|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1279 |
21.5.2024 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1279 ÓN gCOIMISIÚN
an 8 Bealtaine 2024
maidir le díolúintí ón dleacht frithdhumpála leathnaithe ar pháirteanna áirithe rothair de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne de bhun Rialacháin (CE) Uimh. 88/97 ón gCoimisiún
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1), agus go háirithe Airteagal 13(4) de,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 71/97 ón gComhairle an 10 Eanáir 1997 lena leathnaítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach a forchuireadh le Rialachán (CEE) Uimh. 2474/93 ar rothair de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne chun allmhairí páirteanna áirithe rothair ó Dhaon-Phoblacht na Síne a chumhach, agus lena dtoibhítear an dleacht leathnaithe ar allmhairí den sórt sin a chláraítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 703/96 (2), agus go háirithe Airteagal 3 de,
Ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/45 ón gCoimisiún an 20 Eanáir 2020 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1379 a mhéid a bhaineann le leathnú na dleachta frithdhumpála a fhorchuirtear ar allmhairí rothar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne le Rialachán (CE) Uimh. 71/97 ón gComhairle (3) chun allmhairí páirteanna áirithe rothair de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne a chumhdach,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 88/97 ón gCoimisiún an 20 Eanáir 1997 maidir le húdarú na díolúine d’allmhairí páirteanna áirithe rothair de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne ón dleacht frithdhumpála a leathnaítear le Rialachán (CE) Uimh. 71/97 ón gComhairle, dleacht a fhorchuirtear le Rialachán (CEE) Uimh. 2474/93 ón gComhairle (4), agus go háirithe Airteagail 4 go 7 de,
Tar éis na Ballstáit a chur ar an eolas,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá feidhm ag dleacht frithdhumpála ar allmhairí páirteanna riachtanacha rothair de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tSín’) (‘an dleacht leathnaithe’) mar thoradh ar leathnú ar an dleacht frithdhumpála a fhorchuirtear ar allmhairí rothar de thionscnamh na Síne le Rialachán (CE) Uimh. 71/97 ón gComhairle. |
|
(2) |
Faoi Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 71/97, maidir leis an díolúine allmhairí páirteanna riachtanacha rothair nach dtéann timpeall ar an dleacht frithdhumpála, tugtar de chumhacht don Choimisiún na bearta is gá a ghlacadh chun an díolúine sin a údarú. |
|
(3) |
Leagtar na bearta cur chun feidhme sin amach i Rialachán (CE) Uimh. 88/97 (‘an Rialachán díolúine’) ón gCoimisiún, mar a leasaíodh, lena mbunaítear an córas díolúine sonrach. |
|
(4) |
Ar an mbonn sin, thug an Coimisiún díolúine do roinnt cóimeálaithe rothar ón díolúine leathnaithe (‘na páirtithe díolmhaithe’). |
|
(5) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/611 an 17 Márta 2023, d’fhoilsigh an Coimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an liosta de na páirtithe atá faoi scrúdú agus an liosta de na páirtithe díolmhaithe (5). |
|
(6) |
