|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2510 |
25.9.2024 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/2510 ÓN gCOIMISIÚN
an 2 Bealtaine 2024
lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na modhanna íocaíochta agus an próiseas bailiúcháin le haghaidh na táille údaraithe taistil dá bhforáiltear leis an Rialachán sin
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (1), agus go háirithe Airteagal 18(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2018/1240, bunaítear an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (‘ETIAS’), córas is infheidhme maidir le náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa agus atá ag iarraidh teacht isteach i gcríoch na mBallstát. |
|
(2) |
De bhun Airteagail 18 agus 24 de Rialachán (AE) 2018/1240, chun costais oibriúcháin agus chothabhála ETIAS a chúiteamh, ceanglaítear ar iarratasóirí, i bprionsabal, táille a íoc. |
|
(3) |
Is gá, dá bhrí sin, na modhanna íocaíochta atá le húsáid agus an próiseas chun an táille údaraithe taistil a bhailiú a chinneadh. |
|
(4) |
Ba cheart do sholáthraí seirbhísí íocaíochta, arna roghnú ar bhonn nós imeachta soláthair, an táille údaraithe taistil a bhailiú. |
|
(5) |
Mar mhodh chun freastal ar éagsúlacht gheografach na n-iarratasóirí agus ar infhaighteacht éagsúil modhanna íocaíochta ar fud an domhain, ba cheart don soláthraí seirbhísí íocaíochta glacadh le raon leathan modhanna íocaíochta le haghaidh íocaíocht na táille údaraithe taistil ag náisiúnaigh tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2018/1240. |
|
(6) |
Chun an táille údaraithe taistil a íoc ar bhealach slán agus chun an riosca calaoise a laghdú a mhéid is féidir, ba cheart na hidirbhearta íocaíochta agus na modhanna íocaíochta a úsáidtear cloí go docht leis na forálacha atá i dTreoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus i Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/389 ón gCoimisiún (3). |
|
(7) |
Chun a áirithiú gur féidir íocaíocht na táille údaraithe taistil a nascadh le hiarratas sonrach, ba cheart do Chóras Faisnéise ETIAS aitheantóir sealadach le haghaidh an chomhaid iarratais dá dtagraítear i gCaibidil III de Rialachán (AE) 2018/1240 a chur in iúl don soláthraí seirbhísí íocaíochta tráth a chuirfear tús leis an bpróiseas íocaíochta. |
|
(8) |
Chun sonraí pearsanta iarratasóirí ar údarú taistil ETIAS a choimirciú, níor cheart don soláthraí seirbhísí íocaíochta aon fhaisnéis a iarraidh ar iarratasóirí seachas an fhaisnéis íocaíochta is gá chun gur féidir íocaíocht rathúil na táille údaraithe taistil a chur i gcrích. |
|
(9) |
Tar éis don iarratasóir an táille údaraithe taistil a íoc go rathúil, ba cheart don soláthraí seirbhísí íocaíochta uimhir thagartha uathúil na híocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 19(3), pointe (e), de Rialachán (AE) 2018/1240 a chur ar fáil do Chóras Faisnéise ETIAS mar aon le haitheantóir sealadach an chomhaid iarratais, ionas go bhféadfadh Córas Faisnéise ETIAS a fhíorú, i gcomhréir le hAirteagal 19(1) de Rialachán (AE) 2018/1240, ar cheart iarratas a bheith measta mar iarratas inghlactha. |
|
(10) |
Chun réiteach beacht na n-íocaíochtaí a áirithiú, ba cheart don Choimisiún líon iomlán na n-íocaíochtaí rathúla a cuireadh i gcrích agus a n-uimhreacha tagartha uathúla a fháil ón nGníomhaireacht Eorpach chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (‘eu-LISA’) agus ón soláthraí seirbhísí íocaíochta. |
|
(11) |
Ós rud é go gcuireann Rialachán (AE) 2018/1240 le acquis Schengen, agus i gcomhréir le hAirteagal 4 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, thug an Danmhairg fógra faoi chur chun feidhme Rialachán (AE) 2018/1240 ina dlí náisiúnta. Dá bhrí sin, tá an Danmhairg faoi cheangal ag an Rialachán seo. |
|
(12) |
Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (4). Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
|
(13) |
Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin le acquis (5) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (6). |
|
(14) |
Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis (7) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (8). |
|
(15) |
Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis (9) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (10). |
|
(16) |
Is é atá sa Rialachán seo gníomh lena gcuirtear le acquis Schengen nó a bhfuil baint ar shlí eile aige le acquis Schengen de réir bhrí Airteagal 3(1) d’Ionstraim Aontachais 2003. |
|
(17) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus thug sé tuairim uaidh an 27 Aibreán 2021, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Leagtar amach sa Rialachán seo na modhanna íocaíochta agus an próiseas chun táille údaraithe taistil an Chórais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (‘ETIAS’) a bhailiú.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 4 de Threoir (AE) 2015/2366.
Airteagal 3
An soláthraí seirbhísí íocaíochta
1. An tseirbhís a bhaineann le fáil na n-idirbheart íocaíochta is gá chun táille údaraithe taistil ETIAS a íoc, dá bhforáiltear in Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2018/1240, is soláthraí seirbhísí íocaíochta a rachaidh i mbun na seirbhíse sin.
