![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/955 |
26.3.2024 |
CINNEADH (CBES) 2024/955 ÓN gCOMHAIRLE
an 25 Márta 2024
lena leasaítear Cinneadh 2011/173/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 21 Márta 2011, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2011/173/CBES (1). |
(2) |
Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2011/173/CBES, ba cheart na bearta sriantacha a athnuachan go dtí an 31 Márta 2026. |
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2011/173/CE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 6 de Chinneadh 2011/173/CBES, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:
‘Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Márta 2026.’.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Márta 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. MARON
(1) Cinneadh 2011/173/CBES ón gComhairle an 21 Márta 2011 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin (IO L 76, 22.3.2011, lch. 68).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/955/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)