Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/1748 |
24.6.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1748 ÓN gCOIMISIÚN
an 21 Meitheamh 2024
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le haitheantas a thabhairt do chomhlachtaí rialaithe áirithe i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle mar chomhlachtaí atá inniúil chun rialuithe a dhéanamh agus deimhnithe orgánacha a eisiúint i dtríú tíortha chun táirgí orgánacha a allmhairiú isteach san Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 46(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Glacadh Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 ón gCoimisiún (2) ionas go mbeadh liosta na n-údarás rialaithe agus na gcomhlachtaí rialaithe inti a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 46(1) de Rialachán (AE) 2018/848 a bheith inniúil chun rialuithe a dhéanamh agus deimhnithe orgánacha a eisiúint i dtríú tíortha chun táirgí orgánacha a allmhairiú isteach san Aontas i gcomhréir le hAirteagal 45(1), pointe (b)(i), den Rialachán sin. |
(2) |
Le hAirteagal 46(2) de Rialachán (AE) 2018/848 leagtar síos na critéir nach mór do na húdaráis rialaithe agus na comhlachtaí rialaithe a chomhlíonadh chun go n-aithneofar iad i gcomhréir le hAirteagal 46(1) den Rialachán sin. Leagtar síos le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1698 ón gCoimisiún (3) na ceanglais nós imeachta atá le comhlíonadh ag na húdaráis rialaithe agus na comhlachtaí rialaithe sin agus a n-iarraidh ar aitheantas á cur faoi bhráid an Choimisiúin, arb iarrataí iad ina bhfuil sainchomhad teicniúil. |
(3) |
Ó glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378, tá iarrataí ar aitheantas faighte ag an gCoimisiún, iarrataí a cuireadh isteach i gcomhréir le hAirteagal 46(4) de Rialachán (AE) 2018/848, ó roinnt comhlachtaí rialaithe. |
(4) |
Fuair an Coimisiún na hiarrataí ar aitheantas ó ‘bio.inspecta AG’, ‘Caucascert LLC’, ‘CCPB Srl’, ‘CERES Certification of Environmental Standards GmbH’, ‘CERTIMEX, Certificadora Mexicana de Productos y Procesos Ecologicos S.C.’, ‘Control Union Certifications B.V.’, ‘Ecocert SAS’, ‘ECOGLOBE LLC’, ‘FOOD SAFETY S.A.’, ‘IMO Control Private Limited’, ‘Kiwa BCS Öko-Garantie GmbH’, ‘Mayacert S.A.’, ‘Organic Control System LLC Subotica’, ‘Organic Standard LLC’, ‘Servicio de Certificación CAAE S.L.U.’, ‘Southern Cross Certified Australia Pty Ltd’ agus ‘Tse-Xin Organic Certification Corporation’, agus scrúdaigh sé iad i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1698, Ar bhonn na faisnéise atá i sainchomhaid theicniúla na gcomhlachtaí rialaithe sin, chinn an Coimisiún go bhfuil údar le haitheantas a thabhairt dóibh, ar feadh tréimhse éiginnte, le haghaidh catagóirí táirgí áirithe i dtríú tíortha áirithe. |
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 a leasú dá réir sin. |
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um tháirgeadh orgánach, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Meitheamh 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 150, 14.6.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/848/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 ón gCoimisiún an 19 Lúnasa 2021 lena leagtar síos rialacha áirithe a bhaineann leis an deimhniú a eisíodh d’oibreoirí, do ghrúpaí oibreoirí agus d’onnmhaireoirí i dtríú tíortha a bhfuil baint acu le táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú a allmhairiú isteach san Aontas agus lena mbunaítear an liosta d’údaráis rialaithe aitheanta agus de chomhlachtaí rialaithe aitheanta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 297, 20.8.2021, lch. 24), ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1378/oj).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1698 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le ceanglais nós imeachta maidir le húdaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe atá inniúil chun rialuithe a dhéanamh ar oibreoirí agus ar ghrúpaí oibreoirí arna ndeimhniú mar oibreoirí orgánacha a aithint agus ar tháirgí orgánacha i dtríú tíortha agus le rialacha maidir lena maoirseacht agus na rialuithe agus na gníomhaíochtaí eile atá le déanamh ag na húdaráis rialaithe agus na comhlachtaí rialaithe sin (IO L 336, 23.9.2021, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/849/oj).
