![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/2113 |
5.8.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2113 ÓN gCOMHAIRLE
an 26 Iúil 2024
lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle an 18 Bealtaine 2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (1), agus go háirithe Airteagal 8a(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 18 Bealtaine 2006, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 765/2006. |
(2) |
An 25 Eanáir 2024, cháin an tAontas go neamhbhalbh an rabharta diansmachta i gcoinne iarphríosúnaigh pholaitiúla atá fós sa Bhealarúis, agus i gcoinne gaolta na bpríosúnach polaitiúil. Dhearbhaigh an tAontas go seasann sé i ndlúthpháirtíocht le muintir na Bealarúise agus go leanfaidh sé de thacaíocht a thabhairt dóibh agus iad ag iarraidh tír neamhspleách dhaonlathach a bheith acu. |
(3) |
An 26 Feabhra 2024, d’eisigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) ráiteas tar éis na dtoghchán parlaiminteach agus áitiúil sa Bhealarúis. Cháin an tArdionadaí an leibhéal diansmachta nach bhfacthas roimhe seo, na sáruithe ar chearta an duine, na srianta ar rannpháirtíocht pholaitiúil agus ar rochtain ar na meáin neamhspleácha, agus chuir sé in iúl nach bhfuil dlisteanacht dhaonlathach ag na hoifigigh pharlaiminteacha agus áitiúla a toghadh sa Bhealarúis ós rud é nár comhlíonadh na coinníollacha maidir le saorthoghcháin chóra. |
(4) |
I bhfianaise a thromchúisí atá an staid sa Bhealarúis, ba cheart 28 dhuine aonair a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006. |
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006, i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Iúil 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
BÓKA J.
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006, cuirtear na daoine nádúrtha seo a leanas leis an liosta a leagtar amach sa roinn ‘A. Daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 2(1)’:
|
Ainmneacha (Traslitriú an litrithe Bealarúisise) (Traslitriú an litrithe Rúisise) |
Ainmneacha (litriú Bealarúisise) (litriú Rúisise) |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna lena liostú |
Dáta an liostaithe |
‘234. |
Andrii Valeriovich ANANENKO Andrei Valerievich ANANENKO |
Андрій Валерійович АНАНЕНКО Андрей Валерьевич АНАНЕНКО |
Ceann an Main Department for Combating Organised Crime and Corruption (GUBOPiK) of the Ministry for Internal Affairs [an Phríomh-Roinn um Choireacht Eagraithe agus Éilliú in a Chomhrac na hAireachta Gnóthaí Inmheánacha] Dáta breithe: 13.10.1977 Áit bhreithe: Mionsc, an Bhealarúis Náisiúntacht: Bealarúiseach Inscne: fireann |
Is é Andrii Ananenko ceann na Príomh-Roinne um Choireacht Eagraithe agus Éilliú in MVD a Chomhrac (GUBOPiK) na hAireachta Gnóthaí Inmheánacha. Tá GUBOPiK ar cheann de na príomhchomhlachtaí atá freagrach as géarleanúint pholaitiúil sa Bhealarúis, lena n-áirítear gabhálacha treallacha agus neamhdhleathacha agus drochíde, lena n-áirítear céasadh gníomhaithe agus comhaltaí den tsochaí shibhialta. D’fhoilsigh GUBOPiK físeáin d’admhálacha a rinne gníomhaithe Bealarúiseacha agus gnáthshaoránaigh Bhealarúiseacha faoi iallach, á nochtadh do phobal na Bealarúise i gcoitinne agus á n-úsáid mar uirlis brú pholaitiúil. Sa cháil sin, tá Andrii Ananenko freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta sa Bhealarúis. Ina theannta sin, tacaíonn sé le réimeas Lukashenka. |
5.8.2024 |
235. |
Mikhail Piatrovich BYADUNKEVICH Mikhail Petrovitch BEDUNKEVICH |
Міхаіл Пятровіч БЯДУНКЕВIЧ Михаил Петрович БЕДУНКЕВИЧ |
Leas-cheann na Príomh-Roinne um Choireacht Eagraithe agus Éilliú na hAireachta um Gnóthaí Inmheánachaa Chomhrac (GUBOPiK) agus ceann an tríú stiúrthóireacht de GUBOPiK, atá freagrach as an “antoisceachas” a chomhrac Dáta breithe: 8.10.1977 Áit bhreithe: Mionsc, an Bhealarúis Náisiúntacht: Bealarúiseach Inscne: fireann |