Mar a fhoráiltear in Airteagal 16(2) den Rialachán díolúine, d’fhoilsigh an Coimisiún liostaí na bpáirtithe ar tugadh díolúine dóibh ina dhiaidh sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Glacadh an Cinneadh Cur Chun Feidhme is déanaí (AE) 2023/1431 (6) ón gCoimisiún a bhaineann le díolúintí faoin Rialachán díolúine an 30 Meitheamh 2023. |
|
(7) |
Chun críocha an Chinnidh seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 1 den Rialachán díolúine. |
1. IARRATAÍ AR DHÍOLÚINTÍ
|
(8) |
Idir an 20 Feabhra 2022 agus an 22 Bealtaine 2023, fuair an Coimisiún iarrataí ar dhíolúintí ó na páirtithe a liostaítear i dTáblaí 1 agus 2 lena raibh an fhaisnéis is gá ag gabháil chun cinneadh a dhéanamh an féidir na hiarrataí sin a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 4 den Rialachán díolúine. |
|
(9) |
Tugadh deis do na páirtithe a d’iarr díolúintí a mbarúlacha a chur in iúl faoi chonclúidí an Choimisiúin maidir le hinghlacthacht a n-iarrataí. |
|
(10) |
I gcomhréir le hAirteagal 5(1) den Rialachán díolúine, go dtí go ndearnadh cinneadh maidir le tuillteanais iarrataí ó na páirtithe a iarrann díolúine, cuireadh íocaíocht na dleachta leathnaithe i leith aon allmhaire páirteanna riachtanacha rothair a dhearbhaigh na páirtithe sin a liostaítear i dTáblaí 1 agus 2 thíos gur ceadaíodh na páirteanna sin a chur i saorchúrsaíocht ar fionraí amhail ón lá a fuair an Coimisiún a n-iarrataí cuí-réasúnaithe de bhun Airteagal 4(1) agus (2) den Rialachán díolúine. |
2. ÚDARÚ DÍOLÚINE
|
(11) |
Tá an scrúdú ar thuillteanais na hiarrata ó na páirtithe a liostaítear i dTábla 1 tugtha i gcrích. Tábla 1
|
|
(12) |
Le linn an scrúdaithe a rinne an Coimisiún, maidir le luach na bpáirteanna de thionscnamh na Síne, shuigh sé gur lú ná 60 % de luach iomlán páirteanna na rothar uile a chóimeálann na páirtithe a liostaítear i dTábla 1 é an luach sin. |
|
(13) |
Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach dtagann oibríochtaí cóimeála na bpáirtithe a liostaítear i dTábla 1 faoi raon feidhme Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) 2016/1036. |
|
(14) |
Ar an gcúis sin, agus i gcomhréir le hAirteagal 7(1) den Rialachán díolúine, chomhlíon na páirtithe a liostaítear i dTábla 1 na coinníollacha maidir le díolúine ón dleacht leathnaithe. |
|
(15) |
I gcomhréir le hAirteagal 7(2) den Rialachán díolúine, ba cheart éifeacht a bheith ag an díolúine ón dáta a gheofar an iarraidh chuí-réasúnaithe de bhun Airteagal 4(1) agus (2) den Rialachán díolúine. Mar sin, maidir leis na fiachais chustaim i leith na dleachta leathnaithe atá ar an bpáirtí a iarrann díolúine, ba cheart a mheas go bhfuil na fiachais sin ar neamhní ón dáta céanna. |
|
(16) |
Cuireadh na páirtithe leasmhara ar an eolas faoi chonclúidí an Choimisiúin maidir le tuillteanais a n-iarrataí féin agus tugadh deis dóibh a mbarúlacha a thabhairt ina leith. Ní bhfuarthas aon bharúil. |
|
(17) |
Ós rud é nach bhfuil feidhm ag an díolúine ach maidir leis na páirtithe dá dtagraítear go sonrach i dTábla 1, ba cheart do na páirtithe díolmhaithe fógra a thabhairt don Choimisiún (7) gan mhoill maidir le haon athrú ar an díolúine sin (mar shampla, tar éis athrú ar an ainm, ar an bhfoirm dhlíthiúil nó ar an seoladh nó tar éis eintitis chóimeála nua a chur ar bun). |
