European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1032

2.4.2024

CINNEADH (CBES) 2024/1032 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA

an 26 Márta 2024

maidir le Ceann Misin ar Mhisean Faireacháin an Aontais Eorpaigh sa tSeoirsia a cheapadh (EUMM Georgia) (EUMM GEORGIA/1/2024)

TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38, an tríú mír, de,

Ag féachaint do Chinneadh 2010/452/CBES ón gComhairle an 12 Lúnasa 2010 maidir le Misean Faireacháin an Aontais Eorpaigh sa tSeoirsia, EUMM Georgia (1), agus go háirithe Airteagal 10(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Chinneadh 2010/452/CBES, údaraítear don Choiste Polaitiúil agus Slándála, i gcomhréir le hAirteagal 38, an tríú mír, den Chonradh, na cinntí ábhartha a ghlacadh chun rialú polaitiúil agus treoir straitéiseach Mhisean Faireacháin an Aontais Eorpaigh sa tSeoirsia (EUMM Georgia) a fheidhmiú, lena n-áirítear an cinneadh Ceann Misin a cheapadh.

(2)

An 25 Samhain 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/2318 (2) lena gcuirtear síneadh le sainordú EUMM Georgia go dtí an 14 Nollaig 2024.

(3)

An 31 Eanáir 2023, ghlac an Choiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2023/219 (3) lena gceaptar Dimitrios KARABALIS ina Cheann Misin ar EUMM Georgia ón 1 Feabhra 2023 go dtí an 14 Nollaig 2023.

(4)

An 29 Feabhra 2024, mhol Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála go gceapfaí Bettina BOUGHANI mar Cheann Misin ar EUMM Georgia go dtí an 14 Nollaig 2024.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, cinneadh a ghlacadh maidir le Bettina BOUGHANI a cheapadh mar Cheann Misin ar EUMM Georgia ón 1 Aibreán go dtí an 14 Nollaig 2024,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar Bettina BOUGHANI mar Cheann Misin ar Mhisean Faireacháin an Aontais Eorpaigh sa tSeoirsia (EUMM Georgia) ón 1 Aibreán 2024 go dtí an 14 Nollaig 2024.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Beidh feidhm aige ón 1 Aibreán 2024.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Márta 2024.

Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála

D. PRONK

An Cathaoirleach


(1)   IO L 213, 13.8.2010, lch. 43.

(2)  Cinneadh (CBES) 2022/2318 an 25 Samhain 2022 lena leasaítear Cinneadh 2010/452/CBES maidir le Misean Faireacháin an Aontais Eorpaigh sa tSeoirsia, EUMM Georgia (IO L 307, 28.11.2022, lch. 133).

(3)  Cinneadh (CBES) 2023/219 an 31 Eanáir 2023 maidir le ceapachán an Chinn Misin ar Mhisean Faireacháin an Aontais Eorpaigh sa tSeoirsia (EUMM Georgia) (EUMM GEORGIA/1/2023) (IO L 30, 2.2.2023, lch. 16).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1032/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)