European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2511

25.9.2024

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/2511 ÓN gCOIMISIÚN

an 2 Bealtaine 2024

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le méaduithe ar chostais oibriúcháin agus chothabhála an Chórais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) a shainaithint chun méid na táille údaraithe taistil a athrú

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (1), agus go háirithe Airteagal 18(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2018/1240, bunaítear an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (‘ETIAS’), córas is infheidhme maidir le náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ón gceanglas víosa agus atá ag iarraidh dul isteach ar chríoch na mBallstát.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 86 de Rialachán (AE) 2018/1240, déanfar na costais a bhaineann le hoibriú agus cothabháil ETIAS a chumhdach le hioncaim arna nginiúint le táille údaraithe taistil ETIAS. Chun eolas a bheith ag an gCoimisiún ar struchtúr na gcostas sin agus chun aon mhéadú suntasach nó seanbhunaithe ar na costais sin a shainaithint, ba cheart dó athbhreithniú a dhéanamh, ar bhonn bliantúil, ar chostais oibriúcháin agus chothabhála ETIAS arna dtuairisciú ag na Ballstáit, agus ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (‘Frontex’), ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (‘eu-LISA’) agus ag Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (‘Europol’) (dá ngairtear ‘gníomhaireachtaí’ anseo feasta) faoi na hoibleagáidí tuairiscithe a bhí orthu cheana féin.

(3)

Ba cheart athrú ar mhéid tháille údaraithe taistil ETIAS a bheith mar thoradh ar mhéadú suntasach nó leanúnach ar na costais sin. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún comparáid a dhéanamh idir costais oibriúcháin agus chothabhála ETIAS arna dtuairisciú ag na Ballstáit agus ag na gníomhaireachtaí in aon bhliain ar leith agus na costais a tuairiscíodh sna blianta roimhe sin, chun aon mhéadú suntasach nó seanbhunaithe a shainaithint. Chun na hoibleagáidí tuairiscithe a íoslaghdú, ba cheart an chomparáid sin a dhéanamh ar bhonn sonraí a thuairiscigh na Ballstáit cheana féin faoi Rialachán (AE) 2021/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). Chun a chinneadh an mbeadh údar le méadú ar mhéid tháille údaraithe taistil ETIAS, ba cheart do na Ballstáit agus do na gníomhaireachtaí, arna iarraidh sin don Choimisiún, na cúiseanna atá mar bhonn leis an méadú ar chostais oibríochta agus cothabhála a sholáthar.

(4)

Tá an Rialachán seo gan dochar do chur i bhfeidhm Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (4).

(5)

Ós rud é go gcuireann Rialachán (AE) 2018/1240 le acquis Schengen, i gcomhréir le hAirteagal 4 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, thug an Danmhairg fógra faoina cinneadh Rialachán (AE) 2018/1240 a chur chun feidhme ina dlí náisiúnta. Dá bhrí sin, tá an Danmhairg faoi cheangal ag an Rialachán seo.

(6)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (5). Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(7)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin le acquis (6) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE (7).

(8)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis (8) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (9).

(9)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis (10) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (11).

(10)

Is é atá sa Rialachán seo gníomh lena gcuirtear le acquis Schengen nó a bhfuil baint ar shlí eile aige le acquis Schengen de réir bhrí Airteagal 3(1) d’Ionstraim Aontachais 2003.

(11)

Ós rud é nach ann do bhliain oibríochtúil roimhe sin a fhónann mar bhonnlíne chun comparáid fhónta a dhéanamh idir costais bliain i ndiaidh bliana le linn na chéad bhliana a bheidh ETIAS i mbun oibriúcháin, níor cheart feidhm a bheith ag Airteagal 2 go hAirteagal 6 den Rialachán seo ach amháin ón dara bliain a bheidh ETIAS i mbun oibriúcháin ar aghaidh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Sa Rialachán seo, leagtar amach an nós imeachta maidir le méadú ar chostais oibriúcháin agus chothabhála an Chórais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (‘ETIAS’) a shainaithint lena n-éillítear athrú ar mhéid tháille údaraithe taistil ETIAS arna thabhú ag:

(a)

na Ballstáit;

(b)

ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (‘Frontex’), ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (‘eu-LISA’), agus ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (‘Europol’) (dá ngairtear ‘gníomhaireachtaí’ le chéile anseo feasta).