|
(18) |
Má thagann athrú ar thagairt, ba cheart don pháirtí díolmhaithe faisnéis ábhartha a chur ar fáil, lena n-áirítear aon mhodhnú ar a ghníomhaíocht a bhaineann le hoibríochtaí cóimeála. I gcás inarb iomchuí, tabharfaidh an Coimisiún na tagairtí cothrom le dáta dá réir sin. |
3. ÍOCAÍOCHTAÍ NA NDLEACHTANNA A CHUR AR FIONRAÍ DO PHÁIRTITHE FAOI SCRÚDÚ
|
(19) |
Tá an scrúdú ar thuillteanais na n-iarrataí ó na páirtithe atá liostaithe i dTábla 2 fós ar siúl. Go dtí go ndéanfar cinneadh maidir le tuillteanais a n-iarrataí, tá íocaíocht na dleachta leathnaithe ó na páirtithe sin curtha ar fionraí. |
|
(20) |
Ós rud é nach mbaineann an fhionraí ach leis na páirtithe dá dtagraítear go sonrach i dTábla 2, ba cheart do na páirtithe sin fógra a thabhairt don Choimisiún (8) gan mhoill maidir le haon athrú orthu sin (mar shampla, tar éis athrú ar an ainm, ar an bhfoirm dhlíthiúil nó ar an seoladh nó tar éis eintitis chóimeála nua a chur ar bun). |
|
(21) |
Má thagann athrú ar thagairt, ba cheart don pháirtí lena mbaineann an fhaisnéis ábhartha uile a chur ar fáil, lena n-áirítear aon athrú ar a ghníomhaíochtaí a bhaineann le hoibríochtaí cóimeála. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Coimisiún na tagairtí don pháirtí sin a thabhairt cothrom le dáta. Tábla 2
|
4. DEIREADH A CHUR LE FIONRAÍ NA N-ÍOCAÍOCHTAÍ AR DHLEACHTANNA DO PHÁIRTITHE FAOI SCRÚDÚ
|
(22) |
Ba cheart deireadh a chur le fionraí íocaíocht na ndleachtanna i gcás na bpáirtithe faoi scrúdú a liostaítear i dTábla 3. Tábla 3
|
|
(23) |
An 8 Lúnasa 2022 agus an 26 Deireadh Fómhair 2022, fuair an Coimisiún iarraidh ar dhíolúine ó na páirtithe a liostaítear i dTábla 3 maille leis an bhfaisnéis is gá chun a chinneadh an raibh na hiarrataí féin inghlactha i gcomhréir le hAirteagal 4(1) den Rialachán díolúine. |
|
(24) |
I gcomhréir le hAirteagal 5(1) den Rialachán díolúine, go dtí go ndéanfar cinneadh maidir le tuillteanais na n-iarrataí, cuireadh íocaíocht na dleachta leathnaithe i leith allmhairí páirteanna riachtanacha rothair a dhearbhaigh na páirtithe a liostaítear i dTábla 3 gur ceadaíodh na páirteanna sin a chur i saorchúrsaíocht ar fionraí ó na dátaí a fuair an Coimisiún a n-iarrataí ar dhíolúine. |
|
(25) |
Sannadh cóid bhreise TARIC C896 agus C991 do Cyclision s.r.o. an tSlóvaic (‘Cyclision’) agus Bicicletas Mendiz S.A. an Spáinn (‘Bicicletas Mendiz’) faoi seach, chun allmhairí páirteanna riachtanacha rothair a shainaithint, is iad sin allmhairí a dearbhaíodh gur ceadaíodh iad a chur i saorchúrsaíocht agus iad faoi réir fionraí íocaíocht na dleachta leathnaithe. |
|
(26) |
An 13 Meitheamh 2023, fuair an Coimisiún iarraidh ó Bicicletas Mendiz chun an iarraidh ar dhíolúine a tharraingt siar fad a bhí an scrúdú ar a thuillteanais fós á dhéanamh agus cuireadh íocaíocht na dleachta leathnaithe ar fionraí. |
|
(27) |
Ghlac an Coimisiún leis an tarraingt siar agus dá bhrí sin ba cheart deireadh a chur le fionraí íocaíocht na dleachta leathnaithe. Ba cheart an dleacht leathnaithe a bhailiú ón dáta a fuarthas an iarraidh ar dhíolúine a chuir Bicicletas Mendiz isteach, is é sin an dáta a tháinig an fhionraí i bhfeidhm, an 26 Deireadh Fómhair 2022. |