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír:
‘ bio.inspecta AG
1. |
Na huimhreacha cóid, na tríú tíortha agus catagóirí táirge lena mbaineann:
|
Caucascert LLC
1. |
Na huimhreacha cóid, na tríú tíortha agus catagóirí táirge lena mbaineann:
|
CCPB Srl
1. |
Na huimhreacha cóid, na tríú tíortha agus catagóirí táirge lena mbaineann
|
2. |
Eisceachtaí: na táirgí laistigh de chatagóirí táirgí a bhfuil ‘°‘ marcáilte orthu, táirgí a chumhdaítear le raon feidhme comhaontaithe maidir le trádáil i dtáirgí orgánacha i gcomhréir le hAirteagal 47 de Rialachán (AE) 2018/848 nó le raon feidhme an aitheantais atá coibhéiseach leis an tríú tír lena mbaineann a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 (*) . |
CERES Certification of Environmental Standards GmbH
1. |
Na huimhreacha cóid, na tríú tíortha agus catagóirí táirge lena mbaineann:
|
2. |
Eisceachtaí: na táirgí laistigh de chatagóirí táirgí a bhfuil ‘°’, marcáilte orthu, táirgí a chumhdaítear le raon feidhme comhaontaithe maidir le trádáil i dtáirgí orgánacha i gcomhréir le hAirteagal 47 de Rialachán (AE) 2018/848 nó le raon feidhme an aitheantais atá coibhéiseach leis an tríú tír lena mbaineann a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325. |
Certificadora Mexicana de productos y procesos ecológicos S.C.
1. |
Na huimhreacha cóid, na tríú tíortha agus catagóirí táirge lena mbaineann:
|
Control Union Certifications B.V.
1. |
Na huimhreacha cóid, na tríú tíortha agus catagóirí táirge lena mbaineann:
|
2. |
Eisceachtaí: na táirgí laistigh de chatagóirí táirgí a bhfuil ‘°’ marcáilte orthu, táirgí a chumhdaítear le raon feidhme comhaontaithe maidir le trádáil i dtáirgí orgánacha i gcomhréir le hAirteagal 47 de Rialachán (AE) 2018/848 nó le raon feidhme an aitheantais atá coibhéiseach leis an tríú tír lena mbaineann a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325. |
Ecocert SA
1. |
Na huimhreacha cóid, na tríú tíortha agus catagóirí táirge lena mbaineann
|
2. |
Eisceachtaí: na táirgí laistigh de chatagóirí táirgí a bhfuil ‘°’ marcáilte orthu, táirgí a chumhdaítear le raon feidhme comhaontaithe maidir le trádáil i dtáirgí orgánacha i gcomhréir le hAirteagal 47 de Rialachán (AE) 2018/848 nó le raon feidhme an aitheantais atá coibhéiseach leis an tríú tír lena mbaineann a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325. |
ECOGLOBE LLC
1. |
Na huimhreacha cóid, na tríú tíortha agus catagóirí táirge lena mbaineann:
|
FOOD SAFETY S.A.
1. |
Na huimhreacha cóid, na tríú tíortha agus catagóirí táirge lena mbaineann:
|
IMO Control Private Limited
1. |
Na huimhreacha cóid, na tríú tíortha agus catagóirí táirge lena mbaineann:
|
Kiwa BCS Öko-Garantie GmbH
1. |
Na huimhreacha cóid, na tríú tíortha agus catagóirí táirge lena mbaineann:
|
2. |
Eisceachtaí: na táirgí laistigh de chatagóirí táirgí a bhfuil ‘°’ marcáilte orthu, táirgí a chumhdaítear le raon feidhme comhaontaithe maidir le trádáil i dtáirgí orgánacha i gcomhréir le hAirteagal 47 de Rialachán (AE) 2018/848 nó le raon feidhme an aitheantais atá coibhéiseach leis an tríú tír lena mbaineann a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 ón gCoimisiún. |
Mayacert S.A.
1. |
Na huimhreacha cóid, na tríú tíortha agus catagóirí táirge lena mbaineann:
|
Organic Control System LLC Subotica
1. |
Na huimhreacha cóid, na tríú tíortha agus catagóirí táirge lena mbaineann:
|
Organic Standard LLC
1. |
Na huimhreacha cóid, na tríú tíortha agus catagóirí táirge lena mbaineann:
|
Servicio de Certificación CAAE S.L.U.
1. |
Na huimhreacha cóid, na tríú tíortha agus catagóirí táirge lena mbaineann
|
Southern Cross Certified Australia Pty Ltd
1. |
Na huimhreacha cóid, na tríú tíortha agus catagóirí táirge lena mbaineann:
|
Tse-Xin Organic Certification Corporation
1. |
Na huimhreacha cóid, na tríú tíortha agus catagóirí táirge lena mbaineann
|
(*) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2021 lena mbunaítear, de bhun Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an liosta de thríú tíortha agus an liosta d’údaráis rialaithe agus de chomhlachtaí rialaithe a rinneadh a aithint faoi Airteagal 33(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle chun táirgí orgánacha a allmhairiú isteach san Aontas (IO L 465, 29.12.2021, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/2325/oj).’ ‘
(*) Ní dochar an t-ainmniú seo do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé i gcomhréir le UNSCR 1244/1999 agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.
(1) Táirgí de thionscnamh na gcríoch atá faoi fhorghabháil Iosrael ó bhí Meitheamh 1967 ann, ní dheimhneofar iad a bheith ina dtáirgí de thionscnamh Iosrael.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1748/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)