Is é Mikhail Byadunkevich leas-cheann na Príomh-Roinne um Choireacht Eagraithe agus Éilliú na hAireachta a Chomhrac (GUBOPiK) agus ceann an tríú roinn GUBOPiK, atá freagrach as an antoisceachas a chomhrac. Tá GUBOPiK ar cheann de na príomhchomhlachtaí atá freagrach as géarleanúint pholaitiúil sa Bhealarúis, lena n-áirítear gabhálacha treallacha agus neamhdhleathacha agus drochíde, lena n-áirítear céasadh gníomhaithe agus comhaltaí den tsochaí shibhialta. D’fhoilsigh GUBOPiK físeáin d’admhálacha a rinne gníomhaithe Bealarúiseacha agus gnáthshaoránaigh Bhealarúiseacha faoi iallach, á nochtadh do phobal na Bealarúise i gcoitinne agus á n-úsáid mar uirlis brú pholaitiúil. Sa cháil sin, tá Mikhail Byadunkevich freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta sa Bhealarúis. Ina theannta sin, tacaíonn sé le réimeas Lukashenka. |
5.8.2024 |
236. |
Zmitser Aliaksandrovich KOVACH Dimitri Aleksandrovich KOVACH |
Змiцер Аляксандравiч КОВАЧ Дмитрий Александрович КОВАЧ |
Leas-cheann na Príomh-Roinne um Choireacht Eagraithe agus Éilliú a Chomhrac (GUBOPiK) na hAireactha um Gnóthaí Inmheánacha Dáta breithe: 14.1.1979 Áit bhreithe: Elisovo (réigiún Mogilev) Náisiúntacht: Bealarúiseach Inscne: fireann |
Is é Zmitser Kovach leas-cheann na Príomh-Roinne um Choireacht Eagraithe agus Éilliú a Chomhrac (GUBOPiK) na hAireachta Gnóthaí Inmheánacha. Tá GUBOPiK ar cheann de na príomhchomhlachtaí atá freagrach as géarleanúint pholaitiúil sa Bhealarúis, lena n-áirítear gabhálacha treallacha agus neamhdhleathacha agus drochíde, lena n-áirítear céasadh gníomhaithe agus comhaltaí den tsochaí shibhialta. D’fhoilsigh GUBOPiK físeáin d’admhálacha a rinne gníomhaithe Bealarúiseacha agus gnáthshaoránaigh Bhealarúiseacha faoi iallach, á nochtadh do phobal na Bealarúise i gcoitinne agus á n-úsáid mar uirlis brú pholaitiúil. Sa cháil sin, tá Zmitser Kovach freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta sa Bhealarúis. Ina theannta sin, tacaíonn sé le réimeas Lukashenka. |
5.8.2024 |
237. |
Mikhail KAVALIOU Mikhail KOVALEV |
Міхаіл КАВАЛЁЎ Михаил КАВАЛЁВ |
Leas-cheann an Department of State Prosecution of the Office for Supervision of Compliance with the Law of Court Decisions in Criminal Cases [Roinn Ionchúisimh Stáit na hOifige um Maoirseacht ar Chomhlíonadh Dhlí na gCinntí Cúirte i gCásanna Coiriúla], Oifig an Ionchúisitheora Ghinearálta Náisiúntacht: Bealarúiseach Inscne: fireann |
Sa cháil sin, agus é ina leas-cheann Roinne Ionchúisimh Stáit san Oifig um Maoirseacht ar Chomhlíonadh Dhlí na gCinntí Cúirte i gCásanna Coiriúla, Oifig an Ionchúisitheora Ghinearálta, tá Mikhail Kavaliou freagrach as an iliomad cásanna coiriúla dar siocair an pholaitíocht i gcoinne fhreasúra polaitiúil na Bealarúise. Go háirithe, tá baint aige le hionchúiseamh Svetlana Tsikhanouskaya, Pavel Latushko, Olga Kovalkova, Maria Moroz agus Sergei Dilevsky ar chúiseanna polaitiúla, ar comhaltaí iad den Chomhairle Comhordúcháin, comhlacht freasúra Bealarúiseach, chomh maith leis an gcás “comhcheilg chun cumhacht a ghabháil” i gcoinne Yuri Ziankovich, Alexander Fyaduta, Ryhor Kastusyov, Olga Halubovych agus Dzianis Kravchuk. Tá Mikhail Kavaliou freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go tromchúiseach den smacht reachta, mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis. |
5.8.2024 |
238. |
Viktar Aliaksandravich DUBROUKA Viktor Alexandrovich DUBROVKA |
Віктар Аляксандравіч ДУБРОЎКА Виктор Александрович ДУБРОВКА |
Ceann na hinstitiúide ceartúcháin “Penal Colony No. 11” [Coilíneacht Phionósach Uimh. 11] coirnéal sa tseirbhís inmheánach Náisiúntacht: Bealarúiseach Dáta breithe: 19.6.1978 Áit bhreithe: Makhnachi, Ceantar Slonim, Réigiún Grodno Inscne: fireann Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3190678K013PB2 |
