|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1951 |
11.7.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/1951 Ó IONADAITHE RIALTAIS NA mBALLSTÁT
an 3 Iúil 2024
lena gceaptar triúr Breithiúna agus Abhcóide Ginearálta don Chúirt Bhreithiúnais
TÁ IONADAITHE RIALTAIS BHALLSTÁIT AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 19 de,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 253 agus 255 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rachaidh téarma oifige trí bhreitheamh déag agus cúigear Abhcóidí Ginearálta den Chúirt Bhreithiúnais in éag an 6 Deireadh Fómhair 2024. |
|
(2) |
Ba cheart, dá bhrí sin, daoine a cheapadh chun na poist sin a líonadh don tréimhse dar tús an 7 Deireadh Fómhair 2024 agus dar críoch an 6 Deireadh Fómhair 2030. |
|
(3) |
Moladh go gceapfaí Irmantas JARUKAITIS chun a sainordú mar Bhreitheamh den Chúirt Bhreithiúnais a athnuachan. |
|
(4) |
Moladh go gceapfaí Fredrik SCHALIN agus Bernardus SMULDERS don chéad téarma oifige mar Bhreithiúna den Chúirt Bhreithiúnais. |
|
(5) |
Moladh go gceapfaí Rimvydas NORKUS don chéad téarma oifige mar Abhcóide Ginearálta den Chúirt Bhreithiúnais. |
|
(6) |
Thug an painéal, a bunaíodh le Airteagal 255 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tuairim fhabhrach uaidh ar oiriúnacht na n-iarrthóirí sin chun feidhmeanna Breithimh agus Abhcóide Ghinearálta den Chúirt Bhreithiúnais a fheidhmiú, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar na daoine seo a leanas ina mBreithiúna den Chúirt Bhreithiúnais don tréimhse ón 7 Deireadh Fómhair 2024 go dtí an 6 Deireadh Fómhair 2030:
|
— |
Irmantas JARUKAITIS, |
|
— |
Fredrik SCHALIN, |
|
— |
Bernardus SMULDERS. |
Airteagal 2
Leis seo, ceaptar an duine seo a leanas ina Abhcóide Ginearálta den Chúirt Bhreithiúnais don tréimhse ón 7 Deireadh Fómhair 2024 go dtí an 6 Deireadh Fómhair 2030:
|
— |
Rimvydas NORKUS. |
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Iúil 2024.
An tUachtarán
ÓDOR B.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1951/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)