|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1602 |
31.5.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1602 ÓN gCOMHAIRLE
an 31 Bealtaine 2024
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2017/1509 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1509 ón gComhairle an 30 Lúnasa 2017 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 329/2007 (1), agus go háirithe Airteagal 47 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 30 Lúnasa 2017, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 2017/1509. |
|
(2) |
Sna conclúidí uaithi an 17 Iúil 2017, chuir an Chomhairle in iúl go ndéanfadh an tAontas machnamh ar fhreagairtí iomchuí breise a thabhairt ar ghníomhaíochtaí arna ndéanamh ag Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré (DPDC) a bhaineann an bonn den chóras domhanda maidir le neamhleathadh agus dí-armáil, go háirithe trí bhearta sriantacha uathrialacha breise. |
|
(3) |
An 22 Nollaig 2017, i Rún 2397 (2017) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (‘UNSCR’), d’athdhearbhaigh Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (‘CSNA’) nach ndéanfaidh DPDC aon lainseáil eile ina mbaintear úsáid as teicneolaíocht diúracán balaistíoch, ná aon tástálacha núicléacha, ná aon bhriogadh eile; go bhfuil sé leis na gníomhaíochtaí uile a bhaineann lena chlár diúracán balaistíoch a chur ar fionraí láithreach agus sa chomhthéacs sin na gealltanais a thug sé cheana féin maidir le moratóir ar gach lainseáil diúracán a athbhunú; go bhfuil sé le gach arm núicléach agus gach clár núicléach atá ann cheana a thréigean láithreach ar bhealach iomlán, infhíoraithe agus dochúlaithe, agus go bhfuil sé le scor láithreach de na gníomhaíochtaí gaolmhara go léir; agus go bhfuil sé le haon airm ollscriosta eile atá ann cheana agus aon chláir diúracán balaistíoch atá ann cheana a thréigean ar bhealach iomlán, infhíoraithe agus dochúlaithe. |
|
(4) |
An 19 Nollaig 2023, d’eisigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) dearbhú thar ceann an Aontais an 18 Nollaig 2023, inar cáineadh go láidir gur sheol DPDC diúracán balaistíoch idir-ilchríochach, den chúigiú huair in 2023, tar éis dóibh diúracán balaistíoch gearr-raoin a lainseáil an lá roimhe sin, rud a sháraigh go follasach Rúin ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Dúradh go láidir sa dearbhú nach mór do DPDC a hoibleagáidí faoi Rúin ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chomhlíonadh láithreach trí na hairm núicléacha, agus na hairm eile ollscriosta atá aici, agus na cláir diúracán balaistíoch agus na cláir núicléacha atá ar bun cheana féin aici a thréigean, ar bhealach iomlán, infhíoraithe agus dochúlaithe, agus deireadh a chur leis na gníomhaíochtaí uile lena mbaineann. Athdhearbhaíodh ann nach bhféadfadh stádas stáit arm núicléach i gcomhréir leis an gConradh maidir le Neamhleathadh Núicléach a bheith ag DPDC agus nach mbeidh an stádas sin ag an tír sin choíche. Thathantaigh an tArdionadaí ar DPDC agus ar an Rúis staonadh ó aon chomh-mhalartú trealaimh mhíleata, teicneolaíochta diúracán nó armlóin a dhéanamh agus cloí leis na Rúin leantacha ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe lena gcuirtear toirmeasc glan ar aon onnmhairiú nó allmhairiú arm lena mbaineann DPDC agus cháin sé aon tacaíocht mhíleata a thugann DPDC do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus d’athdhearbhaigh sé gur cúis mhór imní iad na tuairiscí atá faighte ar airm a bheith á n-aistriú ó DPDC chuig an Rúis. |
|
(5) |
Ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 15 Bealtaine 2024, lainseáil DPDC 12 dhiúracán bhalaistíocha ar a laghad, agus gach ceann de na lainseálacha sin ina shárú glan ar Rúin ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. |
|
(6) |
Sna ráitis ó Urlabhraí an Ardionadaí an 15 Eanáir 2024 agus an 2 Aibreán 2024, cáineadh lainseáil diúracán balaistíoch DPDC agus athdhearbhaíodh na hiarrataí ar DPDC deireadh a chur leis na gníomhaíochtaí neamhdhleathacha uile atá ina mbagairt ar an tsíocháin agus ar an tslándáil réigiúnach agus idirnáisiúnta, an tráth céanna tathantaíodh ar DPDC dul i mbun idirphlé leis na páirtithe ábhartha agus a hoibleagáidí faoi Rúin ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chomhlíonadh maidir lena hairm núicléacha agus a diúracáin bhalaistíocha a thréigean ar bhealach iomlán, infhíoraithe agus do-aisiompaithe. |
|
(7) |
Sna conclúidí uaithi an 15 Nollaig 2023, cháin an Chomhairle Eorpach an tacaíocht mhíleata atá á tabhairt i gcónaí ag DPDC, ag an mBealarúis agus ag an Iaráin do chogadh foghach na Rúise. |
|
(8) |
Sna conclúidí uaithi an 22 Márta 2024, d’iarr an Chomhairle Eorpach go n-ullmhófaí smachtbhannaí breise i gcoinne DPDC, na Bealarúise agus na hIaráine. |
|
(9) |
I bhfianaise na ngníomhaíochtaí leanúnacha atá á ndéanamh ag DPDC a bhaineann le diúracán balaistíoch, lena sáraítear Rúin ábhartha ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus lena dtugtar neamhaird neamhnáireach orthu, agus i bhfianaise na tacaíochta míleata a thugann DPDC do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ba cheart seisear daoine aonair agus trí eintiteas (lena n-áirítear dhá shoitheach) a chur ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha a leagtar amach in Iarscríbhinní XV agus XVI a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1509. |
|
(10) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2017/1509 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní XV agus XVI a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1509 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo iad.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Bealtaine 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
H. LAHBIB
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Rialachán (AE) 2017/1509 mar a leanas:
|
(1) |
leasaítear Iarscríbhinn XV mar a leanas:
|
|
(2) |
leasaítear Iarscríbhinn XVI mar a leanas:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1602/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)