|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/417 |
29.1.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/417 ÓN gCOMHAIRLE
an 29 Eanáir 2024
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2020/1998 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/1998 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine (1), agus go háirithe Airteagal 14(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 7 Nollaig 2020, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2020/1998. |
|
(2) |
An 8 Nollaig 2020, i nDearbhú ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, thar ceann an Aontais Eorpaigh, maidir le Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais Eorpaigh i ndáil le Cearta an Duine, d’athdhearbhaigh an tAontas agus a Bhallstáit gurb é a dtiomantas láidir cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint ar fud an domhain. Le Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine cuirtear i bhfios go láidir a mheáite atá an tAontas feabhas a chur ar a ról maidir le haghaidh a thabhairt ar sháruithe agus mí-úsáidí chearta an duine ar fud an domhain. Is sprioc straitéiseach den Aontas é teachtadh éifeachtach chearta an duine ag an uile dhuine a bhaint amach. Is bunluach den Aontas agus de chomhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais é meas ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus ar chearta an duine. |
|
(3) |
Is ábhar imní don Aontas staid chearta an duine atá fós ag dul in olcas sa Rúis. Tá géarú tagtha ar bhrú faoi chois inmheánach sa Rúis ó thosaigh cogadh foghach gan chúis gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine, rud a chuir teorainn leis an tsaoirse tuairimíochta agus chun tuairimí a nochtadh agus saoirse na meán agus a thug isteach cinsireacht chogaidh. |
|
(4) |
Leanann an tAontas de mhórmhéadú na reachtaíochta sriantaí agus chur faoi chois córasach na sochaí sibhialta agus chosantóirí chearta an duine, chomh maith leis an gcniogbheartaíocht gan staonadh ar na meáin neamhspleácha, ar iriseoirí aonair, ar chomhaltaí an fhreasúra pholaitiúil agus ar ghuthanna criticiúla eile, a cháineadh go láidir. |
|
(5) |
Cáineann an tAontas go láidir an rialú a thug cúirt i Moscó, a raibh cúis polaitiúil leis, príosúnacht 25 bliana a ghearradh ar Vladimir Kara-Murza, polaiteoir ón bhfreasúra, gníomhaí daonlathais agus fear cáinte na Creimile. |
|
(6) |
Iarrann an tAontas ar an Rúis iad siúd go léir atá i bpríosún mar gheall ar chúiseanna a bhfuil údar polaitiúil leo a scaoileadh láithreach go neamhchoinníollach. |
|
(7) |
Sa chomhthéacs seo, ba cheart ceathrar agus eintiteas amháin a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1998. |
|
(8) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2020/1998 a leasú dá réir sin. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1998 ón gComhairle mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Eanáir 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
H. LAHBIB
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1998 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear na hiontrálacha seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí faoin gceannteideal ‘A. Daoine nádúrtha’:
|
|
(2) |
cuirtear an iontráil seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí faoin gceannteideal ‘B. Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí’:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/417/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)