![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/2192 |
7.9.2024 |
CINNEADH (CBES) 2024/2192 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA
an 27 Lúnasa 2024
maidir le Ceannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh a cheapadh ar Mhisean CBSC an Aontais Eorpaigh le haghaidh Oiliúint Mhíleata i bPoblacht na hAfraice Láir (EUTM RCA) agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2023/2112(EUTM RCA/1/2024)
TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38 de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2016/610 ón gComhairle an 19 Aibreán 2016 maidir le Misean CBSC an Aontais Eorpaigh le haghaidh Oiliúint Mhíleata i bPoblacht na hAfraice Láir (EUTM RCA) (1), agus go háirithe Airteagal 5(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
De bhun Airteagal 5(1) de Chinneadh (CBES) 2016/610 ón gComhairle, thug an Chomhairle údarás don Choiste Polaitiúil agus Slándála chun na cinntí ábhartha a bhaineann le rialú polaitiúil agus treoir straitéiseach Mhisean Míleata CBSC an Aontais Eorpaigh i bPoblacht na hAfraice Láir (EUTM RCA) a dhéanamh, lena n-áirítear na cinntí maidir le Ceannasaithe Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh a cheapadh. |
(2) |
An 3 Deireadh Fómhair 2023, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2023/2112 (2) lena gceaptar an Briogáidire-Ghinearál Cornel TONEA-BĂLAN mar Cheannasaí Fórsa Mhisean an Aontais ar EUTM RCA. |
(3) |
An 17 Iúil 2024, mhol údaráis mhíleata na Rómáine go gceapfaí an Briogáidire-Ghinearál Cornel Nicolae-Gabriel OROS chun teacht i gcomharbas ar an mBriogáidire-Ghinearál Cornel TONEA-BĂLAN mar Cheannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh ar EUTM RCA. |
(4) |
An 2 Lúnasa 2024, thacaigh Ceannasaí Mhisean an Aontais Eorpaigh leis an togra ó údaráis mhíleata na Rómáine. |
(5) |
An 9 Lúnasa 2024, mhol Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh go gceapfaí an Briogáidire-Ghinearál Nicolae-Gabriel OROS mar Cheannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh ar EUTM RCA ón 27 Meán Fómhair 2024. |
(6) |
Ba cheart cinneadh a dhéanamh maidir leis an mBriogáidire-Ghinearál Nicolae-Gabriel OROS a cheapadh mar Cheannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh ar EUTM RCA ón 27 Meán Fómhair 2024 agus ba cheart Cinneadh (CBES) 2023/2112 a aisghairm. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar an Briogáidire-Ghinearál Nicolae-Gabriel OROS mar Cheannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh ar Mhisean CBSC an Aontais Eorpaigh le haghaidh Oiliúint Mhíleata i bPoblacht na hAfraice Láir (EUTM RCA) ón 27 Meán Fómhair 2024.
Airteagal 2
Leis seo, déantar Cinneadh (CBES) 2023/2112 a aisghairm.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 27 Meán Fómhair 2024. Beidh feidhm aige faoi réir cinneadh a bheith glactha ag an gComhairle lena gcuirtear síneadh le sainordú EUTM RCA tar éis an 19 Meán Fómhair 2024.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Lúnasa 2024.
Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála
An Cathaoirleach
D. PRONK
(1) IO L 104, 20.4.2016, lch. 21.
(2) Cinneadh (CBES) 2023/2112 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 3 Deireadh Fómhair 2023 maidir le Ceannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh a cheapadh ar Mhisean CBSC an Aontais Eorpaigh le haghaidh Oiliúint Mhíleata i bPoblacht na hAfraice Láir (EUTM RCA) agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2022/1919 (EUTM RCA/1/2023) (IO L, 2023/2112, 5.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2112/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2192/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)