European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1638

5.6.2024

CINNEADH (AE) 2024/1638 ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Bealtaine 2024

maidir le tarraingt siar an Aontais as an gConradh um Chairt Fuinnimh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 194(2) agus 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Thug an tAontas an Conradh um Chairt Fuinnimh (‘ECT’) i gcrích le Cinneadh 98/181/CE ón gComhairle agus ón gCoimisiún, CEGC, Euratom (2) agus tháinig sé i bhfeidhm an 16 Aibreán 1998.

(2)

In éagmais aon nuashonrú substaintiúil ar ECT ó bhí na 1990idí ann, chuaigh ECT as dáta de réir a chéile.

(3)

In 2019, chuaigh na Páirtithe Conarthacha in ECT (‘na Páirtithe Conarthacha’) i mbun caibidlíochta arb é ab aidhm di ECT a nuachóiriú, chun é a chur i gcomhréir le prionsabail Chomhaontú Pháras (3), le ceanglais na forbartha inbhuanaithe agus leis an gcomhrac in aghaidh an athraithe aeráide, chomh maith le caighdeáin nua-aimseartha maidir le cosaint infheistíochta.

(4)

Le linn Comhdháil ad hoc an 24 Meitheamh 2022, tháinig na Páirtithe Conarthacha in ECT ar chomhaontú i bprionsabal maidir leis an téacs nuachóirithe, agus ar an gcaoi sin, tugadh an chaibidlíocht chun críche, gan dochar don mheasúnú deiridh a rinne na Páirtithe Conarthacha. Bhí sé beartaithe an toradh a caibidlíodh a ghlacadh ag an 33ú cruinniú den Chomhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh (‘an Comhdháil’) an 22 Samhain 2022.

(5)

Roimh chruinniú na Comhdhála, níor ghlac an tAontas seasamh maidir le nuachóiriú ECT.

(6)

In éagmais seasamh ón Aontas, ní féidir leis an Aontas vótáil i ndáil le ECT nuachóirithe a ghlacadh ag an gComhdháil maidir leis an gCairt Fuinnimh.

(7)

I bhfianaise an mhéid thuas ar fad, ba cheart don Aontas tarraingt siar as ECT.

(8)

Chuir roinnt Ballstát in iúl go dtacaíonn siad leis na leasuithe atá beartaithe ar ECT agus chuir siad in iúl go bhfuil rún acu leanúint de bheith ina bPáirtithe Conarthacha, faoi réir a nuachóirithe. Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit sin, trí chinneadh ar leith ón gComhairle, nuachóiriú ECT a fhormheas nó gan cur ina choinne ag an gComhdháil, ar Comhdháil í a ghlacfaidh an nuachóiriú sin.

(9)

De bhun Airteagal 47(1) de ECT, is féidir le Páirtí Conarthach fógra i scríbhinn a thabhairt maidir lena tharraingt siar as ECT do Thaiscí ECT, is é sin, Poblacht na Portaingéile. De bhun Airteagal 47(2) de ECT, maidir le tarraingt siar den sórt sin, beidh éifeacht aici agus bliain amháin caite tar éis an dáta a bhfaighidh an Taiscí an fógra.

(10)

Ba cheart don Aontas tarraingt siar as ECT,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tarraingeoidh an tAontas siar as an gConradh um Chairt Fuinnimh (‘ECT’).

Airteagal 2

Thar ceann an Aontais, tabharfaidh Uachtarán na Comhairle fógra i scríbhinn i gcomhréir le hAirteagal 47(1) de ECT, maidir le tarraingt siar an Aontais as ECT.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Bealtaine 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

T. VAN DER STRAETEN


(1)  Toiliú ón 24 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Cinneadh 98/181/CE ón gComhairle agus ón gCoimisiún, CEGC, Euratom an 23 Meán Fómhair 1997 maidir leis na Comhphobail Eorpacha do thabhairt i gcrích an Chonartha um Chairt Fuinnimh agus an Phrótacail um Chairt Fuinnimh maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus gnéithe gaolmhara comhshaoil (IO L 69, 9.3.1998, lch. 1).

(3)   IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1638/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)