European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1381

24.5.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1381 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Bealtaine 2024

lena leagtar síos, de bhun Rialachán (AE) 2021/2282 maidir le measúnú ar theicneolaíocht sláinte, rialacha nós imeachta le haghaidh idirghníomhaíocht le linn ullmhú measúnuithe cliniciúla comhpháirteacha ar tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine ar leibhéal an Aontais, nuashonrú orthu, malartú faisnéise maidir leo agus rannpháirtíocht iontu, mar aon le teimpléid le haghaidh na measúnuithe cliniciúla comhpháirteacha sin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2282 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2021 maidir le measúnú ar theicneolaíocht sláinte agus lena leasaítear Treoir 2011/24/AE (1), agus go háirithe Airteagal 15(1), pointí (a) agus (c), Airteagal 25(1), pointe (b), agus Airteagal 26(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2021/2282 leagtar síos creat tacaíochta agus nósanna imeachta le haghaidh comhar idir na Ballstáit maidir le teicneolaíochtaí sláinte ar leibhéal an Aontais agus bunaítear Grúpa Comhordaithe na mBallstát maidir le Measúnú ar Theicneolaíocht Sláinte (‘an Grúpa Comhordaithe’).

(2)

Faoi Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2021/2282, tá an Coimisiún chun rialacha nós imeachta mionsonraithe um chur chun feidhme Airteagail 8 go 14 den Rialachán sin a leagan síos a mhéid a bhaineann le measúnuithe cliniciúla comhpháirteacha a dhéanamh agus a nuashonrú. Go háirithe, faoi Airteagal 15(1), pointí (a) agus (c), de Rialachán (AE) 2021/2282, tá an Coimisiún chun rialacha nós imeachta mionsonraithe a ghlacadh maidir leis an gcomhar, go háirithe trí fhaisnéis a mhalartú, leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach a mhéid a bhaineann le measúnuithe cliniciúla comhpháirteacha ar tháirgí íocshláinte a ullmhú agus a nuashonrú agus maidir leis an idirghníomhaíocht, lena n-áirítear uainiú na hidirghníomhaíochta sin, leis an nGrúpa Comhordaithe, a fhoghrúpaí agus forbróirí teicneolaíochtaí sláinte, othair, saineolaithe cliniciúla agus saineolaithe ábhartha eile le linn measúnuithe cliniciúla comhpháirteacha agus nuashonruithe cliniciúla comhpháirteacha, agus eatarthu freisin.

(3)

Ina theannta sin, faoi Airteagal 3(7), pointí (d), (e) agus (g), den Rialachán sin, tá an Grúpa Comhordaithe chun rialacha breise a ghlacadh maidir le measúnuithe cliniciúla comhpháirteacha a dhéanamh, is é sin treoir mhodheolaíoch maidir le hobair chomhpháirteach, céimeanna mionsonraithe nós imeachta agus an tréimhse ama chun measúnuithe cliniciúla comhpháirteacha a dhéanamh agus a nuashonrú, agus treoir maidir le measúnóirí agus cómheasúnóirí a cheapadh le haghaidh measúnuithe cliniciúla comhpháirteacha.

(4)

Chun ardcháilíocht eolaíoch na dtuarascálacha ar an measúnú cliniciúil comhpháirteach a áirithiú, foráiltear le hAirteagail 8(6) agus 11(4) de Rialachán (AE) 2021/2282 maidir le rannpháirtíocht othar, saineolaithe cliniciúla agus saineolaithe ábhartha eile i measúnuithe cliniciúla comhpháirteacha. Faoi Airteagal 25(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/2282, tá an Coimisiún chun rialacha nós imeachta ginearálta a ghlacadh, tar éis dó dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha uile, rialacha maidir le roghnú eagraíochtaí geallsealbhóirí agus othar, saineolaithe cliniciúla agus saineolaithe ábhartha eile, agus comhairliúcháin leo, i measúnuithe cliniciúla comhpháirteacha ar leibhéal an Aontais. Bunaithe ar na rialacha sin, tá an Grúpa Comhordaithe, de bhun Airteagal 3(7), pointe (j), de Rialachán (AE) 2021/2282, chun rannpháirtíocht iomchuí eagraíochtaí geallsealbhóirí agus saineolaithe a áirithiú ina chuid oibre.

(5)

Faoi Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2021/2282, tá an Coimisiún chun formáid agus teimpléid a ghlacadh le haghaidh na sainchomhad faisnéise, sonraí, anailísí agus fianaise eile atá le soláthar ag forbróirí teicneolaíochtaí sláinte le haghaidh measúnuithe cliniciúla comhpháirteacha, agus le haghaidh tuarascálacha maidir le measúnuithe cliniciúla comhpháirteacha agus tuarascálacha achoimre maidir le measúnaithe cliniciúla comhpháirteacha. Leis an Rialachán seo, leagtar síos na formáidí agus na teimpléid sin, chun cur chuige aonfhoirmeach a áirithiú maidir le cur i láthair na fianaise arna soláthar ag forbróirí teicneolaíochtaí sláinte don Ghrúpa Comhordaithe agus maidir leis an bhfaisnéis atá sna tuarascálacha maidir le measúnuithe cliniciúla comhpháirteacha.

(6)

Chun am leordhóthanach a thabhairt chun measúnú cliniciúil comhpháirteach ardcháilíochta a dhéanamh, ba cheart tús a chur leis an measúnú cliniciúil sin an tráth céanna leis an nós imeachta láraithe dá bhforáiltear faoi Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), is é sin le rá nuair a dheimhníonn an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach iarratas bailí ar údarú margaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh.726/2004 nó ar théarmaí údaraithe margaíochta atá ann cheana a athrú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1234/2008 ón gCoimisiún (3). Dá bhrí sin, is iomchuí a cheangal ar an bhforbróir teicneolaíochtaí sláinte an fhaisnéis is gá chun raon feidhme an mheasúnaithe dá bhforáiltear in Airteagal 8(6) de Rialachán (AE) 2021/2282 (‘raon feidhme an mheasúnaithe’) a fhorbairt a chur faoi bhráid an Choimisiúin, ag gníomhú dó mar rúnaíocht an Ghrúpa Comhordaithe (‘rúnaíocht na measúnuithe ar theicneolaíochtaí sláinte’) an tráth céanna a gcuirfidh an forbróir teicneolaíochtaí sláinte iarratas ar údarú margaíochta, nó iarratas ar théarmaí údaraithe margaíochta atá ann cheana a athrú, faoi bhráid na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí.

(7)

Déantar an measúnú cliniciúil comhpháirteach ar tháirge íocshláinte faoi Rialachán (AE) 2021/2282 i gcomhthráth leis an nós imeachta láraithe dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 726/2004, agus tá an Ghrúpa Comhordaithe chun an tuarascáil maidir le measúnú cliniciúil comhpháirteach a fhormhuiniú tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis don Choimisiún cinneadh a ghlacadh lena ndeonaítear údarú margaíochta le haghaidh an táirge íocshláinte sin. Tá an measúnú cliniciúil comhpháirteach le scor, mar shampla, i gcás ina dtarraingítear siar iarratas ar údarú margaíochta nó iarratas ar théarmaí údaraithe margaíochta atá ann cheana a athrú, nó i gcás ina bhfuil toradh diúltach ar an nós imeachta láraithe maidir leis an iarratas ar údarú margaíochta nó ar théarmaí údaraithe margaíochta atá ann cheana a athrú. Dá bhrí sin, ba cheart an Grúpa Comhordaithe a chur ar an eolas maidir le tíolacadh iarratas bailí ar údarú margaíochta agus ar théarmaí na n-údaruithe margaíochta atá ann cheana a athrú maidir le táirgí íocshláinte a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2021/2282 agus maidir le nuashonruithe ar chéimeanna sa nós imeachta láraithe, lena n-áirítear athruithe ar na hamlínte atá beartaithe.

(8)

Tá raon feidhme an mheasúnaithe bunaithe ar thásc teiripeach/tásca teiripeacha an táirge íocshláinte. Dá bhrí sin, d’fhonn a chur ar a chumas don fhoghrúpa maidir le measúnuithe cliniciúla comhpháirteacha (‘an Foghrúpa MCC’) raon feidhme an mheasúnaithe a nuashonrú i gcás ina measfar gurb iomchuí sin, agus deighilt shainchúraimí an Ghrúpa Comhordaithe agus na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí faoi seach á caomhnú, ba cheart don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach rúnaíocht na measúnuithe ar theicneolaíochtaí sláinte a chur ar an eolas faoi cheisteanna substaintiúla nó faoi shaincheisteanna atá fós gan réiteach agus a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an tásc teiripeach nó ar na tásca teiripeacha a mhol an t-iarratasóir don táirge íocshláinte atá faoi réir measúnú cliniciúil comhpháirteach.

(9)

Ba cheart don mheasúnóir agus don chómheasúnóir agus don Fhoghrúpa MCC rochtain luath a fháil ar an dréacht-achoimre ar shaintréithe an táirge agus ar an tuarascáil maidir leis an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 9(4), pointí (a) agus (e) faoi seach, de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004.

(10)

De bhun Airteagal 28, pointe (h), de Rialachán (AE) 2021/2282, tá rúnaíocht na measúnuithe ar theicneolaíochtaí sláinte chun an comhar a éascú, go háirithe trí fhaisnéis a mhalartú, leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach, maidir leis an obair chomhpháirteach dá dtagraítear in Airteagail 7 go 22 de Rialachán (AE) 2021/2282 a bhaineann le táirgí íocshláinte, lena n-áirítear faisnéis rúnda a chomhroinnt. Dá bhrí sin, ba cheart malartú faisnéise atá ábhartha maidir le measúnuithe cliniciúla comhpháirteacha nithiúla agus nuashonruithe ar mheasúnuithe cliniciúla comhpháirteacha a dhéanamh trí rúnaíocht na measúnuithe ar theicneolaíochtaí sláinte. Ba cheart do rúnaíocht na measúnuithe ar theicneolaíochtaí sláinte a áirithiú go ndéanfar an fhaisnéis uile a fhaigheann sí a chur in iúl don Ghrúpa Comhordaithe, dá fhoghrúpaí ábhartha agus/nó don mheasúnóir agus don chómheasúnóir, de réir mar is iomchuí, tar éis an fhaisnéis sin a fháil.

(11)

Ba cheart an forbróir teicneolaíochtaí sláinte a chur ar an eolas faoi thús measúnaithe chliniciúil chomhpháirtigh, faoi chéimeanna an mheasúnaithe sin, faoina nuashonrú, agus faoina ationscnamh faoi Airteagal 10(7) de Rialachán (AE) 2021/2282. Ba cheart an forbróir teicneolaíochtaí sláinte a chur ar an eolas freisin faoi chinneadh an Ghrúpa Comhordaithe nuashonrú an mheasúnaithe chliniciúil chomhpháirtigh a áireamh ina chlár oibre bliantúil, de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2021/2282.

(12)

Is gá rialacha ginearálta nós imeachta a leagan amach maidir le roghnú othar, saineolaithe cliniciúla agus saineolaithe ábhartha eile a rachfar i gcomhairle leo le linn an mheasúnaithe chliniciúil chomhpháirtigh. Ba cheart tús a chur leis an roghnú a luaithe is féidir, aon uair a fhaigheann an Grúpa Comhordaithe, trí rúnaíocht na measúnuithe ar theicneolaíochtaí sláinte, faisnéis faoi iarratais ar údaruithe margaíochta a thíolacfar amach anseo le haghaidh na dtáirgí íocshláinte dá dtagraítear in Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) 2021/2282.

(13)

Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an bhFoghrúpa MCC othair, saineolaithe cliniciúla agus saineolaithe ábhartha eile a roghnú a bhfuil an saineolas is gá acu i réimse teiripeach an mheasúnaithe chliniciúil chomhpháirtigh, ó thaobh na hEorpa nó an domhain de. Ba cheart dul i gcomhairle leis na saineolaithe sin le linn an mheasúnaithe chliniciúil chomhpháirtigh.

(14)

Chun a áirithiú go nglacfaidh othair, saineolaithe cliniciúla agus saineolaithe ábhartha eile páirt i measúnuithe cliniciúla comhpháirteacha ar bhealach neamhspleách trédhearcach, saor ó choinbhleachtaí leasa, níor cheart iad a roghnú ná a bheith rannpháirteach i measúnuithe cliniciúla comhpháirteacha ach amháin tar éis don Choimisiún teacht ar chonclúid maidir lena gcoinbhleachtaí leasa, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2021/2282 agus leis na rialacha nós imeachta ginearálta arna nglacadh faoi Airteagal 25(1), pointe (a), den Rialachán sin. Níor cheart ach othair, saineolaithe cliniciúla agus saineolaithe ábhartha eile a shínigh comhaontú rúndachta a bheith páirteach i measúnuithe cliniciúla comhpháirteacha.

(15)

Ba cheart don Fhoghrúpa MCC an deis a thabhairt d’eagraíochtaí othar, d’eagraíochtaí gairmithe cúraim sláinte agus do shochaithe cliniciúla agus don lucht acadúil a n-ionchur a sholáthar maidir le measúnuithe cliniciúla comhpháirteacha.

(16)

Chun an cuspóir a bhaint amach, agus raon feidhme an mheasúnaithe á fhorbairt, go ndéanfar riachtanais na mBallstát a aistriú sa líon is ísle is féidir de shraitheanna paraiméadar le haghaidh an mheasúnaithe chliniciúil chomhpháirtigh i dtéarmaí an phobail othar, na hidirghabhála, na gcomparadóirí agus na dtorthaí sláinte, ba cheart don mheasúnóir, le cúnamh ón gcómheasúnóir, togra maidir le raon feidhme measúnaithe a ullmhú, togra a bheidh mar bhonn do na Ballstáit chun a gcuid riachtanas a chur in iúl.

(17)

Chun a áirithiú go mbeidh raon feidhme an mheasúnaithe cuimsitheach agus go léireoidh sé riachtanais na mBallstát, ba cheart an togra maidir le raon feidhme an mheasúnaithe arna ullmhú ag an measúnóir, le cúnamh ón gcómheasúnóir, a roinnt le comhaltaí an Fhoghrúpa MCC. Ba cheart do na comhaltaí sin dul i gcomhairle le húdaráis náisiúnta agus le geallsealbhóirí i gcomhréir le rialacha nós imeachta an Bhallstáit faoi seach.

(18)

Ba cheart don Choimisiún rialacha nós imeachta a leagan amach chun a áirithiú go ndéanfar raon feidhme an mheasúnaithe a fhorbairt agus an ceart chun dea-riaracháin á urramú, agus faisnéis arna soláthar ag an bhforbróir teicneolaíochtaí sláinte agus ionchur a fhaightear ó othair, ó shaineolaithe cliniciúla agus ó shaineolaithe ábhartha eile á gcur san áireamh.

(19)

Le hAirteagal 10(1) agus Airteagal 11(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/2282, leagtar síos an tráthchlár le haghaidh measúnuithe cliniciúla comhpháirteacha ar tháirgí íocshláinte trí thagairt don tráthchlár is infheidhme maidir leis an nós imeachta láraithe dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 726/2004. Ba cheart don Choimisiún na sprioc-amanna a shocrú chun bailchríoch a chur ar raon feidhme an mheasúnaithe agus ar na dréacht-tuarascálacha maidir le measúnuithe cliniciúla comhpháirteacha ó n bhFoghrúpa MCC. Ba cheart tagairt a dhéanamh sna sprioc-amanna sin do phríomhchéimeanna an nós imeachta láraithe agus ba cheart dóibh na sprioc-amanna foriomlána a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/2282 a chomhlíonadh. I gcás nach bhfuil feidhm ag Airteagal 11(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/2282, ba cheart don Choimisiún na sprioc-amanna sin a shocrú agus é mar aidhm leis feabhas a chur ar rochtain thráthúil othar ar theicneolaíochtaí sláinte.

(20)

Chun cur le hiomláine agus ardcháilíocht an tsainchomhaid agus le seoladh rianúil an mheasúnaithe chliniciúil chomhpháirtigh, ba cheart an deis a thabhairt don fhorbróir teicneolaíochtaí sláinte cruinniú mínithe maidir le raon feidhme an mheasúnaithe leis an bhFoghrúpa MCC a iarraidh.

