European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2208

30.8.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2208 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Lúnasa 2024

lena leasaítear den 343ú huair Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIL (Da’esh) agus Al-Qaida

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2002 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIL (Da’esh) agus Al-Qaida (1), agus go háirithe Airteagal 7(1)(a) agus Airteagal 7a(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 liostaítear na daoine, na grúpaí agus na heintitis a chumhdaítear leis an reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha faoin Rialachán sin.

(2)

An 23 Lúnasa 2024, chinn Coiste Smachtbhannaí Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a bunaíodh de bhun Rúin 1267(1999), 1989(2011) agus 2253(2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe iontráil amháin a bhaint de liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas ar cheart feidhm a bheith ag an reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha maidir leo.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Lúnasa 2024.

Thar ceann an Choimisiúin,

Thar ceann an Uachtaráin,

Ard-Stiúrthóir

An Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil


(1)   IO L 139, 29.5.2002, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2002/881/oj.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002, scriostar an iontráil seo a leanas faoin gceannteideal ‘Daoine nádúrtha’:

‘Yassine Chekkouri. Seoladh: 7, 7ú Sráid, Hay Anas Safi, Maracó. Dáta breithe: 6.10.1966. Áit bhreithe: Safi, Maracó. Náisiúntacht: Maracach. Pasuimhir: F46947 (Pas Maracach). Uimhir aitheantais náisiúnta: H-135467 (Cárta aitheantais náisiúnta Maracach). Faisnéis eile: (a) Feue Hlima Bent Barka is ainm don mháthair agus Abderrahmane Mohammed Ben Azzouz is ainm don athair, (b) Díbríodh ón Iodáil go Maracó é an 26.2.2004. Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 2a(4)(b): 3.9.2002.’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2208/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)