European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/460

5.2.2024

CINNEADH (CBES) 2024/460 ÓN gCOMHAIRLE

an 2 Feabhra 2024

lena leasaítear Cinneadh 2011/101/CBES ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiombáib

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 15 Feabhra 2011, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2011/101/CBES (1), a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiombáib.

(2)

Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2011/101/CBES, ba cheart na bearta sriantacha a leagtar amach ann a athnuachan go dtí an 20 Feabhra 2025. Ba cheart don Chomhairle leanúint d’athbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar na bearta sriantacha sin i bhfianaise forbairtí polaitiúla agus slándála sa tSiombáib.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2011/101/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 10 de Chinneadh 2011/101/CBES, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 20 Feabhra 2025.’

.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Feabhra 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. LAHBIB


(1)  Cinneadh 2011/101/CBES ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiombáib (IO L 42, 16.2.2011, lch. 6).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/460/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)