(21)

Ba cheart don Choimisiún sprioc-amanna a shocrú lenar cheart am leordhóthanach a thabhairt don fhorbróir teicneolaíochtaí sláinte an sainchomhad a ullmhú agus a chur isteach lena mheasúnú cliniciúil comhpháirteach ar an táirge íocshláinte. Ba cheart don Choimisiún na rialacha a shocrú lena soláthraítear deis síneadh a chur leis an sprioc-am i ndáil le sainchomhad a chur isteach i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, gan dul thar an sprioc-am a shonraítear in Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2021/2282, áfach.

(22)

Ar an gcaoi chéanna, ba cheart don Choimisiún sprioc-amanna a shocrú lena dtabharfaí am leordhóthanach don fhorbróir teicneolaíochtaí sláinte chun na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh: a) faisnéis, sonraí, anailís agus fianaise eile atá in easnamh a sholáthar mar a léirítear sa dara hiarraidh ón gCoimisiún; b) sonraíochtaí breise nó faisnéis bhreise, sonraí, anailísí, nó fianaise eile a sholáthar; c) nuashonruithe a sholáthar ar fhaisnéis a soláthraíodh roimhe sin dá dtagraítear in Airteagail 10(8) agus 11(2) de Rialachán (AE) 2021/2282; d) míchruinnis theicniúla nó fhíorasacha sa dréacht-tuarascáil maidir le measúnú cliniciúil comhpháirteach agus sa dréacht-tuarascáil achomair agus aon fhaisnéis a mheasann an forbróir teicneolaíochtaí sláinte a bheith rúnda a chur in iúl.

(23)

Ba cheart don Choimisiún sprioc-amanna a shocrú le haghaidh a mheasúnaithe i dtaobh cibé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an sainchomhad arna chur isteach ag an bhforbróir teicneolaíochtaí sláinte le haghaidh measúnú cliniciúil comhpháirteach ar an táirge íocshláinte na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 9(2), (3) agus (4) de Rialachán (AE) 2021/2282. Ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle, de réir mar is iomchuí, leis an measúnóir agus leis an gcómheasúnóir agus an measúnú sin á dhéanamh aige.

(24)

Ba cheart don Choimisiún rialacha nós imeachta a leagan síos chun a áirithiú go mbeidh othair, saineolaithe cliniciúla agus saineolaithe ábhartha eile rannpháirteach sa phróiseas measúnaithe trí dheis a thabhairt dóibh ionchur a sholáthar faoin dréacht-tuarascáil maidir le measúnú cliniciúil comhpháirteach agus faoin dréacht-tuarascáil achomair.

(25)

De réir Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2021/2282, ní mór don fhorbróir teicneolaíochtaí sláinte an Grúpa Comhordaithe a chur ar an eolas go réamhghníomhach i gcás ina mbeidh sonraí cliniciúla nua ar fáil le linn an phróisis measúnaithe chliniciúil chomhpháirtigh. Ba cheart don Choimisiún an sprioc-am a shocrú faoina ndéanfaidh an forbróir teicneolaíochtaí sláinte na sonraí cliniciúla nua sin a chur isteach ionas go ndéanfar na sonraí sin a mheas sa dréacht-tuarascáil maidir le measúnú cliniciúil comhpháirteach agus sa dréacht-tuarascáil achomair.

(26)

Ba cheart don Choimisiún an sprioc-am a shocrú chun bailchríoch a chur ar an dréacht-tuarascáil athbhreithnithe maidir le measúnú cliniciúil comhpháirteach agus ar an dréacht-tuarascáil achomair athbhreithnithe ón bhFoghrúpa MCC. Leis sin, ba cheart a áirithiú go seachadfar tuarascálacha maidir le measúnú cliniciúil comhpháirteach go tráthúil agus go mbeidh an Grúpa Comhordaithe in ann an sprioc-am a chomhlíonadh i ndáil leis an measúnú cliniciúil comhpháirteach a leagtar amach in Airteagal 11(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/2282 a thabhairt i gcrích. Ba cheart don Choimisiún freisin an sprioc-am a shocrú don Ghrúpa Comhordaithe chun an dréacht-tuarascáil athbhreithnithe maidir le measúnú cliniciúil comhpháirteach athbhreithnithe agus an dréacht-tuarascáil achomair athbhreithnithe a fhormhuiniú, agus é mar aidhm leis sin feabhas a chur ar rochtain thráthúil othar ar theicneolaíochtaí sláinte.

(27)

I gcás, le linn an nós imeachta láraithe, ina bhfuil athrú ar an tásc teiripeach nó ar na tásca teiripeacha a cuireadh isteach ar dtús san iarratas ar údarú margaíochta nó ar athrú ar théarmaí údaraithe margaíochta atá ann cheana, ba cheart don Fhoghrúpa MCC cinneadh a dhéanamh i dtaobh ar cheart leanúint den mheasúnú cliniciúil comhpháirteach nó ar cheart é a atosú. Ba cheart don Choimisiún na rialacha nós imeachta a shocrú a mbeidh feidhm acu i gcás ina bhforbrófar raon feidhme measúnaithe nua.

(28)

Ba cheart feidhm a bheith ag rialacha agus sprioc-amanna sonracha nós imeachta áirithe i gcás ina n-ationscnóidh an Grúpa Comhordaithe measúnú cliniciúil comhpháirteach de bhun Airteagal 10(7) de Rialachán (AE) 2021/2282 nó i gcás ina ndéantar nuashonrú ar mheasúnú cliniciúil comhpháirteach de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2021/2282.

(29)

Chun trédhearcacht, inrianaitheacht agus rúndacht ghairmiúil a áirithiú, agus chun cur le comhlíonadh nós imeachta na dtuarascálacha ar an measúnú cliniciúil comhpháirteach, ba cheart aon chomhfhreagras idir an Grúpa Comhordaithe, an Foghrúpa MCC, rúnaíocht na measúnuithe ar theicneolaíochtaí sláinte, an forbróir teicneolaíochtaí sláinte, othair, saineolaithe cliniciúla agus saineolaithe ábhartha eile le linn measúnuithe cliniciúla comhpháirteacha a sheoladh i bhformáid dhigiteach tríd an ardán TF dá dtagraítear in Airteagal 30 de Rialachán (AE) 2021/2282 (‘an t-ardán TF MCC’).

(30)

Leagtar síos leis an Rialachán seo, i gcomhréir le hAirteagal 5(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), na rialacha maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil tríd an ardán TF MCC chun measúnuithe cliniciúla comhpháirteacha a dhéanamh agus na nuashonruithe orthu a dhéanamh. Go háirithe, sonraítear ann na sonraí pearsanta a fhéadfar a phróiseáil tríd an ardán sin, is é sin sonraí pearsanta áirithe a bhaineann leis na hothair, le saineolaithe cliniciúla agus le saineolaithe ábhartha eile a bhfuil baint acu le measúnuithe cliniciúla comhpháirteacha agus a nuashonruithe agus sonraí pearsanta áirithe a bhaineann leis na hionadaithe arna gceapadh don Ghrúpa Comhordaithe agus don Fhoghrúpa MCC, le hionadaithe forbróirí teicneolaíochtaí sláinte agus le hionadaithe chomhaltaí an líonra geallsealbhóirí a bunaíodh de bhun Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2021/2282 (‘an líonra geallsealbhóirí HTA’). Cinntear leis an Rialachán seo freisin go measfar gurb é an Coimisiún an rialaitheoir ar phróiseáil sonraí pearsanta tríd an ardán TF MCC de réir bhrí Airteagal 3, pointe 8, de Rialachán (AE) 2018/1725. Aon phróiseáil sonraí pearsanta a dhéanfaidh comhaltaí an Ghrúpa Comhordaithe agus an Foghrúpa MCC agus a n-ionadaithe lasmuigh den ardán TF MCC, déanfar í i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(31)

Le céannacht an othair, féadfar stádas sláinte an othair maidir le hábhar an mheasúnaithe chliniciúil chomhpháirtigh a nochtadh agus, dá bhrí sin, ba cheart a mheas gur catagóir speisialta sonraí pearsanta é faoi Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2018/1725. Dá bhrí sin, níor cheart sonraí den sórt sin a phróiseáil ach amháin i gcás ina gcomhlíontar critéir Airteagal 10(2), pointe (i), den Rialachán sin. Déantar foráil sa Rialachán seo maidir le bearta oiriúnacha agus sonracha chun cearta agus saoirsí an ábhair sonraí a choimirciú. Go háirithe, ní chuirfear aon sonraí pearsanta othar ar fáil go poiblí. Thairis sin, faoi Airteagal 5(6) de Rialachán (AE) 2021/2282, tá na hionadaithe a ceapadh don Ghrúpa Comhordaithe agus don Fhoghrúpa MCC, mar aon le hothair, saineolaithe cliniciúla agus saineolaithe ábhartha eile a bhfuil baint acu le measúnuithe cliniciúla comhpháirteacha agus a nuashonruithe, tá siad faoi réir ceanglas maidir le rúndacht ghairmiúil, fiú tar éis deireadh a theacht lena ndualgais. Ar deireadh, sonraítear sa Rialachán seo nach mbeidh baint ach ag othair, saineolaithe cliniciúla agus saineolaithe ábhartha eile a shínigh comhaontuithe rúndachta i measúnuithe cliniciúla comhpháirteacha.

(32)

Chun a áirithiú gur féidir a fhíorú cibé acu a rinne na measúnuithe cliniciúla comhpháirteacha ar bhealach atá comhlíontach ó thaobh nós imeachta de, go háirithe i gcás gearán nó dlíthíochta, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le tréimhse choinneála sonraí pearsanta agus maidir lena hathbhreithniú go tráthrialta.

(33)

Chun trédhearcacht a áirithiú, ar thaobh amháin, agus chun cosaint sonraí rúnda ar chúiseanna tráchtála a áirithiú, ar an taobh eile, ba cheart don Choimisiún an tuarascáil maidir le measúnú cliniciúil comhpháirteach agus an tuarascáil achomair a fhoilsiú, mar aon leis an doiciméadacht dá dtagraítear in Airteagal 30(3), pointí (d) agus (i), de Rialachán (AE) 2021/2282, tar éis dó tuairimí an Fhoghrúpa MCC a mheas maidir le híogaireacht na faisnéise ó thaobh tráchtála de atá sa doiciméadacht sin, ar faisnéis í ar iarr an forbróir teicneolaíochtaí sláinte go gcaithfí léi mar fhaisnéis rúnda.

(34)

Déanfar measúnuithe cliniciúla comhpháirteacha ar tháirgí íocshláinte ón dáta a mbeidh feidhm ag Rialachán (AE) 2021/2282 ina leith, is é sin, an 12 Eanáir 2025. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 12 Eanáir 2025.

(35)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé a thuairim uaidh an 4 Aibreán 2024.

(36)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Measúnú ar Theicneolaíocht Sláinte,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha mionsonracha nós imeachta maidir le measúnuithe cliniciúla comhpháirteacha ar tháirgí íocshláinte ar leibhéal an Aontais, a mhéid a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a)

comhar, go háirithe trí mhalartú faisnéise, leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach maidir le measúnuithe cliniciúla comhpháirteacha ar tháirgí íocshláinte a ullmhú agus a nuashonrú;

(b)

idirghníomhaíocht, lena n-áirítear uainiú na hidirghníomhaíochta sin, leis an nGrúpa Comhordaithe arna bhunú faoi Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2021/2282, lena fhoghrúpaí agus le forbróirí teicneolaíochtaí sláinte, le hothair, le saineolaithe cliniciúla agus le saineolaithe ábhartha eile agus eatarthu le linn measúnuithe cliniciúla comhpháirteacha ar tháirgí íocshláinte agus a nuashonruithe;

(c)

rialacha nós imeachta ginearálta maidir le roghnú eagraíochtaí geallsealbhóirí agus othar, saineolaithe cliniciúla, agus saineolaithe ábhartha eile, agus comhairliúcháin leo, i measúnuithe cliniciúla comhpháirteacha ar leibhéal an Aontais;

(d)

formáid agus teimpléid na sainchomhad ina bhfuil faisnéis, sonraí, anailísí agus fianaise eile atá le soláthar ag forbróirí teicneolaíochtaí sláinte le haghaidh measúnuithe cliniciúla comhpháirteacha;

(e)

formáid agus teimpléid na dtuarascálacha maidir le measúnuithe cliniciúla comhpháirteacha agus na dtuarascálacha achoimre maidir le measúnuithe cliniciúla comhpháirteacha.

Airteagal 2

Faisnéis ábhartha chun raon feidhme an mheasúnaithe a fhorbairt

1.   An tráth céanna a chuirfidh forbróirí teicneolaíochtaí sláinte iarratas ar údarú margaíochta le haghaidh táirgí íocshláinte dá dtagraítear in Airteagal 7(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/2282 faoi bhráid na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí, soláthróidh siad faisnéis ábhartha do rúnaíocht na measúnuithe ar theicneolaíochtaí sláinte chun raon feidhme measúnaithe an mheasúnaithe chliniciúil chomhpháirtigh ar na táirgí íocshláinte sin a fhorbairt. Is éard a bheidh san fhaisnéis sin:

(a)

an achoimre ar shaintréithe an táirge a mholann an t-iarratasóir;

(b)

an roinn forbhreathnaithe chliniciúil den chomhad tíolactha chuig an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach.

2.   An tráth céanna a chuirfidh forbróirí teicneolaíochtaí sláinte iarratas faoi bhráid na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí ar athrú ar théarmaí údaraithe margaíochta atá ann cheana le haghaidh táirgí íocshláinte dá dtagraítear in Airteagal 7(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/2282, soláthróidh siad faisnéis ábhartha do rúnaíocht na measúnuithe ar theicneolaíochtaí sláinte maidir le forbairt raon feidhme measúnaithe an mheasúnaithe chliniciúil chomhpháirtigh ar na táirgí íocshláinte sin. Is éard a bheidh san fhaisnéis sin an tásc teiripeach nua a mhol an t-iarratasóir agus an roinn forbhreathnaithe chliniciúil den chomhad tíolactha chuig an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach.

3.   Má mheasann an Foghrúpa MCC go bhfuil gá leis, iarrfaidh rúnaíocht na measúnuithe ar theicneolaíochtaí sláinte ar an bhforbróir teicneolaíochtaí sláinte tuilleadh faisnéise a sholáthar atá ábhartha maidir le raon feidhme an mheasúnaithe a fhorbairt i gcruinniú leis an bhFoghrúpa MCC nó i scríbhinn.

Airteagal 3

Malartú faisnéise leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach

1.   Tabharfaidh an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach fógra do rúnaíocht na measúnuithe ar theicneolaíochtaí sláinte maidir le hiarratas ar údarú margaíochta a chur isteach nó maidir le hathrú ar théarmaí údaraithe margaíochta atá ann cheana dá dtagraítear in Airteagal 2 den Rialachán seo tar éis di an t-iarratas sin a fháil.

2.   Maidir leis na táirgí íocshláinte dá dtagraítear in Airteagal 7(1), pointí (a) agus (b), de Rialachán (AE) 2021/2282, cuirfidh an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach rúnaíocht na measúnuithe ar theicneolaíochtaí sláinte ar an eolas faoin méid seo a leanas:

(a)

tíolacadh iarratais bhailí ar údarú margaíochta i gcomhréir le hAirteagal 3(1) agus (2), pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004, lena n-áirítear an dáta ar bailíochtaíodh an t-iarratas ar údarú margaíochta agus an tráthchlár don mheastóireacht tosaigh le linn an nós imeachta láraithe;

(b)

tíolacadh iarratais bhailí ar athrú ar théarmaí údaraithe margaíochta atá ann cheana a chomhfhreagraíonn do thásc teiripeach nua i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1234/2008, lena n-áirítear an dáta ar bailíochtaíodh an t-iarratas ar athrú ar údarú margaíochta atá ann cheana agus an tráthchlár don mheastóireacht tosaigh le linn an nós imeachta láraithe.

3.   Soláthróidh an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 do rúnaíocht na measúnuithe ar theicneolaíochtaí sláinte ar an lá a eisíonn sí admháil don fhorbróir teicneolaíochtaí sláinte tar éis iarratas bailí a fháil.

4.   Le linn an nós imeachta láraithe le haghaidh táirgí íocshláinte atá faoi réir measúnú cliniciúil comhpháirteach, cuirfidh an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach rúnaíocht na measúnuithe ar theicneolaíochtaí sláinte ar an eolas faoin méid seo a leanas:

(a)

nuashonruithe ar chéimeanna sa nós imeachta láraithe, lena n-áirítear athruithe ar na hamlínte atá beartaithe;

(b)

ceisteanna substaintiúla nó saincheisteanna gan réiteach a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar thásc teiripeach/tásca teiripeacha na dtáirgí íocshláinte a mholann an t-iarratasóir.

