|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2718 |
25.10.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2718 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Deireadh Fómhair 2024
lena gcuirtear allmhairí páipéar maisiúcháin de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne faoi réir a gcláraithe
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,
Tar éis na Ballstáit a chur ar an eolas,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 14 Meitheamh 2024, d’fhógair an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’), trí fhógra a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (‘an fógra tionscnaimh’) (2), gur tionscnaíodh imeachtaí frithdhumpála maidir le hallmhairí páipéar maisiúcháin isteach san Aontas de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne. |
|
(2) |
Tionscnaíodh na himeachtaí tar éis do cheithre tháirgeoir páipéir maisiúcháin de chuid an Aontais gearán a chur isteach an 2 Bealtaine 2024, ar táirgeoirí iad a bhfuil níos mó ná 25 % de tháirgeacht iomlán páipéar maisiúcháin an Aontais acu. |
1. TÁIRGE ATÁ FAOI RÉIR A CHLÁRAITHE
|
(3) |
Is éard atá sa táirge atá faoi réir a chláraithe (‘an táirge lena mbaineann’) páipéar maisiúcháin a bhfuil na saintréithe seo a leanas aige:
|
|
(4) |
Aicmítear an táirge lena mbaineann faoi láthair faoi chóid AC ex 4802 54 00 , ex 4802 55 , ex 4805 91 00 agus ex 4811 60 00 (cóid TARIC 4802 54 00 10, 4802 55 15 10, 4802 55 25 10, 4802 55 30 10, 4802 55 90 10, 4805 91 00 10, agus 4811 60 00 10). Is ar mhaithe le faisnéis amháin a thugtar na cóid AC agus TARIC agus gan dochar d’aon athrú a dhéanfaí ar an aicmiú taraife ina dhiaidh sin. |
2. CLÁRÚ
|
(5) |
Faoi Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán, féadfar allmhairí an táirge lena mbaineann a chur faoi réir a gcláraithe chun a áirithiú go bhféadfar na dleachtanna sin a ghearradh go cúlghabhálach, má chomhlíontar na coinníollacha is gá, ar na hallmhairí cláraithe i gcomhréir leis na forálacha dlí is infheidhme, i gcás ina mbeadh torthaí ar na himscrúduithe as a dtiocfadh forchur dleachtanna frithdhumpála. |
|
(6) |
Chinn an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, allmhairí an táirge lena mbaineann a chur faoi réir a gcláraithe faoi Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán. Na coinníollacha le haghaidh bhailiú cúlghabhálach na ndleachtanna, más ann dóibh, déanfar measúnú orthu sa Rialachán lena bhforchuirfear dleachtanna cinntitheacha. |
|
(7) |
Aon dliteanas a bheadh ann amach anseo, is as torthaí an imscrúdaithe a thiocfadh sé. |
|
(8) |
Maidir leis na líomhaintí sa ghearán inar iarradh imscrúdú frithdhumpála a thionscnamh, meastar corrlaigh dhumpála idir 35 % agus 45 % agus meánleibhéal díothaithe díobhála de thart ar 43 % go 53 % a bheith ann le haghaidh an táirge lena mbaineann sa tréimhse ó Dheireadh Fómhair 2022 go dtí Meán Fómhair 2023. |
|
(9) |
De ghnáth, dhéanfaí méid an dliteanais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a shocrú ar an leibhéal is ísle den dá leibhéal sin de réir Airteagal 7(2) den bhun-Rialachán. Más rud é go dtagann an Coimisiún ar fhianaise le linn an imscrúdaithe gur ann do shaobhadh ar amhábhair de bhun Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán, dhéanfaí an méid dliteanais a d’fhéadfaí a bheith ann amach anseo a shocrú ar leibhéal an chorrlaigh dumpála mar a fhoráiltear in Airteagal 7(2b) den bhun-Rialachán má chinntear nár leor dleacht faoi bhun an chorrlaigh dumpála chun deireadh a chur leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais. |
3. PRÓISEÁIL SONRAÍ PEARSANTA
|
(10) |
Aon sonraí pearsanta a bhailítear i gcomhthéacs an chlárúcháin seo, déanfar iad a láimhseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Ordaítear leis seo do na húdaráis chustaim, faoi Airteagal 14(5) de Rialachán (AE) 2016/1036, na céimeanna iomchuí a ghlacadh chun allmhairí páipéar maisiúcháin isteach san Aontas a chlárú, ar allmhairí iad a aicmítear faoi láthair faoi chóid AC ex 4802 54 00 , ex 4802 55 , ex 4805 91 00 agus ex 4811 60 00 (cóid TARIC 4802 54 00 10, 4802 55 15 10, 4802 55 25 10, 4802 55 30 10, 4802 55 90 10, 4805 91 00 10, agus 4811 60 00 10), agus na saintréithe seo a leanas acu:
|
— |
meáchan 30-150 g/m2; cion luatha idir 5 % agus 50 %; |
|
— |
ionsúiteacht Klemm 12 mhilliméadar ar a laghad in aghaidh an 10 nóiméad nó bailiú roisín idir 20 % agus 200 %; |
|
— |
neart teanntachta fliuch idir 6 agus 12 Newton (N) in aghaidh an 15 mhilliméadar; |
|
— |
póiriúlacht Gurley idir 3 agus 80 soicind in aghaidh an 100 millilítear; |
|
— |
réidhe idir 20 agus 300 de réir mhodh Bekk; |
|
— |
i ríleanna a bhfuil leithead suas le 300 ceintiméadar acu; |
|
— |
bíodh sé réamhthuilithe le meascán de laitísí nó de cheanglóirí nádúrtha (mar shampla, stáirse) nó ná bíodh; |
|
— |
gan pháipéar balla agus clúdaigh bhalla chomhchosúla a áireamh; |
|
— |
gan páipéir a áireamh atá sáithithe le mealaimín uiscebhunach, úiré, feanól nó le haon tuaslagán roisín teirmithéachtach teirmeaplaisteach, |
agus de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne.
2. Rachaidh an clárúchán in éag 9 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Deireadh Fómhair 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.
(2) IO C, C/2024/3695, 14.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3695/oj.
(3) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2718/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)