![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/2758 |
25.10.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/2758 ÓN gCOMHAIRLE
an 21 Deireadh Fómhair 2024
lena gceaptar triúr comhaltaí agus ceathrar comhaltaí mhalartacha, arna moladh ag Éirinn, de Choiste na Réigiún
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),
Ag féachaint don togra ó rialtas na hÉireann,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa. |
(2) |
An 10 Nollaig 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/2157 (2), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025. An 4 Eanáir 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2021/13 (3), lena gceaptar beirt chomhaltaí malartacha, arna moladh ag Éirinn, de Choiste na Réigiún. |
(3) |
Tá suíocháin triúr comhaltaí ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht leis na sainorduithe náisiúnta ar dá mbun a moladh Kate FEENEY, Deirdre FORDE agus Una POWER a cheapadh. |
(4) |
Tá suíocháin bheirt chomhaltaí mhalartacha ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht leis na sainorduithe náisiúnta ar dá mbun a moladh Michael CROWE agus Alison GILLILAND a cheapadh. |
(5) |
Mhol rialtas na hÉireann na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí áitiúla iad agus a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás áitiúil, mar chomhaltaí de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025: Emma BLAIN, Comhairleoir, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Dan BOYLE, Comhairleoir, Comhairleoir, Comhairle Cathrach Chorcaí, agus Clare COLLERAN MOLLOY, Comhairleoir, Comhairle Contae an Chláir. |
(6) |
Tiocfaidh suíocháin bheirt chomhaltaí mhalartacha ar Choiste na Réigiún chun bheith folamh tar éis cheapadh Emma BLAIN agus Dan BOYLE mar chomhaltaí de Choiste na Réigiún. |
(7) |
Mhol rialtas na hÉireann na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí áitiúla iad agus a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás áitiúil, mar chomhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025: Mary HOADE, Comhairleoir, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Dermot LACEY, Comhairleoir, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Carolyn MOORE, Comhairleoir, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus Barry SAUL, Comhairleoir, Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí áitiúla iad agus a bhfuil acu sainordú toghchánach, chuig Coiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025:
(a) |
mar chomhaltaí:
|
agus
(b) |
mar chomhaltaí malartacha:
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 21 Deireadh Fómhair 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
NAGY I.
(1) IO L 139, 27.5.2019, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/852/oj.
(2) Cinneadh (AE) 2019/2157 ón gComhairle an 10 Nollaig 2019 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 327, 17.12.2019, lch. 78, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/dec/2019/2157/oj).
(3) Cinneadh (AE) 2021/13 ón gComhairle an 4 Eanáir 2021 lena gceaptar comhalta agus beirt chomhaltaí mhalartacha, arna moladh ag Éirinn, de Choiste na Réigiún (IO L 5, 8.1.2021, lch. 14, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/13/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2758/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)