Tá feidhm ag pointe (a) freisin maidir le táirgí íocshláinte ar scoireadh den mheasúnú cliniciúil comhpháirteach orthu de bhun Airteagal 10(6) de Rialachán (AE) 2021/2282.

Tiocfaidh an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach, rúnaíocht na measúnuithe ar theicneolaíochtaí sláinte agus an Foghrúpa MCC ar chomhaontú maidir leis na príomhchéimeanna chun an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a mhalartú, mar aon le hábhar beacht na faisnéise a bheidh le cur in iúl ag na céimeanna sin.

5.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach an dréacht-achoimre ar shaintréithe táirge agus an tuarascáil maidir leis an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 9(4), pointí (a) agus (e) faoi seach de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 a sheoladh chuig rúnaíocht na measúnuithe ar theicneolaíochtaí sláinte laistigh de 7 lá ar a dhéanaí tar éis don Choiste um Tháirgí Íocshláinte lena nÚsáid ag an Duine a thuairim chríochnaitheach a ghlacadh.

Airteagal 4

Faisnéis don Ghrúpa Comhordaithe

Áiritheoidh rúnaíocht na measúnuithe ar theicneolaíochtaí sláinte go ndéanfar an fhaisnéis uile a fhaightear ón bhforbróir teicneolaíochtaí sláinte, ón nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach, ó othair, ó shaineolaithe cliniciúla agus ó shaineolaithe ábhartha eile agus ó na Ballstáit a bhaineann le measúnuithe cliniciúla comhpháirteacha agus nuashonruithe ar mheasúnuithe cliniciúla comhpháirteacha a chur in iúl don Ghrúpa Comhordaithe, dá fhoghrúpaí ábhartha agus/nó don mheasúnóir agus don chómheasúnóir, de réir mar is iomchuí, nuair a gheobhaidh sí an fhaisnéis sin.

Airteagal 5

Faisnéis don fhorbróir teicneolaíochtaí sláinte maidir le tús a chur le measúnú cliniciúil comhpháirteach

Tar éis don Fhoghrúpa MCC measúnóir agus cómheasúnóir a cheapadh chun an measúnú cliniciúil comhpháirteach a dhéanamh, cuirfidh rúnaíocht na measúnuithe ar theicneolaíochtaí sláinte an forbróir teicneolaíochtaí sláinte ar an eolas faoi thús an mheasúnaithe chliniciúil chomhpháirtigh.

Airteagal 6

Othair, saineolaithe cliniciúla agus saineolaithe ábhartha eile a roghnú

1.   Sonróidh an Foghrúpa MCC, i gcás gach measúnaithe chliniciúil chomhpháirtigh ar leith, an galar, an réimse teiripeach lena mbaineann agus saineolas sonrach eile, ar a mbonn sin a sainaithneoidh rúnaíocht na measúnuithe ar theicneolaíochtaí sláinte othair, saineolaithe cliniciúla agus saineolaithe ábhartha eile a rachfar i gcomhairle leo le linn an mheasúnaithe chliniciúil chomhpháirtigh sin.

2.   Cuirfidh rúnaíocht na measúnuithe ar theicneolaíochtaí sláinte liosta le chéile d’othair ábhartha, de shaineolaithe cliniciúla ábhartha agus, i gcás inar gá, de shaineolaithe ábhartha eile, i gcomhairle leis an bhFoghrúpa MCC agus leis an measúnóir agus an cómheasúnóir ceaptha. Agus an liosta á chur le chéile, féadfaidh rúnaíocht na measúnuithe ar theicneolaíochtaí sláinte dul i gcomhairle leis na nithe seo a leanas:

(a)

comhaltaí an líonra geallsealbhóirí HTA;

(b)

na líonraí tagartha Eorpacha le haghaidh galair neamhchoitianta agus aimpléiseacha agus a ngrúpaí abhcóideachta othar faoi seach;

(c)

an tairseach le haghaidh galair neamhchoitianta agus drugaí dílleachta (‘Orphanet’);

(d)

na pointí teagmhála náisiúnta arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 83 de Rialachán (AE) Uimh. 536/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6);

(e)

an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach.

3.   I gcás nár bhféidir líon leordhóthanach othar ábhartha, saineolaithe cliniciúla agus saineolaithe ábhartha eile a shainaithint tríd an gcomhairliúchán leis na foinsí dá dtagraítear i mír 2, féadfaidh rúnaíocht na measúnuithe ar theicneolaíochtaí sláinte dul i gcomhairle le bunachair sonraí nó eolairí eile atá ann cheana nó dul i dteagmháil le comhaltaí den Ghrúpa Comhordaithe, a fhoghrúpaí agus gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí ábhartha idirnáisiúnta agus de chuid an Aontais Eorpaigh.

4.   Déanfaidh rúnaíocht na measúnuithe ar theicneolaíochtaí sláinte liosta othar, saineolaithe cliniciúla agus, i gcás inar gá, saineolaithe ábhartha eile a sholáthar don Fhoghrúpa MCC, tar éis don Choimisiún a gcoinbhleachtaí leasa a thabhairt i gcrích, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2021/2282 agus leis na rialacha nós imeachta ginearálta arna nglacadh faoi Airteagal 25(1), pointe (a), den Rialachán sin.

5.   Déanfaidh an Foghrúpa MCC an roghnú deiridh othar, saineolaithe cliniciúla agus, i gcás inar gá, saineolaithe ábhartha eile a rachfar i gcomhairle leo le linn an mheasúnaithe chliniciúil chomhpháirtigh. Agus an roghnú deiridh á déanamh, tabharfaidh an Foghrúpa MCC tús áite d’othair, do shaineolaithe cliniciúla agus do shaineolaithe ábhartha eile a bhfuil saineolas acu, lena gcumhdaítear roinnt Ballstát, i réimse teiripeach an mheasúnaithe chliniciúil chomhpháirtigh.

Airteagal 7

Oibleagáidí maidir le rúndacht ghairmiúil othar, saineolaithe cliniciúla agus saineolaithe ábhartha eile

Áiritheoidh rúnaíocht na measúnuithe ar theicneolaíochtaí sláinte nach mbeidh ach othair, saineolaithe cliniciúla agus saineolaithe ábhartha eile a shínigh comhaontú rúndachta páirteach i measúnuithe cliniciúla comhpháirteacha.

Airteagal 8

Comhairliúchán le heagraíochtaí geallsealbhóirí le linn measúnuithe cliniciúla comhpháirteacha

Tráth ar bith le linn an mheasúnaithe chliniciúil chomhpháirtigh, féadfaidh an Foghrúpa MCC ionchur a lorg maidir leis an ngalar agus an réimse teiripeach ó eagraíochtaí othar, ó eagraíochtaí gairmithe cúraim sláinte nó ó shochaithe cliniciúla agus ón lucht acadúil trí chomhaltaí an líonra geallsealbhóirí HTA.

Airteagal 9

Togra maidir le raon feidhme measúnaithe

1.   Ullmhóidh an measúnóir, le cúnamh ón gcómheasúnóir, togra maidir le raon feidhme measúnaithe ina mbeidh sraith paraiméadar le haghaidh an mheasúnaithe chliniciúil chomhpháirtigh i dtéarmaí pobail othar, idirghabhála, comparadóirí agus torthaí sláinte, agus an fhaisnéis arna soláthar ag an bhforbróir teicneolaíochtaí sláinte faoi Airteagal 2 á cur san áireamh. Tráth ar bith le linn don togra maidir le raon feidhme an mheasúnaithe a bheith á ullmhú, féadfaidh an measúnóir agus/nó an cómheasúnóir, trí rúnaíocht na measúnuithe ar theicneolaíochtaí sláinte, ionchur a lorg ó na hothair, ó shaineolaithe cliniciúla agus/nó ó shaineolaithe ábhartha eile a roghnófar i gcomhréir le hAirteagal 6 maidir le raon feidhme an mheasúnaithe. Cuirfidh rúnaíocht na measúnuithe ar theicneolaíochtaí sláinte an t-ionchur sin ar fáil don Fhoghrúpa MCC iomlán.

2.   Déanfaidh rúnaíocht na measúnuithe ar theicneolaíochtaí sláinte an togra maidir le raon feidhme an mheasúnaithe a roinnt le comhaltaí an Fhoghrúpa MCC. Bunaithe ar an ionchur a gheofar ó na Ballstáit, ullmhóidh an measúnóir, le cúnamh ón gcómheasúnóir, togra comhdhlúite maidir le raon feidhme measúnaithe lena léireofar riachtanais na mBallstát.

3.   Roinnfidh rúnaíocht na measúnuithe ar theicneolaíochtaí sláinte an togra comhdhlúite maidir le raon feidhme an mheasúnaithe leis na hothair, leis na saineolaithe cliniciúla agus le saineolaithe ábhartha eile a roghnófar i gcomhréir le hAirteagal 6 agus tabharfaidh sí deis dóibh ionchur a sholáthar.

Airteagal 10

Bailchríoch a chur ar raon feidhme an mheasúnaithe

1.   Pléifidh an Foghrúpa MCC an togra comhdhlúite maidir le raon feidhme an mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(2), mar aon le hionchur othar, saineolaithe cliniciúla agus saineolaithe ábhartha eile le linn cruinniú maidir le comhdhlúthú raoin feidhme measúnaithe. Féadfaidh an Foghrúpa MCC, trí rúnaíocht na measúnuithe ar theicneolaíochtaí sláinte, cuireadh a thabhairt d’othair, do shaineolaithe cliniciúla agus do shaineolaithe ábhartha eile a n-ionchur a sholáthar le linn cuid thiomnaithe den chruinniú maidir le comhdhlúthú raoin feidhme measúnaithe.

2.   Cuirfidh an Foghrúpa MCC bailchríoch ar raon feidhme an mheasúnaithe 10 lá ar a dhéanaí tar éis don Choiste um Tháirgí Íocshláinte lena nÚsáid ag an Duine a liosta ceisteanna a ghlacadh.

Cuirfidh an Foghrúpa MCC bailchríoch ar raon feidhme an mheasúnaithe laistigh de 75 lá ón lá a bhailíochtóidh an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach an t-iarratas ar údarú margaíochta nó ar athrú ar théarmaí údaraithe margaíochta atá ann cheana, i gcás an mheid seo a leanas ina ndéantar an méid seo a leanas:

(a)

déantar measúnú ar an iarratas ar údarú margaíochta le haghaidh táirge íocshláinte faoin nós imeachta brostaithe dá dtagraítear in Airteagal 14(9) de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004; nó

(b)

déantar an measúnú cliniciúil comhpháirteach ar tháirge íocshláinte dá dtagraítear in Airteagal 7(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/2282, a bhfuil athrú ar théarmaí údaraithe margaíochta atá ann cheana den chineál dá dtagraítear i bpointe 2(a) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1234/2008 agus a chomhfhreagraíonn do thásc teiripeach nua.

3.   Roinnfidh rúnaíocht na measúnuithe ar theicneolaíochtaí sláinte raon feidhme an mheasúnaithe ar chuir an Foghrúpa MCC bailchríoch air leis an bhforbróir teicneolaíochtaí sláinte sa chéad iarraidh ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2021/2282.

Airteagal 11

Cruinniú mínithe maidir le raon feidhme an mheasúnaithe

Arna iarraidh sin don fhorbróir teicneolaíochtaí sláinte, tabharfaidh rúnaíocht na measúnuithe ar theicneolaíochtaí sláinte cuireadh don fhorbróir teicneolaíochtaí sláinte freastal ar chruinniú mínithe maidir le raon feidhme an mheasúnaithe leis an bhFoghrúpa MCC. Tarlóidh an cruinniú tráth nach déanaí ná 20 lá ón lá a chuirfidh an Foghrúpa MCC bailchríoch ar raon feidhme an mheasúnaithe.

Airteagal 12

Sainchomhad agus sonraí breise le haghaidh measúnú cliniciúil comhpháirteach arna soláthar ag an bhforbróir teicneolaíochtaí sláinte

1.   Déanfaidh an forbróir teicneolaíochtaí sláinte an sainchomhad le haghaidh measúnú cliniciúil comhpháirteach ar an táirge íocshláinte, arna iarraidh ag an gCoimisiún sa chéad iarraidh uaidh dá dtagraítear in Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2021/2282, a chur faoi bhráid rúnaíocht na measúnuithe ar theicneolaíochtaí sláinte i bhformáid dhigiteach. Déanfar an sainchomhad, mar aon le haon fhaisnéis, sonraí, anailísí agus fianaise bhreise eile arna gcur isteach ag an bhforbróir teicneolaíochtaí sláinte le haghaidh measúnú cliniciúil comhpháirteach ar an táirge íocshláinte, nó a nuashonrú, a chur i láthair i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.   Is é 100 lá ó dháta an fhógra faoin gcéad iarraidh don fhorbróir teicneolaíochtaí sláinte an sprioc-am chun an sainchomhad dá dtagraítear i mír 1 a chur isteach. Mar sin féin, 60 lá a bheidh sa sprioc-am sin sna cásanna seo a leanas:

(a)

déantar measúnú ar an iarratas ar údarú margaíochta le haghaidh táirge íocshláinte faoin nós imeachta brostaithe dá dtagraítear in Airteagal 14(9) de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004; nó

(b)

déantar an measúnú cliniciúil comhpháirteach ar tháirge íocshláinte dá dtagraítear in Airteagal 7(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/2282, a bhfuil athrú ar théarmaí údaraithe margaíochta atá ann cheana den chineál dá dtagraítear i bpointe 2(a) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1234/2008 agus a chomhfhreagraíonn do thásc teiripeach nua.

3.   I gcásanna ina bhfuil údar cuí leo, le toiliú an mheasúnóra agus an chómheasúnóra agus an tráthchlár don mheastóireacht le linn an nós imeachta láraithe á chur san áireamh, féadfaidh rúnaíocht na measúnuithe ar theicneolaíochtaí sláinte síneadh a chur leis an sprioc-am dá dtagraítear i mír 2. Mar sin féin, ní rachaidh an síneadh sin thar an sprioc-am a shonraítear in Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2021/2282.

4.   Déanfaidh an forbróir teicneolaíochtaí sláinte an fhaisnéis, na sonraí, na hanailísí agus an fhianaise eile atá in easnamh agus a léirítear sa dara hiarraidh ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 10(5) de Rialachán (AE) 2021/2282 a chur isteach laistigh de 15 lá ó dháta an fhógra faoin dara hiarraidh ón gCoimisiún don fhorbróir teicneolaíochtaí sláinte. Mar sin féin, 10 lá a bheidh sa sprioc-am sin sna cásanna seo a leanas:

(a)

déantar measúnú ar an iarratas ar údarú margaíochta le haghaidh táirge íocshláinte faoin nós imeachta brostaithe dá dtagraítear in Airteagal 14(9) de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004; nó

(b)

déantar an measúnú cliniciúil comhpháirteach ar tháirge íocshláinte dá dtagraítear in Airteagal 7(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/2282, a bhfuil athrú ar théarmaí údaraithe margaíochta atá ann cheana den chineál dá dtagraítear i bpointe 2(a) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1234/2008 agus a chomhfhreagraíonn do thásc teiripeach nua.

7 lá a bheidh sna sprioc-amanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcásanna nach bhfuil ach mionfhaisnéis in easnamh iontu.

5.   I gcás ina measfaidh an measúnóir, le cúnamh ón gcómheasúnóir, tráth ar bith le linn don dréacht-tuarascáil maidir le measúnú cliniciúil comhpháirteach agus don dréacht-tuarascáil achomair a bheith á n-ullmhú, faoi Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2021/2282, go bhfuil gá le tuilleadh sonraíochtaí nó soiléirithe nó le faisnéis, sonraí, anailísí nó fianaise bhreise eile, iarrfaidh rúnaíocht na measúnuithe ar theicneolaíochtaí sláinte ar an bhforbróir teicneolaíochtaí sláinte an fhaisnéis, na sonraí, na hanailísí nó an fhianaise eile sin a sholáthar laistigh den sprioc-am a leagfaidh an measúnóir agus an cómheasúnóir síos de réir chineál na faisnéise a iarrtar. Socrófar an sprioc-am sin ag 7 lá ar a laghad agus 30 lá ar a mhéad ó dháta an fhógra faoin iarraidh don fhorbróir teicneolaíochtaí sláinte.