Is é Viktar Dubrouka ceann na hinstitiúide ceartúcháin Coilíneacht Phionósach Uimh. 11 áit a bhfuil a phianbhreith 20 bliain agus 11 mhí á cur isteach ag Siarhei Ramanau agustá pianbhreith 11 bhliain á cur isteach ag Vadzim Bobyrau.Cuireadh Siarhei Ramanau agus Bobyrau sa chill phionóis arís agus arís eile. Tá Viktar Dubrouka freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Bhealarúis. |
5.8.2024 |
239. |
Pavel Ivanavich KAZAKOU Pavel Ivanovich KAZAKOV |
Павел Iванавіч КАЗАКОЎ Павел Иванович КАЗАКОВ |
Ceann na hinstitiúide ceartúcháin “Prison No. 1” [Príosún Uimh. 1], Grodno, coirnéal sa tseirbhís inmheánach Dáta breithe: 11.6.1977 Áit bhreithe: Russ, Ceantar Volkavysk, Réigiún Grodno Náisiúntacht: Bealarúiseach Inscne: fireann Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3110677K031PB5 |
Is é Pavel Kazakou ceann na hinstitiúide ceartúcháin Príosún Uimh. 1, Grodno, áit a bhfuair an príosúnach polaitiúil Ales Pushkin agus an t-ealaíontóir Ruslan Karchauli bás toisc nach bhfuair siad cúram leighis cuí. Thug príosúnaigh eile a coinníodh san institiúid sin fianaise ar na dálaí mídhaonna. Tá Pavel Kazakou freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Bhealarúis. |
5.8.2024 |
240. |
Dzianis Anatolievich TAUSTSIANKOU Denis Anatolievich TOLSTENKOV |
Дзяніс Анатольевіч ТАЎСЦЯНКОЎ Денис Анатольевич ТОЛСТЕНКОВ |
Ceann na hinstitiúide ceartúcháin “Penal Colony No. 4” [Coilíneacht phionósach Uimhir 4]; leifteanantchoirnéal na seirbhísé inmheánaí Náisiúntacht: Bealarúiseach Dáta breithe: 17.8.1977 Áit bhreithe: Orsha, Réigiún Vitebsk Inscne: fireann Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3170877M000PB9 |
Tá Dzianis Taustsiankou ina cheann na hinstitiúide ceartúcháin Coilíneacht phionósach Uimh. 4 áit a bhfuil Polina Sharendo-Panasyuk, gníomhaí sóisialta, i bpríosún. Labhair fear céile Sharendo, Andrei Sharendo, faoi na dálaí mídhaonna agus faoi chéasadh a mhná céile sa choilíneacht sin. Tá Dzianis Taustsiankou freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Bhealarúis. |
5.8.2024 |
241. |
Vasil Vasilevich KOLEDA Vasily Vasilyevich KOLEDA |
Васіль Васільевіч КОЛЕДА Василий Васильевич КОЛЕДА |
Leas-cheann “Priosún Uimh. 1” i Grodno; leifteanantchoirnéal seirbhíse inmheánaí Inscne: fireann |
Is é Vasil Koleda leas-cheann na roinne in “Príosún Uimh. 1” i Grodno, áit a bhfuair an príosúnach polaitiúil Ales Pushkin agus an t-ealaíontóir Ruslan Karchauli bás toisc nach bhfuair siad cúram leighis cuí. Thug príosúnaigh eile a coinníodh san institiúid sin fianaise ar na dálaí mídhaonna. Tá Vasil Koleda freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Bhealarúis. |
5.8.2024 |
242. |
Andrei Mikhailovich TSEDRYK Andrey Mikhailovich TSEDRIK |
Андрэй Міхайлавіч ЦЭДРЫК Андрей Михайлович ЦЕДРИК |
Ceann an Ionaid Coinneála Réamhthrialach Uimh. 1,; coirnéal na seirbhíse inmheánaí Náisiúntacht: Bealarúiseach Dáta breithe: 20.4.1978 Áit bhreithe: Mionsc Inscne: fireann Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3200478A058PB3 |
Tá Andrei Tsedryk ina cheann ar Ionad Coinneála Réamhthrialach Uimh. 1 i Mionsc, ar a dtugtar “Voldarka” freisin. Chuaigh go leor príosúnaigh, lena n-áirítear Ales Pushkin, pholaitiúla tríd an ionad agus thug siad fianaise go bhfuil na dálaí san ionad mídhaonna. Is ann atá Ales Bialiatski faoi choinneáil. Níl ospidéal cuí san ionad ach an oiread. Tá Andrei Tsedryk freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Bhealarúis. |
5.8.2024 |
243. |
Iryna Barisauna AKULOVICH Irina Borisovna AKULOVICH |
Iрына Барысаўна АКУЛОВIЧ Ирина Борисовна АКУЛОВИЧ |
