European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1909

8.8.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 87/2024

an 26 Aibreán 2024

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1909]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/981 ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 a mhéid a bhaineann le haicmiú na substainte prasacuainteil i ndáil lena huasteorainn iarmhar in mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/997 ón gCoimisiún an 23 Bealtaine 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/17 lena mbunaítear liosta modhnuithe nach n-éilíonn measúnú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Caibidil XIII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 13 (Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 ón gCoimisiún):

‘-

32023 R 0981: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/981 ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2023 (IO L 134, 22.5.2023, lch. 36).’

2.

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 22b (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/17 ón gCoimisiún):

‘, arna leasú le:

32023 R 0997: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/997 ón gCoimisiún an 23 Bealtaine 2023 (IO L 136, 24.5.2023, lch. 1).’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2023/981 agus (AE) 2023/997 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 27 Aibreán 2024, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Aibreán 2024.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L 134, 22.5.2023, lch. 36.

(2)   IO L 136, 24.5.2023, lch. 1.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1909/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)