6.   I gcás ina gcinnfidh an Grúpa Comhordaithe measúnú cliniciúil comhpháirteach a atosú de bhun Airteagal 10(7) de Rialachán (AE) 2021/2282, déanfaidh an forbróir teicneolaíochtaí sláinte, arna iarraidh sin do rúnaíocht na measúnuithe ar theicneolaíochtaí sláinte, nuashonruithe ar fhaisnéis, sonraí, anailísí agus ar fhianaise eile a soláthraíodh roimhe sin a chur isteach de bhun Airteagal 10(8) de Rialachán (AE) 2021/2282 laistigh den sprioc-am arna socrú ag an measúnóir agus ag an gcómheasúnóir de réir chineál na faisnéise, na sonraí, na n-anailísí nó na fianaise eile a iarradh. Socrófar an sprioc-am sin ag 7 lá ar a laghad agus 30 lá ar a mhéad ó dháta an fhógra faoin iarraidh don fhorbróir teicneolaíochtaí sláinte.

7.   Más rud é, le linn an mheasúnaithe chliniciúil chomhpháirtigh, go gcuirfidh an forbróir teicneolaíochtaí sláinte sonraí nua ó staidéir chliniciúla faoi bhráid na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí, tabharfaidh sé fógra faoi sin do rúnaíocht na measúnuithe ar theicneolaíochtaí sláinte agus soláthróidh sé na sonraí sin arna iarraidh sin don mheasúnóir, le cúnamh ón gcómheasúnóir. Tá feidhm ag na sprioc-amanna dá dtagraítear i mír 5 maidir leis an iarraidh sin.

8.   A luaithe a gheobhaidh rúnaíocht na measúnuithe ar theicneolaíochtaí sláinte an sainchomhad agus sonraí breise arna gcur isteach ag an bhforbróir teicneolaíochtaí sláinte de bhun mhíreanna 1, 4, 5, 6 agus 7, cuirfidh sí an sainchomhad agus na sonraí sin ar fáil don mheasúnóir, don chómheasúnóir agus don Fhoghrúpa MCC an tráth céanna.

Airteagal 13

Deimhniú ón gCoimisiún maidir leis an sainchomhad le haghaidh measúnú cliniciúil comhpháirteach

Laistigh de 15 lá oibre ón dáta a chuir an forbróir teicneolaíochtaí sláinte an sainchomhad isteach, agus de réir mar is iomchuí i gcomhairle leis an measúnóir agus leis an gcómheasúnóir, dearbhóidh an Coimisiún, bunaithe ar an bhfaisnéis a bheidh ar fáil an tráth sin, cibé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an sainchomhad le haghaidh measúnú cliniciúil comhpháirteach ar an táirge íocshláinte na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 9(2), (3) agus (4) de Rialachán (AE) 2021/2282. Mar sin féin, 10 lá oibre a bheidh sa sprioc-am sin sna cásanna seo a leanas:

(a)

déantar measúnú ar an iarratas ar údarú margaíochta le haghaidh táirge íocshláinte faoin nós imeachta brostaithe dá dtagraítear in Airteagal 14(9) de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004; nó

(b)

déantar an measúnú cliniciúil comhpháirteach ar tháirge íocshláinte dá dtagraítear in Airteagal 7(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/2282, a bhfuil athrú ar théarmaí údaraithe margaíochta atá ann cheana den chineál dá dtagraítear i bpointe 2(a) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1234/2008 agus a chomhfhreagraíonn do thásc teiripeach nua.

Airteagal 14

Dréacht-tuarascáil maidir le measúnú cliniciúil comhpháirteach agus dréacht-tuarascáil achomair

1.   Ullmhóidh an measúnóir, le cúnamh ón gcómheasúnóir, an dréacht-tuarascáil maidir le measúnú cliniciúil comhpháirteach agus an dréacht-tuarascáil achomair trí úsáid a bhaint as na teimpléid a leagtar amach in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III. Tráth ar bith le linn ullmhú na dréacht-tuarascála maidir le measúnuithe cliniciúla comhpháirteacha agus na dréacht-tuarascála achoimre, féadfaidh an measúnóir agus/nó an cómheasúnóir, trí rúnaíocht na measúnuithe ar theicneolaíochtaí sláinte, ionchur a lorg ó na hothair, ó shaineolaithe cliniciúla agus/nó ó shaineolaithe ábhartha eile arna roghnú i gcomhréir le hAirteagal 6. Cuirfidh rúnaíocht na measúnuithe ar theicneolaíochtaí sláinte an t-ionchur sin ar fáil don ‘Fhoghrúpa MCC iomlán.

2.   Roinnfidh rúnaíocht na measúnuithe ar theicneolaíochtaí sláinte an dréacht-tuarascáil maidir le measúnú cliniciúil comhpháirteach agus an dréacht-tuarascáil achomair arna n-ullmhú ag an measúnóir, le cúnamh ón gcómheasúnóir, leis an bhFoghrúpa MCC chun barúlacha a fháil. Tar éis dó na barúlacha ó chomhaltaí an Fhoghrúpa MCC a mheas, ullmhóidh an measúnóir, le cúnamh ón gcómheasúnóir, an dréacht-tuarascáil athbhreithnithe maidir le measúnú cliniciúil comhpháirteach agus an dréacht-tuarascáil achomair athbhreithnithe.

3.   Roinnfidh rúnaíocht na measúnuithe ar theicneolaíochtaí sláinte an dréacht-tuarascáil athbhreithnithe maidir le measúnú cliniciúil comhpháirteach agus an dréacht-tuarascáil achomair athbhreithnithe leis na hothair, leis na saineolaithe cliniciúla agus le saineolaithe ábhartha eile arna roghnú i gcomhréir le hAirteagal 6 agus tabharfaidh sí deis dóibh ionchur a sholáthar faoin dréacht-tuarascáil athbhreithnithe maidir le measúnú cliniciúil comhpháirteach agus faoin dréacht-tuarascáil achomair athbhreithnithe.

4.   Soláthróidh rúnaíocht na measúnuithe ar theicneolaíochtaí sláinte an dréacht-tuarascáil athbhreithnithe maidir le measúnú cliniciúil comhpháirteach agus an dréacht-tuarascáil achomair athbhreithnithe don fhorbróir teicneolaíochtaí sláinte. Déanfaidh an forbróir teicneolaíochtaí sláinte aon mhíchruinneas atá go hiomlán teicniúil nó fíorasach mar aon le haon fhaisnéis a mheasann sé a bheith rúnda a chur in iúl laistigh de 7 lá ón dáta a fuair sé an dréacht-tuarascáil athbhreithnithe maidir le measúnú cliniciúil comhpháirteach agus an dréacht-tuarascáil achomair athbhreithnithe. Léireoidh an forbróir teicneolaíochtaí sláinte íogaireacht na faisnéise ó thaobh na tráchtála de a mheasann sé a bheith rúnda.

5 lá ón dáta a fuair an forbróir teicneolaíochtaí sláinte an dréacht-tuarascáil athbhreithnithe maidir le measúnú cliniciúil comhpháirteach agus an dréacht-tuarascáil achomair athbhreithnithe a bheidh sa sprioc-am dá dtagraítear sa chéad fhomhír sna cásanna seo a leanas:

(a)

déantar measúnú ar an iarratas ar údarú margaíochta le haghaidh táirge íocshláinte faoin nós imeachta brostaithe dá dtagraítear in Airteagal 14(9) de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004;

(b)

déantar an measúnú cliniciúil comhpháirteach ar tháirge íocshláinte dá dtagraítear in Airteagal 7(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/2282, a bhfuil athrú ar théarmaí údaraithe margaíochta atá ann cheana den chineál dá dtagraítear i bpointe 2(a) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1234/2008 agus a chomhfhreagraíonn do thásc teiripeach nua; nó

(c)

forbraíodh raon feidhme measúnaithe nua le linn an mheasúnaithe chliniciúil chomhpháirtigh, de bhun Airteagal 16 den Rialachán seo.

5.   I gcás ina ndéanfaidh an forbróir teicneolaíochtaí sláinte ar a thionscnamh féin sonraí cliniciúla nua a chur isteach faoi Airteagal 11(2), an tríú habairt, de Rialachán (AE) 2021/2282, áiritheoidh an Foghrúpa MCC go ndéanfar na sonraí cliniciúla nua a mheas sa tuarascáil maidir leis an measúnú cliniciúil comhpháirteach, má fhaightear iad tráth nach déanaí ná 7 lá tar éis don Choiste um Tháirgí Íocshláinte lena nÚsáid ag an Duine a thuairim chríochnaitheach a ghlacadh.

Airteagal 15

Bailchríoch a chur ar an dréacht-tuarascáil athbhreithnithe maidir le measúnú cliniciúil comhpháirteach agus ar an dréacht-tuarascáil achomair athbhreithnithe

1.   Pléifidh an Foghrúpa MCC an dréacht-tuarascáil athbhreithnithe maidir le measúnú cliniciúil comhpháirteach agus an dréacht-tuarascáil achomair athbhreithnithe, mar aon leis an ionchur a sholáthraítear de bhun Airteagal 14(3) agus (4), i gcruinniú. Féadfaidh an Foghrúpa MCC, trí rúnaíocht na measúnuithe ar theicneolaíochtaí sláinte, cuireadh a thabhairt d’othair, do shaineolaithe cliniciúla agus/nó do shaineolaithe ábhartha eile le haghaidh cuid thiomnaithe den chruinniú ina bpléifear na dréacht-tuarascálacha athbhreithnithe ábhartha.

2.   Cuirfidh an Foghrúpa MCC bailchríoch ar an dréacht-tuarascáil athbhreithnithe maidir le measúnú cliniciúil comhpháirteach agus ar an dréacht-tuarascáil achomair athbhreithnithe ar a dhéanaí ar an dáta a nglacfar an cinneadh ón gCoimisiún lena ndeonaítear an t-údarú margaíochta agus cuirfidh sé faoi bhráid an Ghrúpa Comhordaithe iad lena bhformhuiniú.

3.   I gcás ina n-atosóidh an Grúpa Comhordaithe measúnú cliniciúil comhpháirteach de bhun Airteagal 10(7) de Rialachán (AE) 2021/2282 nó i gcás ina dtionscnóidh sé nuashonrú ar mheasúnú cliniciúil comhpháirteach de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2021/2282, agus nach gá raon feidhme an mheasúnaithe a nuashonrú, cuirfidh an Foghrúpa MCC bailchríoch ar an dréacht-tuarascáil athbhreithnithe maidir le measúnú cliniciúil comhpháirteach agus ar an dréacht-tuarascáil achomair athbhreithnithe laistigh de 180 lá ó dháta ationscnaimh an mheasúnaithe chliniciúil chomhpháirtigh nó ó dháta tionscnaimh nuashonrú an mheasúnaithe chliniciúil chomhpháirtigh agus cuirfidh sé faoi bhráid an Ghrúpa Comhordaithe iad lena bhformhuiniú.

4.   I gcás ina dtionscnóidh an Grúpa Comhordaithe nuashonrú ar mheasúnú cliniciúil comhpháirteach de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2021/2282 agus inar gá raon feidhme an mheasúnaithe a nuashonrú, déanfaidh an Foghrúpa MCC an dréacht-tuarascáil athbhreithnithe nuashonraithe maidir le measúnú cliniciúil comhpháirteach agus an dréacht-tuarascáil achomair athbhreithnithe nuashonraithe a bhailíochtú laistigh de 330 lá ón dáta a thionscain an Grúpa Comhordaithe nuashonrú an mheasúnaithe chliniciúil chomhpháirtigh. Cuirfidh an Foghrúpa MCC an dréacht-tuarascáil athbhreithnithe nuashonraithe maidir le measúnú cliniciúil comhpháirteach agus an dréacht-tuarascáil achomair athbhreithnithe nuashonraithe faoi bhráid an Ghrúpa Comhordaithe lena bhformhuiniú.

5.   Mura mbeidh feidhm ag an sprioc-am a shonraítear in Airteagal 11(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/2282, formhuineoidh an Grúpa Comhordaithe an dréacht-tuarascáil athbhreithnithe maidir le measúnú cliniciúil comhpháirteach agus an dréacht-tuarascáil achomair athbhreithnithe laistigh de 30 lá tar éis dó iad a fháil.

Airteagal 16

Athruithe ar an tásc teiripeach/na tásca teiripeacha

1.   Más rud é, le linn an nós imeachta láraithe, go n-athrófar an tásc teiripeach nó na tásca teiripeacha a cuireadh faoi bhráid na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí ar dtús, déanfaidh an measúnóir, le cúnamh ón gcómheasúnóir, measúnú ar cibé acu a dhéanann nó nach ndéanann an t-athrú sin difear do raon feidhme an mheasúnaithe agus cuirfidh sé nó sí an Foghrúpa MCC ar an eolas faoi.

2.   Cinnfidh an Foghrúpa MCC cibé acu a leanfar den mheasúnú cliniciúil comhpháirteach nó nach leanfar, nó cibé acu a ullmhóidh an measúnóir, le cúnamh ón gcómheasúnóir, togra nua maidir le raon feidhme measúnaithe nó nach n-ullmhóidh. Cuirfidh rúnaíocht na measúnuithe ar theicneolaíochtaí sláinte an forbróir teicneolaíochtaí sláinte ar an eolas faoi chinneadh an Fhoghrúpa MCC.

3.   Má ullmhaítear togra nua maidir le raon feidhme measúnaithe, beidh feidhm ag Airteagal 9 agus ag Airteagal 10(1) den Rialachán seo leis na modhnuithe is gá.

4.   Cuirfidh rúnaíocht na measúnuithe ar theicneolaíochtaí sláinte an forbróir teicneolaíochtaí sláinte ar an eolas faoi raon feidhme nua an mheasúnaithe ar chuir an Foghrúpa MCC bailchríoch air agus iarrfaidh sí ar an bhforbróir teicneolaíochtaí sláinte sainchomhad nuashonraithe a chur isteach. Beidh feidhm ag na sprioc-amanna dá dtagraítear in Airteagal 12(5) maidir leis an iarraidh sin. Beidh feidhm ag Airteagail 14 agus ag 15(1) den Rialachán seo leis na modhnuithe is gá.

Airteagal 17

Measúnuithe cliniciúla comhpháirteacha a ationscnamh

1.   I gcás inar scoireadh den mheasúnú cliniciúil comhpháirteach de bhun Airteagal 10(6) de Rialachán (AE) 2021/2282, agus i gcás ina roinnfidh an Ballstát, 30 lá ar a laghad roimh dheireadh an sprioc-ama dá dtagraítear in Airteagal 10(7) de, tríd an ardán TF MCC, an fhaisnéis, na sonraí, na hanailísí agus an fhianaise eile a bhí mar chuid den chéad iarraidh ón gCoimisiún, dearbhóidh an Coimisiún, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil an tráth sin, ar comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 9(2), (3) agus (4) de Rialachán (AE) 2021/2282.

2.   Soláthróidh an Coimisiún an deimhniú dá dtagraítear i mír 1 laistigh de 10 lá oibre ón dáta a chomhroinn an Ballstát na sonraí sin agus, de réir mar is iomchuí, i gcomhairle leis an measúnóir agus leis an gcómheasúnóir. Cuirfidh rúnaíocht na measúnuithe ar theicneolaíochtaí sláinte an Grúpa Comhordaithe agus an forbróir teicneolaíochtaí sláinte ar an eolas faoi thorthaí mheasúnú an Choimisiúin.

3.   I gcás ina gcinnfidh an Grúpa Comhordaithe measúnú cliniciúil comhpháirteach a ationscnamh de bhun Airteagal 10(7) de Rialachán (AE) 2021/2282, beidh feidhm ag Airteagal 14 agus ag Airteagal 15(1), (3) agus (5) den Rialachán seo.

4.   Cuirfidh rúnaíocht na measúnuithe ar theicneolaíochtaí sláinte an forbróir teicneolaíochtaí sláinte ar an eolas faoi mheasúnú cliniciúil comhpháirteach a ationscnamh.

Airteagal 18

Nuashonraithe ar mheasúnuithe cliniciúla comhpháirteacha

1.   I gcás ina sonraítear sa tuarascáil maidir le measúnú cliniciúil comhpháirteach an gá atá le nuashonrú agus ina mbeidh fianaise bhreise le haghaidh measúnú breise ar fáil, cuirfidh an forbróir teicneolaíochtaí sláinte lena mbaineann an Grúpa Comhordaithe ar an eolas faoi sin.

