European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1751

19.6.2024

CINNEADH (AE) 2024/1751 ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Meitheamh 2024

lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionchúisitheoirí Eorpacha Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (1), agus go háirithe Airteagal 16 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Bunaíodh OIPE le Rialachán (AE) 2017/1939.

(2)

Foráiltear le hAirteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2017/1939 (Rialachán OIPE) go bhfuil OIPE le bheith neamhspleách, go bhfuil Ionchúisitheoirí Eorpacha OIPE le gníomhú chun leas an Aontais ina iomláine, mar a shainítear sa dlí, agus níor cheart dóibh treoracha a lorg ná a ghlacadh ó aon duine lasmuigh de OIPE, ó aon Bhallstát den Aontas Eorpach ná ó aon institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais i gcomhlíonadh a ndualgas faoi Rialachán (AE) 2017/1939, agus go bhfuil Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais le neamhspleáchas OIPE a urramú agus níl siad le féachaint le tionchar a imirt air i bhfeidhmiú a chúraimí.

(3)

De bhun Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) 2017/1939, tá an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach simplí, leis na hIonchúisitheoirí Eorpacha a roghnú agus a cheapadh ar feadh téarma neamh-inathnuaite 6 bliana. Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh go gcuirfear síneadh leis an sainordú ar feadh uastréimhse 3 bliana ag deireadh na tréimhse 6 bliana. Foráiltear le hAirteagal 16(4) de Rialachán (AE) 2017/1939 go bhfuil ionchúisitheoirí nua le cur in ionad aon trian de na hIonchúisitheoirí Eorpacha gach 3 bliana.

(4)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1117 ón gComhairle (2), cheap an Chomhairle 14 Ionchúisitheoir Eorpach ar feadh tréimhse neamh-inathnuaite 6 bliana. Racaidh sainordú na n-Ionchúisitheoir Eorpacha sin in éag an 28 Iúil 2026. Is iad na hIonchúisitheoirí Eorpacha ó na Ballstáit rannpháirteacha seo a leanas: An Bheilg, an Bhulgáir, an tSeicia, an Ghearmáin, an Eastóin, an Fhrainc, an Chróit, an Laitvia, Lucsamburg, Málta, an Rómáin, an tSlóivéin, an tSlóvaic agus an Fhionlainn,.

(5)

Chun leanúnachas fheidhmiú Choláiste OIPE a áirithiú, arb iad atá ann an Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach agus Ionchúisitheoir Eorpach amháin in aghaidh an Bhallstáit rannpháirtigh, agus an athnuachan agaithe na n-Ionchúisitheoir Eorpacha d’aon trian gach 3 bliana á háirithiú agus neamhspleáchas OIPE agus na nIonchúisitheoirí Eorpacha á chaomhnú, is iomchuí sainorduithe de 7 n-Ionchúisitheoir Eorpacha a shíneadh i gcomhréir le hAirteagal 16(4) de Rialachán (AE) 2017/1939 go dtí an 30 Meitheamh 2029 agus a n-infhaighteacht chun fanacht san oifig go dtí an dáta sin á cur san áireamh.

(6)

An 29 Feabhra 2024, chuaigh an Chomhairle i gcomhairle leis na 14 Ionchúisitheoir Eorpacha a rachaidh a sainorduithe in éag an 28 Iúil 2026. Chuir gach ceann de na 14 Ionchúisitheoirí Eorpacha in iúl go raibh siad ar fáil chun fanacht san oifig go dtí an 30 Meitheamh 2029. Chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an seachtar Ionchúisitheoirí Eorpacha a bhfuil síneadh le cur lena sainorduithe, rinneadh an crannchur an 12 Aibreán 2024. Tarraingíodh na hIonchúisitheoirí Eorpacha ó na Ballstáit seo a leanas: An Ghearmáin, an Eastóin, an Chróit, an Laitvia, Lucsamburg, an Rómáinagus an Fhionlainn.

(7)

Is iomchuí dá bhrí sin síneadh a chur le sainorduithe na nIonchúisitheoirí Eorpacha ón nGearmáin, ón Eastóin, ón gCróit, ón Laitvia, ó Lucsamburg, ón Rómáin agus ón bhFionlainn go dtí an 30 Meitheamh 2029,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear síneadh le sainordú na nIonchúisitheoirí Eorpacha OIPE seo a leanas go dtí an 30 Meitheamh 2029:

Andrés RITTER (3)

Kristel SIITAM-NYIRI (4)

Tamara LAPTOŠ (5)

Gatis DONIKS (6)

Gabriel SEIXAS (7)

Cătălin-Laurențiu BORCOMAN (8)

Harri Tapio TIESMAA (9)

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 13 Meitheamh 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. DE MOOR


(1)   IO L 283, 31.10.2017, lch. 1.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1117 ón gComhairle an 27 Iúil 2020 lena gceaptar Ionchúisitheoirí Eorpacha Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (IO L 244, 29.7.2020, lch. 18).

(3)  Arna ainmniú ag an nGearmáin.

(4)  Arna hainmniú ag an Eastóin.

(5)  Arna hainmniú ag an gCróit.

(6)  Arna ainmniú ag an Laitvia.

(7)  Arna ainmniú ag Lucsamburg.

(8)  Arna ainmniú ag an Rómáin.

(9)  Arna ainmniú ag an bhFionlainn.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1751/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)