|
(28) |
An 22 Meitheamh 2023, cuireadh Bicicletas Mendiz ar an eolas faoi chonclúidí an Choimisiúin agus tugadh deis dó barúil a chur in iúl faoi. Ní bhfuarthas aon bharúil. |
|
(29) |
An 3 Deireadh Fómhair 2023, i gcomhréir le hAirteagal 6(1) den Rialachán maidir le díolúine, shainaithin an Coimisiún tréimhse imscrúdúcháin chun cinneadh a dhéanamh i dtaobh díolúine a dheonú do Cyclision agus chuir ceistneoir chuig Cyclision in éineacht le hiarraidh ar fhaisnéis maidir lena chuid gníomhaíochtaí cóimeála a rinneadh le linn na tréimhse imscrúdaithe mar a shainaithnítear í. |
|
(30) |
Thairis sin, chuir an Coimisiún in iúl do Cyclision, mura gcuirtear an fhaisnéis a iarradh isteach laistigh den teorainn ama a shocraíonn an Coimisiún, go bhféadfaí diúltú don iarraidh ar dhíolúine dá réir sin, i gcomhréir le hAirteagal 7(4) den Rialachán díolúine. Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil. |
|
(31) |
An 6 Samhain 2023, d’athdhearbhaigh an Coimisiún iarraidh na doiciméid agus an fhaisnéis is gá a chur faoina bhráid maidir le gníomhaíochtaí cóimeála Cyclision le linn na tréimhse imscrúdaithe. Cuireadh Cyclision ar an eolas freisin gur shárú ar oibleagáidí Cyclision a leagtar amach in Airteagal 6(2) den Rialachán díolúine é gan an ceistneoir agus na doiciméid a iarradh a chur isteach. Thairis sin, chuir an Coimisiún in iúl do Cyclision a rún gan glacadh leis an iarraidh ar dhíolúine de bhun Airteagal 7(4) den Rialachán díolúine. Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil. |
|
(32) |
An 24 Samhain 2023, cuireadh Cyclision ar an eolas faoi na nósanna imeachta leanúnacha chun glacadh le cinneadh ón gCoimisiún lena ndiúltófaí don iarraidh ar dhíolúine agus, dá réir sin, go gcuirfear deireadh leis an gcur ar fionraí agus go mbeadh ar Cyclision na dleachtanna leathnaithe nár bailíodh ó dháta na fionraí. Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil. |
|
(33) |
Dá réir sin, ba cheart diúltú don iarraidh ar dhíolúine a chuir Cyclision isteach i gcomhréir le hAirteagal 7(4) den Rialachán díolúine. Ba cheart deireadh a chur le fionraí íocaíocht na dleachta leathnaithe agus ba cheart an dleacht leathnaithe a bhailiú ón dáta a fuarthas an iarraidh ar dhíolúine a chuir Cyclision isteach, mar atá, an dáta a tháinig an fhionraí i bhfeidhm, is é sin an 8 Lúnasa 2022. |
5. TAGAIRTÍ DO PHÁIRTITHE DÍOLMHAITHE A THABHAIRT COTHROM LE DÁTA
|
(34) |
Idir an 6 Meitheamh 2023 agus an 7 Feabhra 2024, thug na páirtithe díolmhaithe a liostaítear i dTábla 4 fógra don Choimisiún faoi athruithe ar a n-ainmneacha agus ar a seoltaí. Tar éis don Choimisiún scrúdú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach, tháinig sé ar an gconclúid nach ndéanann na hathruithe sin difear do na hoibríochtaí cóimeála maidir leis na coinníollacha díolúine nó fionraí a leagtar amach sa Rialachán díolúine. |
|
(35) |
Cé nach bhfuil difear déanta fós do dhíolúine na bpáirtithe sin i dtaca leis an dleacht leathnaithe a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 7(1) den Rialachán díolúine, ba cheart na tagairtí do na páirtithe sin a thabhairt cothrom le dáta. Tábla 4
|
6. NA PÁIRTITHE AR INA LEITH A CHÚLGHAIRTEAR AN T-ÚDARÚ DÍOLÚINE
