European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1837

28.6.2024

CINNEADH (CBES) 2024/1837 ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Meitheamh 2024

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2024/385 lena mbunaítear bearta sriantacha ina gcoinne iad siúd a thacaíonn le gníomhaíochtaí foréigneacha a dhéanann Hamas agus Jiohád Ioslamach na Palaistíne, nó a éascaíonn nó a chumasaíonn na gníomhaíochtaí sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 19 Eanáir 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/385 (1).

(2)

I bhfianaise na bagartha leanúnaí ó Hamas agus ó Jiohád Ioslamach na Palaistíne, ba cheart seisear agus trí eintiteas a chur leis na liostaí san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2024/385.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2024/385 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2024/385 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Meitheamh 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. LAHBIB


(1)  Cinneadh (CBES) 2024/385 ón gComhairle an 19 Eanáir 2024 lena mbunaítear bearta sriantacha i gcoinne iad siúd a thacaíonn le gníomhaíochtaí foréigneacha a dhéanann Hamas agus Jiohád Ioslamach na Palaistíne, nó a éascaíonn nó a chumasaíonn na gníomhaíochtaí sin (IO L, 2024/385, 19.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/385/oj).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2024/385 mar a leanas:

(1)   

cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas faoin bhfo-cheannteideal ‘A. Daoine nádúrtha’:

 

Ainm

Faisnéis Aitheantais

Ráiteas ar chúiseanna

Dáta an liostaithe

‘7.

Jamil Yusuf Ahmad Aliyan

Dáta breithe: 1.1.1955

Náisiúntacht: Palaistíneach

Inscne: fireann

Feidhm: Oifigeach de chuid Jiohád Ioslamach na Palaistíne agus ceannaire Fhondúireacht Muhjat AlQuds

Is oifigeach de chuid Jiohád Ioslamach na Palaistíne (PIJ) é Jamil Yusuf Ahmad Aliyan agus is é ceannaire Fhondúireacht Muhjat AlQuds é. Eagraíocht atá á stiúradh ag PIJ agus á maoiniú ag an Iaráin is ea Fondúireacht Muhjat AlQuds agus is é an príomh-mhisean atá aici tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do theaghlaigh throdaithe agus phríosúnaigh PIJ. Ina theannta sin, bhí Aliyan ar choiste feidhmiúcháin PIJ, agus ar an gcaoi sin rinne sé maoirseacht ar airgeadas PIJ.

Dá bhrí sin, bíonn Jamil Yusuf Ahmad Aliyan rannpháirteach i maoiniú PIJ.

28.6.2024

8.

Ahmed Sharif Abdallah Odeh

Dáta breithe: 20.2.1951

Áit bhreithe: An Iordáin

Náisiúntacht: Iordánach

Inscne: fireann

Feidhm: Iarbhainisteoir infheistíochtaí eachtracha Hamas agus rapóirtéir reatha do Chomhairle Shura

Tá Ahmed Sharif Abdallah Odeh i gceannas ar ghníomhaíochtaí infheistíochta eachtraí Hamas. Tá baint aige le punann infheistíochta eachtraí an ghrúpa le blianta anuas. Bhí sé i gceannas ar dtús ar bhainistiú laethúil na punainne infheistíochta, agus anois déanann sé maoirseacht uirthi thar ceann Chomhairle Shura Hamas. Ina theannta sin, is scairshealbhóir agus comhalta boird é de roinnt cuideachtaí caocha de chuid Hamas.

Dá bhrí sin, bíonn Ahmed Sharif Abdallah Odeh rannpháirteach i maoiniú Hamas.

28.6.2024

9.