2.   Féadfaidh an forbróir teicneolaíochtaí sláinte faisnéis, sonraí, anailísí agus fianaise eile ábhartha nua a sholáthar, ar a thionscnamh féin, don Ghrúpa Comhordaithe i gcásanna nár sonraíodh sa tuarascáil maidir le measúnú cliniciúil comhpháirteach an gá atá le nuashonrú. Bunaithe ar an bhfaisnéis, ar na sonraí, ar na hanailísí agus ar an bhfianaise sin, féadfaidh an Grúpa Comhordaithe a chinneadh nuashonrú a áireamh ina chlár oibre bliantúil.

3.   Cuirfidh rúnaíocht na measúnuithe ar theicneolaíochtaí sláinte an forbróir teicneolaíochtaí sláinte ar an eolas faoi chinneadh an Ghrúpa Comhordaithe maidir le nuashonrú an mheasúnaithe chliniciúil chomhpháirtigh a áireamh i gclár oibre bliantúil an Ghrúpa Comhordaithe.

4.   I gcás inar féidir, ceapfaidh an Foghrúpa MCC an measúnóir agus an cómheasúnóir céanna chun an measúnú cliniciúil comhpháirteach a nuashonrú mar mheasúnóirí sa mheasúnú cliniciúil comhpháirteach tosaigh agus beidh na hothair, na saineolaithe cliniciúla agus/nó saineolaithe ábhartha eile céanna rannpháirteach sa nuashonrú. Tar éis don Fhoghrúpa MCC an measúnóir agus an cómheasúnóir a cheapadh chun an nuashonrú a dhéanamh, cuirfidh Rúnaíocht na measúnuithe ar theicneolaíochtaí sláinte an forbróir teicneolaíochtaí sláinte ar an eolas faoi nuashonrú ar an measúnú cliniciúil comhpháirteach a thionscnamh.

5.   Cinnfidh an Foghrúpa MCC más gá raon feidhme an mheasúnaithe a nuashonrú. Má thagann an Foghrúpa MCC ar an gconclúid nach gá raon feidhme an mheasúnaithe a nuashonrú, cuirfidh rúnaíocht na measúnuithe ar theicneolaíochtaí sláinte an forbróir teicneolaíochtaí sláinte ar an eolas faoi raon feidhme an mheasúnaithe atá á choinneáil ar bun agus iarrfaidh sí go gcuirfear isteach an sainchomhad nuashonraithe le haghaidh measúnú cliniciúil comhpháirteach ar an táirge íocshláinte. Beidh feidhm ag na sprioc-amanna dá dtagraítear in Airteagal 12(6) maidir leis an iarraidh sin. Beidh feidhm ag Airteagal 14 agus ag Airteagal 15(1), (3) agus (5) den Rialachán seo maidir leis an dréacht-tuarascáil nuashonraithe maidir le measúnú cliniciúil comhpháirteach agus maidir leis an dréacht-tuarascáil achomair nuashonraithe a ullmhú agus le bailchríoch a chur orthu.

6.   Má thagann an Foghrúpa MCC ar an gconclúid go bhfuil gá le raon feidhme an mheasúnaithe a nuashonrú, roinnfidh rúnaíocht na measúnuithe ar theicneolaíochtaí sláinte raon feidhme an mheasúnaithe tosaigh chun riachtanais na mBallstát a bhailiú. Bunaithe ar an ionchur a gheofar ó na Ballstáit, ullmhóidh an measúnóir, le cúnamh ón gcómheasúnóir, togra maidir le raon feidhme nuashonraithe measúnaithe lena léireofar riachtanais na mBallstát. Beidh feidhm ag Airteagal 9(2) agus (3) agus ag Airteagal 10(1) den Rialachán seo leis na modhnuithe is gá. Cuirfidh an Foghrúpa MCC bailchríoch ar raon feidhme an mheasúnaithe nuashonraithe laistigh de 90 lá ó thionscnamh an nuashonraithe.

7.   Má thugtar raon feidhme an mheasúnaithe nuashonraithe, cuirfidh rúnaíocht na measúnuithe ar theicneolaíochtaí sláinte an forbróir teicneolaíochtaí sláinte ar an eolas faoin raon feidhme nuashonraithe measúnaithe agus iarrfaidh sí go gcuirfear isteach an sainchomhad nuashonraithe le haghaidh measúnú cliniciúil comhpháirteach ar an táirge íocshláinte. Beidh feidhm ag Airteagal 12(1) agus Airteagal 13 den Rialachán seo leis na modhnuithe is gá. Tá feidhm ag na sprioc-amanna dá dtagraítear in Airteagal 12(2), an chéad abairt, Airteagal 12(4), an chéad abairt, agus Airteagal 12(5).

8.   Má dheimhníonn an Coimisiún go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 9(2), (3) agus (4) de Rialachán (AE) 2021/2282, ullmhóidh an measúnóir, le cúnamh ón gcómheasúnóir, dréacht-tuarascáil nuashonraithe maidir le measúnú cliniciúil comhpháirteach agus dréacht-tuarascáil achomair nuashonraithe. Beidh feidhm ag Airteagal 14 agus Airteagal 15(1), (4) agus (5) den Rialachán seo maidir le hullmhú na dréacht-tuarascála nuashonraithe maidir le measúnú cliniciúil comhpháirteach agus na dréacht-tuarascála achoimre nuashonraithe, agus maidir le bailchríoch a chur orthu.

Airteagal 19

Comhfhreagras le linn measúnuithe cliniciúla comhpháirteacha

Déanfar aon chomhfhreagras leis an nGrúpa Comhordaithe, leis an bhFoghrúpa MCC, le na measúnuithe ar theicneolaíochtaí sláinte, leis an bhforbróir teicneolaíochtaí sláinte, le hothair, le saineolaithe cliniciúla agus le saineolaithe ábhartha eile, nó eatarthu, le linn measúnuithe cliniciúla comhpháirteacha agus nuashonruithe ar mheasúnuithe cliniciúla comhpháirteacha a sheoladh i bhformáid dhigiteach tríd an ardán TF MCC.

Article 20

Iarrataí ar rúndacht

1.   Foilseoidh an Coimisiún an tuarascáil maidir le measúnú cliniciúil comhpháirteach agus an tuarascáil achomair dá dtagraítear in Airteagal 12(4) de Rialachán (AE) 2021/2282, mar aon le doiciméadacht eile a liostaítear in Airteagal 30(3), pointí (d) agus (i), de, tar éis dó tuairimí an Fhoghrúpa MCC a mheas maidir le híogaireacht na faisnéise ó thaobh tráchtála de atá sa doiciméadacht sin, ar faisnéis í a d’iarr an forbróir teicneolaíochtaí sláinte go gcaithfí léi mar fhaisnéis rúnda.

2.   Sula bhfoilseoidh sé an doiciméadacht dá dtagraítear i mír 1, soláthróidh an Coimisiún liosta d’fhorbróir teicneolaíochtaí sláinte den fhaisnéis nach measann sé a bheith rúnda, tar éis dó measúnú a dhéanamh ar an údar a thug an forbróir teicneolaíochtaí sláinte agus tuairimí an Fhoghrúpa MCC a bhreithniú. Cuirfidh sé an forbróir teicneolaíochtaí sláinte ar an eolas faoin gceart achomharc a dhéanamh i gcoinne diúltú maidir leis an bhfaisnéis sin a fholú.

Airteagal 21

Próiseáil sonraí pearsanta

1.   Is é an Coimisiún a bheidh ina rialaitheoir ar phróiseáil sonraí pearsanta, tríd an ardán TF MCC, ar sonraí iad a bhaileofar chun measúnuithe cliniciúla comhpháirteacha a dhéanamh agus chun iad a nuashonrú faoin Rialachán seo.

2.   Is iad seo a leanas na catagóirí sonraí pearsanta is gá chun na críche dá dtagraítear i mír 1:

(a)

céannacht, seoladh ríomhphoist agus cleamhnacht na n-ionadaithe arna gceapadh don Ghrúpa Comhordaithe agus don Fhoghrúpa MCC;

(b)

céannacht agus seoladh ríomhphoist na n-othar, na saineolaithe cliniciúla agus na saineolaithe ábhartha eile a sainaithníodh lena roghnú le haghaidh measúnuithe cliniciúla comhpháirteacha agus lena nuashonruithe, agus a ndeachthas i gcomhairle leo sna measúnuithe sin;

(c)

céannacht, seoladh ríomhphoist agus cleamhnacht ionadaithe na bhforbróirí teicneolaíochtaí sláinte;

(d)

céannacht, seoladh ríomhphoist agus cleamhnacht ionadaithe chomhaltaí an líonra geallsealbhóirí HTA.

3.   Ní bheidh rochtain ag na hionadaithe a cheapfar ar an nGrúpa Comhordaithe agus ar an bhFhoghrúpa MCC ach ar na codanna sin de chóras slán an ardáin TF MCC atá ábhartha maidir lena gcúraimí a chomhlíonadh agus féadfaidh siad oibriú i gcomhar, tríd an ardán TF MCC, le hionadaithe eile arna gceapadh don Ghrúpa Comhordaithe, nó don Fhoghrúpa MCC lena mbaineann siad, chun measúnuithe cliniciúla comhpháirteacha a dhéanamh agus chun iad a nuashonrú.

4.   Ní fhoilseofar sonraí pearsanta na n-othar a bhfuil baint acu le measúnuithe cliniciúla comhpháirteacha agus a nuashonruithe.

5.   Ní choimeádfaidh an Coimisiún na sonraí pearsanta a liostaítear i mír 2 ach chomh fada agus is gá chun na críche dá dtagraítear i mír 1 agus tráth nach faide ná 15 bliana tar éis an dáta nach mbeidh an t-ábhar sonraí rannpháirteach a thuilleadh in obair chomhpháirteach. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an ngá atá leis na sonraí pearsanta a stóráil gach 2 bhliain.

Airteagal 22

Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 12 Eanáir 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Bealtaine 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 458, 22.12.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2282/oj.

(2)  Rialachán (CE) Uimh.726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta an Aontais maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (IO L 136, 30.4.2004, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/726/oj).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1234/2008 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2008 maidir le hathruithe ar théarmaí na n-údaruithe margaíochta do tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus do tháirgí íocshláinte tréidliachta a scrúdú (IO L 334, 12.12.2008, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1234/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).

(5)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 536/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le trialacha cliniciúla ar tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine, agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/20/CE (IO L 158, 27.5.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/536/oj).


IARSCRÍBHINN I

TEIMPLÉAD LE hAGHAIDH AN tSAINCHOMHAID MAIDIR LE MEASÚNÚ CLINICIÚIL COMHPHÁIRTEACH AR THÁIRGE ÍOCSHLÁINTE

Agus faisnéis, sonraí, anailís agus fianaise eile á soláthar sa sainchomhad, leanfar caighdeáin idirnáisiúnta an leighis fhianaise-bhunaithe agus cuirfear san áireamh, má tá fáil uirthi, an treoir mhodheolaíoch arna glacadh ag GCMTS faoi Airteagal 3(7), pointe (d), den Rialachán maidir le HTA i gcás inarb infheidhme. Tabharfar tuairisc ar aon diall agus tabharfar údar leis. Déanfar an fhaisnéis a iarrtar i dteimpléad an tsainchomhaid a sholáthar i bhformáid shoiléir, agus i bhformáid tábla i gcás inar féidir.

Stair athbhreithnithe

Scriosfar línte nach bhfuil gá leo.

Leagan

Doiciméad

Tagairt dlí

Dáta tíolactha

Dáta seiceála an Choimisiúin

L0.1

Sainchomhad tosaigh

Airteagal 10(2) den Rialachán maidir le HTA

 

 

L0.2

(Sainchomhad nuashonraithe tar éis an dara hiarraidh ón gCoimisiún)

Airteagal 10(5) den Rialachán maidir le HTA

 

 

L0.3

(Sainchomhad nuashonraithe tar éis iarraidh ó na measúnóirí ar shonraíochtaí breise, ar shoiléirithe nó ar fhaisnéis bhreise)

Airteagal 11(2) den Rialachán maidir le HTA

 

Ní bhaineann le hábhar

L0.4

(Sainchomhad nuashonraithe tar éis athruithe ar an tásc teiripeach/na tásca teiripeacha)

Airteagal 16(4) RCCF

 

Ní bhaineann le hábhar

L0.5

(Sainchomhad nuashonraithe tar éis ationscnamh MCC)

Airteagal 10(8) den Rialachán maidir le HTA

 

Ní bhaineann le hábhar

L0.6

(Sainchomhad le tásca an FTS agus údar le faisnéis rúnda)

Airteagal 11(5) den Rialachán maidir le HTA

 

Ní bhaineann le hábhar

etc.

 

 

 

 

L1.0

Sainchomhad lena fhoilsiú (gan faisnéis rúnda)

Airteagal 20 RCCF

Ní bhaineann le hábhar

 

L1.0.1

(Sainchomhad nuashonraithe ina sonraítear sa tuarascáil maidir le measúnú cliniciúil comhpháirteach an gá atá le nuashonrú agus i gcás ina mbíonn fianaise bhreise ar fáil le haghaidh measúnú breise)

Airteagal 18(1) RCCF

 

Ní bhaineann le hábhar

L1.0.2

(Sainchomhad nuashonraithe a sholáthraítear ar thionscnamh an FTS i gcás ina mbeidh fianaise bhreise ar fáil le haghaidh measúnú breise)

Airteagal 18(2) RCCF

 

Ní bhaineann le hábhar

L1.0.3

(Sainchomhad nuashonraithe tar éis nuashonrú ar MCC a thionscnamh — ní gá raon feidhme an mheasúnaithe a nuashonrú)

Airteagal 18(5) RCCF

 

Ní bhaineann le hábhar

L1.0.4

(Sainchomhad nuashonraithe tar éis nuashonrú ar MCC a thionscnamh — is gá raon feidhme an mheasúnaithe a nuashonrú)

Airteagal 18(6) RCCF

 

 

L1.0.5

(Sainchomhad nuashonraithe tar éis nuashonrú ar MCC a thionscnamh, le tásca an FTS agus údar le faisnéis rúnda)

Airteagal 11(5) den Rialachán maidir le HTA

 

Ní bhaineann le hábhar

etc.

 

 

 

 

L2.0

(Sainchomhad lena fhoilsiú tar éis bailchríoch a chur ar nuashonrú ar MCC (gan faisnéis rúnda))

Airteagal 20 RCCF

Ní bhaineann le hábhar

 

Liosta giorrúchán

Cuirtear moltaí maidir le giorrúcháin i láthair sa liosta seo a leanas. Féadfar é a oiriúnú don sainchomhad.

Giorrúchán

Ciall

ATC

(An Cód) Ceimiceach Teiripeach Anatamaíoch

TÍAT

Táirge Íocshláinte Ardteiripe

CTÍÚD

An Coiste um Tháirgí Íocshláinte lena nÚsáid ag an Duine

TSC

Tuarascáil na Staidéar Cliniciúil

LEE

An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch

EMA

An Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach

AE

An tAontas Eorpach

HTA

Measúnú ar Theicneolaíocht Sláinte

GCMTS

Grúpa Comhordaithe na mBallstát maidir le Measúnú ar Theicneolaíocht Sláinte

An Rialachán maidir le HTA

Rialachán (AE) 2021/2282 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2021 maidir le measúnú ar theicneolaíocht sláinte agus lena leasaítear Treoir 2011/24/AE (IO L 458, 22.12.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2282/oj)

FTS

Forbróir Teicneolaíochtaí Sláinte

RCCF

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1381 ón gCoimisiún an 23 Bealtaine 2024 lena leagtar síos, de bhun Rialachán (AE) 2021/2282 maidir le measúnú ar theicneolaíocht sláinte, rialacha nós imeachta maidir le hidirghníomhaíocht le linn ullmhú agus nuashonrú measúnuithe cliniciúla comhpháirteacha ar tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine ar leibhéal an Aontais, malartú faisnéise maidir leo agus rannpháirtíocht iontu, mar aon le teimpléid le haghaidh na measúnuithe cliniciúla comhpháirteacha sin (IO L, 2024/1381, 24.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1381/oj).

MCC

Measúnú Cliniciúil Comhpháirteach

CEC

Comhairliúchán Eolaíoch Comhpháirteach

PICAT

Tacar paraiméadar le haghaidh an mheasúnaithe chliniciúil chomhpháirtigh i dtéarmaí na nithe a leanas: Pobal Othar — Idirghabháil/Idirghabhálacha — Comparadóir/Comparadóirí — Torthaí Sláinte

PRIME

Scéim Cógas Tosaíochta na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí

TRR

Triail Rialaithe Randamaithe

RC

Riosca Claontachta

AST

Achoimre ar Shaintréithe Táirge

etc.

