European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1999

22.7.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/1999 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Iúil 2024

maidir le taraif-chuótaí a thabhairt isteach agus a bhainistiú le haghaidh piocuarain mar thoradh ar Rialachán (AE) 2024/1392 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1392 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (1), agus go háirithe Airteagal 4(7), an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), de,

Tar éis dó an Coiste um Choimircí a chur ar an eolas,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2024/1392 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, glacadh bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar lamháltais trádála is infheidhme maidir le táirgí de chuid na hÚcráine. Le hAirteagal 1(1), pointe (b), den Rialachán sin, cuireadh ar fionraí na taraif-chuótaí uile a bunaíodh faoi Iarscríbhinn I-A a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile agus ar choinníoll go raibh na táirgí a chumhdaítear leis na cuótaí sin lena ligean isteach chun a n-allmhairithe isteach san Aontas ón Úcráin gan aon dleacht chustaim.

(2)

Le hAirteagal 4(7) de Rialachán (AE) 2024/1392 déantar foráil maidir le beart coimirce uathoibríche d’uibheacha, éanlaithe clóis, siúcra, coirce, arbhar Indiach, piocuaran agus mil atá le gníomhachtú má shroicheann méideanna carnacha allmhairí aon cheann de na táirgí sin ó bhí an 1 Eanáir 2024 ann le linn tréimhse shonrach meán uimhríochtúil faoi seach méideanna allmhairí an táirge sin arna dtaifeadadh sa tréimhse ón 1 Iúil go dtí an 31 Nollaig 2021, in 2022 agus in 2023.

(3)

Shroich na méideanna carnacha allmhairí i gcás piocuarain ó bhí an 1 Eanáir 2024 ann an meán uimhriúil faoi seach dá dtagraítear in Airteagal 4(7) de Rialachán (AE) 2024/1392, méid is ísle ná méid an taraif-chuóta chomhfhreagraigh a cuireadh ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 1(1), pointe (b), den Rialachán sin. Dá bhrí sin, an taraif-chuóta sin a cuireadh ar fionraí agus a bhfuil an tsraithuimhir 09.6707 ag gabháil leis, ba cheart é a thabhairt isteach arís go dtí an 31 Nollaig 2024 agus ba cheart taraif-chuóta atá cothrom le cúig dhódhéagú den mheán uimhríochtúil a thabhairt isteach ón 1 Eanáir 2025.

(4)

Ba cheart an taraif-chuóta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a bhainistiú bunaithe ar ord croineolaíoch na ndátaí a ghlactar leis na dearbhuithe custaim maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht piocuarain i gcomhréir leis na rialacha maidir le bainistiú taraif-chuótaí a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (2).

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 4(8) de Rialachán (AE) 2024/1392, ba cheart an chainníocht a allmhairíodh le linn na bliana féilire 2024 a chur san áireamh i mbainistiú an taraif-chuóta lena ngabhann an tsraithuimhir 09.6707 go dtí an 31 Nollaig 2024.

(6)

Chun gníomhú laistigh den sprioc-am a leagtar amach in Airteagal 4(7) de Rialachán (AE) 2024/1392, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(7)

Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2024/1392 go dtí an 5 Meitheamh 2025, dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo go dtí an dáta céanna,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An taraif-chuóta a bhfuil an tsraithuimhir 09.6707 ag gabháil leis, a cuireadh ar fionraí de bhua Airteagal 1(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2024/1392, tugtar isteach an athuair é go dtí an 31 Nollaig 2024.

Airteagal 2

Tugtar an taraif-chuóta a leagtar amach san Iarscríbhinn isteach ón 1 Eanáir 2025 i gcomhréir le hAirteagal 4(7), pointe (b), de Rialachán (AE) 2024/1392 agus beidh feidhm aige laistigh den teorainn chainníochtúil a leagtar amach san Iarscríbhinn sin a mhéid a bhaineann leis na táirgí a liostaítear ann.

Airteagal 3

Déanfaidh an tAontas an taraif-chuóta a leagtar amach san Iarscríbhinn a bhainistiú i gcomhréir le hord croineolaíoch na ndátaí a ghlactar le dearbhuithe custaim maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht piocuarain mar a leagtar síos in Airteagail 49 go 54 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447.

Airteagal 4

Chun tairbhiú de tharaif-chuóta a leagtar amach san Iarscríbhinn, comhlíonfaidh na táirgí na rialacha maidir le tionscnamh táirgí dá bhforáiltear i bPrótacal I a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige go dtí an 5 Meitheamh 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Iúil 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L, 2024/1392, 29.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1392/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg_impl/2015/2447/oj?locale=ga).


IARSCRÍBHINN

Sraithuimhir

09.6729

Tuairisc ar an táirge

Piocuaran, millíní, gráin, etc.

Cóid AC

ex 1103 19 20

1103192010

1103 19 90

1103 20 90

1104 19 10

1104 19 50

1104 19 61

1104 19 69

1104 29 04

1104 29 05

1104 29 08

ex 1104 29 17

1104291790

ex 1104 29 30

1104293090

1104 29 51

1104 29 59

1104 29 81

1104 29 89

1104 30

Tionscnamh

an Úcráin

Cainníocht

8 603 430 kg

Tréimhse taraif-chuótaí

1 Eanáir 2025 go dtí an 5 Meitheamh 2025

Fothréimhsí taraif-chuótaí

Neamhbhainteach

Cruthúnas tionscnaimh

Is ann dó. Éileamh ar chóir fhabhrach i gcomhréir le Prótacal I a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile

Dleacht chustaim laistigh den chuóta

EUR 0


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1999/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)