European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1709

18.6.2024

CINNEADH (CBES) 2024/1709 ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Meitheamh 2024

lena leasaítear Cinneadh 2014/386/CBES a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar an ionghabháil neamhdhleathach ar an gCrimé agus Sevastopol

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 23 Meitheamh 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/386/CBES (1).

(2)

An 21 agus an 22 Márta 2024, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach tacaíocht dhaingean an Aontais do neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine laistigh dá teorainneacha mar a aithnítear go hidirnáisiúnta iad, agus dá ceart bunúsach chun féinchosanta ar fhogha na Rúise. Ní thugann an tAontas aitheantas don ionghabháil neamhdhleathach arna déanamh ag Cónaidhm na Rúise ar an gCrimé agus Sevastopol, ar sárú ar an dlí idirnáisiúnta í, agus cáineann sé an ionghabháil sin i gcónaí. Tá an tAontas fós tiomanta dá bheartas neamhaitheantais a chur chun feidhme ina iomláine.

(3)

I bhfianaise a thromchúisí atá cúrsaí, agus fad a leanfaidh gníomhaíochtaí neamhdhleathacha Chónaidhm na Rúise de rialacha bunúsacha an dlí idirnáisiúnta a shárú, lena n-áirítear, go háirithe, an toirmeasc ar úsáid fornirt a chumhdaítear in Airteagal 2(4) de Chairt na Náisiún Aontaithe, nó rialacha an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta a shárú, is iomchuí na bearta uile arna bhforchur ag an Aontas a choinneáil i bhfeidhm. Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2014/386/CBES a athnuachan go dtí an 23 Meitheamh 2025.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2014/386/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 5 de Chinneadh 2014/386/CBES, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

‘Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 23 Meitheamh 2025.’

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 17 Meitheamh 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. MARON


(1)  Cinneadh 2014/386/CBES ón gComhairle an 23 Meitheamh 2014 a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar ionghabháil neamhdhleathach ar an gCrimé agus Sevastopol (IO L 183, 24.6.2014, lch. 70).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1709/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)