European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/628

20.2.2024

CINNEADH (CBES) 2024/628 ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Feabhra 2024

lena leasaítear Comhsheasamh 2001/931/CBES maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 27 Nollaig 2001, ghlac an Chomhairle Comhsheasamh 2001/931/CBES (1).

(2)

An 20 Bealtaine 2021, i ‘gConclúidí na Comhairle maidir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle i ndáil le gníomhaíocht dhaonnúil an Aontais: dúshláin nua, na prionsabail chéanna’, d’athdhearbhaigh an Chomhairle a tiomantas aon tionchair dhiúltacha neamhbheartaithe a d’fhéadfadh a bheith ag bearta sriantacha an Aontais ar ghníomhaíocht dhaonnúil ar bhonn prionsabal a sheachaint agus, i gcás nach féidir iad a sheachaint, iad a mhaolú a mhéid is féidir. D’athdhearbhaigh an Chomhairle go gcomhlíonann bearta sriantacha an Aontais na hoibleagáidí uile faoin dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine, an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus an dlí idirnáisiúnta um dhídeanaithe. Chuir sí i dtreis a thábhachtaí atá sé cloí go hiomlán le prionsabail dhaonnúla agus leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta i mbeartas smachtbhannaí an Aontais, lena n-áirítear trí eisceachtaí daonnúla a áireamh go comhsheasmhach i gcórais beart sriantach an Aontais i gcás inarb ábhartha, agus trína áirithiú go mbeidh creat éifeachtach i bhfeidhm le haghaidh na húsáide a bhaineann eagraíochtaí daonnúla as na heisceachtaí sin.

(3)

An 9 Nollaig 2022, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (CSNA) Rún 2664 (2022), á mheabhrú di na rúin a ghlac sí roimhe seo lena bhforchuirtear bearta smachtbhannaí mar fhreagairt ar bhagairtí ar an tsíocháin agus ar an tslándáil idirnáisiúnta, agus á chur i dtábhacht di maidir leis na bearta a dhéanann ballstáit na Náisiún Aontaithe chun smachtbhannaí a chur chun feidhme, go gcomhlíonann na bearta sin oibleagáidí na mBallstát sin faoin dlí idirnáisiúnta agus nach bhfuil na bearta sin ceaptha iarmhairtí díobhálacha daonnúla a bheith acu do phobail shibhialtacha nó iarmhairtí díobhálacha do ghníomhaíochtaí daonnúla ná dóibh siúd a dhéanann gníomhaíochtaí daonnúla. Chinn CSNA i mír 1 de Rún 2664 (2022) go gceadaítear cistí, sócmhainní airgeadais nó acmhainní eacnamaíocha eile a sholáthar, a phróiseáil nó a íoc nó earraí agus seirbhísí is gá a sholáthar chun seachadadh tráthúil cúnaimh dhaonnúil a áirithiú nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine a bheith á soláthar ag gníomhaithe áirithe agus nach sárú iad ar na reonna sócmhainní arna bhforchur ag CSNA nó ag a Choistí Smachtbhannaí.

(4)

An 14 Feabhra 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/338 (2), lenar tugadh isteach an díolúine dhaonnúil de bhun Rún 2664 (2022) i gcórais beart sriantach an Aontais, lena dtugtar éifeacht do bhearta arna gcinneadh ag CSNA nó ag a Choistí Smachtbhannaí. An 31 Márta 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/726 (3), lenar tugadh isteach an díolúine dhaonnúil de bhun Rún 2664( 2022) i gcórais beart sriantach an Aontais lena dtugtar éifeacht do na bearta arna gcinneadh ag CSNA nó ag a Choistí Smachtbhannaí agus sna bearta comhlántacha arna gcinneadh ag an gComhairle. An 27 Samhain 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/2686 (4), lenar tugadh an díolúine dhaonnúil i gcórais áirithe beart sriantach de chuid an Aontais, ar mhaithe leis na gníomhaithe dá dtagraítear i Rún 2664 (2022), le heagraíochtaí agus gníomhaireachtaí ar dheonaigh an tAontas an Deimhniú Comhpháirtíochta Daonnúla dóibh, nó atá deimhnithe nó aitheanta ag Ballstát an Aontais, nó ag gníomhaireachtaí speisialaithe Ballstáit.

