European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1493

27.5.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1493 ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Bealtaine 2024

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (1), agus go háirithe Airteagal 14(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 269/2014.

(2)

Sna conclúidí uaithi an 24 Feabhra 2022, cháin an Chomhairle Eorpach go géar an fogha míleata gan chúis gan údar a thug Cónaidhm na Rúise faoin Úcráin. Leis na gníomhaíochtaí mídhleathacha míleata atá ar siúl aici, tá an dlí idirnáisiúnta agus prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe á sárú go trom ag an Rúis, agus tá an bonn á bhaint aici de shlándáil agus de chobhsaíocht na hEorpa agus an domhain. D’iarr an Chomhairle Eorpach go ndéanfaí pacáiste smachtbhannaí aonair agus eacnamaíocha breise a ullmhú agus a ghlacadh go práinneach. D’iarr an Chomhairle Eorpach ar an Rúis agus ar na foirmíochtaí armtha a bhfuil tacaíocht na Rúise acu éirí as an bhfeachtas bréagaisnéise atá ar bun acu.

(3)

Sna conclúidí uaithi an 21 agus 22 Márta 2024, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach tacaíocht dhiongbháilte an Aontais do neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta agus leis an gceart bunúsach atá aici í féin a chosaint ar fhogha na Rúise. D’iarr sí freisin go ndéanfaí a thuilleadh fós chun cumas na Rúise leanúint dá cogadh foghach a lagú, lena n-áirítear trí na smachtbhannaí a threisiú.

(4)

Thug Cónaidhm na Rúise faoi fheachtas córasach idirnáisiúnta ionramhála meán agus saofa fíricí chun feabhas a chur ar a straitéis díchobhsaithe i leith a tíortha comharsanachta, agus an Aontais agus a Bhallstát. Go háirithe, dhírigh an bholscaireacht ar pháirtithe polaitiúla Eorpacha arís agus arís eile agus ar bhonn leanúnach, go háirithe le linn tréimhsí toghcháin, agus díríodh chomh maith ar an tsochaí shibhialta, ar iarrthóirí tearmainn, ar mhionlaigh eitneacha na Rúise, ar mhionlaigh inscne, agus ar fheidhmiú na n-institiúidí daonlathacha san Aontas agus ina Bhallstáit.

(5)

Chun údar agus tacaíocht a thabhairt don fhogha arna thabhairt aici faoin Úcráin, thug Cónaidhm na Rúise faoi ghníomhaíochtaí bolscaireachta leanúnacha comhbheartaithe atá dírithe ar an tsochaí shibhialta san Aontas agus ar thíortha comharsanachta, gníomhaíochtaí a dhéanann fíricí a shaobhadh agus a ionramháil go mór.

(6)

Rinneadh na gníomhaíochtaí bolscaireachta sin a sheoladh trí roinnt eagraíochtaí meán faoi bhuanrialú díreach nó indíreach cheannaireacht Chónaidhm na Rúise. Is bagairt shuntasach, dhíreach iad na gníomhaíochtaí sin ar ord poiblí agus ar shlándáil an Aontais. Tá na heagraíochtaí meán sin ríthábhachtach agus tá ról lárnach acu ó thaobh tacaíocht a thabhairt don fhogha faoin Úcráin agus é a thabhairt chun cinn, agus ó thaobh dhíchobhsú na dtíortha comharsanachta de.

(7)

I bhfianaise thromchúis na staide, is iomchuí bearta sriantacha breise a ghlacadh.

(8)

Measann an Chomhairle go háirithe, gur cheart beirt agus eintiteas amháin atá freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Bealtaine 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)   IO L 78, 17.3.2014, lch. 6.


IARSCRÍBHINN

Cuirtear na daoine agus na heintitis seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas, agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014:

Daoine

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Ráiteas ar Chúiseanna

Dáta an liostaithe

‘1753.

Artem Pavlovich MARCHEVSKYI

ar a dtugtar freisin Artem Pavlovich MARCHEVSKIJ

ar a dtugtar freisin Artěm Pavlovič MARČEVSKIJ

(Артем Павлович МАРЧЕВСЬКИЙ)

Feidhm: Polaiteoir Léiritheoir Meán Bolscaire

Dáta breithe: 5.7.1988

Áit bhreithe: Cív, APSS, an Úcráin anois

Náisiúntacht: Úcráineach, Iosraelach

Inscne: fireann

Uimhir Aitheantais Cáiníocóra: 3232824038

Iarpholaiteoir Úcránach is ea Artem Marchevskyi, a bhfuil dlúthbhaint aige le Viktor Medvedchuk, iarpholaiteoir agus iarphearsa gnó Úcránach.

Ó mhí Aibreáin 2022 i leith, tá Artem Marchevskyi faoi imscrúdú (in absentia) ag Biúró Stáit Imscrúdúcháin na hÚcráine maidir le gníomhartha i gcoinne na hÚcráine.

Bhí ról lárnach ag Artem Marchevskyi maidir le branda meán “Voice of Europe” a fháil agus a ghníomhaíocht a ionchorprú i gcuideachta faoi dhliteanas teoranta den ainm céanna a bhfuil sainchónaí uirthi i bPrág. Mar cheannaire ceilte ar Voice of Europe, bhí ról lárnach ag Artem Marchevskyi maidir le bréagaisnéis chomhbheartaithe agus insintí claonta a scaipeadh arb é is aidhm dóibh an bonn a bhaint d’inchreidteacht agus d’íomhá phoiblí na hÚcráine agus dá hiarrachtaí í féin a chosaint ar chogadh foghach na Rúise.

