Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/1127 |
16.4.2024 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/1127 ÓN gCOIMISIÚN
an 8 Feabhra 2024
lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na treoirphrionsabail agus na treoirchritéir a leagan amach lena sainítear na nósanna imeachta chun fíorú a dhéanamh ar luachanna astaíochtaí CO2 agus ídithe breosla feithiclí tromshaothair inseirbhíse (fíorú inseirbhíse)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d’fheithiclí nua tromshaothair agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 595/2009 agus (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/53/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 13(4), an dara fomhír de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (AE) 2019/1242 déantar foráil maidir le hastaíochtaí CO2 agus ídiú breosla feithiclí tromshaothair inseirbhíse a fhíorú (‘fíorú inseirbhíse’). |
(2) |
Ba cheart gach monaróir feithiclí a bheith faoi réir fíorú inseirbhíse, seachas na monaróirí sin a chuireann líon teoranta feithiclí ar an margadh, chun ualach iomarcach tástála a sheachaint, agus an tráth céanna gan difear mór a dhéanamh d’fheidhmíocht fhoriomlán astaíochtaí CO2. |
(3) |
Ba cheart na luachanna i ndáil le hastaíochtaí CO2 agus ídiú breosla arna dtaifeadadh sa chomhad faisnéise custaiméara a fhíorú trí úsáid a bhaint as na nósanna imeachta tástála a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/2400 ón gCoimisiún (2), ach chun a fhíorú cé acu is ann nó nach ann do straitéisí lena gcuirtear feabhas go saorga ar fheidhmíocht na feithicle sna tástálacha nó sna ríomhanna a dhéantar chun astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla a dheimhniú, ba cheart tástálacha tiomnaithe breise a dhéanamh freisin. |
(4) |
Chun an fhéidearthacht go mbeadh coinbhleacht leasa ann a laghdú, is seirbhís theicniúil nach raibh baint aici leis na tástálacha a rinneadh chun deimhniú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 agus airíonna a bhaineann le hídiú breosla chomhpháirteanna, aonaid theicniúla ar leithligh agus chórais na bhfeithiclí lena mbaineann ba cheart na tástálacha fíorúcháin inseirbhíse a dhéanamh. Ba cheart tástálacha cúltarraingthe aeir a dhéanamh ag saoráid na seirbhíse teicniúla féin nó ag saotharlann chreidiúnaithe agus ní trí thástáil finné ag saoráid monaróra. |
(5) |
Chun ligean don údarás cineálcheadaithe deonaithe teacht ar chonclúid maidir leis na feithiclí uile lena mbaineann, ar bhonn thorthaí na dtástálacha maidir leis na feithiclí arna sampláil, ba cheart modh meastóireachta staidrimh atá iomchuí a bhunú. |
(6) |
Ba cheart do mhonaróirí a áirithiú go bhfuil na luachanna i ndáil le hastaíochtaí CO2 agus ídiú breosla arna dtaifeadadh sna comhaid faisnéise custaiméara ag freagairt d’astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla na bhfeithiclí inseirbhíse, ar luachanna iad a bheidh le fíorú ag an údarás cineálcheadaithe deonaithe. Chun na gníomhaíochtaí fíorúcháin inseirbhíse sin a chistiú go leormhaith, ba cheart don údarás cineálcheadaithe deonaithe táillí comhréireacha a mhuirearú ar na monaróirí. |
(7) |
Chun an t-ualach tástála agus na costais a laghdú, ba cheart na feithiclí nó na tástálacha céanna a úsáid, i gcás inar féidir agus inarb iomchuí, le haghaidh fíorú inseirbhíse astaíochtaí CO2 agus le haghaidh seiceálacha comhréireachta inseirbhíse maidir le hastaíochtaí truailleán, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
1. Leagtar amach leis an Rialachán seo na treoirphrionsabail agus na treoirchritéir lena sainítear na nósanna imeachta chun a fhíorú go bhfuil na luachanna i ndáil le hastaíochtaí CO2 agus ídiú breosla arna dtaifeadadh sna comhaid faisnéise custaiméara ag freagairt d’astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla feithiclí tromshaothair inseirbhíse. Leagtar amach leis freisin na nósanna imeachta chun a fhíorú cé acu is ann nó nach ann d’aon straitéis infheithicle nó aon straitéis a bhaineann leis na feithiclí lena gcuirtear feabhas go saorga ar fheidhmíocht na feithicle sna tástálacha nó sna ríomhanna a dhéantar chun astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla a chinneadh (‘fíorú inseirbhíse’).
2. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha mar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2019/1242.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2019/1242 agus in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2017/2400.