(5)

Chun comhsheasmhacht chórais beart sriantach an Aontais lena chéile agus leis na bearta sriantacha arna nglacadh ag CSNA nó ag a Choistí Smachtbhannaí a mhéadú agus chun a áirithiú go seachadfar cúnamh daonnúil go tráthúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine, measann an Chomhairle gur cheart díolúine dhaonnúil a chur san áireamh i gComhsheasamh 2001/931/CBES ar feadh tréimhse thosaigh 12 mhí, ar díolúine é ó bhearta reo sócmhainní atá infheidhme maidir le daoine, grúpaí, agus eintitis ainmnithe, agus ó na srianta ar chistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil dóibh, ar mhaithe leis na gníomhaithe dá dtagraítear i Rún 2664 (2022) agus le heagraíochtaí agus gníomhaireachtaí ar dheonaigh an tAontas an Deimhniú Comhpháirtíochta Daonnúla dóibh nó atá deimhnithe nó aitheanta ag Ballstát an Aontais, nó ag gníomhaireachtaí speisialaithe Ballstáit. Ina theannta sin, measann an Chomhairle gur cheart sásra maolúcháin breise a thabhairt isteach do na heagraíochtaí agus na gníomhaithe sin atá rannpháirteach i ngníomhaíochtaí daonnúla nach féidir leo leas a bhaint as an díolúine dhaonnúil sin. Thairis sin, measann an Chomhairle freisin gur cheart clásal athbhreithniúcháin a bhaineann leis na heisceachtaí sin a thabhairt isteach.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Comhsheasamh 2001/931/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach i gComhsheasamh 2001/931/CBES:

‘Airteagal 3a

1.   Ní bheidh feidhm ag Airteagail 2 ná 3 maidir le cistí, sócmhainní airgeadais nó acmhainní eacnamaíocha eile a sholáthar, a phróiseáil nó a íoc, ná maidir le hearraí nó seirbhísí a sholáthar, a bhfuil gá leo chun a áirithiú go seachadfar cúnamh daonnúil go tráthúil nó go dtacófar le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na heintitis seo a leanas a thabharfaidh an cúnamh sin agus a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:

(a)

na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear a gcláir, a gcistí agus a n-eintitis agus a gcomhlachtaí eile, chomh maith lena ngníomhaireachtaí speisialaithe agus a n-eagraíochtaí gaolmhara;

(b)

eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(c)

eagraíochtaí daonnúla a bhfuil stádas breathnóra acu le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus comhaltaí na n-eagraíochtaí daonnúla sin;

(d)

eagraíochtaí neamhrialtasacha atá á gcistiú go déthaobhach nó go hiltaobhach agus atá rannpháirteach i bPleananna Freagartha Daonnúla na Náisiún Aontaithe, i bPleananna Freagartha um Dhídeanaithe na Náisiún Aontaithe, in achainíocha nó i mbraislí daonnúla eile de chuid na Náisiún Aontaithe arna gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla;

(e)

eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí dár dheonaigh an tAontas an Deimhniú Comhpháirtíochta Daonnúla nó atá deimhnithe nó aitheanta ag Ballstát i gcomhréir le nósanna imeachta náisiúnta;

(f)

sainghníomhaireachtaí na mBallstát;

(g)

fostaithe, deontaithe, fochuideachtaí nó comhpháirtithe cur chun feidhme na n-eintiteas dá dtagraítear i bpointí (a) go (f) agus iad ag gníomhú sna cáileanna sin agus a mhéid a ghníomhaíonn siad sna cáileanna sin.

2.   Gan dochar do mhír 1, de mhaolú ar hAirteagail 2 agus 3, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil gá le soláthar na gcistí nó na n-acmhainní eacnamaíocha sin chun seachadadh tráthúil cúnaimh dhaonnúil a áirithiú nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine.

3.   Mura ndéanann an t-údarás inniúil ábhartha cinneadh diúltach, iarraidh ar fhaisnéis nó fógra faoi am breise laistigh de 5 lá oibre ón dáta a fhaightear iarraidh ar údarú faoi mhír 2, measfar gur deonaíodh an t-údarú sin.

4.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin Airteagal seo laistigh de 4 seachtaine óna ndeonfar údarú den sórt sin.

5.   Déanfar míreanna 1 agus 2 a athbhreithniú gach 12 mhí ar a laghad, nó ar iarraidh phráinneach ó Bhallstát, ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, nó ón gCoimisiún tar éis d’athrú ó bhonn teacht ar na himthosca.

6.   Beidh feidhm ag mír 1 go dtí an 22 Feabhra 2025.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Feabhra 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Comhsheasamh 2001/931/CBES ón gComhairle an 27 Nollaig 2001 maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac (IO L 344, 28.12.2001, lch. 93).

(2)  Cinneadh (CBES) 2023/338 ón gComhairle an 14 Feabhra 2023 lena leasaítear cinntí agus comhsheasaimh áirithe ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha chun forálacha maidir le díolúine dhaonnúil a chur isteach (IO L 47, 15.2.2023, lch. 50).

(3)  Cinneadh (CBES) 2023/726 ón gComhairle an 31 Márta 2023 lena leasaítear cinntí áirithe ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha chun forálacha maidir le díolúine dhaonnúil a chur isteach (IO L 94, 3.4.2023, lch. 48).

(4)  Cinneadh (CBES) ón gComhairle 2023/2686 an 27 Samhain 2023 lena leasaítear Cinntí áirithe ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha chun forálacha maidir le eisceachtaí daonnúla a chur isteach (IO L, 2023/2686, 28.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2686/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/628/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)