Bhain Artem Marchevskyi úsáid as Voice of Europe mar mheán chun acmhainní airgeadais a shóinseáil atá ainmnithe le haghaidh luach saothair bolscairí, agus chun líonra tionchair a thógáil a nascann Medvedchuk agus a chomhlaigh le hionadaithe páirtithe polaitiúla san Eoraip. Dá bhrí sin, tá Artem Marchevskyi ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus cuireann sí chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.

27.5.2024

1754.

Viktor Volodymyrovych MEDVEDCHUK

ar a dtugtar freisin Viktor Volodymyrovič MEDVEDČUK

(Rúisis: Виктор Владимирович МЕДВЕДЧУК;

Úcráinis: Віктор Володимирович МЕДВЕДЧУК)

Feidhm: Polaiteoir, Fear gnó, úinéir meán de facto

Dáta breithe: 7.8.1954

Áit bhreithe: Pochet, Krasnoyarsk Krai, APSS, (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Uimhir Aitheantais Cáiníocóra: 1994214296

Is iarpholaiteoir agus iarphearsa gnó de chuid na hÚcráine é Viktor Medvedchuk, a bhí ar an bpríomhthacadóir le beartas ar son na Rúise san Úcráin agus a chuir beartais agus gníomhaíochtaí chun cinn arb é is aidhm dóibh inchreidteacht agus dlisteanacht Rialtas na hÚcráine a chreimeadh.

Tá dlúthnaisc phearsanta ag Viktor Medvedchuk le hUachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin agus tá baint aige leis.

Trína chomhpháirtithe, lena n-áirítear Artem Marchevskyi, rinne Viktor Medvedchuk rialú ar eagraíochtaí meán na hÚcráine agus d’úsáid sé iad chun bolscaireacht ar son na Rúise a scaipeadh san Úcráin agus níos faide i gcéin.

Tar éis thús chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, scaip Viktor Medvedchuk insintí bolscaireachta na Rúise faoin gcogadh, rud a bhain an bonn de cheannasacht na hÚcráine. Chuige sin, bhunaigh Viktor Medvedchuk gluaiseacht pholaitiúil sa Rúis i mí Aibreáin 2023 ar a dtugtar ‘Another Ukraine’.

Lena chomhpháirtithe agus lena eintitis chomhlachaithe, lena n-áirítear cainéal meán Marchevskyi agus Voice of Europe, lean Viktor Medvedchuk de mhaoiniú a thabhairt agus d’oibríochtaí tionchair a dhéanamh lena ndírítear ar pháirtithe polaitiúla agus ar pholaiteoirí aonair san Eoraip. Áiríodh ar na gníomhaíochtaí sin acmhainní airgeadais a chur ar fáil do ghníomhaithe polaitiúla aonair san Eoraip. Threoraigh agus choinnigh Viktor Medvedchuk smacht ar ghníomhaíochtaí urchóideacha Marchevskyi agus Voice of Europe, agus úsáid á baint aige as treo de facto Voice of Europe Marchevskyi.

Dá bhrí sin, tá Viktor Medvedchuk ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus cuireann sí chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.

27.5.2024

Eintitis

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘426.

VOICE OF EUROPE S.R.O.

Seoladh: Krakovská 583/9, 110 00 Prág, Poblacht na Seice

Áit chlárúcháin: Prág, Poblacht na Seice

Dáta clárúcháin: 14.3.2023

Uimhir chlárúcháin: CZ05185327

Príomhionad gnó: Poblacht na Seice

Is eagraíocht meán ar líne é Voice of Europe, a ghlac páirt i bhfeachtas córasach idirnáisiúnta ionramháil na meán agus saobhadh fíricí chun feabhas a chur ar dhíchobhsú na hÚcráine, agus an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát, agus chun údar a thabhairt le cogadh foghach na Rúise san Úcráin.

Reáchtálann Voice of Europe suíomh gréasáin, ar a bhfuil cuntais ar Facebook, Youtube, Telegram agus X, agus a scaipeann bréagaisnéis a bhaineann leis an Úcráin go gníomhach agus a chuireann insintí bréagacha ar son na Creimile faoi chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine chun cinn.

Tá Voice of Europe á mhaoiniú agus á stiúradh go rúnda ag Viktor Medvedchuk trína chomhlach Artem Marchevskyi. Is uirlis ríthábhachtach í Voice of Europe chun bréagaisnéis chomhbheartaithe agus insintí claonta a scaipeadh arb é is aidhm dóibh an bonn a bhaint d’inchreidteacht agus d’íomhá phoiblí na hÚcráine agus dá hiarrachtaí í féin a chosaint ar chogadh foghach na Rúise.

Ina theannta sin, baineadh úsáid as Voice of Europe mar mheán chun acmhainní airgeadais a thonnadh atá ainmnithe le haghaidh luach saothair bolscairí, agus chun líonra tionchair a thógáil a nascann Medvedchuk agus a chomhpháirtithe le hionadaithe páirtithe polaitiúla san Eoraip.

Dá bhrí sin, tá Voice of Europe ag tacú go hábharach agus ó thaobh airgid de le gníomhaíochtaí, ar gníomhaíochtaí iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.

27.5.2024’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1493/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)