Ard-stiúrthóir ar an bhfiontar aonadach poblachtach “Belarusian Telegraph Agency” (BelTA) Dáta breithe: 24.10.1974 Áit bhreithe: Mogilev, an Bhealarúis Náisiúntacht: Bealarúiseach Inscne: baineann |
Tá Iryna Akulovich ag tacú le Aliaksandr Lukashenka le fada. In 2018 cheap Aliaksandr Lukashenka í mar Ard-stiúrthóir ar an ngníomhaireacht nuachta Stáit is mó Belarusian Telegraph Agency (BelTA) agus tá sí fós sa phost sin. Trína fhoilseacháin agus trína ghníomhaíochtaí, ar nós taispeántais grianghraf agus imeachtaí poiblí, cuireann BelTA Lukashenka agus a réimeas chun cinn go mór. Léiríonn Iryna Akulovich ina ráitis phoiblí agus ina gníomhaíochtaí go dtacaíonn sí le Lukashenka agus lena mbíonn le rá aige faoin bhfreasúra daonlathach. Mar cheann BelTA is í a leagann síos tuin agus treo na gníomhaireachta nuachta agus féachann sí ar na meáin mar uirlis chun réimeas reatha na tíre a chaomhnú. Dá bhrí sin tá sé ag tacú le réimeas Lukashenka. |
5.8.2024 |
244. |
Mikita Sviatoslavovich RACHYLOUSKI Nikita Sviatoslavovich RACHILOVSKYI |
Мікіта Святаслававіч РАЧЫЛОЎСКI Никита Святославович РАЧИЛОВСКИЙ |
Óstach an chláir teilifíse “Senate” ar an gcainéal STV (СТВ), cathaoirleach Chomhairle na nÓg (Parlaimint na nÓg ag Tionól Náisiúnta Phoblacht na Bealarúise), comhalta de choimisiún turasóireachta agus comhshaoil Chomhlachas na nÓg i dTionól Parlaiminteach Aontas Stáit na Bealarúise agus na Rúise, cathaoirleach chomhghuaillíocht shibhialta na n-óg “Moving forward” Dáta breithe: 28.7.1997 Áit bhreithe: Mionsc, an Bhealarúis Náisiúntacht: Bealarúiseach Inscne: fireann |
Tá poist shinsearacha ag Mikita Rachylouski san institiúid rialtais Comhairle na nÓg, GONGO Moving Forward agus sna meáin (an clár teilifíse “Senate”). Tá na poist sin á n-úsáid ag Mykyta Rachylouski chun saoránaigh de chuid na Bealarúise a cháin an rialtas nó a ghlac páirt in agóidí siar in 2020 nó atá ar mhalairt tuairime leis an rialtas a mhaslú. Bhí sé in ard a ghutha agus é ag éileamh go gcuirfí pionós agus go ndéanfaí géarleanúint ar an mblagálaí cáiliúil Kokobay, chomh maith leis an mbanna ceoil “Drozdy” agus daoine eile. Lena chuid ráiteas tá géarleanúint á spreagadh aige agus tá fuath á chothú aige do lucht cáinte an réimis. Uair amháin as an iliomad uair a bhíonn sé ar an teilifís mhol sé go gcuirfí an ruaig ar an bhfoireann i ndámh na staire in ollscoileanna na Bealarúise. Tá sé curtha in iúl aige go mion minic freisin go dtacaíonn sé le rialtas na Bealarúise agus le Aliaksandr Lukashenka. Dá bhrí sin tá sé ag tacú le réimeas Lukashenka. |
5.8.2024 |
245. |
Dzmitry Aliaksandrovich ZHUK Dmitrii Aleksandrovich ZHUK |
Дзмітрый Аляксандравіч ЖУК Дмитрий Александрович ЖУК |
Stiúrthóir agus príomheagarthóir an tí foilsitheoireachta “Belarus Today” Dáta breithe: 7.7.1970 Áit bhreithe: Letkaushchyna, réigiún Mhionsc Náisiúntacht: Bealarúiseach Inscne: fireann Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3070770A081PB7 |
Tá Dzmitry Zhuk ag tacú le fada le Aliaksandr Lukashenka agus lena réimeas. Roimhe seo bhí sé ina cheann ar sheirbhís preasa Lukashenka agus ina dhiaidh sin chaith sé tréimhse fhada ina Ard-Stiúrthóir ar an ngníomhaireacht nuachta stáit is mó Belarusian Telegraph Agency (BelTA). Ó 2018 is é stiúrthóir agus príomheagarthóir an tí foilsitheoireachta “Belarus Today”. Sa phost sin, tá faisnéis bhréagach á cur os comhair phobal na Bealarúise d’aon ghnó ag Dzmitry Zhuk faoin gcos ar bolg atá á dhéanamh ag údaráis an stáit, tá an bhréagaisnéis ó údaráis na Bealarúise agus na Rúise araon á scaipeadh aige, agus tá sé i mbun fuath don fhreasúra daonlathach agus don tsochaí shibhialta a chur chun cinn. Tá sé freagrach go díreach as an gcaoi a gcuireann Belarus Today faisnéis ar fáil faoi staid na tíre, agus é ag tacú ar an gcaoi sin leis na húdaráis, lena n-áirítear Lukashenka. Dá bhrí sin tá sé ag tacú le réimeas Lukashenka. |