Ali Morshed Shirazi

Dáta breithe: 7.2.1969

Áit bhreithe: Najaf, an Iaráic

Náisiúntacht: Iaránach

Inscne: fireann

Feidhm: Oifigeach sinsearach de chuid Fhórsa Quds Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí

Is oifigeach sinsearach de chuid Fhórsa Quds Chór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC-QF) é Ali Morshed Shirazi atá ag feidhmiú mar Cheann Biúró Chraobh na Palaistíne, atá ag oibriú ón Liobáin. Cuireann IRGC-QF tacaíocht airgeadais ar fáil, chomh maith le hoiliúint, faisnéis, agus cineálacha eile cúnaimh, do Hamas agus do Jiohád Ioslamach na Palaistíne (PIJ). Laistigh dá eagraíocht, tá Shirazi i gceannas ar an aonad faireacháin agus rialaithe atá freagrach as oibríochtaí míleata a chur i gcrích. In éineacht le Sa’id Izadi, ceannaire Chraobh na Palaistíne de IRGC-QF, ritheann sé an Cibearaonad freisin, a thacaíonn le hoibríochtaí Hamas trí fhaisnéis a bhaint as fóin saighdiúirí Iosraelacha. Thairis sin, d’iarr sé cúnamh ar aonad teicniúil IRGC-QF (Aonad 340) chun tacú le PIJ.

Dá bhrí sin, bíonn Ali Morshed Shirazi rannpháirteach i ngníomhaíochtaí foréigneacha Hamas agus PIJ a chumasú.

28.6.2024

10.

Zuheir Shamlakh

Dáta breithe: 15.11.1980

Náisiúntacht: Palaistíneach

Inscne: fireann

Feidhm: Malartóir airgid Hamas agus éascaitheoir airgeadais le haghaidh criptea-airgeadraí

Is éascaitheoir airgeadais agus malartóir airgid é Zuheir Shamlakh a éascaíonn aistrithe airgeadais ón Iaráin go Hamas. Úsáideann sé a chuid cuideachtaí, Al-Markaziya li-Siarafa agus Arab China Trading Company, chun cistí a threorú chuig Briogáidí Izz al-Din al Qassam, sciathán míleata Hamas. Bhí ról lárnach ag Zuheir Shamlakh san aistriú a rinne Hamas i dtreo criptea-airgeadraí ionas nach mbraithfeadh údaráis Iosrael iad.

Dá bhrí sin, bíonn Zuheir Shamlakh rannpháirteach i maoiniú Hamas.

28.6.2024

11.

Ismail Barhoum

Dáta breithe: 23.12.1968

Áit bhreithe: Rafah

Náisiúntacht: Palaistíneach

Inscne: fireann

Feidhm: Comhalta de Bhiúró Polaitiúil Hamas in Gaza agus dá Chomhairle Rialaithe Shura, Ceann Chomhlachas Institiúidí Carthanachta Hamas

Tá Ismail Barhoum ina chomhalta de Bhiúró Polaitiúil Hamas agus de Chomhairle Shura Hamas. Is é Ceann Chomhlachas Institiúidí Carthanachta Hamas é freisin, a dhéanann maoirseacht ar 400 carthanas. Úsáidtear na heagraíochtaí carthanachta sin chun cistí a sheoladh chuig Hamas.

Dá bhrí sin, bíonn Ismail Barhoum rannpháirteach i maoiniú Hamas.

28.6.2024

12.

Maher Rebhi Obeid

Dáta breithe: 10.3.1958

Áit bhreithe: Amman, an Iordáin

Náisiúntacht: Palaistíneach

Inscne: fireann

Feidhm: Ceannaire polaitiúil Hamas agus comhalta de Bhiúró Polaitiúil Hamas

Tá Maher Rebhi Obeid ina chomhalta de Bhiúró Polaitiúil Hamas ó 2010 i leith. Tá Obeid i gceannas ar Cheanncheathrú Hamas ar an mBruach Thiar, atá freagrach as oibreoirí sceimhlitheoireachta Hamas a stiúradh ar an mBruach Thiar, as ionsaithe sceimhlitheoireachta a stiúradh, as bonneagar sceimhlitheoireachta a thógáil agus as treoracha a eisiúint maidir le hionsaithe sceimhlitheoireachta i gcoinne Iosrael agus Údarás na Palaistíne.

