European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1836

3.7.2024

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1836 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Meitheamh 2024

lena gcuirtear síneadh leis an gcosaint shealadach mar a tugadh isteach le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir Bhallstáit ó thaobh na daoine sin a ghlacadh agus ó thaobh déileáil leis na hiarmhairtí a thagann as sin (1), agus go háirithe Airteagal 4(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 4 Márta 2022, i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, ghlac an Chomhairle Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 (2) lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Threoir 2001/55/CE, bhí feidhm ag an gcosaint shealadach den chéad uair ar feadh tréimhse tosaigh bliana, go dtí an 4 Márta 2023, agus ansin cuireadh síneadh bliana breise léi go huathoibríoch go dtí an 4 Márta 2024.

(3)

An 19 Deireadh Fómhair 2023, i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Threoir 2001/55/CE, ghlac an Chomhairle Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2409 (3) lena gcuirtear síneadh leis an gcosaint shealadach a tugadh isteach le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 go dtí an 4 Márta 2025.

(4)

I gcomhthéacs chur i ngníomh Threoir 2001/55/CE, an 4 Márta 2022, chomhaontaigh na Ballstáit d’aon toil i ráiteas gan Airteagal 11 de Threoir 2001/55/CE a chur i bhfeidhm maidir le daoine a bhfuil cosaint shealadach acu i mBallstát ar leith i gcomhréir le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 agus a bhogann go dtí Ballstát eile gan údarú, ach amháin má chomhaontaíonn na Ballstáit a mhalairt ar bhonn déthaobhach.

(5)

Ós rud é nach féidir le duine na cearta a ghabhann leis an gcosaint shealadach a fháil i níos mó ná Ballstát amháin in aon am amháin, daoine faoi chosaint shealadach a bhogann go dtí Ballstát eile chun an chosaint shealadach a fháil ansin,ní or cheart go dtairbheoidís den chúnamh sóisialta in dhá Bhallstát ag an am céanna.

(6)

Tá thart ar 4,19 milliún duine easáitithe ón Úcráin ag fáil cosaint shealadach san Aontas faoi láthair. D’fhan líon foriomlán na gclárúchán de dhaoine a bhfuil cosaint shealadach acu cobhsaí ag thart ar 4,19 milliún duine agus é ag dul i méid beagán an t-am ar fad, agus is beag duine a thuairiscigh go ndeachaigh sé abhaile chun na hÚcráine ar bhonn buan. Ní fhágann an staid san Úcráin gur féidir leis na daoine easáitithe filleadh ar an Úcráin i ndálaí sábháilte marthanacha. Measann an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce, i mí an Mhárta 2024, go bhfuil 3,6 milliún duine easáitithe laistigh den Úcráin. Thuairiscigh 80 % de na daoine a easáitíodh go hinmheánach go raibh siad easáitithe le bliain amháin nó níos mó anuas. Mheas Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla (OCHA) go bhfuil cúnamh daonnúil práinneach ag teastáil ó bhreis agus 14,6 milliún duine san Úcráin in 2024.

(7)

Thairis sin, ní féidir a chur as an áireamh go dtiocfaidh tuilleadh daoine isteach ar scála mór, mar gheall ar an gcruachás daonnúil, ar an míshocracht i gcoitinne agus ar éiginnteacht na staide san Úcráin de thoradh chogadh foghach na Rúise, lena n-áirítear aerionsaithe níos géire atá á ndéanamh go mion minic ar fud na tíre in aghaidh sibhialtach. Tá baol ann go dtiocfaidh géarú ar chúrsaí fós. An tráth céanna, dá dtiocfadh deireadh go luath leis an gcosaint shealadach agus dá ndéanfadh na tairbhithe sin go léir iarratas ar chosaint idirnáisiúnta san am céanna, bheadh oibriú éifeachtúil na gcóras náisiúnta tearmainn i mbaol.

(8)

Ós rud é nach dócha go dtiocfaidh laghdú ar líon ard na ndaoine easáitithe san Aontas a thairbhíonn de chosaint shealadach fad a leanfaidh an cogadh in aghaidh na hÚcráine ar aghaidh, is gá síneadh a chur leis an gcosaint shealadach chun aghaidh a thabhairt ar chás na ndaoine sin a fhaigheann cosaint shealadach san Aontas faoi láthair, nó a mbeidh cosaint den sórt sin de dhíth orthu ón 5 Márta 2025 ar aghaidh. Le cosaint sealadach déantar foráil do chosaint láithreach agus do rochtain ar thacar comhchuibhithe ceart agus, ag an am céanna, go laghdaítear léi foirmiúlachtaí a mhéid is féidir i gcás insreabhadh ollmhór san Aontas. Le síneadh a chur leis an gcosaint shealadach, cuideofar freisin lena áirithiú nach gclisfear ar chórais tearmainn na mBallstát mar gheall ar mhéadú suntasach ar líon na n-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a d’fhéadfadh daoine a fhaigheann cosaint shealadach go dtí an 4 Márta 2025 a chur isteach, dá dtiocfadh deireadh le cosaint shealadach faoin am sin, nó a d’fhéadfadh daoine ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin a thiocfadh isteach san Aontas tar éis an dáta sin agus ar nó roimh an 4 Márta 2026 a chur isteach.

(9)

Dá bhrí sin, i bhfianaise gur ann fós do na cúiseanna leis an gcosaint shealadach, ba cheart síneadh a chur leis an gcosaint shealadach i gcás na gcatagóirí daoine easáitithe dá dtagraítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 go dtí an 4 Márta 2026.

(10)

Leis an gCinneadh seo urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(11)

Tá Éire faoi cheangal ag Treoir 2001/55/CE agus, dá bhrí sin, tá sí rannpháirteach i nglacadh agus i gcur chun feidhme an Chinnidh Cur Chun Feidhme seo.

(12)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh Cur Chun Feidhme seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An chosaint shealadach a thugtar do dhaoine a easáitíodh ón Úcráin dá dtagraítear in Airteagal 2 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382, agus ar cuireadh síneadh léi le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2409, cuirtear síneadh bliana amháin eile léi, go dtí an 4 Márta 2026.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 25 Meitheamh 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. LAHBIB


(1)   IO L 212, 7.8.2001, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2001/55/oj.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle an 4 Márta 2022 lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach, (IO L 71, 4.3.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/382/oj).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2409 ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2023 lena gcuirtear síneadh leis an gcosaint shealadach mar a tugadh isteach le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 (IO L, 2023/2409, 24.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2409/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1836/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)