Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/1067 |
16.4.2024 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/1067 ÓN gCOIMISIÚN
an 12 Aibreán 2024
lena leagtar síos na rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/588 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le suíomh na lárionad rialaithe atá ina gcuid de bhonneagar ar talamh Chlár an Aontais um Nascacht Shlán
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/588 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2023 lena mbunaítear Clár an Aontais um Nascacht Shlán le haghaidh na tréimhse 2023-2027 (1), agus go háirithe Airteagal 5(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
De réir Airteagal 19(2) de Rialachán (AE) 2023/588, tá Clár an Aontais um Nascacht Shlán le cur chun feidhme trí roinnt conarthaí, a d’fhéadfadh a bheith i bhfoirm conarthaí lamháltais, soláthair, seirbhíse nó i bhfoirm conarthaí oibreacha nó conarthaí measctha. I gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2023) 1776 (2) ón gCoimisiún chinn an Coimisiún leanúint air Clár an Aontais um Nascacht Shlán a chur chun feidhme trí chonradh lamháltais agus, le fógra conartha DEFIS/2023/CD/0008, Conradh Lamháltais a sholáthar chun Clár an Aontais um Nascacht Shlán a chur chun feidhme, a mhéid a bhaineann le bonneagar rialtais a bhunú, lena n-áirítear imscaradh an spáis agus na coda ar talamh. |
(2) |
Déantar foráil le hAirteagal 5(2), pointe (d), de Rialachán (AE) 2023/588 maidir le bonneagar ar talamh le haghaidh soláthar seirbhísí rialtais d’úsáideoirí atá údaraithe ag rialtas a bheith san áireamh i mbonneagar rialtais an chórais nascachta sláine. Tá an bonneagar ar talamh le bheith comhdhéanta as lárionaid, dá dtagraítear in Airteagal 5(3) de Rialachán (AE) 2023/588 (‘lárionaid rialaithe’). |
(3) |
Chun na ceanglais seirbhíse a leagtar síos i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1053 ón gCoimisiún (3) a chomhlíonadh, mhol an tairgeoir soláthair lamháltais dá dtagraítear in aithris 1 coincheap oibríochta ar bhonn trí lárionad rialaithe atá suite ar shuíomhanna éagsúla. De réir an choincheapa sin, ní mór oibriú an chórais nascachta sláine a bhunú ar athdháileadh cothrom feidhmeanna, lena n-áirítear na feidhmeanna sin a bhaineann le rialú satailíte, rialú misin, bainistiú seirbhíse agus coinneáil ar bun seirbhíse, thar na suíomhanna thuasluaite. Chuige sin, ní mór na lárionaid rialaithe a bheith oibríochtúil go buan agus ní mór a bheith in ann cúltaca gan uaim ar fheidhmeanna a sholáthar leo le haghaidh phríomhoibríochtaí agus bhainistiú seirbhíse an chórais. Ní mór a bheith in ann a áirithiú leis na lárionaid rialaithe freisin go ndéanfar cothromú lóid cuí ar na feidhmeanna ar fud an chórais, lena n-áirítear i gcás ardéilimh nó géarchéime. |
(4) |
Ceanglaítear le hAirteagal 5(3), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2023/588 nach mór an roghnú suímh le haghaidh na lárionad rialaithe a bheith faoi réir próiseas oscailte trédhearcach. Chun na críche sin, sheol an Coimisiún glao ar léiriú spéise chuig na Ballstáit uile, rud a thug deis do gach Ballstát spéis a léiriú maidir le lárionad rialaithe a óstáil i gcomhréir le coincheap na hoibríochta arna mholadh ag táirgeoir an tsoláthair lamháltais. Rinne coiste ar a bhfuil ionadaithe ón gCoimisiún agus ón nGníomhaireacht meastóireacht ar na tograí sin de réir critéir oibríochtúla agus airgeadais a bhaineann le ceanglais theicniúla, slándáil (lena n-áirítear na ceanglais slándála ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 30(3) de Rialachán (AE) 2023/588), rioscaí, an sceideal maidir le himscaradh na lárionad rialaithe, pleanáil soláthair seirbhíse agus costas, rud a bhfuil sé d’aidhm aige an cóimheas is buntáistí idir praghas agus cáilíocht a bhunú. |
(5) |
Mhol an Fhrainc, an Iodáil agus Lucsamburg na lárionaid rialaithe a bhunú in Toulouse, Fucino agus Bettembourg, faoi seach. Mar thoradh ar an meastóireacht, mhol an coiste na suíomhanna a mhol an Fhrainc, an Iodáil agus Lucsamburg mar na suíomhanna is oiriúnaí chun na hionaid rialaithe a óstáil. |
(6) |
Tá an Cinneadh seo le teacht i bhfeidhm go luath chun cur chun feidhme rianúil an Chláir a áirithiú, go háirithe imscaradh tráthúil oibríochtúil na suíomhanna le haghaidh an bhonneagair rialtais ar talamh. |
(7) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste Cláir a bhunaítear le hAirteagal 107 de Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), i gcumraíocht GOVSATCOM, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Beidh na hionaid atá ina gcuid de bhonneagar ar talamh Chlár an Aontais um Nascacht Shlán (na ‘lárionaid rialaithe’) suite in Toulouse (an Fhrainc) Fucino (an Iodáil) agus Bettembourg (Lucsamburg), agus ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a) |
gur thug an Coimisiún agus an lamháltóir féideartha conradh lamháltais i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 19(5) de Rialachán (AE) 2023/588, ar conradh é lena dtugtar aghaidh inter alia ar choincheap oibríochta ar bhonn na dtrí lárionad a bheith oibríochtúil go buan, feidhmeanna ar leibhéal coibhéiseach criticiúlachta a dhéanamh, agus cúltaca gan uaim a áirithiú go comhpháirteach ar na feidhmeanna uile le haghaidh oibríochtaí córais agus soláthar seirbhíse; |
(b) |
gur thug an Coimisiún agus gach ceann de na Ballstáit óstacha lena mbaineann comhaontú óstála chun feidhme i bhfoirm comhaontú riaracháin. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Aibreán 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 79, 17.3.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/588/oj.
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2023) 1776 ón gCoimisiún an 15 Márta 2023 maidir leis an maoiniú ar Chlár an Aontais um Nascacht Shlán glacadh an chláir oibre le haghaidh na tréimhse 2023-2027 (bainistíocht dhíreach) agus 2023-2027 (bainistíocht indíreach).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1053 ón gCoimisiún an 30 Bealtaine 2023 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/588 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais oibríochtúla le haghaidh na seirbhísí rialtasacha a sholáthraítear faoi Chlár an Aontais um Nascacht Shlán agus a phunann seirbhísí (IO L 141, 31.5.2023, lch. 44, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/1053/oj).
(4) Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE (IO L 170, 12.5.2021, lch. 69, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/696/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/1067/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)