|
(36) |
Ba cheart an t-údarú díolúine a chúlghairm i gcás na bpáirtithe a liostaítear i dTábla 5. Tábla 5
|
|
(37) |
Idir an 17 Iúil 2023 agus an 19 Márta 2024, tugadh fógra don Choimisiún go ndearna na páirtithe díolmhaithe a liostaítear i dTábla 5 faoi na cóid bhreise TARIC 8489, C019, C202, 8071, 8083, 8330, C311 agus A850 a gcuid gníomhaíochtaí a fhoirceannadh agus gur scoir siad díobh. Thairis sin, scoir na páirtithe díolmhaithe a liostaítear i dTábla 5 faoi chóid bhreise TARIC 8005, 8081, 8624, 8767, 8981, A172, A231, A249 den ghíomhaíocht cóimeála rothar go buan agus/nó níor úsáid siad an t-údarú díolúine ó bhí Eanáir 2019 ann agus mar sin níor chomhlíon siad an tairseach a leagtar amach in Airteagal 14(c) den Rialachán díolúine. Ina theannta sin, níor úsáid na páirtithe díolmhaithe a liostaítear i dTábla 5 faoi chóid bhreise TARIC 8205 agus A500 páirteanna riachtanacha rothair le haghaidh na n-oibríochtaí cóimeála i gcainníochtaí is airde ná an tairseach a leagtar amach in Airteagal 14(c) den Rialachán díolúine. |
|
(38) |
Mar thoradh air sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur cheart na húdaraithe díolúine a deonaíodh do na páirtithe a liostaítear i dTábla 5 a chúlghairm, de bhun Airteagal 10 den Rialachán díolúine. |
|
(39) |
Na páirtithe a liostaítear i dTábla 5, cuireadh ar an eolas iad faoi chonclúidí an Choimisiúin agus tugadh deis dóibh barúil a thabhairt ina leith. Ina theannta sin, thug an páirtí díolmhaithe a liostaítear i dTábla 5 faoi chód breise TARIC A500 freagra chun a áirithiú nár úsáid siad páirteanna riachtanacha rothair le haghaidh na n-oibríochtaí cóimeála i gcainníochtaí is airde ná an tairseach a leagtar amach in Airteagal 14(c) den Rialachán díolúine ach go bhfuil siad fós ag cóimeáil rothar. Ar an gcúis sin, ba cheart éifeacht a bheith ag cúlghairm údaraithe díolúine an pháirtí sin ón lá tar éis lá foilsithe an Chinnidh seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ní bhfuarthas aon bharúil ó na páirtithe eile a liostaítear i dTábla 5, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo tugtar díolúine do na páirtithe a liostaítear sa Tábla san Airteagal seo ó leathnú na dleachta frithdhumpála cinntithí ar rothair de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, a leathnaítear le Rialachán (CE) Uimh. 71/97 ón gComhairle agus a fhorchuirtear le Rialachán (CEE) Uimh. 2474/93 ón gComhairle ar allmhairí páirteanna áirithe rothair ó Dhaon-Phoblacht na Síne.
I gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Rialachán (CE) Uimh. 88/97, mar a leasaíodh, beidh éifeacht ag an díolúine ón dáta a gheofar na hiarrataí ar dhíolúine ó na páirtithe. Déantar foráil maidir leis na dátaí sin sa cholún Tábla dar ceannteideal ‘Dáta do ghabháil éifeachta’.
Ní bhainfidh an díolúine ach leis na páirtithe sin amháin dá dtagraítear go sonrach sa Tábla san Airteagal seo.
Tabharfaidh na páirtithe díolmhaithe fógra don Choimisiún gan mhoill maidir le haon athrú ar a n-ainmneacha agus ar a seoltaí, agus soláthróidh siad an fhaisnéis ábhartha uile, go háirithe maidir le haon mhodhnú ar ghníomhaíochtaí an pháirtí a bhaineann le hoibríochtaí cóimeála i ndáil leis na coinníollacha díolúine.