5.8.2024 |
246. |
Viachaslau Ivanavich TULEYKA Vyacheslav Ivanovich TULEYKO |
Вячаслаў Iванавіч ТУЛЕЙКА Вячеслав Иванович ТУЛЕЙКО |
Breitheamh den Chúirt Réigiúnach Mhionsc Dáta breithe: 27.7.1977 Inscne: fireann Náisiúntacht: Bealarúiseach |
Ina cháil mar bhreitheamh den Chúirt Réigiúnach Mhionsc, rinne Viachaslau Tuleyka ionadaíocht do réimeas Lukashenka in go leor trialacha a ritheadh ar chúiseanna polaitiúla agus tá sé freagrach as na pianbhreitheanna fada a gearradh ar roinnt oibrithe sna meáin: lryna Leushyna (BelaPAN), Dzmitry Navazhylau (Bela PAN), Andrey Alyaksandrau (BelaPAN), lryna Zlobina (Bela PAN), Stepan Putilo (Nexta), Yan Rudik (Nexta) agus Roman Pratasevich (Nexta). Ghearr sé pianbhreith freisin ar shaoránach Bealarúiseach as tuairimí frithrialtais a fhoilsiú ar na meáin shóisialta. Tá na pianbhreitheanna sin mar chuid de dhiúltú córasach a bheith á dhéanamh ag údaráis na Bealarúise d’fheidhmiú na saoirse chun tuairimí a nochtadh agus de phionós a chur má fheidhmítear an tsaoirse sin. Tá Viachaslau Tuleyka freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go tromchúiseach den smacht reachta, mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis. |
5.8.2024 |
247. |
Alena Mikalayeuna ANANICH Elena Nikoayevna ANANICH |
Алена Мікалаеўна АНАНIЧ Елена Николаевна АНАНИЧ |
Breitheamh den Chúirt Chathrach Mhionsc Inscne: baineann Náisiúntacht: Bealarúiseach |
Is breitheamh Bealarúiseach í Alena Ananich atá ag feidhmiú den Chúirt Chathrach Mhionsc ó 2015 i leith, arna ceapadh ag Aliaksandr Lukashenka. D’eisigh sí roinnt mhaith rialuithe ar chúiseanna polaitiúla ina gcoinne siúd a chuireann in aghaidh údaráis na Bealarúise, lena n-áirítear le téarmaí príosúnachta an-fhada: Yauhen Yushkevich – 11 bhliain, Vital Brahiniets (dlíodóir Alies Bialatski, buaiteoir Dhuais Síochána Nobel) – 8 mbliana; Viachaslau Kandyba – 7 mbliana; agus Siarhiei Nikitsin – 6 bliana. Ghearr sí, in absentia, téarma príosúnachta 18 mbliana freisin ar Stanislau Lupanosau, gníomhaí de chuid anfhreasúra atá ina chónaí thar lear, iar-oifigeach den Phríomh- Roinn um Chomhrac na Coireachta Eagraithe agus an Éillithe (GUBOPiK) na hAireactha um Gnóthaí Inmheánacha. Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine nó as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis. |
5.8.2024 |
248. |
Anatoliy Ryhoravich SOTNIKAU Anatoliy Grigorievich SOTNIKOV |
Анатолій Рыгоравіч СОТНIКАЎ Анатолий Григорьевич СОТНИКОВ |
Breitheamh de Chúirt Réigiúnach Homel Náisiúntacht: Bealarúiseach Inscne: fireann |
Is breitheamh é Anatoliy Sotnikau atá ag feidhmiú i gCúirt Réigiúnach Homel ó 2019 i leith, agus ar cheap Aliaksandr Lukashenka é. D’eisigh sé pianbhreitheanna ar chúiseanna polaitiúla i gcoinne saoránaigh Bhealarúiseacha a chuir tuairimí in iúl in aghaidh chogadh dearg foghach na Rúise faoin Úcráin agus in aghaidh bhrúidiúlacht struchtúir forfheidhmithe dlí na Bealarúise. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine nó as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis. |
5.8.2024 |
249. |
Andrey Viktaravich MLECHKA Andrei Viktorovich MLECHKO |
Андрэй Віктаравіч МЛЕЧКА Андрей Викторович МЛЕЧКО |
Breitheamh de Chúirt Dúiche Frunze Chathair Mhionsc Náisiúntacht: Bealarúiseach Inscne: fireann |
Is breitheamh é Andrey Mlechka atá ag feidhmiú i gCúirt Dúiche Frunze Chathair Mhionsc ó 2021 i leith, agus ar cheap Aliaksandr Lukashenka é. D’eisigh sé pianbhreitheanna ar chúiseanna polaitiúla i gcoinne saoránaigh a chuir tuairimí cáinteacha in iúl i leith na n-údarás go síochánta ar na sráideanna agus ar an idirlíon. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine nó as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis. |