2. Roghnófar an soláthraí seirbhísí íocaíochta trí bhíthin nós imeachta soláthair i gcomhréir le hAirteagal 164 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).
Airteagal 4
Modhanna íocaíochta
1. Áiritheoidh an soláthraí seirbhísí íocaíochta go nglacfar le modhanna íocaíochta leictreonacha iomadúla a úsáidtear go hidirnáisiúnta i gcás íocaíocht tháille údaraithe taistil ETIAS ag náisiúnaigh tríú tír.
2. Glacfaidh an soláthraí seirbhísí íocaíochta le modhanna íocaíochta lena ndéantar socraíocht mheandrach nó ráthaíocht forghníomhaithe íocaíochta a sholáthar. Beidh feidhm ag Treoir (AE) 2015/2366 agus ag Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/389 maidir leis na modhanna íocaíochta sin.
3. Cuirfear gach iarratasóir ar an eolas ar bhealach soiléir agus aonchiallach faoi na modhanna íocaíochta a nglacfar leo.
Airteagal 5
An próiseas bailithe táillí
1. Tar éis an t-iarratas a bheith curtha isteach, déanfar an méid seo a leanas le Córas Faisnéise ETIAS:
|
(a) |
iarratasóirí atá idir 18 agus 70 bliain d’aois tráth an iarratais a atreorú chun dul ar aghaidh leis an íocaíocht, sin agus aitheantóir sealadach le haghaidh an chomhaid iarratais chomhfhreagraigh a sholáthar don soláthraí seirbhíse íocaíochta; |
|
(b) |
cead a thabhairt d’iarratasóirí atá faoi bhun 18 mbliana d’aois nó os cionn 70 bliain d’aois, nó d’iarratasóirí a dhearbhaigh gur náisiúnaigh tríú tír iad a thagann faoi raon feidhme Airteagal 2(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2018/1240, a n-iarratas a chur isteach gan iad a atreorú chun dul ar aghaidh leis an íocaíocht. |
2. Ní iarrfaidh an soláthraí seirbhísí íocaíochta aon fhaisnéis ar iarratasóirí seachas an fhaisnéis íocaíochta is gá chun gur féidir íocaíocht rathúil tháille údaraithe taistil ETIAS a chur i gcrích.
3. A luaithe a bheidh an íocaíocht críochnaithe, déanfaidh an soláthraí seirbhísí íocaíochta an méid seo a leanas:
|
(a) |
dearbhú a thabhairt do Chóras Faisnéise ETIAS i dtaobh ar éirigh leis an íocaíocht; |
|
(b) |
uimhir thagartha uathúil na híocaíochta, dá dtagraítear in Airteagal 19(3), pointe (e), de Rialachán (AE) 2018/1240, mar aon le haitheantóir sealadach an chomhaid iarratais, a sholáthar do Chóras Faisnéise ETIAS. |
4. Nuair a chruthaítear an comhad iarratais, scriosfaidh Córas Faisnéise ETIAS an t-aitheantóir sealadach láithreach.
5. Cuirfidh an soláthraí seirbhísí íocaíochta iarratasóirí ar an eolas faoi íocaíocht rathúil tháille údaraithe taistil ETIAS agus cuirfidh sé uimhir thagartha uathúil na híocaíochta in iúl dóibh.
Airteagal 6
Oibleagáidí tuairiscithe
1. Cuirfidh eu-LISA agus an soláthraí seirbhísí íocaíochta araon an méid seo a leanas ar fáil don Choimisiún, go tráthrialta agus uair amháin sa tseachtain ar a laghad:
|
(a) |
líon iomlán na n-íocaíochtaí rathúla a cuireadh i gcrích le linn na tréimhse tuairiscithe sin; |
|
(b) |
na huimhreacha tagartha uathúla, dá dtagraítear in Airteagal 5(3), pointe (b), den Rialachán seo, le haghaidh na n-íocaíochtaí rathúla uile dá dtagraítear i bpointe (a). |
2. Cuirfidh eu-LISA an Coimisiún ar an eolas, go tráthrialta agus uair amháin sa tseachtain ar a laghad, maidir le líon iomlán na n-iarratas le híocaíocht agus gan íocaíocht a cuireadh isteach le linn gach tréimhse tuairiscithe.
Airteagal 7
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Bealtaine 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 236, 19.9.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1240/oj.
(2) Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2015/2366/oj).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/389 ón gCoimisiún an 27 Samhain 2017 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh fíordheimhniú láidir custaiméara agus caighdeáin chumarsáide oscailte atá coiteann agus slán (IO L 69, 13.3.2018, lch. 23, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2018/389/oj).
(4) Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2002/192/oj).
(5) IO L 176, 10.7.1999, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/1999/439(1)/oj.
(6) Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1999/437/oj).
(7) IO L 53, 27.2.2008, lch. 52, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2008/178(1)/oj.
(8) Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2008/146/oj).
(9) IO L 160, 18.6.2011, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/prot/2011/349/oj.
(10) Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, i dtaca le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2011/350/oj).
(11) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
(12) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1046/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/2510/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)