Dá bhrí sin, bíonn Maher Rebhi Obeid rannpháirteach i ngníomhaíochtaí foréigneacha Hamas a phleanáil agus a ullmhú, agus tacaíonn sé le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de shlándáil Iosrael, agus lena mbagraítear uirthi, agus cuireann sé na gníomhaíochtaí sin chun feidhme, faoi ainm Hamas.

28.6.2024’

(2)   

cuirtear an fo-cheannteideal seo a leanas agus na hiontrálacha seo a leanas leis:

‘B.

Daoine dlítheanacha, grúpaí, eintitis agus comhlachtaí

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Ráiteas ar chúiseanna

Dáta an liostaithe

1.

Zawaya Group for Development and Investment Co Ltd

Ar a dtugtar freisin: Zawaya Group Co; Zawaya Group for Development and Investment; Zawaya Group for Development and Investment Co; Zawaya Group for Development and Investment Company

Réigiún ghníomhaíochta: An tSúdáin

Úinéir agus cathaoirleach: Hamza Abdelbasit

Is cuideachta Shúdánach é Zawaya Group for Development and Investment Co Ltd. Tá sé faoi úinéireacht agus faoi rialú Abdelbasit Elhassan Mohamed Khair Hamza, duine de mhaoinitheoirí Hamas, agus tá sé nasctha le punann infheistíochta Hamas. Chuir an t-eintiteas cuideachtaí caocha ar bun do Hamas chun conarthaí rialtais a fhorghníomhú agus bhain Abdelbasit Elhassan Mohamed Khair Hamza úsáid as chun cuid dá infheistíochtaí brabúsacha eile a shealbhú, infheistíochtaí a úsáidtear chun Hamas a mhaoiniú.

Dá bhrí sin, bíonn Zawaya Group for Development and Investment Co Ltd rannpháirteach i maoiniú Hamas.

28.6.2024

2.

Al Zawaya Group for Development and Investment Sociedad limitada

Réigiún ghníomhaíochta: An Spáinn

Úinéir agus cathaoirleach: Hamza Abdelbasit

Is cuideachta eastáit réadaigh Spáinneach é Al Zawaya Group for Development and Investment Sociedad limitada. Tá sé faoi úinéireacht agus faoi rialú Abdelbasit Elhassan Mohamed Khair Hamza, duine de mhaoinitheoirí Hamas, cuireann sé ar a chumas siúd a chuid gníomhaíochtaí a dhéanamh, agus tá sé nasctha le punann infheistíochta Hamas. Feidhmíonn sé mar chuideachta chaoch chun sruthanna airgeadais Hamas a éascú.

Dá bhrí sin, bíonn Al Zawaya Group for Development and Investment Sociedad limitada rannpháirteach i maoiniú Hamas.

28.6.2024

3.

Larrycom for Investment Ltd.

Réigiún ghníomhaíochta: An tSúdáin

Úinéir agus cathaoirleach: Hamza Abdelbasit

Is cuideachta Shúdánach é Larrycom for Investment Ltd. Tá sé faoi úinéireacht agus faoi rialú Abdelbasit Hamza, duine de mhaoinitheoirí Hamas, trí Zawaya Group for Development and Investment Co. Ltd. Ar na tionscail a ndéanann Larrycom infheistíocht iontu, tá an teileachumarsáid an tógáil, agus acmhainní nádúrtha ríthábhachtacha ar nós ola, ór agus guma. Gineann Larrycom ioncam óna infheistíochtaí, a úsáideann Abdelbasit Elhassan Mohamed Khair Hamza ansin chun Hamas a mhaoiniú.

Dá bhrí sin, bíonn Larrycom for Investment Ltd. rannpháirteach i maoiniú Hamas.

28.6.2024’


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1837/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)