5.8.2024 |
250. |
Ihar Aliaksandravich SHVEDAU Igor Alexandrovich SHVEDOV |
Iгар Аляксандравіч ШВЕДАЎ Игорь Александрович ШВЕДОВ |
Breitheamh de Chúirt Réigiúnach Mahiliou Náisiúntacht: Bealarúiseach Inscne: fireann |
Is breitheamh é Ihar Shvedau atá ag feidhmiú i gCúirt Réigiúnach Mahiliou ó 2020 i leith, agus ar cheap Aliaksandr Lukashenka é. D’eisigh sé pianbhreitheanna ar chúiseanna polaitiúla i gcoinne lucht freasúra réimeas Lukashenka, lena n-áirítear i gcoinne Andrei Kuznechyk, iriseoir (6 bliana sa phríosún), Anton Shybut, príosúnach polaitiúil (5 bliana), agus daoine eile a cháin údaráis na Bealarúise. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine nó as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis. |
5.8.2024 |
251. |
Iryna Vladimirovna PADKAVYRAVA Irina Vladimirovna PODKOVYROVA |
Iрына Уладзіміраўна ПАДКАВЫРАВА Ирина Владимировна ПОДКОВЫРОВА |
Ionchúisitheoir Dáta breithe: 22.9.1972 Náisiúntacht: Bealarúiseach Inscne: baineann |
Is ionchúisitheoir í Iryna Padkavyrava. Tá baint aici leis na húdaráis ionchúisimh ó 2009 ar a laghad, nuair a d’oibrigh sí mar ionchúisitheoir sinsearach i réigiún Gomel. In 2022, ghníomhaigh sí mar ionchúisitheoir i dtriail iriseora neamhspleách atá cleamhnaithe le TVP agus Belsat TV. Ag an am, d’iarr sí téarma príosúnachta 4 bliana don iriseoir. Ghlac sí páirt freisin i mbreithniú na n-achomharc i gcoinne pianbhreitheanna a forchuireadh as iontrálacha a phostáil ar mheáin shóisialta na Bealarúise inar cáineadh an rialtas agus a chuid oifigeach. Mar ionchúisitheoir, thacaigh sí leis na pionóis, agus mheas sí go raibh siad leordhóthanach agus cothrom. Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine nó as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis. |
5.8.2024 |
252. |
Tatsiana Viktarauna SHOTSIK Tatiana Viktorovna SHOTIK |
Таццяна Віктараўна ШОЦIК Татьяна Викторовна ШОТИК |
Breitheamh de chúirt dúiche Leninsky i Mionsc Dáta breithe: 21.1.1992 Náisiúntacht: Bealarúiseach Inscne: baineann Uimhir Aitheantais Phearsanta: 4210192A027PB8 |
Is breitheamh í Tatsiana Shotsik atá ag feidhmiú i gcúirt dúiche Leninsky i Mionsc ó 2021 i leith, agus ar cheap Aliaksandr Lukashenka í. D’eisigh sí pianbhreitheanna ar chúiseanna polaitiúla i gcoinne saoránaigh Bhealarúiseacha a chuir tuairimí in iúl in aghaidh an Uachtaráin agus in aghaidh bhrúidiúlacht struchtúir forfheidhmithe dlí na Bealarúise. Fuair Igor Lednike, príosúnach polaitiúil ar ghearr Shotsik téarma príosúnachta 3 bliana air, bás an 20 Feabhra 2024. Tá Tatsiana Shotsik freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine nó as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis. |
5.8.2024 |
253. |
Vasil Uladzimiravich SKOK Vasily Vladimirovich SKOK |
Васіль Уладзіміравіч СКОК Василий Владимирович СКОК |
Breitheamh de Chúirt Réigiúnach Grodno Náisiúntacht: Bealarúiseach Dáta breithe: 17.11.1959 Inscne: fireann Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3171159K025PB0 |
Is breitheamh é Vasil Skok atá ag feidhmiú i gCúirt Réigiúnach Grodno ó 2003 i leith, agus ar cheap Aliaksandr Lukashenka é. D’eisigh sé pianbhreitheanna ar chúiseanna polaitiúla i gcoinne saoránaigh Bhealarúiseacha a chuir tuairimí in iúl in aghaidh an Uachtaráin, an réimis agus bhrúidiúlacht struchtúir forfheidhmithe dlí na Bealarúise. Ghearr sé pianbhreith 6 bliana i gcoilíneacht phionósach ardslándála ar Andrey Sachevko. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine nó as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis. |
5.8.2024 |
254. |
Stanislau Uladzimiravich IVANIUTSENKA Stanislav Vladimirovich IVANYUTENKO |
Станіслаў Уладзіміравіч IВАНЮЦЕНКА Станислав Владимирович ИВАНЮТЕНКО |
