![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/307 |
8.2.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 190/2021
an 9 Iúil 2021
lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/307]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1755 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2020 maidir le hullmhóid Bacillus coagulans DSM 32016 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh bainbh diúil Suidae agus bainbh scoite Suidae, le haghaidh éanlaith chlóis lena ramhrú agus le haghaidh éin ornáideacha (sealbhóir an údaraithe Biochem Zusatzstoffe Handels- und Produktionsges. mbH) (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1760 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2020 maidir le hullmhóid Bacillus subtilis DSM 25841 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis mhucúil, cránacha san áireamh, seachas cránacha atá ag tál ionas go rachaidh sé chun tairbhe do bhainbh diúil (sealbhóir an údaraithe Chr. Hansen A/S) (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(3) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1761 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2020 maidir le monaihiodráit hidreaclóiríde L-cistéine arna táirgeadh trí choipeadh le Escherichia coli KCCM 80109 agus KCCM 80197 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(4) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1762 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2020 maidir le hullmhóid Bacillus subtilis DSM 32324, Bacillus subtilis DSM 32325 agus Bacillus amyloliquefaciens DSM 25840 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis éanlaithe clóis lena ramhrú nó a thógtar le haghaidh breithe nó a thógtar le haghaidh pórúcháin (sealbhóir an údaraithe Chr. Hansen A/S) (4), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(5) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1764 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2020 maidir le 5’-ionóisíonáit déshóidiam arna táirgeadh trí choipeadh le Corynebacterium stationis KCCM 80161 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (5), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(6) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1795 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2020 maidir le crágach iarainn de lísín agus aigéad glútamach a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (6), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(7) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1796 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2020 maidir le L-glútaimín arna tháirgeadh ag Corynebacterium glutamicum NITE BP-02524 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (7), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(8) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1797 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2020 maidir le L-vailín arna tháirgeadh ag Escherichia coli KCCM 80159 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (8), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(9) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1798 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2020 maidir le monaihidreaclóiríd L-lísín arna tháirgeadh ag Corynebacterium glutamicum DSM 32932 agus sulfáit L-lísín arna tháirgeadh ag Corynebacterium glutamicum KFCC 11043 a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (9), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(10) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1799 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2020 maidir le hullmhóid 6-fíotáise arna táirgeadh ag Komagataella phaffii CGMCC 12056 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh béaróg agus éin ubh-bhreithe eile (sealbhóir an údaraithe: Andrés Pintaluba S.A.) (10) , tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(11) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1800 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2020 maidir le glútamáit mhonasóidiam arna táirgeadh trí choipeadh le Corynebacterium glutamicum KCCM 80188 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (11), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(12) |
Is le reachtaíocht maidir le hábhair bheatha a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bheatha, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin. |
(13) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 375 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1379 ón gCoimisiún) de Chaibidil II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘376. |
32020 R 1755: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1755 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2020 maidir le hullmhóid Bacillus coagulans DSM 32016 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh bainbh diúil Suidae agus bainbh scoite Suidae, le haghaidh éanlaith chlóis lena ramhrú agus le haghaidh éin ornáideacha (sealbhóir an údaraithe Biochem Zusatzstoffe Handels- und Produktionsges. mbH) (IO L 395, 25.11.2020, lch. 5). |
377. |
32020 R 1760: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1760 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2020 maidir le hullmhóid Bacillus subtilis DSM 25841 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis mhucúil, cránacha san áireamh, seachas cránacha atá ag tál ionas go rachaidh sé chun tairbhe do bhainbh diúil (sealbhóir an údaraithe Chr. Hansen A/S) (IO L 397, 26.11.2020, lch. 6). |
378. |
32020 R 1761: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1761 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2020 maidir le monaihiodráit hidreaclóiríde L-cistéine arna táirgeadh trí choipeadh le Escherichia coli KCCM 80109 agus KCCM 80197 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (IO L 397, 26.11.2020, lch. 10). |
379. |
32020 R 1762: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1762 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2020 maidir le hullmhóid Bacillus subtilis DSM 32324, Bacillus subtilis DSM 32325 agus Bacillus amyloliquefaciens DSM 25840 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis éanlaithe clóis lena ramhrú nó a thógtar le haghaidh breithe nó a thógtar le haghaidh pórúcháin (sealbhóir an údaraithe Chr. Hansen A/S) (IO L 397, 26.11.2020, lch. 14). |
380. |
32020 R 1764: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1764 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2020 maidir le 5’-ionóisíonáit déshóidiam arna táirgeadh trí choipeadh le Corynebacterium stationis KCCM 80161 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (IO L 397, 26.11.2020, lch. 21). |
381. |
32020 R 1795: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1795 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2020 maidir le crágach iarainn de lísín agus aigéad glútamach a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (IO L 402, 1.12.2020, lch. 27). |
382. |
32020 R 1796: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1796 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2020 maidir le L-glútaimín arna tháirgeadh ag Corynebacterium glutamicum NITE BP-02524 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (IO L 402, 1.12.2020, lch. 31). |
383. |
32020 R 1797: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1797 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2020 maidir le L-vailín arna tháirgeadh ag Escherichia coli KCCM 80159 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (IO L 402, 1.12.2020, lch. 36). |
384. |
32020 R 1798: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1798 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2020 maidir le monaihidreaclóiríd L-lísín arna tháirgeadh ag Corynebacterium glutamicum DSM 32932 agus sulfáit L-lísín arna tháirgeadh ag Corynebacterium glutamicum KFCC 11043 a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (IO L 402, 1.12.2020, lch. 39). |
385. |
32020 R 1799: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1799 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2020 maidir le hullmhóid 6-fíotáise arna táirgeadh ag Komagataella phaffii CGMCC 12056 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh béaróg agus éin ubh-bhreithe eile (sealbhóir an údaraithe: Andrés Pintaluba S.A.) (IO L 402, 1.12.2020, lch. 43). |
386. |
32020 R 1800: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1800 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2020 maidir le glútamáit mhonasóidiam arna táirgeadh trí choipeadh le Corynebacterium glutamicum KCCM 80188 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (IO L 402, 1.12.2020, lch. 46).’ |
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1755, (AE) 2020/1760, (AE) 2020/1761, (AE) 2020/1762, (AE) 2020/1764, (AE) 2020/1795, (AE) 2020/1796, (AE) 2020/1797, (AE) 2020/1798, (AE) 2020/1799 agus (AE) 2020/1800 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 10 Iúil 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Iúil 2021.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Rolf EINAR FIFE
(1) IO L 395, 25.11.2020, lch. 5.
(2) IO L 397, 26.11.2020, lch. 6.
(3) IO L 397, 26.11.2020, lch. 10.
(4) IO L 397, 26.11.2020, lch. 14.
(5) IO L 397, 26.11.2020, lch. 21.
(6) IO L 402, 1.12.2020, lch. 27.
(7) IO L 402, 1.12.2020, lch. 31.
(8) IO L 402, 1.12.2020, lch. 36.
(9) IO L 402, 1.12.2020, lch. 39.
(10) IO L 402, 1.12.2020, lch. 43.
(11) IO L 402, 1.12.2020, lch. 46.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/307/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)