 

Clár

Liosta táblaí

1.   Forbhreathnú

1.1.

Faisnéis faoin táirge íocshláinte atá faoi mheasúnú agus faoin FTS

Soláthrófar an méid seo a leanas sa roinn seo:

ainm an táirge íocshláinte atá faoi mheasúnú (‘an táirge íocshláinte’);

ainm corparáideach agus seoladh buan an FTS. I gcás nach ionann an FTS atá freagrach as an táirge íocshláinte a chur isteach le haghaidh formheas rialála agus an FTS a chuireann isteach an sainchomhad le haghaidh MCC an táirge íocshláinte, sonrófar ainm corparáideach agus seoladh an dá FST.

1.2.

Measúnuithe roimhe seo faoin Rialachán maidir le HTA

Sonrófar sa roinn seo an raibh an táirge íocshláinte faoi réir measúnaithe faoin Rialachán maidir le HTA. Más freagra dearfach atá ann, soláthrófar sa roinn tásc teiripeach, dáta agus tagairt na tuarascála MCC roimhe sin.

1.3.

Achoimre feidhmiúcháin

Sa roinn seo, soláthrófar achoimre feidhmiúcháin ghonta ar an sainchomhad ina ndíreofar ar raon feidhme an mheasúnaithe a leagtar amach de bhun Airteagal 8(6) den Rialachán maidir le HTA agus a chomhroinntear leis an FTS sa chéad iarraidh ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 10(1) den Rialachán maidir le HTA (‘raon feidhme an mheasúnaithe’). Áireofar an méid seo a leanas san achoimre feidhmiúcháin:

raon feidhme an mheasúnaithe, lena sainaithnítear go soiléir aon PICAT/PICATanna, nár cuireadh torthaí isteach ina leith agus lena mínítear na cúiseanna a bhí leis na torthaí a fhágáil ar lár;

achoimre ar na torthaí maidir le héifeachtacht choibhneasta agus sábháilteacht choibhneasta an táirge íocshláinte (e.g. tomhais éifeachta le beachtas staidrimh le haghaidh gach toraidh) maidir le raon feidhme an mheasúnaithe, lena léirítear cé acu a bhí na torthaí bunaithe ar fhianaise dhíreach nó indíreach. Soláthrófar na torthaí do gach PICAT ar leithligh;

leibhéal cinnteachta na héifeachtachta coibhneasta agus na sábháilteachta coibhneasta maidir le PICAT/PICATanna.

2.   Cúlra

2.1.

Saintréithriú an reachta sláinte atá le cóireáil, le cosc nó le diagnóisiú

2.1.1.

Forbhreathnú ar an riocht sláinte

Sa roinn seo, déanfar an méid a leanas:

tuairisc a thabhairt ar an riocht sláinte a bhfuil an táirge íocshláinte ceaptha a bheith ina chóireáil air, a chosc nó a dhiagnóisiú, lena n-áirítear critéir maidir lena dhiagnóisiú, má tá fáil orthu, trí úsáid a bhaint as cód caighdeánaithe amhail an cód um Aicmiú Staidrimh Idirnáisiúnta Galar agus Fadhbanna Sláinte a bhaineann leo (‘AIG’) nó an cód um Lámhleabhar Diagnóiseach agus Staidrimh na Neamhord Meabhrach (‘DSM’) agus leagan an chóid;

i gcás inarb ábhartha, tuairisc a thabhairt ar phríomhchéimeanna agus/nó ar fho-chineálacha an reachta sláinte;

aon fhachtóir prognóiseach a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chúrsa an ghalair nó an reachta sláinte agus prognóis an reachta sláinte gan an chóireáil nua a chur san áireamh;

meastachán a chur i láthair ar an leitheadúlacht agus/nó ar an minicíocht is déanaí maidir leis an riocht sláinte i Stáit LEE ina bhfuil feidhm ag an Rialachán maidir le HTA agus, i gcás inarb ábhartha, tuairisc a thabhairt ar aon difríocht mhór idir na stáit sin de chuid LEE;

tuairisc a thabhairt ar shiomptóim agus ar ualach an reachta sláinte d’othair, lena n-áirítear gnéithe amhail pian, míchumas, saincheisteanna síceasóisialta, agus deitéarmanaint eile galrachta agus cáilíochta beatha ó thaobh an othair de;

i gcás riochtaí sláinte a mbíonn míchumas agus/nó gá le cúramóir teaghlaigh mar thoradh orthu, agus i gcás cóireálacha a mbíonn mórathruithe eagraíochtúla ar an gcóras cúraim sláinte mar thoradh orthu (e.g. de bharr srianta monaraíochta) nó mórnósanna imeachta gaolmhara: tuairisc ghairid a thabhairt ar an tionchar eagraíochtúil agus sochaíoch a bhíonn ag an riocht sláinte agus ag an gcóireáil a bhaineann leis, rud a thugann comhthéacs éigin do léirmhíniú na dtorthaí.

Soláthrófar tagairtí do na ráitis. Soláthrófar téacsanna iomlána na dtagairtí i bhFoscríbhinn D.1.

2.1.2.

Saintréithriú an spriocphobail othar

I gcás ina bhfuil an spriocphobal níos sonraí ná an riocht sláinte foriomlán, déanfar an méid seo a leanas sa roinn seo:

ainm agus tuairisc a thabhairt ar an spriocphobal othar réamhshocraithe nó ar na spriocphobail othar réamhshocraithe, i.e., an tásc teiripeach a mholann an FTS san iarratas ar údarú margaíochta nó ar athrú ar údarú margaíochta atá ann cheana arna chur faoi bhráid na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí nó i gcás inarb infheidhme, foclaíocht an táisc theiripigh ó thuairim dhearfach CTÍÚD nó ón AST;

tuairisc a thabhairt ar sheasamh beartaithe an spriocphobail othar nó na spriocphobail othar sa chonair chúraim othar agus údar cuí a thabhairt leis an seasamh sin;

i gcás inarb ábhartha, inscne, aois agus saintréithe sonracha eile a chur san áireamh;

tuairisc a thabhairt ar aon fho-phobail othar, lena n-áirítear na critéir chun iad a shainaithint, má shainítear go sonrach iad i raon feidhme an mheasúnaithe, agus fo-phobail bhreise othar, más iomchuí;

tuairisc a thabhairt ar dhul chun cinn nádúrtha an reachta sláinte (de réir fho-phobal an othair, más iomchuí).

Soláthrófar tagairtí do na ráitis. Soláthrófar téacsanna iomlána na dtagairtí i bhFoscríbhinn D.1.

2.1.3.

Bainistiú cliniciúil an reachta sláinte

Sa roinn seo, déanfar an méid a leanas:

tuairisc a thabhairt ar an gconair chúraim le haghaidh an reachta sláinte, a bhfuil an táirge íocshláinte ceaptha a bheith ina chóireáil air, a chosc nó a dhiagnóisiú i gcás inarb ábhartha, le haghaidh céimeanna éagsúla agus/nó fo-chineálacha éagsúla an ghalair nó an reachta sláinte nó na bhfo-phobal othar, le léaráidí den chonair nó de na conairí cúraim a bhfuil comparadóir nó comparadóirí san áireamh leo;

i gcás ina bhfuil éagsúlachtaí suntasacha idir na conairí cúraim i measc Stáit LEE ina bhfuil an Rialachán maidir le HTA infheidhme, tuairisc a thabhairt ar na héagsúlachtaí cúraim sin;

liosta treoirlínte cliniciúla ábhartha ar an leibhéal Eorpach a áireamh, e.g., ó chomhlachais nó ó chumainn leighis Eorpacha, má tá siad ar fáil.

Soláthrófar tagairtí do na ráitis. Soláthrófar téacsanna iomlána na dtagairtí i bhFoscríbhinn D.1.

2.2.

Saintréithriú an táirge íocshláinte

2.2.1.

Saintréithe an táirge íocshláinte

Tabharfar tuairisc sa roinn seo ar shaintréithe an táirge íocshláinte agus, go háirithe, déanfar an fhaisnéis seo a leanas a thuairisciú:

ainm dílseánaigh; substaint ghníomhach/substaintí gníomhacha;

foirmliú/foirmlithe cógaisíochta;

tásc teiripeach;

sásra gníomhaíochta;

aicme theiripeach;

cód ATC i gcás ina bhfuil sé sannta cheana féin;

an modh tabhartha;

dáileoga agus minicíocht dáileoige;

fad na cóireála, coigeartuithe dáileoige agus comhcheangail le hidirghabhálacha eile.

Soláthrófar tagairtí do na ráitis. Soláthrófar téacsanna iomlána na dtagairtí i bhFoscríbhinn D.1.

2.2.2.

Ceanglais/treoracha úsáide

Sa roinn seo, déanfar an méid a leanas:

tuairisc a thabhairt ar aon phearsanra agus trealamh atá cáilithe go sonrach agus is gá chun an táirge íocshláinte a úsáid, lena n-áirítear aon tástáil nó imscrúdú sonrach is gá. I gcás ina bhfuil tuairisc iomlán tugtha ar threalamh den sórt sin i Roinn 2.2.1, déanfar tagairt sa roinn reatha don tuairisc thuas agus luafar nach bhfuil aon cheanglas breise ann;

tuairisc a thabhairt ar aon soláthairtí (seachas soláthairtí cineálacha) is gá chun an táirge íocshláinte a úsáid, i gcás inarb infheidhme.

I gcás inarb ábhartha agus más iomchuí, déanfar saintréithriú an tabhartha agus na dáileoige trí fho-phobal nó trí ghrúpa othar.

Soláthrófar tagairtí do na ráitis. Soláthrófar téacsanna iomlána na dtagairtí i bhFoscríbhinn D.1.

2.2.3.

Stádas rialála an táirge íocshláinte

Sa roinn seo, déanfar an méid a leanas:

stádas rialála an táirge íocshláinte a sholáthar sa tásc a bhreithnítear don MCC sin i Stáit LEE ina bhfuil an Rialachán maidir le HTA infheidhme, san Astráil, i gCeanada, sa tSín, sa tSeapáin, sa Ríocht Aontaithe, i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus i dtíortha eile más ábhartha;

sonraí a sholáthar maidir le conair nós imeachta an táirge íocshláinte san Aontas, amhail ainmniú dílleachta, údarú margaíochta coinníollach maille le haon oibleagáid shonrach a bhaineann leis an údarú margaíochta coinníollach, TÍAT, PRIME nó an plean imscrúdaithe phéidiatraicigh (‘PIP’);

mionsonraí a thabhairt maidir le cláir rochtana luaithe/úsáide atruaiche atá ar siúl faoi láthair nó atá beartaithe in LEE;

údaruithe margaíochta eile i Stáit LEE a shonrú ina bhfuil an Rialachán maidir le HTA infheidhme maidir le tásca eile seachas an tásc a breithníodh le haghaidh an MCC sin, mar aon le tásc/tásca breise a cuireadh faoi bhráid na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí cheana agus atá faoi athbhreithniú.

Soláthrófar tagairtí do na ráitis. Soláthrófar téacsanna iomlána na dtagairtí i bhFoscríbhinn D.1.

2.3.

CEC a bhaineann le MCC

I gcás ina raibh an táirge íocshláinte faoi réir CEC faoin Rialachán maidir le HTA, míneofar sa roinn seo aon diall ón tairiscint mholta chun fianaise a ghiniúint. Déanfar na moltaí a dhoiciméadú i bhFoscríbhinn D.9.

3.   Raon feidhme an mheasúnaithe

Sa roinn seo, déanfar an méid a leanas:

raon feidhme an mheasúnaithe a atáirgeadh san fhormáid a roinntear leis an FTS sa chéad iarraidh ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 10(1) den Rialachán maidir le HTA;

aon PICAT/PICATanna nár cuireadh na torthaí isteach ina leith a shainaithint go soiléir agus míniú a thabhairt ar na cúiseanna ar fágadh ar lár iad.

4.   Tuairisc ar na modhanna a úsáideadh chun ábhar an tsainchomhaid a fhorbairt

Tabharfar tuairisc sa roinn seo ar na modhanna a úsáidtear chun ábhar an tsainchomhaid a fhorbairt, agus, má tá sí ar fáil, an treoir mhodheolaíoch arna glacadh ag GCMTS de bhun Airteagal 3(7), pointe (d), den Rialachán maidir le HTA á cur san áireamh. Tabharfar tuairisc ar aon diall agus tabharfar údar leis.

4.1.

Critéir chun staidéir a roghnú le haghaidh MCC

Sonrófar sa roinn seo na critéir iniaimh agus eisiaimh le haghaidh staidéir a bheidh le cur san áireamh le haghaidh an MCC seo bunaithe ar raon feidhme an mheasúnaithe agus, má tá sí ar fáil, an treoir mhodheolaíoch arna glacadh ag GCMTS de bhun Airteagal 3(7), pointe (d), den Rialachán maidir le HTA á cur san áireamh. Tabharfar tuairisc ar aon diall agus tabharfar údar leis. Soláthrófar an tsonraíocht maidir leis na critéir iniaimh agus eisiaimh do gach PICAT, de réir mar is iomchuí.

4.2.

Faisnéis a aisghabháil agus staidéir ábhartha a roghnú

4.2.1.

Aisghabháil faisnéise

Déanfaidh an FTS próiseas aisghabhála faisnéise agus é mar chuspóir aige an fhianaise a bheidh le húsáid chun an sainchomhad a ullmhú a shainaithint.

Déanfar na foinsí faisnéise seo a leanas a mheas go córasach sa phróiseas aisghabhála:

(1)

staidéir ar éifeachtúlacht chliniciúil agus ar shábháilteacht chliniciúil agus, i gcás inarb ábhartha, staidéir eile is infheidhme arna ndéanamh nó arna n-urrú ag an FTS nó ag tríú páirtithe chun an fhaisnéis fhoilsithe agus neamhfhoilsithe uile atá nuashonraithe (sonraí, anailísí agus aon fhianaise eile) a áireamh ó staidéir ar an táirge íocshláinte a raibh an FTS ina urraitheoir ina leith agus faisnéis chomhfhreagrach faoi staidéir ó thríú páirtithe, má tá sí ar fáil;

(2)

bunachair sonraí bhibleagrafacha. Déanfar an cuardach ar a laghad i mbunachar sonraí bibleagrafach National Library of Medicine (MEDLINE) agus i mbunachar sonraí Cochrane Central Register of Controlled Trials;

(3)

clárlanna staidéir agus clárlanna torthaí staidéir (bunachair sonraí trialacha cliniciúla);

(4)

tuarascálacha HTA maidir leis an táirge íocshláinte atá faoi réir MCC ó Stáit LEE ina bhfuil an Rialachán maidir le HTA infheidhme agus ón Astráil, ó Cheanada, ón Ríocht Aontaithe agus ó Stáit Aontaithe Mheiriceá;

(5)

na sonraí maidir le sábháilteacht chliniciúil agus éifeachtúlacht a áirítear sa chomhad tíolactha chuig an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach;

(6)

clárlanna othar.

Sa roinn seo, déanfar an méid a leanas:

liosta a sholáthar de na foinsí a cuardaíodh go córasach le haghaidh staidéir atá ábhartha don MCC de réir raon feidhme an mheasúnaithe, agus dáta gach cuardaigh a shonrú. 3 mhí ar a mhéad a bheidh sa scoithdháta do na cuardaigh sula gcuirfear an sainchomhad isteach;

tuairisc a thabhairt ar cibé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh sonraí nua atá ábhartha do raon feidhme an mheasúnaithe a bheith ar fáil agus cathain a d’fhéadfadh na sonraí sin a bheith ar fáil.

Déanfar gach straitéis chuardaigh a dhoiciméadú go hiomlán i bhFoscríbhinn D.2.

4.2.2.

Roghnú staidéar ábhartha

Déanfar doiciméadú sa roinn seo ar an gcur chuige maidir le roghnú na staidéar ábhartha ó thorthaí na haisghabhála faisnéise de réir na gcritéar iniaimh agus eisiamh a shainítear i Roinn 4.1. Soláthrófar an tsonraíocht sin le haghaidh gach PICAT, de réir mar is iomchuí. I gcás nach ionann an próiseas roghnúcháin agus an méid a mholtar sa treoir mhodheolaíoch arna glacadh ag GCMTS de bhun Airteagal 3(7), pointe (d), den Rialachán maidir le HTA, tabharfar tuairisc air sin agus tabharfar údar leis.