Breitheamh de chúirt dúiche Rechitsa i réigiún Gomel Dáta breithe: 29.7.1982 Náisiúntacht: Bealarúiseach Inscne: fireann Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3290782H007PB3 |
Is breitheamh é Stanislau Ivaniutsenka atá ag feidhmiú i gcúirt dúiche Rechitsa i réigiún Gomel ó 2019 i leith, agus ar cheap Aliaksandr Lukashenka é. D’eisigh sé pianbhreitheanna ar chúiseanna polaitiúla i gcoinne saoránaigh Bhealarúiseacha a chuir tuairimí in iúl in aghaidh an Uachtaráin agus in aghaidh bhrúidiúlacht struchtúir forfheidhmithe dlí na Bealarúise. Is é a rialaigh cás Polina Sharendo, gníomhaí sóisialta ón mBealarúis, a coinníodh i mí Eanáir 2021. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine nó as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis. |
5.8.2024 |
255. |
Aliaksey Anatolevich KHLYSZCZANKAU Alexey Anatolievich KHLYSHCHENKOV |
Аляксей Анатольевіч ХЛЫШЧАНКАЎ Алексей Анатольевич ХЛЫЩЕНКОВ |
Breitheamh de Chúirt Réigiúnach Gomel Dáta breithe: 27.8.1982 Náisiúntacht: Bealarúiseach Inscne: fireann Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3270882H007PB4 |
Is breitheamh é Aliaksey Klyshchankau atá ag feidhmiú i gCúirt Réigiúnach Gomel ó 2019 i leith, agus ar cheap Aliaksandr Lukashenka é. D’eisigh sé pianbhreitheanna ar chúiseanna polaitiúla i gcoinne saoránaigh Bhealarúiseacha a chuir tuairimí in iúl in aghaidh an Uachtaráin agus in aghaidh bhrúidiúlacht struchtúir forfheidhmithe dlí na Bealarúise. Ghearr sé pianbhreith 6,5 bliain i gcoilíneacht phionósach ardslándála ar Yuri Vlasov, rúnchara le Svetlana Tikhanovskaya, iarrthóir uachtaránachta. Tá Aliaksey Klyshchankau freagrach, dá bhrí sin, as an mbonn a bhaint go mór ón smacht reachta agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis. |
5.8.2024 |
256. |
Ihar Fiodaravich ZIAMTSAU Igor Fedorovich ZEMTSOV |
Iгар Фёдаравіч ЗЯМЦОЎ Игорь Федорович ЗЕМЦОВ |
Breitheamh de Chúirt Réigiúnach Mogilev Náisiúntacht: Bealarúiseach Dáta breithe: 20.3.1975 Inscne: fireann Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3200375M061PB1 |
Is breitheamh é Ihar Ziamtsau atá ag feidhmiú i gCúirt Réigiúnach Mogilev ó 2017 i leith, agus ar cheap Aliaksandr Lukashenka é. D’eisigh sé pianbhreitheanna ar chúiseanna polaitiúla i gcoinne saoránaigh Bhealarúiseacha a chuir tuairimí in iúl in aghaidh an Uachtaráin agus in aghaidh bhrúidiúlacht struchtúir forfheidhmithe dlí na Bealarúise. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as an mbonn a bhaint go mór ón smacht reachta agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis. |
5.8.2024 |
257. |
Aliaksei Iurievich KRIAKVIN Alexey Yurevich KRIAKVIN |
Аляксей Юр’евіч КРАКВIН Алексей Юрьевич КРЯКВИН |
Bolscaire ar chainéal teilifíse All-National Television (ONT) Dáta breithe: 9.11.1984 Áit bhreithe: Mionsc, an Bhealarúis Náisiúntacht: Bealarúiseach Inscne: fireann |
Is bolscaire é Aliaksei Kriakvin a oibríonn do ONT, cainéal teilifíse atá faoi úinéireacht an Stáit, agus tá sé rannpháirteach i dtáirgeadh ábhar bolscaireachta chun tacú le réimeas Lukashenka. Go háirithe, bhí baint dhíreach aige leis an obair ar “imscrúdú speisialta” ONT faoi chás coiriúil Viktor Babariko, inar nochtadh sonraí ón réamh-imscrúdú. Bíonn sé páirteach i gcláir theilifíse, ag cáineadhgníomhaíochtaí lucht freasúra réimeas Lukashenko go rialta agus ag labhairt faoi rannpháirtíocht an Iarthair i gcorraíl phobail na Bealarúise. Dá bhrí sin tá sé ag tacú le réimeas Lukashenka. |
5.8.2024 |
258. |
Viktar Arkadzievich SHAUTSOU Viktor Arkadievich SHEVTSOV |
Вiктар Аркадзьевiч ШАЎЦОЎ Виктор Аркадьевич ШВЕЦОВ |
Fear gnó, infheisteoir Dáta breithe: 5.12.1963 Áit bhreithe: Sráidbhaile Razumava, réigiún Vitebsk, an Bhealarúis Náisiúntacht: Bealarúiseach Inscne: fireann Pas uimhir: MP4572331, arna eisiúint an 12 Feabhra 2021 Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3051263A036PB7 |
