European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2012

23.7.2024

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2024/2012 ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Iúil 2024

lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh (CBES) 2015/1333 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2015/1333 ón gComhairle an 31 Iúil 2015 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2011/137/CBES (1), agus go háirithe Airteagal 12(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Iúil 2015, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2015/1333.

(2)

De bhun Airteagal 17(2) de Chinneadh (CBES) 2015/1333, tá athbhreithniú déanta ag an gComhairle ar liostaí na ndaoine agus na n-eintiteas ainmnithe a leagtar amach in Iarscríbhinní II agus IV a ghabhann leis an gCinneadh sin.

(3)

Is é tátal na Comhairle gur cheart na hiontrálacha do dhuine amháin, a d’éag, agus do dhá eintiteas a scriosadh, agus gur cheart na bearta sriantacha atá dírithe ar gach duine eile agus gach eintitis eile atá ar na liostaí a leagtar amach in Iarscríbhinn II agus IV a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1333 a choinneáil ar bun.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2015/1333 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinní II agus IV a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1333 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Iúil 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)   IO L 206, 1.8.2015, lch. 34.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Cinneadh (CBES) 2015/1333 mar a leanas:

(1)

in Iarscríbhinn II (‘Liosta na ndaoine agus na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 8(2)’), Cuid A (‘Daoine’), scriostar iontráil 19 (a bhaineann le PRIGOZHIN, Yevgeniy Viktorovich);

(2)

In Iarscríbhinn IV (‘Liosta na ndaoine agus na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 9(2)’), Cuid A (‘Daoine’), scriostar iontráil 24 (a bhaineann le PRIGOZHIN, Yevgeniy Viktorovich);

(3)

in Iarscríbhinn IV, (‘Liosta na ndaoine agus na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 9(2)’), leasaítear Cuid B (‘Eintitis’), mar a leanas:

(a)

scriostar iontráil 13 (a bhaineann le Ashton Global Investments Limited);

(b)

scriostar iontráil 15 (a bhaineann le Kinloss Property Limited).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2012/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)