Airteagal 2

Costais oibriúcháin agus chothabhála ETIAS arna dtabhú ag na Ballstáit

1.   Athbhreithneoidh an Coimisiún, ar bhonn bliantúil, na costais arna dtuairisciú ag na Ballstáit sa Tuarascáil Feidhmíochta Bhliantúil a chuirtear faoi bhráid an Choimisiúin de bhun Airteagal 29(2), pointe (g), de Rialachán (AE) 2021/1148, agus, aon mhéadú ar na costais oibriúcháin agus chothabhála dá dtagraítear in Airteagal 85(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2018/1240, i gcomparáid leis na costais a thuairiscigh na Ballstáit sna blianta roimhe sin, déanfaidh an Coimisiún an méadú sin a shainaithint.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit, arna iarraidh sin don Choimisiún, na cúiseanna a thugann údar le méadú ar chostais oibriúcháin agus chothabhála ETIAS dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 3

Costais arna dtabhú ag Frontex

1.   Athbhreithneoidh an Coimisiún, ar bhonn bliantúil, na costais arna dtuairisciú ag Frontex sa Tuarascáil Cur Chun Feidhme Buiséid dá dtagraítear in Airteagal 99 de Rialachán Airgeadais Frontex arna ghlacadh de bhun Airteagal 120 de Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), agus, aon mhéadú ar na costais a tabhaíodh de bharr chomhlíonadh na bhfreagrachtaí a shainítear in Airteagal 75 de Rialachán (AE) 2018/1240, i gcomparáid leis na costais a thuairiscigh Frontex sna blianta roimhe sin, déanfaidh an Coimisiún an méadú sin a shainaithint.

2.   Tabharfaidh Frontex, arna iarraidh sin don Choimisiún, na cúiseanna a thugann údar le méadú ar chostais oibriúcháin agus chothabhála ETIAS dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 4

Costais arna dtabhú ag Europol

1.   Athbhreithneoidh an Coimisiún, ar bhonn bliantúil, na costais arna dtuairisciú ag Europol sa Tuarascáil faoin mBainistíocht Bhuiséadach agus Airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 60(2) de Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), agus, aon mhéadú ar na costais a tabhaíodh de bharr chomhlíonadh na bhfreagrachtaí a shainítear in Airteagal 77 de Rialachán (AE) 2018/1240, i gcomparáid leis na costais a thuairiscigh Europol sna blianta roimhe sin, déanfaidh an Coimisiún an méadú sin a shainaithint.

2.   Tabharfaidh Europol, arna iarraidh sin don Choimisiún, na cúiseanna a thugann údar le méadú ar chostais oibriúcháin agus chothabhála ETIAS dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 5

Costais arna dtabhú ag eu-LISA

1.   Athbhreithneoidh an Coimisiún, ar bhonn bliantúil, na costais arna dtuairisciú ag eu-LISA sa tuarascáil ar an mbainistíocht bhuiséadach agus airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 47(4) de Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), agus, aon mhéadú ar na costais a tabhaíodh de bharr chomhlíonadh na bhfreagrachtaí a shainítear in Airteagal 74 de Rialachán (AE) 2018/1240, i gcomparáid leis na costais a thuairiscigh eu-LISA sna blianta roimhe sin, déanfaidh an Coimisiún an méadú sin a shainaithint.

2.   Tabharfaidh eu-LISA, arna iarraidh sin don Choimisiún, na cúiseanna a thugann údar le méadú ar chostais oibriúcháin agus chothabhála ETIAS dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 6

Measúnú ar athruithe ar mhéid tháille údaraithe taistil ETIAS

Cinnfidh an Coimisiún, ar bhonn bliantúil agus tar éis dó aon mhéadú suntasach nó leanúnach ar na costais arna dtabhú ag na Ballstáit agus ag na gníomhaireachtaí i gcomhréir le hAirteagail 2 go 5 den Rialachán seo a shainaithint, an gá athrú a dhéanamh ar mhéid tháille údaraithe taistil ETIAS.

Airteagal 7

Faisnéis faoi threochtaí agus faoi dhúshláin a bhfuil tionchar acu ar tháille údaraithe taistil ETIAS

Féadfaidh na Ballstáit agus na gníomhaireachtaí an Coimisiún a chur ar an eolas ar bhonn ad hoc i gcás ina sainaithneoidh siad treochtaí agus dúshláin a d’fhéadfadh tionchar suntasach eacnamaíoch a bheith acu ar oibriú agus ar chothabháil ETIAS nó a thugann údar ar shlí eile le méid tháille údaraithe taistil ETIAS a athrú.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagail 2 go 6 den Rialachán seo ón dara bliain a bheidh ETIAS i mbun oibriúcháin ar aghaidh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Bealtaine 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 236, 19.9.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1240/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2021/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 251, 15.7.2021, lch. 48, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1148/oj).

(3)  Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cearta shaoránaigh an Aontais agus ceart bhaill dá dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2004/38/oj).

(4)  Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach 2019/C 384 I/01 (IO C 384 I, 12.11.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/withd_2019(3)/oj).

(5)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2002/192/oj).

(6)   IO L 176, 10.7.1999, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/1999/439(1)/oj.

(7)  Cinneadh 1999/437/CE an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1999/437/oj).

(8)   IO L 53, 27.2.2008, lch. 52, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2008/178(1)/oj.

(9)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2008/146/oj).

(10)   IO L 160, 18.6.2011, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/prot/2011/350/oj.

(11)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, i dtaca le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2011/350/oj).

(12)  Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1896/oj).

(13)  Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/794/oj).

(14)  Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 99, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1726/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/2511/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)