Is fear gnó é Viktar Shautsou a oibríonn sa Bhealarúis agus a bhfuil leasanna gnó aige sa holagrafaíocht. Is é an t-aon scairshealbhóir de chuid Tekhnokhimtrade é. Tá JSC Holography Industry faoi chomhúinéireacht Tekhnokhimtrade agus dhá eintiteas faoi úinéireacht Stáit, i measc eintitis eile. Is tairbhí é Viktar Shautsou de mhonaplacht a chruthaigh an Stát go saorga, ós rud é, ó mhí an Mhárta 2011, gurb é JSC Holography Industry an t-aon chuideachta de chuid na Bealarúise atá ceadúnaithe ag Aireacht Airgeadais na Bealarúise chun holagraim agus criostalghraim shlándála a tháirgeadh le haghaidh foirmeacha agus doiciméid slándála. D’eisigh Comhairle Airí na Bealarúise ceanglas greamáin holagraim a chur ar raon leathan earraí, scipéid airgid agus meaisíní sliotán Is é JSC Holography Industry amháin a tháirgeann na greamáin holagraim sin. Dá bhrí sin, tá Viktar Shautsou ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka. |
5.8.2024 |
259. |
Volha Anatoleuna DUBOVIK Olga Anatolievna DUBOVIK |
Вольга Анатольеўна ДУБОВIК Ольга Анатольевна ДУБОВИК |
Breitheamh de chúirt dúiche Maladzechna i réigiún Minsk Náisiúntacht: Bealarúiseach Dáta breithe: 26.8.1978 Inscne: baineann Uimhir Aitheantais Phearsanta: 4260878B038PB7 |
Is breitheamh Bealarúiseach í Volha Dubovik atá ar seirbhís i gcúirt cheantar Maladzechna i réigiún Mhionsc. Is é Aliaksandr Lukashenka a cheap í in 2020. D’eisigh sí pianbhreitheanna polaitiúla ar chúiseanna polaitiúla, lena n-áirítear i gcoinne shaoránaigh Bhealarúiseacha a rinne agóid i gcoinne thoghcháin chalaoiseacha uachtaránachta 2020. Chuir sí pianbhreith ar shaoránach chomh maith as bheith á chosaint féin i gcoinne bhrúidiúlacht fhorfheidhmiú an dlí. Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as an mbonn a bhaint go mór den smacht reachta agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach. |
5.8.2024 |
260. |
Anton Genadzevich DUDAL Anton Gennadievich DUDAL |
Антон Генадзевіч ДУДАЛЬ Антон Геннадьевич ДУДАЛЬ |
Breitheamh de chúirt réigiún Bobruisk agus cathair Bobruisk Náisiúntacht: Bealarúiseach Dáta breithe: 11.8.1986 Inscne: fireann Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3110886M079PB3 |
Is breitheamh é Anton Dudal atá ar seirbhís i gcúirt dúiche Bobruisk agus i gcathair Bobruisk. Is é Aliaksandr Lukashenka a cheap é in 2019. Ghearr sé pianbhreitheanna ar dhaoine ar chúiseanna polaitiúla, lena n-áirítear saoránaigh Bhealarúiseacha a nocht tuairimí in aghaidh an Uachtaráin. Chuir sé pianbhreith ar shaoránach as bheith á chosaint féin i gcoinne bhrúidiúlacht fhorfheidhmiú an dlí. D’aistrigh sé Andrey Sachevko go príosún in Mahiliou. Tá Anton Dudal freagrach, dá bhrí sin, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach. |
5.8.2024 |
261. |
Mikalai Vasilievich SIARHEEVICH Nikolai Vasilievich SERGEEVICH |
Мікалай Васільевіч СЯРГЕЕВIЧ Николай Васильевич СЕРГЕЕВИЧ |
Breitheamh de Chúirt Dúiche Zhlobinsky de Réigiún Gomel Náisiúntacht: Bealarúiseach Dáta breithe: 22.8.1983 Inscne: fireann Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3220883H026PB7 |
Is breitheamh Bealarúiseach é Mikalai Siarheevich atá ar seirbhís i gCúirt Dúiche Zhlobinsky de Réigiún Gomel. Aliaksandr Lukashenka a cheap é. D’eisigh sé pianbhreitheanna ar chúiseanna polaitiúla i gcoinne saoránaigh Bhealarúiseacha a nocht a dtuairimí faoi na toghcháin chalaoiseacha uachtaránachta in 2020, lena n-áirítear daoine a ghlac páirt in agóidí Zhlobin. Tá Mikalai Siarheevich freagrach, dá bhrí sin, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach. |
5.8.2024’ |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2113/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)