Páirtí díolmhaithe
|
Cód breise TARIC |
Ainm |
Seoladh |
Dáta do ghabháil éifeachta |
||
|
C557 |
Berria Bike S.L. |
|
30.3.2022 |
||
|
C860 |
Profil Bicycles CZ s.r.o. |
|
20.2.2022 |
||
|
C863 |
Decathlon Sp. z o.o. |
|
21.3.2022 |
Airteagal 2
Tá na páirtithe a liostaítear sa Tábla san Airteagal seo faoi scrúdú i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 88/97.
Maidir le híocaíocht na dleachta frithdhumpála a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 88/97, beidh éifeacht aige sin ó na dátaí a gheofar na hiarrataí sin ar fhionraí ó na páirtithe. Déantar foráil maidir leis na dátaí sin sa cholún Tábla dar ceannteideal ‘Dáta do ghabháil éifeachta’.
Ní bhainfidh an fhionraí íocaíochtaí sin ach amháin leis na páirtithe faoi scrúdú dá dtagraítear go sonrach sa Tábla san Airteagal seo.
Maidir le haon athrú ar oibríochtaí cóimeála a bhaineann le coinníollacha na fionraí, tabharfaidh na páirtithe faoi scrúdú fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon athrú den sórt sin agus cuirfidh sé ar fáil don Choimisiún an fhaisnéis ábhartha uile mar fhianaise. Áirítear leis na hathruithe sin, ach gan bheith teoranta dóibh, aon athrú ar ainmneacha, ar ghníomhaíochtaí, ar fhoirmeacha dlíthiúla agus ar sheoltaí na bpáirtithe.
Páirtithe faoi scrúdú
|
Cód breise TARIC |
Ainm |
Seoladh |
Dáta do ghabháil éifeachta |
||
|
899I |
Adrisport sas |
|
21.4.2023 |
||
|
899M |
Delta Sport Sp. z o.o. |
|
22.5.2023 |
Airteagal 3
Cuirtear deireadh le fionraí íocaíocht na dleachta frithdhumpála leathnaithe leis seo de bhun Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 88/97 i gcás na bpáirtithe a liostaítear sa tábla san Airteagal seo.
Baileofar an dleacht leathnaithe ón dáta dá bhforáiltear sa cholún dar teideal ‘Dáta do ghabháil éifeachta’.
Páirtithe ar ina leith atá deireadh curtha leis an bhfionraí
|
Cód breise TARIC |
Ainm |
Seoladh |
Dáta do ghabháil éifeachta |
||
|
C991 |
Bicicletas Mendiz S.A. |
|
26.10.2022 |
||
|
C896 |
Cyclision s.r.o. |
|
8.8.2022 |
Airteagal 4
Déantar foráil maidir le tagairtí nuashonraithe do na páirtithe díolmhaithe a liostaítear sa Tábla san Airteagal seo sa cholún dar ceannteideal ‘Tagairt nua’. Beidh éifeacht ag na nuashonruithe sin ó na dátaí dá bhforáiltear sa cholún Tábla dar ceannteideal ‘Dáta do ghabháil éifeachta’.
Na cóid bhreise TARIC chomhfhreagracha a sannadh do na páirtithe díolmhaithe sin mar a fhoráiltear sa cholún Tábla dar ceannteideal ‘Cód breise TARIC’, ní dhéanfar athrú orthu sin.
Páirtithe ar fionraí ar ina leith a thabharfar an tagairt cothrom le dáta
|
Cód breise TARIC |
Iarthagairt |
Tagairt nua |
Dáta do ghabháil éifeachta |
|||||||
|
A826 |
|
|
6.6.2023 |
|||||||
|
C720 |
|
|
29.8.2023 |
|||||||
|
C481 |
|
|
13.7.2023 |
Airteagal 5
An t-údarú díolúine ó íocaíocht na dleachta frithdhumpála leathnaithe, cúlghairtear é i gcás na bpáirtithe atá liostaithe sa Tábla den Airteagal seo.
