inbhuanaitheacht fiachais a athbhunú, agus chun athchóirithe a chur chun cinn a thacóidh le téarnamh na hÚcráine sa tréimhse iarchogaidh. Measann CAI gurb é USD 121,9 billiún an bhearna mhaoiniúcháin iomlán bhunlíne le linn thréimhse chlár CAI. |
|
(5) |
I bhfianaise dhéine leanúnach an chogaidh, agus an damáiste a dhéantar do bhonneagar sibhialtach criticiúil na hÚcráine de dheasca ionsaithe méadaithe mórscála ag an Rúis, ní mór don Úcráin acmhainní suntasacha breise a shlógadh dá tosaíochtaí buiséadacha agus tosaíochtaí fadtéarmacha téarnaimh agus atógála. Ós rud é go bhfuil bearna iarmharach sa mhaoiniú fós de bhreis ar na hacmhainní atá soláthraithe cheana féin ag an Aontas, ag deontóirí eile agus ag institiúidí idirnáisiúnta airgeadais, lena n-áirítear CAI, ba cheart don Aontas leanúint d’fhreagairt iomchuí a thabhairt. |
|
(6) |
Sna conclúidí uaithi an 27 Meitheamh 2024, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach na conclúidí uaithi roimhe seo maidir le tacaíocht leanúnach a thabhairt do neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta agus d’athdhearbhaigh sí tiomantas daingean an Aontais tacaíocht leanúnach pholaitiúil, airgeadais, eacnamaíoch, dhaonnúil, mhíleata agus taidhleoireachta a chur ar fáil don Úcráin. D’iarr sí ar an gCoimisiún, ar an Ardionadaí agus ar an gComhairle an obair a thabhairt ar aghaidh, agus aghaidh á tabhairt an tráth céanna ar na gnéithe ábhartha dlíthiúla agus airgeadais uile, chun cistiú breise a sholáthar don Úcráin faoi dheireadh na bliana i bhfoirm iasachtaí a sheirbhíseofar agus a aisíocfar le sreafaí den ioncam urghnách amach anseo. Ceapadh na hiasachtaí d’fhonn thart ar EUR 50 billiún a bhaint amach in éineacht le comhpháirtithe G7 mar a phléigh Ceannairí G7, chun tacú le riachtanais mhíleata, bhuiséadacha agus atógála na hÚcráine atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo. Chuir an Chomhairle Eorpach in iúl freisin gur cheart, faoi réir dhlí an Aontais, sócmhainní na Rúise a bheith blocáilte fós go dtí go gcuirfidh an Rúis deireadh lena cogadh foghach ar an Úcráin agus go gcúiteoidh sí í as an damáiste atá déanta de dheasca an chogaidh sin. |
|
(7) |
Dá bhrí sin, bunaíodh Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin le Rialachán (AE) 2024/2773 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) chun tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha sholáthar don Úcráin. Tá an cúnamh sin le soláthar d’fhonn cabhrú leis an Úcráin cúnamh macrairgeadais eisceachtúil i bhfoirm iasachta arna soláthar ag an Aontas agus iasachtaí incháilithe breise arna soláthar ag comhpháirtithe G7 a aisíoc chun tacú le riachtanais bhuiséadacha na hÚcráine. |
|
(8) |
I bhfianaise na bhforbairtí sin, is iomchuí athbhreithniú a dhéanamh ar leithdháileadh na ranníocaíochta airgeadais a leagtar amach in Airteagal 1a(11) de Chinneadh 2014/512/CBES. Ní dhéanann an t-athbhreithniú sin difear ar bhealach ar bith do sheasamh na mBallstát a staon ón vótáil agus a rinne dearbhú foirmiúil i gcomhréir le hAirteagal 31(1), an dara fomhír, den Chonradh ar an Aontas Eorpach i nglacadh Chinneadh (CBES) 2024/1471 ón gComhairle (5). |
|
(9) |
Ba cheart riachtanais an tSásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin a léiriú san athbhreithniú ar leithdháileadh na ranníocaíochta airgeadais tríd an gcéatadán méadaithe a leithdháiltear ar chláir an Aontais arna maoiniú ó bhuiséad an Aontais, agus riachtanais cúnaimh mhíleata na hÚcráine á gcur san áireamh ag an am céanna. |
|
(10) |
Ba cheart feidhm a bheith ag an athbhreithniú ar leithdháileadh na ranníocaíochta airgeadais maidir leis an dara híocaíocht leathbhliantúil den ranníocaíocht airgeadais in 2025 agus maidir leis na híocaíochtaí uile ina dhiaidh sin. |
|
(11) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2014/512/CBES a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 1a(11), an chéad fhomhír, de Chinneadh 2014/512/CBES, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):
|
‘(a) |
an tSaoráid Eorpach Síochána: 5 %; |
|
(b) |
cláir de chuid an Aontais a mhaoinítear le buiséad an Aontais: 95 %.’. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige seo maidir leis an dara híocaíocht leathbhliantúil den ranníocaíocht airgeadais in 2025 agus maidir leis na híocaíochtaí uile ina dhiaidh sin.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Deireadh Fómhair 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
BÓKA J.
(1) IO L 229, 31.7.2014, lch. 13.
(2) Cinneadh (CBES) 2024/1470 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2024 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L, 2024/1470, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1470/oj).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) 2024/2773 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2024 lena mbunaítear an Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin agus lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin (IO L, 2024/2773, 28.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2773/oj).
(5) Cinneadh (CBES) 2024/1471 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2024 maidir le leithdháileadh mhéideanna na ranníocaíochta airgeadais a íoctar leis an tSaoráid Eorpach Síochána de bhun Chinneadh (CBES) 2024/1470 (IO L, 2024/1471, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1471/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2760/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)