4.3.

Anailís agus sintéis sonraí

Tabharfar tuairisc sa roinn seo ar na modhanna a úsáidtear chun sonraí a anailísiú agus a shintéisiú. Maidir leis na modhanna a úsáidfear chun an sainchomhad agus an tuairisc orthu a ullmhú, leanfaidh siad caighdeáin idirnáisiúnta an leighis fhianaise-bhunaithe agus cuirfear san áireamh leo, má tá fáil uirthi, an treoir mhodheolaíoch arna glacadh ag GCMTS de bhun Airteagal 3(7), pointe (d), den Rialachán maidir le HTA. Tabharfar tuairisc ar aon diall agus tabharfar údar leis.

Soláthrófar an doiciméadacht fholuiteach le haghaidh aon anailíse, i.e. TSC, prótacail staidéir agus pleananna anailíse staidrimh (lena n-áirítear sintéisí fianaise) agus sonraí maidir le gach bogearra a úsáidtear mar aon leis an gcód cláir agus an t-aschur ábhartha faoi seach sna codanna ábhartha d’Fhoscríbhinn D.

Cumhdófar sa roinn seo na gnéithe modheolaíochta seo a leanas sna fo-ranna faoi seach seo a leanas:

4.3.1.

Tuairisc ar dhearadh agus ar mhodheolaíocht na staidéar cliniciúil bunaidh atá san áireamh

4.3.2.

Tuairisc ar thorthaí na staidéar cliniciúil bunaidh

4.3.3.

Comparáidí díreacha trí mheitea-anailísí idir péirí

Soláthrófar an prótacal le haghaidh sintéisí fianaise, lena n-áirítear an plean anailíse staidrimh ábhartha, i bhFoscríbhinn D.5.

4.3.4.

Comparáidí indíreacha

Soláthrófar an prótacal le haghaidh sintéisí fianaise, lena n-áirítear an plean anailíse staidrimh ábhartha, i bhFoscríbhinn D.5.

4.3.5.

Anailísí íogaireachta

Tabharfar tuairisc sa roinn seo ar mhodhanna na n-anailísí íogaireachta uile a dhéantar agus tabharfar údar leo. Tabharfar tuairisc inti ar an gcuspóir nó ar an bparaiméadar modheolaíochta ar a dtugann an anailís íogaireachta aghaidh, mar aon le toimhdí foluiteacha.

4.3.6.

Anailísí foghrúpa agus modhnaitheoirí éifeachta eile

4.3.7.

Sonrú ar mhodhanna breise de réir mar is gá

Tabharfar tuairisc sa roinn seo ar aon mhodh eile a úsáidtear chun torthaí a úsáidtear sa sainchomhad a fháil.

5.   Torthaí

Beidh na torthaí a chuirfear i láthair sa sainchomhad i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta an leighis fhianaise-bhunaithe agus cuirfear san áireamh iontu, má tá sí ar fáil, an treoir mhodheolaíoch arna glacadh ag GCMTS de bhun Airteagal 3(7), pointe (d), den Rialachán maidir le HTA. Tabharfar tuairisc ar aon diall agus tabharfar údar leis.

Úsáidfear téacs, figiúirí agus táblaí i gcur i láthair na dtorthaí de réir mar is iomchuí.

Ar mhaithe le héifeachtacht choibhneasta agus le sábháilteacht choibhneasta, soláthrófar torthaí le haghaidh gach staidéir chliniciúil agus sintéise fianaise, lena n-áirítear comparáidí díreacha agus indíreacha araon.

5.1.

Torthaí ón bpróiseas aisghabhála faisnéise

Déanfar torthaí ó chéimeanna éagsúla an phróisis aisghabhála faisnéise a chur i láthair go trédhearcach. I gcás gach staidéir, sonrófar an fhaisnéis seo a leanas: aitheantas tagartha an staidéir, stádas an staidéir, fad an staidéir agus sonraí scoite más infheidhme, agus codanna staidéir. I gcás gach ceann de na céimeanna aisghabhála faisnéise, déanfar na staidéir nach mbreithnítear sa sainchomhad a shainaithint agus a liostú. I gcás gach ceann acu, sonrófar an chúis a bhí leis an eisiamh.

Áireofar an méid seo a leanas i gcur i láthair na dtorthaí sna fo-ranna seo a leanas faoi seach:

5.1.1.

Liosta staidéar atá déanta nó urraithe ag an FTS nó ag tríú páirtithe

Sa roinn seo, tuairisceofar don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach faisnéis faoi na staidéir uile, arna ndéanamh nó arna n-urrú ag an FTS agus ag tríú páirtithe, dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, pointe (b), den Rialachán maidir le HTA, lena n-áirítear na staidéir uile lena soláthraítear sonraí maidir le sábháilteacht chliniciúil agus éifeachtúlacht ón gcomhad tíolactha. Beidh an liostú teoranta do staidéir a bhaineann le hothair sa tásc teiripeach dá n-ullmhaítear an sainchomhad. Tuairisceofar sa roinn freisin cibé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh sonraí nua atá ábhartha do raon feidhme an mheasúnaithe a bheith ar fáil le linn na tréimhse measúnaithe agus cathain a d’fhéadfadh na sonraí sin a bheith ar fáil.

5.1.2.

Staidéir a shainaithnítear i gcuardach bunachar sonraí bibleagrafach

Sa roinn seo, cuirfear i láthair torthaí ó chuardaigh ar staidéir ar an táirge íocshláinte agus ar a chomparadóir/comparadóirí i gcás inarb ábhartha (e.g. le haghaidh meitea-anailísí indíreacha) i mbunachair sonraí bhibleagrafacha.

5.1.3.

Staidéir i gclárlanna staidéir agus i gclárlanna torthaí staidéir (bunachair sonraí trialacha cliniciúla)

Sa roinn seo, cuirfear i láthair torthaí ó chuardaigh ar staidéir ar an táirge íocshláinte agus ar a chomparadóir/comparadóirí i gcás inarb ábhartha i gclárlanna staidéir/i gclárlanna torthaí staidéir.

5.1.4.

Tuarascálacha HTA

Liostófar sa roinn seo tuarascálacha HTA atá ar fáil maidir leis an táirge íocshláinte atá faoi réir an MCC ó Stáit LEE ina bhfuil an Rialachán maidir le HTA infheidhme agus ón Astráil, ó Cheanada, ón Ríocht Aontaithe agus ó Stáit Aontaithe Mheiriceá. Soláthrófar na tuarascálacha HTA i bhFoscríbhinn D.7. Liostófar aon fhianaise ábhartha bhreise a shainaithneofar sna tuarascálacha HTA sin nár sainaithníodh i bhfoinsí eile.

5.1.5.

Staidéir ó chomhaid tíolactha chuig an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach

Sa roinn seo liostófar na staidéir uile ar éifeachtúlacht chliniciúil agus ar shábháilteacht chliniciúil agus, i gcás inarb ábhartha, staidéir eile is infheidhme a áiríodh sa chomhad tíolactha chuig an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach. Murar tugadh aghaidh ar na príomhstaidéir (ríthábhachtacha) ag aon PICAT/PICATanna, cuirfear i láthair i bhFoscríbhinn C iad agus soláthrófar iad i bhFoscríbhinn D.6.

5.1.6.

Staidéir ó chlárlanna othar

Sa roinn seo, cuirfear i láthair torthaí ó chuardaigh ar staidéir ar an táirge íocshláinte agus ar a chomparadóir/comparadóirí, i gcás inarb ábhartha, i gclárlanna othar.

5.1.7.

Liosta de na staidéir atá san áireamh ar an iomlán agus de réir PICAT

Saineofar sa roinn seo liosta na staidéar a áirítear sa tuairisc ar éifeachtacht choibhneasta agus ar shábháilteacht choibhneasta, lena ndéanfar eolas do gach PICAT.

5.2.

Saintréithe na staidéar atá san áireamh

Soláthrófar sa roinn seo forbhreathnú i bhformáid tábla ar dhearadh an staidéir agus ar phobal an staidéir le haghaidh gach staidéir a áirítear sa tuairisc ar éifeachtacht agus sábháilteacht choibhneasta in aon cheann de PICATanna. Soláthrófar faisnéis go sonrach maidir leis na nithe seo a leanas:

cineál agus dearadh an staidéir;

dáta agus fad an staidéir;

pobal cláraithe an staidéir lena n-áirítear príomhchritéir incháilitheachta agus príomhshuíomhanna;

saintréithe na hidirghabhála agus an chomparadóra/na gcomparadóirí;

críochphointí staidéir;

más infheidhme, sonraí scoite;

méid an tsampla;

modhanna anailíse.

Saintréithreofar na hidirghabhálacha staidéir agus soláthrófar faisnéis maidir le cúrsa an staidéir (i.e., amanna leantacha beartaithe agus iarbhír in aghaidh an toraidh).

Tabharfar tuairisc ghairid ar na staidéir a áirítear sa sainchomhad. Soláthrófar tuairisc mhionsonraithe ar mhodheolaíocht an staidéir i bhFoscríbhinn A.

5.3.

Torthaí staidéir ar éifeachtacht choibhneasta agus ar shábháilteacht choibhneasta

Soláthrófar sa roinn seo torthaí maidir le héifeachtacht choibhneasta agus sábháilteacht choibhneasta de réir raon feidhme an mheasúnaithe.

Soláthrófar sa roinn seo freisin an fhaisnéis uile is gá chun leibhéal cinnteachta na n-éifeachtaí coibhneasta a mheasúnú, agus láidreachtaí agus teorainneacha na fianaise atá ar fáil á gcur san áireamh. Déanfaidh an fhaisnéis mhionsonraithe is gá chun an leibhéal cinnteachta a mheasúnú, faisnéis lena mbeidh measúnú ar an RC san áireamh ach gan bheith teoranta dó sin, an treoir mhodheolaíoch arna glacadh ag GCMTS de bhun Airteagal 3(7), pointe (d), den Rialachán maidir le HTA a chur san áireamh má tá sí ar fáil. Tabharfar tuairisc ar aon diall agus tabharfar údar leis.

Soláthrófar na mionsonraí sna Foscríbhinní ábhartha.

5.3.1.

Torthaí don phobal othar <Z-1>

Sa roinn seo, pléifear a mhéid a chumhdaíonn an pobal/na pobail othar agus/nó an comparadóir/na comparadóirí atá san áireamh in aghaidh an staidéir an pobal/na pobail othar/an comparadóir/na comparadóirí ábhartha de réir raon feidhme an mheasúnaithe.

Laistigh den roinn seo, cuirfear na torthaí le haghaidh gach PICAT a thugann aghaidh ar an bpobal othar <Z-1> i láthair i bhfo-ranna.

Soláthrófar roinn ar leith do gach pobal othar <Z-1>, <Z-2>, etc. a shonraítear in PICAT/PICATanna.

Soláthrófar faisnéis maidir le cineál na comparáide anailísithe (e.g., comparáid dhíreach, comparáid indíreach choigeartaithe) mar aon leis na codanna staidéir ábhartha in aghaidh an staidéir. Má rinneadh anailís ar fho-phobal staidéir le haghaidh an mheasúnaithe, tabharfar tuairisc ar shaintréithe an fho-phobail ábhartha agus soláthrófar an líon othar atá san áireamh.

5.3.1.1.

Saintréithe othar le haghaidh PICAT < 1>

Cuirfear i láthair sa roinn seo na saintréithe othair ó gach staidéar lena gcumhdaítear an pobal othar ábhartha a áirítear in aon cheann de PICAT/PICATanna. Luafar é má tá difríocht idir na pobail othar atá san áireamh sna staidéir. Mura ndéanann ach fo-phobal aon staidéir ionadaíocht ar an bpobal ábhartha don MCC, soláthrófar na saintréithe othair atá sa roinn seo le haghaidh an phobail iomchuí sin.

5.3.1.2.

Torthaí na dtorthaí sláinte le haghaidh PICAT < 1> agus neamhchinnteachtaí sna torthaí

Laistigh den phobal othar ar leith, tabharfar tuairisc i bhformáid tábla ar thorthaí na dtorthaí sláinte ina dtugtar tuairisc ar éifeachtacht choibhneasta agus ar shábháilteacht choibhneasta. Tosóidh an roinn le tuairisc a thabhairt ar an rogha fianaise agus ar an údar léi (an cineál comparáide) a cuireadh isteach chun aghaidh a thabhairt ar an PICAT < 1> ar leith.

I gcás aon cheist bhreise PICAT a bhaineann le pobal othar ar leith, cuirfear isteach fo-roinn nua ina gcuirfear na torthaí i láthair i dtéarmaí torthaí sláinte le haghaidh na ceiste PICAT seo.

Soláthrófar an méid seo a leanas sa roinn seo:

forbhreathnú ar na torthaí atá ar fáil (arna iarraidh i raon feidhme an mheasúnaithe) in aghaidh an staidéir;

forbhreathnú ar chúrsa na staidéar atá san áireamh, fad na cóireála iarbhír agus an tréimhse bhreathnóireachta le haghaidh na hidirghabhála staidéir agus an chomparadóra;

tuairisc ar an modh sintéise fianaise a úsáideadh, lena n-áirítear na láidreachtaí agus na teorainneacha gaolmhara, mar aon le haon toisc a eascraíonn as na modhanna sin agus as a gcur i bhfeidhm a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chinnteacht na fianaise;

na torthaí a iarradh maidir le héifeachtacht choibhneasta agus sábháilteacht choibhneasta (i.e., éifeachtaí coibhneasta an táirge íocshláinte i gcomparáid leis an gcomparadóir). Áireofar ann na torthaí ó gach staidéar aonair, mar aon le sintéisí cainníochtúla na dtorthaí, e.g., ó mheitea-anailísí. Tabharfar tuairisc ghairid ar thorthaí na n-anailísí ar gach ceann de na torthaí a cuireadh i láthair. Déanfar é a shoiléiriú an dtagann an fhianaise ó chomparáid dhíreach nó indíreach. Má thuairiscítear torthaí le haghaidh scoitheadh sonraí, soláthrófar torthaí maidir le gach toradh. Tabharfar údar le scoitheadh sonraí a thuairiscítear. Soláthrófar faisnéis faoi mhéid na sonraí atá in easnamh agus faoi na cúiseanna atá leis na sonraí a bheith in easnamh mar aon le torthaí le haghaidh na n-anailísí íogaireachta uile;

tuairisc ar aon saincheist a dhéanann difear do leibhéal cinnteachta na n-éifeachtaí coibhneasta.

6.   Liosta tagairtí

Foscríbhinní

Foscríbhinn A. Liostú táblach agus faisnéis maidir le modhanna na staidéar uile a áirítear sa MCC

Áireofar san fhoscríbhinn líne ina liostaítear gach staidéar a áirítear sa tuairisc ar éifeachtacht choibhneasta agus ar shábháilteacht choibhneasta. Ina theannta sin, soláthrófar faisnéis faoi mhodhanna staidéir agus sreabhchairteacha othar le haghaidh gach ceann de na staidéir liostaithe.

Foscríbhinn B. Faisnéis chun measúnú a dhéanamh ar leibhéal cinnteachta na n-éifeachtaí coibhneasta (lena n-áirítear RC, ach gan bheith teoranta dó)

Foscríbhinn C. Torthaí an phríomhstaidéir/na bpríomhstaidéar ó chlár forbartha cliniciúla an táirge íocshláinte (mura n-áirítear iad sa chur i láthair le ceist/ceisteanna PICAT)

Foscríbhinn D. Doiciméadacht fholuiteach

D.1. Téacsanna iomlána na dtagairtí

D.2. Doiciméadacht aisghabhála faisnéise

D.2.1. Doiciméadacht straitéisí cuardaigh le haghaidh gach foinse faisnéise

D.2.2. Torthaí na haisghabhála faisnéise i bhformáid chaighdeánach

D.3. Cód clársceidealaithe le haghaidh cláir a úsáidtear le haghaidh anailísí

Soláthrófar san fhoscríbhinn seo cód cláir agus aschur ábhartha mura féidir tuairisc a thabhairt ar na hanailísí agus ar na ríomhanna comhfhreagracha trí mhodh caighdeánach sonrach.

D.4. Tuarascálacha staidéir maidir le staidéir chliniciúla bhunaidh

Soláthrófar TSCanna san fhoscríbhinn seo, lena n-áirítear prótacail staidéir agus pleananna anailíse staidrimh, dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, pointe (b), den Rialachán maidir le HTA.