Beidh feidhm freisin ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) |
ciallaíonn ‘údarás cineálcheadaithe deonaithe’ an t-údarás cineálcheadaithe a dheonaigh ceadúnas i gcomhréir le hAirteagal 6 agus Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2017/2400; |
(2) |
ciallaíonn ‘straitéisí saorga’ straitéisí infheithicle nó straitéisí a bhaineann leis na feithiclí arna sampláil lena gcuirtear feabhas go saorga ar fheidhmíocht na feithicle sna tástálacha nó sna ríomhanna a dhéantar chun astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla a chinneadh. |
Airteagal 3
Roghnú na bhfeithiclí le haghaidh fíorú inseirbhíse
1. Roghnóidh gach údarás cineálcheadaithe deonaithe, le haghaidh gach tréimhse thuairiscithe, sampla feithiclí i gcás na monaróirí sin dár dheonaigh siad ceadúnas chun an uirlis ionsamhlúcháin a oibriú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 (3) agus lena bhearta cur chun feidhme, go háirithe Airteagail 6 agus 7 de Rialachán (AE) 2017/2400.
Le haghaidh gach tréimhse thuairiscithe agus le haghaidh gach monaróra, is gá, ar a laghad, na tástálacha fíorúcháin inseirbhíse uile dá dtagraítear i mír 2 d’Airteagal 4 a dhéanamh líon iomchuí uaireanta bunaithe ar an meán thar na trí thréimhse thuairiscithe roimh fhíorú inseirbhíse an lín iomláin feithiclí de chuid monaróra ar leith arna gcinneadh faoi Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2017/2400, nó Airteagal 8 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1362 ón gCoimisiún (4).
2. I gcás ina bhfuil monaróir freagrach as níos lú ná 100 feithicil nua a chláraítear san Aontas i dtréimhse thuairiscithe na bliana dhá bhliain roimh thréimhse thuairiscithe na bliana ina roghnaítear na feithiclí i gcomhréir le mír 1, féadfaidh an t-údarás cineálcheadaithe deonaithe a chinneadh gan tástálacha fíorúcháin inseirbhíse a dhéanamh i gcás an mhonaróra sin.
Airteagal 4
Tástálacha fíorúcháin inseirbhíse
1. Chun críoch na dtástálacha dá dtagraítear i mír 2, roghnóidh an t-údarás cineálcheadaithe deonaithe feithiclí inseirbhíse atá i riocht ionadaíoch ar fheithicil a ndéantar cothabháil chuí air agus a úsáidtear go cuí, agus a bhfuil saintréithe acu a chumhdaítear leis na saintréithe sin arna dtaifeadadh sa chomhad faisnéise custaiméara nó sa deimhniú comhréireachta.
2. Fíoróidh an t-údarás cineálcheadaithe deonaithe go bhfuil na luachanna i ndáil le hastaíochtaí CO2 agus ídiú breosla arna dtaifeadadh i gcomhad faisnéise custaiméara na bhfeithiclí a roghnaíodh i gcomhréir le mír 1 ag freagairt d’astaíochtaí CO2 agus ídiú breosla na bhfeithiclí inseirbhíse, agus fíoróidh sé freisin cé acu is ann nó nach ann do straitéisí saorga, trí bhíthin aon cheann de na tástálacha seo a leanas:
(a) |
le haghaidh líon feithiclí a chinnfear ar bhonn modh meastóireachta staidrimh: tástálacha ar bóthar i gcomhréir leis an Nós Imeachta Tástála Fíorúcháin (VTP) a leagtar amach in Iarscríbhinn Xa a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400 lena n-áirítear fíorú riaracháin ar fhaisnéis ionchuir, sonraí ionchuir, agus láimhseáil sonraí; |
(b) |
le haghaidh líon feithiclí a chinnfear ar bhonn modh meastóireachta staidrimh: tástálacha cúltarraingthe aeir i gcomhréir le pointe 3 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400 (tástáil ar luas seasmhach le tomhais chasmhóiminte); |
(c) |
le haghaidh líon bonn a chinnfear ar bhonn modh meastóireachta staidrimh: tástálacha comhéifeachta friotaíochta rollta bonn, i gcás ina ndéanfar gach bonn a thástáil i saotharlann tagartha mar a shainmhínítear i mír 1 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/740 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus i gcomhréir le mír 3.2. d’Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400; |
(d) |
le haghaidh líon feithiclí a chinnfear ar bhonn modh meastóireachta staidrimh: tástálacha maise, ina bhfíorófar ‘mais iarbhír cheartaithe na feithicle’, mar a leagtar síos i bpointe 2(4) d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2400, nó ‘mais cheartaithe in ord reatha’, mar a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1362, tríd an bhfeithicil a mheá agus ceartúcháin a chur i bhfeidhm más iomchuí; |
(e) |
le haghaidh líon leordhóthanach feithiclí: tástálacha tiomnaithe trí mhodhanna tástála fíorúla nó fisiciúla a úsáid chun straitéisí saorga a shainaithint. |
3. Cuirfidh an t-údarás cineálcheadaithe deonaithe na tástálacha dá dtagraítear i mír 2 de chúram ar sheirbhís theicniúil nach ndearna, i gcás na bhfeithiclí lena mbaineann, an cineál céanna tástálacha chun deimhniú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 agus airíonna a bhaineann le hídiú breosla comhpháirteanna, aonad teicniúil ar leithligh agus córas mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/2400.