Beidh éifeacht ag an gcúlghairm sin ó na dátaí dá bhforáiltear sa cholún Tábla dar ceannteideal ‘Dáta do ghabháil éifeachta’.
Maidir leis an bpáirtí a liostaítear sa Tábla san Airteagal seo le cód breise TARIC A500, beidh éifeacht ag an gcúlghairm ón lá tar éis lá foilsithe an Chinnidh seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Na páirtithe ar ina leith chúlghairtear an t-údarú díolúine
|
Cód breise TARIC |
Ainm |
Seoladh |
Dáta do ghabháil éifeachta |
|||
|
8489 |
Cycle-Union GmbH |
|
1.3.2023 |
|||
|
C019 |
Prophete GmbH & Co. KG |
|
1.3.2023 |
|||
|
C202 |
VanMoof B.V. |
|
17.7.2023 |
|||
|
8071 |
Yakari |
|
1.1.2016 |
|||
|
8083 |
Établissements René Valdenaire S.A. |
|
20.12.2023 |
|||
|
8330 |
NV Minerva |
|
1.1.2016 |
|||
|
C311 |
Juan Luna Cabrera |
|
12.2.2024 |
|||
|
A850 |
Radsportvertrieb Dietmar Bayer GmbH |
|
20.2.2024 |
|||
|
8005 |
Gruppo Bici S.p.A. |
|
22.1.2024 |
|||
|
8081 |
Scout s.n.c. |
|
2.2.2024 |
|||
|
8624 |
Berg Toys B.V. |
|
6.2.2024 |
|||
|
8767 |
Planet Fun S.A. |
|
6.2.2024 |
|||
|
8981 |
Olmo Giuseppe S.p.A. |
|
6.2.2024 |
|||
|
A172 |
Lenardon Lida/Cicli Bandiziol |
|
6.2.2024 |
|||
|
A231 |
Velomarche di Giunta Giancarlo & C. s.n.c. |
|
6.2.2024 |
|||
|
A249 |
F.A.R.A.M. srl |
|
6.2.2024 |
|||
|
8205 |
Cicli Frera S.n.c. di Antonio e Vittorio Fontana & C. |
|
6.2.2024 |
|||
|
A500 |
Bicicletas de Castilla y León S.L. |
|
an lá tar éis lá foilsithe an Chinnidh seo |
|||
Airteagal 6
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo agus chuig na páirtithe a liostaítear in Airteagail 1 go 5 agus foilsítear é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Bealtaine 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
Valdis DOMBROVSKIS
Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.
(2) IO L 16, 18.1.1997, lch. 55.
(3) IO L 16, 21.1.2020, lch. 7.
(4) IO L 17, 21.1.1997, lch. 17.
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/611 ón gCoimisiún an 17 Márta 2023 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 88/97 maidir le húdarú a thabhairt d’allmhairí páirteanna áirithe rothair de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne ón leathnú le Rialachán (CE) Uimh. 71/97 ón gComhairle ar an dleacht frithdhumpála a forchuireadh le Rialachán (CEE) Uimh. 2474/93 ón gComhairle (IO L 80, 20.3.2023, lch. 67), Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II.
(6) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1431 ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2023 maidir le díolúintí ón dleacht frithdhumpála leathnaithe ar pháirteanna áirithe rothair de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne de bhun Rialachán (CE) Uimh. 88/97 (IO L 175, 10.7.2023, lch. 17).
(7) Moltar do na páirtithe úsáid a bhaint as an seoladh ríomhphoist seo a leanas: TRADE-BICYCLE-PARTS@ec.europa.eu.
(8) Moltar do na páirtithe úsáid a bhaint as an seoladh ríomhphoist seo a leanas: TRADE-BICYCLE-PARTS@ec.europa.eu.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1279/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)