D.5. Tuarascálacha staidéir maidir le staidéir sintéise fianaise

Soláthrófar san fhoscríbhinn seo gach faisnéis agus anailís sonraí fhoilsithe agus neamhfhoilsithe atá nuashonraithe, lena n-áirítear prótacail staidéir agus pleananna anailísithe staidrimh, dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, pointe (b), den Rialachán maidir le HTA atá riachtanach le haghaidh staidéir sintéise fianaise.

D.6. Sonraí maidir le sábháilteacht chliniciúil agus éifeachtúlacht a áirítear sa chomhad tíolactha chuig an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach

Soláthrófar san fhoscríbhinn seo Modúil 2.5, 2.7.3 agus 2.7.4 de CTD (formáid lena cur faoi bhráid na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí) agus TSCanna (féach Roinn C.4 Tuarascálacha staidéir sa TSC). I gcás gach staidéir, ní sholáthrófar TSC ach aon uair amháin.

D.7. Tuarascálacha HTA maidir leis an táirge íocshláinte atá faoi réir MCC

D.8. Faisnéis maidir le staidéir atá bunaithe ar chlárlanna

Áireofar san fhoscríbhinn seo staidéir leis an táirge íocshláinte ó chlárlanna othar, má tá siad ar fáil.

D.9. Faisnéis faoi CECanna


IARSCRÍBHINN II

TEIMPLÉAD LE hAGHAIDH NA TUARASCÁLA MAIDIR LE MEASÚNUITHE CLINICIÚLA COMHPHÁIRTEACHA

Cloífear sa tuarascáil le caighdeáin idirnáisiúnta an leighis fhianaise-bhunaithe agus cuirfear san áireamh inti, má tá sí ar fáil, an treoir mhodheolaíoch, arna glacadh ag GCMTS de bhun Airteagal 3(7), pointe (d), den Rialachán maidir le HTA.

Liosta giorrúchán

Cuirtear moltaí maidir le giorrúcháin i láthair sa liosta seo a leanas. Féadfar é a oiriúnú don tuarascáil.

Giorrúchán

Ciall

ATC

(An Cód) Ceimiceach Teiripeach Anatamaíoch

TÍAT

Táirge Íocshláinte Ardteiripe

TSC

Tuarascáil na Staidéar Cliniciúil

LEE

An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch

EMA

An Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach

AE

An tAontas Eorpach

HTA

Measúnú ar Theicneolaíocht Sláinte

GCMTS

Grúpa Comhordaithe na mBallstát maidir le Measúnú ar Theicneolaíocht Sláinte

An Rialachán maidir le HTA

Rialachán (AE) 2021/2282 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2021 maidir le measúnú ar theicneolaíocht sláinte agus lena leasaítear Treoir 2011/24/AE

FTS

Forbróir Teicneolaíochtaí Sláinte

MCC

Measúnú Cliniciúil Comhpháirteach

CEC

Comhairliúchán Eolaíoch Comhpháirteach

PICAT

Tacar paraiméadar le haghaidh an mheasúnaithe chliniciúil chomhpháirtigh i dtéarmaí na nithe a leanas: Pobal Othar — Idirghabháil/Idirghabhálacha — Comparadóir/Comparadóirí — Torthaí Sláinte

PRIME

Scéim Cógas Tosaíochta na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí

TRR

Triail Rialaithe Randamaithe

RC

Riosca Claontachta

AST

Achoimre ar Shaintréithe Táirge

etc.

 

Clár

Liosta táblaí

1.   Eolas ginearálta maidir leis an MCC

Soláthrófar an méid seo a leanas sa roinn seo:

faisnéis faoin measúnóir agus faoin gcómheasúnóir;

forbhreathnú ar na céimeanna nós imeachta agus a ndátaí;

faisnéis maidir le rannpháirtíocht othar, saineolaithe cliniciúla agus saineolaithe ábhartha eile, agus maidir leis an ionchur a fhaightear ó eagraíochtaí othar, ó eagraíochtaí gairmithe cúraim sláinte agus ó shochaithe cliniciúla agus an lucht acadúil. Soláthrófar an t-ionchur ó shaineolaithe agus ó gheallsealbhóirí i bhFoscríbhinn A;

faisnéis maidir le CEC roimhe seo faoin Rialachán maidir le HTA.

2.   Cúlra

2.1.

Forbhreathnú ar an riocht sláinte

Soláthrófar an méid seo a leanas sa roinn seo:

achoimre ar an riocht sláinte, lena n-áirítear na siomptóim agus ualach agus dul chun cinn nádúrtha an reachta sláinte, a leitheadúlacht nó a mhinicíocht i Stáit LEE ina bhfuil an Rialachán maidir le HTA infheidhme, de réir mar atá ar fáil;

tuairisc ghairid ar an spriocphobal othar agus a shaintréithe a léirítear i raon feidhme an mheasúnaithe a leagtar amach de bhun Airteagal 8(6) den Rialachán maidir le HTA;

tuairisc ghairid ar an gconair chúraim le haghaidh an reachta sláinte, agus cibé acu atá nó nach bhfuil éagsúlacht mhór idir Stáit LEE ina bhfuil an Rialachán maidir le HTA infheidhme, agus, más ábhartha, i gcás céimeanna agus/nó fo-chineálacha nó fo-phobail éagsúla an reachta sláinte.

2.2.

Saintréithriú an táirge íocshláinte

2.2.1.

Saintréithe an táirge íocshláinte

Tabharfar tuairisc sa roinn seo ar shaintréithe an táirge íocshláinte atá faoi mheasúnú (‘an táirge íocshláinte’) agus déanfar an fhaisnéis seo a leanas a thuairisciú:

ainm dílseánaigh;

substaint ghníomhach/substaintí gníomhacha;

foirmliú/foirmlithe cógaisíochta;

tásc teiripeach;

sealbhóir an údaraithe margaíochta;

sásra gníomhaíochta;

cód ATC i gcás ina bhfuil sé sannta cheana féin.

2.2.2.

Ceanglais/treoracha úsáide

Áireofar sa roinn seo tuairisc ar na modhanna tabhartha, dáileog an táirge íocshláinte agus fad na cóireála.

2.2.3.

Stádas rialála an táirge íocshláinte

Tabharfar tuairisc sa roinn seo ar an bhfaisnéis rialála maidir leis an táirge íocshláinte agus soláthrófar sonraí maidir le conair nós imeachta an táirge íocshláinte san Aontas, amhail ainmniú táirge íocshláinte dílleachta, údarú margaíochta coinníollach le haon oibleagáid shonrach a bhaineann leis an údarú margaíochta coinníollach, TÍAT nó PRIME. Soláthrófar sonraí freisin maidir le cláir rochtana luaithe/úsáide atruaiche atá ar siúl faoi láthair nó atá beartaithe in LEE.

I gcás inarb iomchuí, cuirfear naisc chuig AST isteach le haghaidh sonraí faoi thásca teiripeacha ceadúnaithe eile agus chuig an sainchomhad chun tuilleadh faisnéise rialála a fháil.

3.   Raon feidhme an mheasúnaithe

Sa roinn seo beidh raon feidhme an mheasúnaithe mar a leagtar amach de bhun Airteagal 8(6) den Rialachán maidir le HTA.

4.   Torthaí

Beidh na torthaí a chuirfear i láthair sa roinn seo i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta an leighis fianaise-bhunaithe agus cuirfear san áireamh iontu, má tá sí ar fáil, an treoir mhodheolaíoch arna glacadh ag GCMTS de bhun Airteagal 3 (7), pointe (d) den Rialachán maidir le HTA. Tabharfar tuairisc ar aon diall agus tabharfar údar leis.

4.1.

Aisghabháil faisnéise

Áireofar na nithe seo a leanas sa roinn seo:

tuairisc ar an aisghabháil faisnéise arna déanamh ag an FTS;

measúnú ar oiriúnacht na bhfoinsí agus straitéisí cuardaigh an FTS.

Soláthrófar ann dáta liosta na staidéar, arna ndéanamh nó arna n-urrú ag an FTS nó ag tríú páirtithe, dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, pointe (b), den Rialachán maidir le HTA, mar aon le dáta na gcuardach deireanach le haghaidh an táirge íocshláinte agus an chomparadóra/na gcomparadóirí i mbunachair sonraí bhibleagrafacha agus i gclárlanna staidéir agus i gclárlanna torthaí staidéir (bunachair sonraí trialacha cliniciúla).

Soláthrófar faisnéis mhionsonraithe i bhFoscríbhinn B.

4.1.1.

Liosta a thagann chun cinn de na staidéir atá san áireamh ar an iomlán agus de réir PICAT

Soláthrófar an méid seo a leanas sa roinn seo i bhformáid tábla:

forbhreathnú ar na staidéir uile a áiríodh agus na tagairtí gaolmhara do na staidéir sin ar an iomlán agus de réir PICAT;

liosta na staidéar a chuir an FTS san áireamh agus a eisiadh sa mheasúnú, mar aon le húdar lena n-eisiamh.

4.2.

Saintréithe na staidéar a áirítear agus RC

4.2.1.

Staidéir a áirítear

Soláthrófar sa roinn seo an méid seo a leanas maidir leis na staidéir a áirítear sa mheasúnú:

faisnéis maidir le dearadh an staidéir (e.g., maidir le randamú, dalladh, nó staidéir breathnóireachta comhthreomhaire, agus maidir leis na príomhchritéir iniaimh agus eisiata);

faisnéis faoi phobail staidéir chláraithe (e.g., diagnóis, déine ghinearálta an reachta sláinte, agus líne theiripe);

saintréithe na hidirghabhálacha staidéir;

faisnéis faoi chúrsa an staidéir (e.g., amanna leantacha beartaithe agus iarbhír in aghaidh an toraidh);

faisnéis faoi fhad an staidéir.

4.2.2.

RC

Tabharfar tuairisc sa roinn seo ar an measúnú ar RC ar leibhéal an staidéir agus, má tá sí ar fáil, an treoir mhodheolaíoch arna glacadh ag GCMTS de bhun Airteagal 3(7), pointe (d), den Rialachán maidir le HTA á cur san áireamh.

4.3.

Torthaí staidéir ar éifeachtacht choibhneasta agus ar shábháilteacht choibhneasta

Cuirfear na torthaí maidir le héifeachtacht choibhneasta agus sábháilteacht choibhneasta i láthair de réir raon feidhme an mheasúnaithe mar a leagtar amach de bhun Airteagal 8(6) de an Rialachán maidir le HTA, de réir PICAT.

Déanfar measúnú ar leibhéal cinnteachta na héifeachtachta coibhneasta agus na sábháilteachta coibhneasta, i bhfianaise láidreachtaí agus teorainneacha na fianaise atá ar fáil agus, má tá sí ar fáil, an treoir mhodheolaíoch arna glacadh ag GCMTS de bhun Airteagal 3(7), pointe (d), den Rialachán maidir le HTA á cur san áireamh.

4.3.1.

Torthaí don phobal othar <Z-1>

Sa roinn seo, pléifear a mhéid a chumhdaíonn na pobail othar agus/nó an comparadóir/na comparadóirí atá san áireamh in aghaidh an staidéir an pobal othar/an comparadóir/na comparadóirí ábhartha de réir raon feidhme an mheasúnaithe a leagtar amach de bhun Airteagal 8(6) den Rialachán maidir le HTA.

Le haghaidh gach pobail othar a shonraítear in PICAT/PICATanna, soláthrófar roinn ar leith. Laistigh den roinn seo, cuirfear na torthaí le haghaidh gach PICAT a thugann aghaidh ar an bpobal othar seo i láthair i bhfo-ranna.

4.3.1.1.

Saintréithe othair

Sa roinn seo, cuirfear saintréithe othar i láthair ó gach staidéar lena gcumhdaítear an pobal othar ábhartha a áirítear in aon cheann de PICAT/PICATanna a thugann aghaidh ar an bpobal othar sin.

4.3.1.2.

Modhanna sintéise fianaise

Tabharfar tuairisc ghairid sa roinn seo, nuair is infheidhme, ar na modhanna sintéise fianaise arna n-úsáid ag an FTS, lena n-áirítear na láidreachtaí agus na teorainneacha gaolmhara, agus aon toisc a eascraíonn as na modhanna sin agus as a gcur i bhfeidhm a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chinnteacht na fianaise, agus an treoir mhodheolaíoch arna glacadh ag GCMTS de bhun Airteagal 3(7), pointe (d), den Rialachán maidir le HTA á cur san áireamh, má tá sí ar fáil.

4.3.1.3.

Torthaí na dtorthaí sláinte le haghaidh PICAT < 1> agus neamhchinnteachtaí sna torthaí

Laistigh den phobal othar ar leith, tabharfaidh PICAT tuairisc ar thorthaí sláinte lena dtugtar tuairisc ar éifeachtacht choibhneasta agus ar shábháilteacht choibhneasta. Tosóidh an roinn le tuairisc a thabhairt ar an rogha fianaise agus ar an údar léi (an cineál comparáide) a cuireadh isteach chun aghaidh a thabhairt ar an PICAT < 1> ar leith.

Sa roinn, cuirfear forbhreathnú i láthair ar na torthaí atá ar fáil agus a iarradh i raon feidhme an mheasúnaithe in aghaidh an staidéir.

Áireofar sna torthaí ar éifeachtacht choibhneasta agus ar shábháilteacht choibhneasta (i.e., éifeachtaí coibhneasta an táirge íocshláinte i gcomparáid leis an gcomparadóir) na torthaí ó gach staidéar aonair, mar aon le haon sintéisí cainníochtúla ar thorthaí, e.g., ó mheitea-anailísí.

Tabharfar tuairisc ghairid ar thorthaí na n-anailísí ar gach ceann de na torthaí a cuireadh i láthair.

Tabharfar aghaidh sa tuairisc ar aon saincheist a dhéanann difear do leibhéal neamhchinnteachta na n-éifeachtaí coibhneasta agus, má tá sí ar fáil, an treoir mhodheolaíoch arna glacadh ag GCMTS de bhun Airteagal 3(7), pointe (d), den Rialachán maidir le HTA á cur san áireamh.

I gcás aon cheist bhreise PICAT a bhaineann le pobal othar ar leith, cuirfear isteach fo-roinn nua ina gcuirfear na torthaí i láthair i dtéarmaí torthaí sláinte le haghaidh na ceiste PICAT seo.

4.3.2.

Torthaí an phríomhstaidéir ó chlár forbartha cliniciúla an táirge íocshláinte (mura dtugtar aghaidh orthu le haon cheann de PICAT/PICATanna)

4.3.2.1.

Saintréithe an staidéir ríthábhachtaigh

4.3.2.2.

Saintréithe othair

4.3.2.3.

Torthaí na dtorthaí sláinte ón staidéar ríthábhachtach agus neamhchinnteachtaí sna torthaí

5.   Tagairtí

Foscríbhinní

Foscríbhinn A. Ionchur ó shaineolaithe agus ó gheallsealbhóirí

Foscríbhinn B. Aisghabháil faisnéise a mheasúnú

Foscríbhinn C. Faisnéis agus sonraí staidéir breise, lena n-áirítear neamhchinnteachtaí sna torthaí


IARSCRÍBHINN III

TEIMPLÉAD LE hAGHAIDH NA TUARASCÁLA ACHOIMRE MAIDIR LE MEASÚNÚ CLINICIÚIL COMHPHÁIRTEACH

Beidh an tuarascáil achomair gonta agus beidh sí ina forbhreathnú atá inléite go neamhspleách ar an measúnú. Cuirfear san áireamh ann, má tá sí ar fáil, an treoir mhodheolaíoch arna glacadh ag GCMTS de bhun Airteagal 3(7), pointe (d), den Rialachán maidir le HTA.

Áireofar an méid seo a leanas ar a laghad sa tuarascáil achomair:

faisnéis chúlra ina bhfuil ar a laghad tuairisc ar an idirghabháil agus ar an riocht sláinte atá le cóireáil;

raon feidhme an mheasúnaithe dá bhforáiltear in Airteagal 8(6) den Rialachán maidir le HTA;

faisnéis maidir le rannpháirtíocht othar, saineolaithe cliniciúla agus saineolaithe ábhartha eile, agus maidir leis an ionchur a fhaightear ó eagraíochtaí othar, ó eagraíochtaí gairmithe cúraim sláinte agus ó shochaithe cliniciúla agus an lucht acadúil;

táblaí achoimre lena n-áirítear neamhchinnteachtaí na fianaise le haghaidh gach PICAT le tuairisc ghairid ar na torthaí.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1381/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)