4. Déanfaidh an t-údarás cineálcheadaithe deonaithe meastóireacht ar thorthaí tástála na dtástálacha aonair agus suífidh sé an bhfuil na luachanna i ndáil le hastaíochtaí CO2 agus ídiú breosla i gcás feithiclí inseirbhíse níos airde ná na luachanna i ndáil le hastaíochtaí CO2 agus ídiú breosla arna dtaifeadadh sna comhaid faisnéise custaiméara, agus an mheastóireacht staidrimh ar na tástálacha dá dtagraítear i mír 2(a), (b), (c) agus (d) á cur san áireamh, agus suífidh sé freisin cé acu is ann nó nach ann do straitéisí saorga.
5. Arna iarraidh sin, soláthróidh gach monaróir don údarás cineálcheadaithe deonaithe agus d’aon eintiteas a dhéanann tástálacha fíorúcháin inseirbhíse an fhaisnéis, an doiciméadacht agus na sonraíochtaí teicniúla nó an tacaíocht theicniúil uile atá ag teastáil chun an fíorú inseirbhíse a dhéanamh go leormhaith.
Airteagal 5
Doiciméadacht, dualgas maidir le cur ar an eolas agus conclúid an údaráis cineálcheadaithe deonaithe
1. Áiritheoidh an t-údarás cineálcheadaithe deonaithe go ndoiciméadaítear na tástálacha arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 4, agus go gcuirtear na tuarascálacha ar na tástálacha ar fáil don Choimisiún, do mhonaróir na bhfeithiclí lena mbaineann agus, arna iarraidh sin, d’údaráis chineálcheadaithe eile, d’údaráis um fhaireachas margaidh agus do thríú páirtithe a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/163 ón gCoimisiún (6).
2. Tiocfaidh an t-údarás cineálcheadaithe deonaithe ar chonclúid, laistigh de 10 mí tar éis tástáil a thosú, maidir le cé acu a shainaithin nó nár shainaithin an fíorú inseirbhíse easpa comhfhreagartha idir na luachanna i ndáil le hastaíochtaí CO2 agus ídiú breosla na bhfeithiclí inseirbhíse agus na luachanna arna dtaifeadadh sna comhaid faisnéise custaiméara, nó maidir le straitéisí saorga a bheith ann nó gan bheith ann.
3. Beidh feidhm ag conclúid ón údarás cineálcheadaithe deonaithe i gcomhréir le mír 2 maidir le gach feithicil lena mbaineann a cuireadh i seirbhís den chéad uair san Aontas.
Airteagal 6
Na fíoruithe inseirbhíse a chistiú
Áiritheoidh an t-údarás cineálcheadaithe deonaithe go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ar fáil chun na costais a bhaineann le fíorú inseirbhíse a chumhdach. Na costais sin, gnóthófar iad le táillí is féidir leis an údarás cineálcheadaithe deonaithe a thobhach ar an monaróir. Cumhdófar leis na táillí na céimeanna den fhíorú inseirbhíse atá ag teastáil chun gur féidir leis an údarás cineálcheadaithe deonaithe teacht ar chonclúid dá dtagraítear in Airteagal 5(2).
Airteagal 7
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Feabhra 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 198, 25.7.2019, lch. 202.
(2) Rialachán (AE) 2017/2400 ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2017 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cinneadh a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 agus ar ídiú breosla feithiclí tromshaothair agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 582/2011 ón gCoimisiún (IO L 349, 29.12.2017, lch. 1).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le mótarfheithiclí agus innill a chineál-cheadú i leith astaíochtaí ó fheithiclí saothair throm (Euro VI) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi fheithiclí a dheisiú agus a chothabháil agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Treoir 2007/46/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 80/1269/CEE, Treoir 2005/55/CE agus Treoir 2005/78/CE (IO L 188, 18.7.2009, lch. 1).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1362 ón gCoimisiún an 1 Lúnasa 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le feidhmíocht leantóirí tromshaothair maidir leis an tionchar atá acu ar astaíochtaí CO2, ídiú breosla, ídiú fuinnimh agus raon tiomána astaíochtaí nialasacha mótarfheithiclí agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 (IO L 205, 5.8.2022, lch. 145).
(5) Rialachán (AE) 2020/740 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le lipéadú bonn maidir le héifeachtúlacht breosla agus paraiméadair eile, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1369 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009, (IO L 177, 5.6.2020, lch. 1).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/163 ón gCoimisiún an 7 Feabhra 2022 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais fheidhmiúla maidir le faireachas margaidh ar fheithiclí, ar chórais, ar chomhpháirteanna agus ar aonaid theicniúla ar leithligh (IO L 27, 8.2.2022, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1127/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)