European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2397

12.9.2024

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2397 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Meán Fómhair 2024

maidir le caighdeán comhchuibhithe i ndáil le fearais chuisniúcháin ag a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh arna dhréachtú chun tacú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2018 agus le Rialachán (AE) 2019/2024

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 9(2) de Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), maidir le táirge ar cuireadh caighdeáin chomhchuibhithe i bhfeidhm ina leith agus ar foilsíodh a uimhreacha tagartha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ní mór do na Ballstáit a mheas go gcomhlíonann an táirge sin ceanglais ábhartha uile an bhirt cur chun feidhme is infheidhme lena mbaineann na caighdeáin sin.

(2)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2022) 2764 final – Iarraidh ar chaighdeánú M/582 (3), d’iarr an Coimisiún ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec) caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú chun tacú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2018 (4) agus le Rialachán (AE) 2019/2024 ón gCoimisiún (5).

(3)

Ar bhonn Chinneadh Cur Chun Feidhme C(2022) 2764 final, dhréachtaigh CEN an caighdeán comhchuibhithe EN ISO 23953-2:2023 maidir le haicmiú, ceanglais agus coinníollacha tástála le haghaidh caibinéid taispeána chuisnithe.

(4)

Rinne an Coimisiún measúnú, i gcomhar le CEN, féachaint an gcomhlíonann an caighdeán comhchuibhithe EN ISO 23953-2:2023 iarraidh M/582.

(5)

Comhlíonann an caighdeán EN ISO 23953-2:2023 na ceanglais is aidhm dó a chumhdach agus a leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2018 agus i Rialachán (AE) 2019/2024. Dá bhrí sin, is iomchuí an tagairt don chaighdeán sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(6)

Is éard a thugtar le fios le caighdeán comhchuibhithe a chomhlíonadh go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na ceanglais a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais ón dáta a fhoilsítear an tagairt don chaighdeán sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo teacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An tagairt don chaighdeán comhchuibhithe i ndáil le fearais chuisniúcháin ag a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh, arna dhréachtú chun tacú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2018 agus a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo, foilsítear leis seo í in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

An tagairt don chaighdeán comhchuibhithe i ndáil le fearais chuisniúcháin ag a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh, arna dhréachtú chun tacú le Rialachán (AE) 2019/2024 agus a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo, foilsítear leis seo í in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Meán Fómhair 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 316, 14.11.2012, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1025/oj.

(2)  Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/125/oj).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2022 maidir le hiarraidh ar chaighdeánú ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil chun tacú le Rialachán (AE) 2019/2024 ón gCoimisiún maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh fearais chuisniúcháin ag a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2018 ón gCoimisiún maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh fearais chuisniúcháin ag a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh.

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2018 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh fearais chuisniúcháin ag a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh (IO L 315, 5.12.2019, lch. 155, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2019/2018/oj) .

(5)  Rialachán (AE) 2019/2024 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta d’fhearais chuisniúcháin ag a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 315, 5.12.2019, lch. 313, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/2024/oj).


IARSCRÍBHINN I

Uimh.

An tagairt don chaighdeán

1.

EN ISO 23953-2:2023

Caibinéid taispeána chuisnithe - Cuid 2: Aicmiú, ceanglais agus coinníollacha tástála (ISO 23953-2:2023)


IARSCRÍBHINN II

Uimh.

An tagairt don chaighdeán

1.

EN ISO 23953-2:2023

Caibinéid taispeána chuisnithe - Cuid 2: Aicmiú, ceanglais agus coinníollacha tástála (ISO 23953-2:2023)


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2397/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)